{"id":2027,"date":"2023-01-30T15:14:01","date_gmt":"2023-01-30T15:14:01","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2027"},"modified":"2022-12-07T15:25:50","modified_gmt":"2022-12-07T15:25:50","slug":"5-feabhra-20a-cuigiu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2027","title":{"rendered":"5 Feabhra 20(A) C\u00faigi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">5 Feabhra 2022 (A) C\u00faigi\u00fa Domhnach Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><i>B.<\/i><\/b><b><i><span style=\"color: black;\">An B\u00edobla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: black;\">Cr\u00edostaithe solas and domhain; l\u00e1rionad na croise.<\/span><\/i><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(\u00cdse\u00e1ia 58:7-10).<\/span><i><span style=\"color: black;\"> Gealfaidh do sholas mar an maidneachan. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Roghna\u00edodh<i> <\/i>an sliocht seo le dul leis an l\u00e9acht sa soisc\u00e9al a bhfuil mar l\u00e1rth\u00e9ama aici Cr\u00edostaithe a bheith mar sholas an domhain. T\u00e1 dh\u00e1 thagairt chaoi faoi seo sa sliocht tosaigh seo: \u201cGealfaidh do sholas mar an maidneachan\u201d, agus \u201c\u00c9ireoidh do sholas sa dorchadas\u201d. Ina shu\u00edomh i leabhar \u00cdse\u00e1ia t\u00e1 briathra seo D\u00e9 tr\u00edd an fh\u00e1idh d\u00edrithe ar phobal in Iosrael tar \u00e9is na deora\u00edochta, ag d\u00e9anamh soil\u00e9ir nach bhfuil an troscadh at\u00e1 \u00e1 dh\u00e9anamh acu inghlactha aige. N\u00ed raibh ach l\u00e1 troscaidh amh\u00e1in go hoifigi\u00fal in Iosrael, troscadh L\u00e1 an Leorghn\u00edmh, ach i ndiadh na deora\u00edochta th\u00e1inig laethanta troscaidh eile isteach agus bh\u00ed gr\u00fapanna \u00e1irithe a mheas go bhf\u00e9adfaidis br\u00fa n\u00f3 iachall a chur ar Dhia le troscadh \u00e9isteacht a thabhairt d\u00f3ibh. Sin a tharla sa ch\u00e1s seo, b\u00edodh nach raibh a ngn\u00edomhartha ag teacht leis an troscadh \u2013 iad ag troma\u00edocht ar a n-oibrithe, ag bru\u00edon agus ag troid, ag bualadh dorn ar a cheile le binib. Freagra\u00edonn Dia nach \u00e9 sin an troscadh is \u00e1il leis, ach a mhalairt de chleachtadh: geimhleacha na h\u00e9ag\u00f3ra a scaoileadh, an uile chuing a bhriseadh, agus na dea-ghn\u00edomhartha eile at\u00e1 \u00e1irithe sa l\u00e9acht seo a dh\u00e9anamh, ina measc gan faill\u00ed a dh\u00e9anamh sa dualgas i leith a mhuintire f\u00e9in. Le go mbeadh beatha na gcreidmheach in nDia mar fhianaise d\u00f3 n\u00ed fol\u00e1ir don ghn\u00edomh seachtarach bheith ag teacht leis an mbeatha inmhe\u00e1nach, iad araon at tabhairt om\u00f3s don chonradh. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 111 [112]). <i>Lonra\u00edonn an dea-dhuine sa dorchacht do dhaoine cneasta<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(1 Corantaigh 2:1-5). <i>Fad a bh\u00ed m\u00e9 in bhur measc nior aithin m\u00e9 ach \u00cdosa Cr\u00edost agus a ch\u00e9asadh ar an gcrois. <\/i>Is fi\u00fa a bhfuil r\u00e1ite sa chur s\u00edos ar an sliocht as an litir seo a l\u00e9adh sa Tr\u00ed\u00fa Domhnach den bhliain a l\u00e9amh ar\u00eds. Bh\u00ed P\u00f3l ag cur sios ansin ar r\u00fandiamhair chrois Chr\u00edost agus beidh s\u00e9 ag lean\u00faint leis sin inniu. Mar ch\u00falra d\u00e1 ndeireann P\u00f3l sa l\u00e9acht seo n\u00ed miste a