{"id":2021,"date":"2023-02-20T15:14:00","date_gmt":"2023-02-20T15:14:00","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2021"},"modified":"2022-12-07T15:41:15","modified_gmt":"2022-12-07T15:41:15","slug":"26-feabhra-2022-a-ochtu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2021","title":{"rendered":"26 Feabhra 2022 (A) Ocht\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">26 Feabhra 2022 (A) Ocht\u00fa Domhnach Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"margin-top: 0cm;\" start=\"1\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><b>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/b>Muin\u00edn agus stuaim<\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(\u00cdse\u00e1ia 49:14-15). <i>N\u00ed dh\u00e9anfaidh m\u00e9 dearmad ort. <\/i>Tuigimid \u00e9ifeacht na l\u00e9achta seo n\u00edos fearr ach \u00ed a shu\u00edomh ina h-\u00e1it bhunaidh sa Bh\u00edobla. T\u00e1imid leis an Gi\u00fadaigh deoraithe d\u00edbeartha sa Bhaibeal\u00f3in. Beag an bun\u00fas a bh\u00ed acu d\u00f3chas ar bith a bheith acu faoin r\u00e9 le teacht. Bh\u00ed an chathair naofa Iar\u00fasail\u00e9im treascartha, an Teampall mar a raibh Dia ina ch\u00f3na\u00ed ina measc scriosta agus a dt\u00edr dh\u00fachais I\u00fada faoi smacht chumhacht na Baibeal\u00f3ine. B\u00edodh go raibh Dia ag f\u00f3gairt tr\u00ed bh\u00e9al an fh\u00e1idh a scr\u00edobh na duanta d\u00f3chais sa dara cuid de leabhar \u00cdse\u00e1ia ag tabhairt uchtaigh d\u00f3ibh agus ag cur r\u00e9 nua ghl\u00f3rmhar os a gcomhair, bh\u00edodar f\u00f3s gan d\u00f3chas, ag mao\u00edmh go raibh dearmad d\u00e9anta ag Dia orthu. Freagra\u00edonn Dia mar mh\u00e1thair ghr\u00e1mhar. N\u00ed f\u00e9idir leis dearmad a dh\u00e9anamh orthu. Is f\u00edor na briathra sin a d\u00faradh c\u00e9aduair ag an f\u00e1idh sa s\u00e9\u00fa aois roimh Chr\u00edost do r\u00e9 ar bith, agus t\u00e1 siad ar aon dul lena deir \u00cdosa i soisc\u00e9al an lae inniu faoin Athair at\u00e1 againn ar neamh \u2013an f\u00e1th ar roghna\u00edodh iad do liot\u00fairge an lae seo.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 61[62]). <i>B\u00edodh do shuaimhneas i nDia amh\u00e1in. a anam liom.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(1 Corantaigh 4:1-5). <i>Nochtfaidh an Tiarna r\u00fan na gcro\u00edthe.<\/i> Sna caibidil roimhe seo den litir seo, ar l\u00e9adh cuid d\u00edobh le roinnt Domhnach anuas, bh\u00ed P\u00f3l in agallamh le muintir na heaglaise sa Choraint, \u00e1it a raibh deighilt a eascair as om\u00f3s a thabhairt do eaglaisigh faoi leith (Apollos, C\u00e9afas agus P\u00f3l ina measc) seachas a bheith aontaithe le Cr\u00edost mar chro\u00edl\u00e1r an chreidimh. <\/span><span style=\"color: black;\">De<\/span><span style=\"color: black;\"> r\u00e9ir dealraimh bh\u00edothas ag cur P\u00f3l i gcompar\u00e1id le Apollos, agus ag tabhairt breithe gurb fhearr mar mhisin\u00e9ir agus seanmoir\u00ed Apollos n\u00e1 P\u00f3l \u2013 b\u00edodh gurb \u00e9 an t-aspal P\u00f3l a bhunaigh an eaglais sin, agus misean faighte aige chuige sin \u00f3 Chr\u00edost f\u00e9in. Sa l\u00e9acht seo tugann P\u00f3l aghaidh ar an cheist seo. Ba thrua go raibh na bu\u00edonta sin sa Choraint faoi thionchar tuisceana daonna, ag meas misin\u00e9ir\u00ed agus ceannair\u00ed amhail P\u00f3l, Apollos agus eile amhail agus da mba cursa\u00ed pobail a bh\u00ed i gceist. Is r\u00fandiamhair \u00ed an eaglais gur c\u00f3ir P\u00f3l f\u00e9in, Apollos agus aoine eile i gceist mar sheirbh\u00edsigh do Chr\u00edost agus don soisc\u00e9al, agus mar mhaoir ar r\u00fandiamhra D\u00e9. Thuigfeadh na Corantaigh cad a bh\u00ed i gceist ag P\u00f3l leis an bhfocal \u201cmaor\u201d. Bh\u00ed maor i mbun teaghlaigh ina raibh scl\u00e1bhaithe agus seirbh\u00edsigh. N\u00ed raibh maor neamhsple\u00e1ch. N\u00ed raibh s\u00e9 freagrach mar mhaoir do na daoine a bh\u00ed faoi, ach bh\u00ed s\u00e9 freagrach d\u00e1 mh\u00e1ist\u00edr. Ba aspal Chr\u00edost P\u00f3l agus bh\u00ed s\u00e9 freagrach do Dhia, agus ba chuma leis aon bhreith a thabharfadh aoinne eile (Corantaigh ina measc). B\u00edodh go raibh a choinsias glan san \u00e1bhar seo, thuig s\u00e9 gurb \u00e9 an Tiarna a thbharfadh breith sa deireadh. Molann s\u00e9 do na Corantaigh a shampla agus a bhriathra a lean\u00faint, agus gan breith thobann a thabhairt.