{"id":203,"date":"2014-06-11T16:34:18","date_gmt":"2014-06-11T16:34:18","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=203"},"modified":"2014-06-11T16:34:18","modified_gmt":"2014-06-11T16:34:18","slug":"soluntas-na-trionoide-naofa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=203","title":{"rendered":"SOL\u00daNTAS NA TR\u00cdON\u00d3IDE NAOFA"},"content":{"rendered":"<p style=\"margin-left: 72pt; text-indent: -72pt;\"><span style=\"font-variant: small-caps;\">Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"margin-top: 0cm;\" start=\"1\">\n<li style=\"color: blue;\"><span>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<li style=\"color: blue;\"><b><i><span>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span>: <\/span><i>R\u00fandiamhair na Tr\u00edon\u00f3ide agus r\u00fandiamhair na hEaglaise<\/i><span><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><i><span style=\"color: black;\">T\u00e9ama liot\u00fairge an lae inniu.<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Le fada, t\u00e1 machnamh domhain d\u00e9anta ag saoithe ar an \u201cNaofa\u201d, an Neach Naofa, an f\u00f3rsa, an chumhacht naofa taobh amuigh den aigne dhaonna, f\u00f3rsa, Neach, cumhacht, at\u00e1 ioml\u00e1n \u00e9ags\u00fail uainne, \u201cwholly other\u201d. Thug an saoi agus feallsamh Rudolf Otto <i>mysterium tremendum et fascinans<\/i>, an r\u00fandiamhair uamhnach, ruaigtheach agus tarraingteach, meallacach ar an r\u00fandiamhair sin. Baineannn seo le stair na reiligi\u00fan n\u00f3 an tsiceola\u00edocht dhaonna, ach is f\u00edor d\u00f3 i sl\u00ed faoin gcreideamh in nDia an tSeantiomna. T\u00e1 gn\u00e9ithe \u00e9ags\u00fala faoina phearsa le f\u00e1il ann, agus ar uairibh t\u00e1 uamhan ag baint lena chaidreamh lena phobal Iosrael.<\/span><span style=\"color: black;\"><span><\/span><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\"><span><\/span>Ach ag cur cr\u00edoch lena chonradh le Iosrael, n\u00ed h\u00e9 sin an gn\u00e9 d\u00e1 phearsa ba mhian le Dia go meabhrofa\u00ed ach a mhalairt ar fad: a chneastacht agus a chine\u00e1ltacht. Agus sin \u00ed teachtaireacht liot\u00fairge an lae inniu: Ionann r\u00fandiamhair na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa agus l\u00e9iri\u00fa ar bheatha inmhe\u00e1nach Dhia na Gl\u00f3ire, a ghr\u00e1, a chine\u00e1ltacht agus a chneastacht. T\u00e1 an bheatha sin roinnte aige leis na creidmhigh tr\u00ed chomaoin an Spiorad Naoimh. Ni chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol, ach chun go sl\u00e1n\u00f3fa\u00ed an saol tr\u00edd.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Eacsadas 34: 4-6, 8-9). <i>An Tiarna, an Tiarna, Dia na cine\u00e1ltachta agus na tr\u00f3caire.<\/i><\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\"> <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Ina chomhth\u00e9acs sa Bh\u00edobla baineann an sliocht seo le athdh\u00e9anamh an chonartha le Iosrael tar \u00e9is \u00e9 a bheith briste acu. T\u00e1 Maois ar an Sliabh (Sion\u00e1i) le Dia, in agallamh leis. Iarrann s\u00e9 ar Dhia a ghn\u00fais a thaispe\u00e1int d\u00f3, iarratas a dhi\u00falta\u00edtear d\u00f3. Ni f\u00e9idir do dhuine Dia (gn\u00fais D\u00e9) a fheic\u00e1il agus maireacht\u00e1il