bhfuil scr\u00edofa i nGn\u00edomhartha na nAspal faoina tharla d\u00f3 san Aithin a mheabhr\u00fa. L\u00e1rionad sha\u00edochta agus eagna na Gr\u00e9ige an Aithne. Thug P\u00f3l cuairt ar an chathair tar \u00e9is teacht \u00f3 Teasalonic\u00e9 d\u00f3. Bh\u00edodh s\u00e9 ag f\u00f3gairt an tSoisc\u00e9il ansin. Th\u00e1inig cuid de na fealsaimh Eipici\u00faracha agus St\u00f3chacha ag pl\u00e9 leis chomh maith. Ag labhairt d\u00f3 faoin Soisc\u00e9al agus Ais\u00e9ir\u00ed (<i>anastasis <\/i>sa Ghr\u00e9igis) mheasadar gur d\u00e9ithe iasachta a bh\u00ed \u00e1 bhf\u00f3gairt aige. Tugadh go dt\u00ed an Air\u00e9apagas (ardchomhairle na cathrach, b\u2019fh\u00e9idir) \u00e9, \u00e1it a thug s\u00e9 aitheasc l\u00e9annta, a raibh tagairt do ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost \u00f3 mhairbh. C\u00fais gh\u00e1ire agus mhagaidh d\u00f3ibh an tagairt don ais\u00e9ir\u00ed. Teip ghlan a bh\u00ed san iarracht seo do Ph\u00f3l san Aithne, agus chuaigh s\u00e9 ar aghaidh go an Choraint ina dhiaidh. Mar a deir s\u00e9 sa l\u00e9acht seo, bh\u00ed s\u00e9 lagbhr\u00edoch ag teacht chuig na Coraintigh agus \u00e9 l\u00e1n d\u2019uamhan agus d\u2019eagla. Ach in aisling d\u00fairt an Tiarna leis lean\u00faint leis ag seanm\u00f3ireacht mar go raibh pobal m\u00f3r ag Dia sa chathair sin. Le filleadh anois ar an l\u00e9acht f\u00e9in: Tosa\u00edonn P\u00f3l lena mheabhr\u00fa d\u00f3ibh gur th\u00e1inig s\u00e9 chucu i gCoraint \u201cag f\u00f3gairt r\u00fandiamhair D\u00e9\u201d. F\u00edrinne agus r\u00e9altacht \u00ed r\u00fandiamhair at\u00e1 folaithe i nDia agus nach faightear eolas n\u00f3 aithne uirthi go nochtar, go bhfoils\u00edtear, \u00ed ag Dia. Plean sl\u00e1naithe D\u00e9 a bh\u00ed sa r\u00fandiamhair seo, plean a th\u00e1inig chun foirfeachta tr\u00ed bheatha, bh\u00e1s agus ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost. Foils\u00edodh, nochtadh, \u00ed tr\u00ed Chr\u00edost agus an Eaglais, i seanm\u00f3ireach Ph\u00f3il ina measc. Do Ph\u00f3l, n\u00edl aon \u00e1it ag an bhfeals\u00fanacht, ag an eagna dhaonna, i nochtadh na r\u00fandiamhaire seo, agus rinne P\u00f3l deimhin de go mbeadh Cr\u00edost, agus \u00e9 c\u00e9asta ar an gcrois, mar chro\u00edl\u00e1r d\u00e1 chuid seanm\u00f3ireachta d\u00f3ibh. An toradh a bh\u00ed ar a sheanm\u00f3ireacht, a aitheasc, ar ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost, san Aithne n\u00e1 magadh agus c\u00fais gh\u00e1ire. An toradh sa Choraint n\u00e1 \u201cfoilsi\u00fa an Spioraid agus a chumhachta\u201d, is \u00e9 sin le r\u00e1 an Spiorad Naomh a lonraigh i gcro\u00edthe na gcreidmheach gur f\u00edor a fh\u00f3gair P\u00f3l faoi \u00cdosa Cr\u00edost agus a ch\u00e9asadh ar na gcrois. Tr\u00ed chumhacht an Spioraid Naoimh a th\u00e1inig sin, n\u00ed tr\u00ed eagna dhaonna. Mar sin t\u00e1 an creideamh i rundiamhair seo D\u00e9 bunaithe ar chumhacht D\u00e9, seachas ar eagna dhaonna.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 5:13-16). <i>Is sibhse solas an domhain.