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 6:24-34). <i>N\u00e1 b\u00edg\u00ed imn\u00edoch faoin l\u00e1 am\u00e1rach.<\/i> Is c\u00f3ir an m\u00e9id adeir \u00cdosa sa l\u00e9acht \u00e1lainn fhileata seo a mheas de r\u00e9ir an phrionsabail lena thosa\u00edonn s\u00ed: N\u00ed f\u00e9idir do dhuine ar bith seirbh\u00eds a dh\u00e9anamh do dh\u00e1 mh\u00e1istir. N\u00ed f\u00e9idir daoibh seirbh\u00eds a dh\u00e9anamh do Dhia agus do Mham\u00f3n \u2013 <i>mamon<\/i> an Airimis agus an Eabhrais ar airgead, saibhreas. T\u00e1 s\u00f3rt pearsa d\u00e9anta de <i>mamon\u00b8<\/i>saibhreas, airgead, pearsa, f\u00f3rsa a \u00e9il\u00edonn seirbh\u00eds ioml\u00e1n \u00f3n duine. As an \u00e9ileamh seo ar mheon agus aigne an duine leanann dearmad ar mhuin\u00edn as Dia\u00b8 agus dearmad ar Dhia f\u00e9in. Mar chosaint ar seo leagann \u00cdosa b\u00e9im ar an mhuin\u00edn sin, agus ar ch\u00faram an Athar ar neamh ar gach ghn\u00e9 de shaol an duine, b\u00edodh nach luann s\u00e9 ach imn\u00ed faoi bhia agus \u00e9adach. N\u00ed m\u00f3r bheith san airdeall i gc\u00f3na\u00ed faoi luachanna r\u00edocht D\u00e9, mar a deir \u00cdosa: \u201cD\u00e9anaig\u00ed r\u00edocht D\u00e9 agus a fh\u00edr\u00e9antacht a lorg ar dt\u00fas\u201d, is \u00e9 sin le r\u00e1 f\u00edr\u00e9antacht D\u00e9, toil D\u00e9 agus a bhaineann lei. N\u00edl \u00cdosa ag moladh neamhaire a dh\u00e9anamh ar ghn\u00e1th-ch\u00farsai an tsaoil seo, idir bia, \u00e9adach agus eile. Gan a bheith ina scl\u00e1bha\u00ed d\u00f3ibh at\u00e1 i gceist<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><span style=\"color: black;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/b><span style=\"color: black;\">: <i>Muin\u00edn agus stuaim<\/i><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">T\u00e1 g\u00e1 leis an rabhadh faoin bhaol \u00f3 <i>mamon<\/i> i ngach aois. De r\u00e9ir Ph\u00f3il chuig na Colasaigh (3:5) ionann an tsaint agus \u00edoladhradh. Is eol d\u00fainn go maith inniu nach motha\u00edonn al\u00e1n daoine aon gh\u00e1 le braith ar Dhia, ar an Athair ar neamh, faoi bhia, deoch n\u00f3 \u00e9adach. T\u00e1 saothar an duine agus eagrais sh\u00f3isialta agus charthannachta ann le iad sin a shol\u00e1thair. Ach is f\u00e9idir le seirbh\u00eds\u00ed soisialta agus a leith\u00e9id\u00ed a bheith ina m\u00e1istir chomh maith le mamon an Bh\u00edobla, ag teacht idir an chreidmheach agus an Athair ar neamh, idir r\u00edocht D\u00e9, idir Dhia agus a fh\u00edr\u00e9antacht. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0 Is m\u00f3 an duine daonna n\u00e1 c\u00farsa\u00ed s\u00f3isialta, c\u00farsa\u00ed an tsaoil seo. N\u00ed m\u00f3r creideamh laidir a bheith againn i nDia agus gach a bhaineann leis n\u00f3 lei, a fhios a bheith againn gur chongarach d\u00fainn i gc\u00f3na\u00ed \u00e9, go m\u00f3r m\u00f3r in am an gh\u00e1tair, gur fairsing Dia sa ch\u00fangach mar a d\u00e9aradh \u00e1r sinsir.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0 N\u00ed ionann muin\u00edn as Dia agus neamart a thabhairt i gc\u00farsa\u00ed an tsaoil seo, mar a luadh sa chur s\u00edos ar shoisc\u00e9al an lae \u2013 stuaim a nascadh le muin\u00edn as Dia.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>26 Feabhra 2022 (A) Ocht\u00fa Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-2021","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2021","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=2021"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2021\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2042,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2021\/revisions\/2042"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=2021"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=2021"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=2021"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}