d\u00e1 \u00e9is sin. D\u00fairt Dia le Maois go raibh s\u00e9 leis f\u00e9in a fhoilsi\u00fa leis, agus a ainm, an Tiarna, a fh\u00f3gairt roimhe. Ba \u00e9 ainm d\u00edlis Dhia Iosrael n\u00e1 Iaveh, a cuirtear \u201can Tiarna\u201d mar aistri\u00fach\u00e1n air. \u201cBheith ann\u201d is bunbhr\u00ed leis an ainm seo, an Dia a bh\u00ed ann riamh, agus lena phobal i ngach anr\u00f3, agus at\u00e1 leo ar\u00eds anois. Mar ba ghn\u00e1th maidir le caidreamh D\u00e9 le daoine, th\u00e1inig s\u00e9 i bhfoirm scamaill, agus sheas Maois in \u00e9ineacht leis. D\u2019fh\u00f3gair Dia a ainm pearsanta le Maois: \u201cAn Tiarna, an Tiarna\u201d, agus nocht s\u00e9 a bheatha inmhe\u00e1nach d\u00f3: Dia na beatha, l\u00e1n de chine\u00e1ltacht, de thr\u00f3caire, chneastacht, de dh\u00edlseacht, mall chun feirge. Gu\u00edonn Maois air sin a thaispe\u00e1int d\u00e1 phobal, fan\u00faint ina bhfochair ar a dturas tr\u00edd an stair, agus a gcionta agus a bpeaca\u00ed a mhaitheamh. Ar nd\u00f3igh, n\u00edl aon tagairt dh\u00edreach don Trion\u00f3id sa Seantiomna, n\u00e1 sa sliocht seo, ach t\u00e9ann s\u00e9 go deas le soisc\u00e9al an lae inniu sa mh\u00e9id go nochtar iontu araon Dia na gl\u00f3ire ag l\u00e9iri\u00fa a bheatha inmhe\u00e1nach f\u00e9in agus a ghr\u00e1 don chine daonna. <\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Dain\u00e9il 3:52-56). <i>Le moladh agus le gl\u00f3iri\u00fa de sh\u00edor.<\/i><\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(2 Coirintigh 13:11-13). <\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">Gr\u00e1sta an Tiarna \u00cdosa Cr\u00edost agus gr\u00e1 D\u00e9 agus cumann an Spioraid Naoimh. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Foirceann na litreach at\u00e1 againn anseo, le beannacht agus beann\u00fa Ph\u00f3il ar na Cr\u00edosta\u00edthe sa Coirint. Scr\u00edobhann s\u00e9 \u00f3 thuaisceart na Gr\u00e9ige, \u00f3n Macad\u00f3in, agus cuireann s\u00e9 beannacht na heaglaise sin chucu chomh maith, le teachtaireacht l\u00e1rnach na Cr\u00edosta\u00edochta a mheabhr\u00fa d\u00f3ibh uair amh\u00e1in eile: maireacht\u00e1il faoi sti\u00fair an Spioraid agus Dhia an ghr\u00e1, leis an muintearas is dual do na creidmhigh. Sa bheannacht dheiridh, t\u00e1 an Tiarna \u00cdosa, Dia (an tAthair) agus an Spiorad Naomh luaite, trion\u00f3id naofa. T\u00e1 an fhoirmle anseo go soil\u00e9ir cheana f\u00e9in (\u00cdosa, Dia an tAthair, an Spiorad Naomh), an ceann is luaithe sa Tiomna Nua. Ach n\u00ed h\u00e9 go raibh diagacht na Trion\u00f3ide soil\u00e9ir ag P\u00f3l faoi mar a bheidh s\u00e9 n\u00edos d\u00e9anai. T\u00e1 an fhoirmle liot\u00fairgeach sin linn i gc\u00f3na\u00ed, agus is fi\u00fa aire a thabhairt don ghr\u00e1sta \u00f3 gach ceann den tri\u00far at\u00e1 luaite: gr\u00e1sta na beatha nua \u00f3n dTiarna \u00cdosa, gr\u00e1 D\u00e9 an tAthair agus gach a chiala\u00edonn s\u00e9, agus an muintearas agus an aontacht, an cumann, a bhronnann an Spiorad Naomh. N\u00ed cumhacht theib\u00ed i bhfad uainn an Trion\u00f3id R\u00f3naofa. T\u00e1 s\u00ed gn\u00edomhach go laethh\u00fail sa bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Eoin 3:16-18). <i>Chuir Dia a mhac uaidh ar an saol chun go sl\u00e1n\u00f3fa\u00ed an