<\/i> T\u00e1 \u00e1bhar machnaimh saibhir againn sa l\u00e9acht ghairid seo. Tagann s\u00e9 d\u00edreach i ndiaidh na <\/span><span style=\"color: black;\">Bi\u00e1ide. R\u00e1itis ghinear\u00e1lta iad na Bi\u00e1ide ar luachanna na R\u00edochta, agus mar chlabhs\u00far orthu meabhra\u00edtear do lucht lean\u00fana \u00cdosa bheith r\u00e9idh don gh\u00e9arlean\u00faint a fh\u00e9adfadh teacht as d\u00edlse d\u2019\u00cdosa agus don soisc\u00e9al. Sa t\u00e9acs seo againne inniu labhra\u00edonn \u00cdosa leis na deisceabail a bh\u00ed aige nuair a ch\u00e9ad thug s\u00e9 an Seanm\u00f3ir ar an Sliabh agus chomh maith le sin leis an lucht lean\u00fana a bheidh aige i rith na staire. Labhra\u00edonn s\u00e9 leo go d\u00edreach le teachtaireacht at\u00e1 beagnach dochreidte: Salann na tal\u00fan agus solas an domhain iad. T\u00e1 s\u00e9 ag cainnt le comhluadar Gi\u00fadach, ach is l\u00e9ir go bhfuil misean na nAspal agus na hEaglaise don domhan m\u00f3r i raon radhairc cheana. N\u00ed salann agus solas iad do theaghlach amh\u00e1in, n\u00f3 do bhaile beag n\u00f3 bhaile m\u00f3r amhain, n\u00f3 fi\u00fa do phobal Iosrael, ach don domhan m\u00f3r ioml\u00e1n. L\u00e9ir\u00edonn na h\u00edomh\u00e1nna a mbaintear \u00fas\u00e1id astu aidhm an mhisin a bheidh acu. Blast\u00e1n don bhia salann; tugann s\u00e9 blas agus cosna\u00edonn s\u00e9 \u00f3 mheath agus \u00f3 thruailli\u00fa. Tugann solas \u00e9ifeacht do dhuine a threoir a aimsi\u00fa. L\u00e9ir\u00edonn na h\u00edomh\u00e1nna an aidhm agus an misean at\u00e1 ag lucht lean\u00fana uile Chr\u00edost sa saol, sa domhan. Mar a chuir scr\u00edbhne\u00f3ir san \u00f3g-eaglais \u00e9 (sa dara n\u00f3 sa tr\u00ed\u00fa aois), agus an phag\u00e1ntacht f\u00f3s faoi r\u00e9im: \u201cIonann an t-anam don chorp agus Cr\u00edostaithe sa domhan\u201d, anam an domhain iad. In aimsir Chr\u00edost i dteach sa Phailist\u00edn bhi na lampa\u00ed le solas a thabhairt beag agus cuireadh ar bharr mhios\u00far buis\u00e9il (\u201cin airde ar gcrann solais\u201d) iad. Baintear feidhm as lampa le solas a thabhairt, agus meabhra\u00edonn \u00cdosa d\u00e1 dheisceabail go bhfuil misean acu sa saol agus don domhan. Thuig an eaglais \u00f3g sin go maith agus leagann litreacha Ph\u00f3il agus Pheadair b\u00e9im ar seo: na Cr\u00edostaithe mar l\u00f3chrann don domhan lena mbeatha Chr\u00edosta\u00ed, lena ndea-oibreacha. Gairm thar a bheith uasal \u00ed seo, ach de bharr laige an n\u00e1d\u00fair dhaonna thar a bheith baolach \u00f3 thaobh an duine aonair agus tion\u00f3il an chreidimh. T\u00e1 an ghairm ag Cr\u00edosta\u00edthe a ndea-ghn\u00edomhartha a bheith le feice\u00e1il os comhair daoine, le go dtabharfa\u00ed gl\u00f3ir don Athair ar neamh. Ach is r\u00f3-\u00e9asca do dhuine a ghl\u00f3ir f\u00e9in, seachas gl\u00f3ir an Athar ar neamh, a chuardach, rud a ch\u00e1ineann \u00cdosa go g\u00e9ar. Ba mh\u00f3r, agus is m\u00f3r, don Eaglais agus don teaghlach an dea-shampla agus an cl\u00fa, agus as sin leanann go bhf\u00e9adfa\u00ed br\u00fa r\u00f3-mh\u00f3r a chur ar dhuine faoi seo, d\u00e1 mh\u00ed-thairbhe f\u00e9in, n\u00f3 go nd\u00e9anfa\u00ed droch-ghn\u00edomhartha a cheilt le meas an phobail a choime\u00e1d. Is eol d\u00fainn go l\u00e9ir go dtarla\u00edonn seo.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0 Mheasfadh duine gur dodh\u00e9anta an ghairm seo a mhaireacht\u00e1il. Ach mar a d\u00fairt \u00cdosa i gcomhth\u00e9acs eile, n\u00ed hamhlaidh sin i s\u00faile D\u00e9. Maireann gairm uasal sin na gCr\u00edostaithe bheith mar shalann agus sholas don domhan in aon r\u00e9, \u00e1r r\u00e9 f\u00e9in san \u00e1ireamh. T\u00e1 g\u00e1 ag domhan an lae inniu le solas Chr\u00edost. Agus n\u00edor ch\u00f3ir go gcuirfeadh aithis, g\u00e9arlean\u00faint n\u00f3 l\u00edomhaint\u00ed br\u00e9ige cosc orainn. D\u00fairt \u00cdosa linn bheith r\u00e9idh d\u00e1 leith\u00e9id\u00ed. De r\u00e9ir an tSeanm\u00f3ir ar an Sliabh t\u00e1 siad sin ceangailte leis na Bi\u00e1ide!!<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b><i>B.<\/i><\/b><b><i><span style=\"color: black;\">An B\u00edobla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: black;\">Cr\u00edostaithe solas an domhain; l\u00e1rionad na croise.<\/span><\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Machnamh. Cr\u00edostaithe solas an domhain. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Maidir leis seo. is leor a bhfuil r\u00e1ite faoin chur sios ar an Soisc\u00e9al mar \u00e1bhar saibhir machnaimh d\u00fainn inniu.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Agallamh le Ceisteanna an Lae. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">\u00d3 ghluaiseacht fheals\u00fanachta an ocht\u00fa c\u00e9ad d\u00e9ag anall ar a dtugtar an \u201cEagna\u00edocht\u201d\u00b8 an Soilsi\u00fa, an <i>Erkl\u00e4rung<\/i>, the Enlighenment, t\u00e1 tuiscint eile ar an solas is dual don chine daonna seachas solas an tSoisc\u00e9il. B\u00edodh go bhfuil \u00e9ags\u00falacht mh\u00f3r idir saoithe na gluaiseachta sin, is com\u00f3nta an tuiscint acu gur leor an aigne dhaonna agus na c\u00e9adfa\u00ed mar threoir don chine daonna gan aon chur isteach \u00f3 neamh n\u00f3 \u00f3 shaol eile. N\u00ed bheadh a leith\u00e9id de threoir inghlactha. Is cuid den saol ina mhairimid \u00e9 sin. Ar an dtaobh eile de, l\u00e1r-fh\u00edrinne \u00f3 Ph\u00f3l anall \u00e9 nach leor an eagna dhaonna, maidir le eolas ar thoil D\u00e9. T\u00e1 an m\u00e9id a deir P\u00f3l faoi r\u00fandiamhair D\u00e9 agus na croise mar bhunphrionsabal d\u00e1r gcreideamh f\u00edor i gc\u00f3na\u00ed. B\u00edodh go bhfuil glactha le saol an lae inniu le m\u00f3r\u00e1n de thuiscint agus de theagasc na m<\/span><span style=\"color: black;\">Bi\u00e1ide agus den tSeanm\u00f3ir ar an Sliabh, t\u00e1 gn\u00e9ithe den \u201cEagna\u00edocht\u201d, den Enlightenment, nach f\u00e9idir glacadh leo. Ach t\u00e1 an \u201cchumhacht\u201d sin a thug an creideamh i gCr\u00edost agus a Chrois c\u00e9aduair ag feidhmi\u00fa i gc\u00f3na\u00ed, agus n\u00ed m\u00f3r do chreidmhigh bheith nascaithe le Cr\u00edost agus an Spiorad Naomh tr\u00ed urna\u00ed agus dheabh\u00f3id.<\/span><i><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>5 Feabhra 2022 (A) C\u00faigi\u00fa Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC B.An B\u00edobla: Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae: Cr\u00edostaithe &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-2027","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2027","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=2027"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2027\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2036,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2027\/revisions\/2036"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=2027"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=2027"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=2027"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}