saol tr\u00edd. <\/i><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Is sliocht an t\u00e9acs seo \u00f3 agallamh fada \u00cdosa leis an Fairist\u00edneach Nicod\u00e9mas a th\u00e1inig go h\u00cdosa san o\u00edche. Tagann an t\u00e9acs seo d\u00edreach tar \u00e9is tagairt \u00cdosa d\u00e1 bh\u00e1s f\u00e9in ar an gcrois, agus t\u00e1 s\u00e9 roghnaithe do fh\u00e9ile seo na Trion\u00f3ide R\u00f3naofa toisc an bh\u00e9im at\u00e1 ann ar ghr\u00e1 D\u00e9 don domhan, t\u00e9ama l\u00e1rnach do liot\u00fairge an lae inniu ag an eaglais. Seo \u00ed bliain Shoisc\u00e9al Matha i liot\u00fairge an Domhnaigh, agus Matha an t-aon soisc\u00e9al ina a bhfuil tagairt shoil\u00e9ir don Trion\u00f3id Naofa, nuair a luaitear baisteadh ina hainm. Mar sin f\u00e9in is oiri\u00fana\u00ed go m\u00f3r an sliocht as soisc\u00e9al Eoin, de bharr na b\u00e9ime at\u00e1 ann ar ghr\u00e1 D\u00e9 don domhan, a oireann don chur i l\u00e1thair do r\u00fandiamhair na Tr\u00edon\u00f3ide i liot\u00fairge an lae inniu, b\u00edodh nach luaitear ann ach Dia (an tAthair) agus a Aonghin Mic.<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>B.<\/span><\/span><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">: <\/span><i><span style=\"color: blue;\">R\u00fandiamhair na Tr\u00edon\u00f3ide agus r\u00fandiamhair na hEaglaise<\/span><\/i><span style=\"color: blue;\"><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p>Ceili\u00faraimid inniu f\u00e9ile na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa n\u00f3 mar a thugtar uirthi go hoifigi\u00fail Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa. I sl\u00ed is rud teib\u00ed an Tr\u00edon\u00f3id. Ar \u00e9igin go gcloisimid riamh faoi dheabh\u00f3id don Tr\u00edon\u00f3id Naofa. Ach d\u00e1ir\u00edre is \u00ed an r\u00fandiamhair is m\u00f3 agus is doimhne de na r\u00fandiamhra Cr\u00edosta\u00ed \u00ed an Tr\u00edon\u00f3id. Th\u00f3g s\u00e9 na c\u00e9adta bliana, le earr\u00e1id\u00ed, eiriceachta\u00ed agus cur i ndroch-fhoirml\u00ed le go dtiocfadh an Eaglais ar na foirml\u00ed faoin r\u00fandiamhair seo at\u00e1 againn inniu. An creideamh sa Tr\u00edon\u00f3id is creideamh \u00e9 in aon Dia amh\u00e1in i dtr\u00ed phearsa. Mar a cuirtear an teagasc i <i>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed<\/i> (altanna 253-260), is Aon an Tr\u00edon\u00f3id. \u201cN\u00ed admhaimid tr\u00ed d\u00e9ithe ach aon Dia amh\u00e1in i dtr\u00ed phearsa, an \u2018Tr\u00edon\u00f3id chomhshubstainteach\u2019\u201d. N\u00ed roinneann na pearsana diaga an aon diagacht amh\u00e1in eatorthu, ach is Dia go hioml\u00e1n gach ceann d\u00edobh. T\u00e1 na pearsana diaga sin go hioml\u00e1n idirdhealaithe \u00f3na ch\u00e9ile.<\/p>\n<p>T\u00e1 sin go l\u00e9ir s\u00e1thach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste tuiscint n\u00edos fearr d\u00fainn faoi cad t\u00e1 i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt t\u00e1rlu taobh istigh den creideamh Gi\u00fadach ar an aondiachas, monodiachas, is \u00e9 sin le r\u00e1 n\u00edl ann ach an t-aon Dia amh\u00e1in. Sa Tiomna Nua, agus sa Gi\u00fadachas chomh maith, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed \u201cAthair\u201d a thabhairt ar an Dia sin. Ansin th\u00e1inig \u00cdosa agus d\u2019fh\u00f3gair s\u00e9 teacht r\u00edocht D\u00e9. Uair amh\u00e1in chuir s\u00e9 ceist ar a dheisceabail faoi thuairim an phobal faoi, agus fao\u00edna dtuairim f\u00e9in. Thar cheann an D\u00e1r\u00e9ag fhreagair Peadar gur mheasadar gurb \u00e9 an Meisias (an Cr\u00edost) \u00e9 (Marcas L\u00fac\u00e1s, \u201cCr\u00edost D\u00e9\u201d; Matha, \u201cCr\u00edost Mac D\u00e9 Beo\u201d). D\u2019oscail an t-ais\u00e9ir\u00ed agus a lean \u00e9 r\u00e9 nua i gcreideamh na gCriosta\u00edthe. Ba mh\u00f3 n\u00e1 duine daonna \u00cdosa anois. Bh\u00ed s\u00e9 ina shu\u00ed ar dheis D\u00e9 mar Thiarna, is \u00e9 sin le r\u00e1 an t\u00e9 a sheolann an Spiorad Naomh ar an Eaglais. Faoi dheireadh ch\u00e9ad thosaigh na Cr\u00edosta\u00edochta bh\u00ed adhradh \u00e1 thabhairt do Chr\u00edost mar Dhia, mar is soil\u00e9ir \u00f3 chaibideal tosaigh shoisc\u00e9al Eoin: \u201cAr dt\u00fas bh\u00ed an Briathar ann &#8230; agus ba \u00e9 Dia an Briathar &#8230; Agus ghlac an Briathar colainn dhaonna agus ch\u00f3naigh s\u00e9 in\u00e1r measc\u201d.&nbsp;&nbsp; Gheall \u00cdosa go gcuirfeadh s\u00e9 an Spiorad Naomh, an Paraicl\u00e9id, an tAbhc\u00f3id, ar an Eaglais, agus le himeacht aimsire tugadh adhradh don Spiorad Naomh mar Dhia. Sa cheathr\u00fa c\u00e9ad cuireadh Cr\u00e9 Nic\u00e9 le ch\u00e9ile chun adhradh gach ceann de na tr\u00ed phearsa a l\u00e9iri\u00fa, taobh istigh den d\u00edlseacht ba dhual don aondiachas docht nach bhfuil ann ac aon Dia amhain. Theip ar Athracha na hEaglaise t\u00e9arma\u00ed cu\u00ed a fh\u00e1il sa Bh\u00edobla lena gcreideamh in \u00cdosa a l\u00e9iri\u00fa agus bhaineadar \u00fas\u00e1id as t\u00e9arma\u00ed reatha i bhfeals\u00fanacht na Gr\u00e9ige: \u201ccomhshubstainteach leis an Athair\u201d. T\u00e1 an Chr\u00e9 sin againn i gc\u00f3na\u00ed.<\/p>\n<p>Sin an teagasc at\u00e1 teib\u00ed go leor, agus b\u2019fh\u00e9idir do dhaoine \u00e1irithe leamh go leor chomh maith. Ach n\u00ed mar sin don r\u00fandiamhair f\u00e9in. L\u00e9iri\u00fa \u00ed sin gur fhoilsigh Dia d\u00fainn tr\u00ed \u00cdosa a bheatha inmhe\u00e1nach f\u00e9in, teist don ghr\u00e1 at\u00e1 aige d\u00fainn. Agus t\u00e1 an gr\u00e1 sin le l\u00e9amh go soil\u00e9ir i leachta\u00ed an lae inniu. T\u00e1 beatha inmhe\u00e1nach sin D\u00e9 tugtha d\u00fainn mar eiseaml\u00e1ir den bheatha Chr\u00edosta\u00ed san Eaglais. Tugann sin chun cuimhne an m\u00e9id a d\u00fairt \u00cdosa agus \u00e9 ag imp\u00ed ar a Athair roimh imeacht den saol seo d\u00f3 (Eoin 17:20-24): \u201cN\u00ed ar a son sin amh\u00e1in at\u00e1im ag gu\u00ed, ach mar an gc\u00e9anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr\u00edna nbriathar, ionas go mba aon iad go l\u00e9ir, faoi mar at\u00e1 tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir t\u00fa uait mise &#8230; A Athair, an mhuintir a thug t\u00fa dom, is mian liom, an \u00e1it ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghl\u00f3ir, an ghl\u00f3ir a thug t\u00fa dom, mar gur thug t\u00fa gr\u00e1 dom roimh chruth\u00fa an domhain\u201d. D\u00e9anann an Spiorad Naomh i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an feasach sinn gur clann mhac agus clann in\u00edonacha sinn le Dia, glaoite chun maireacht\u00e1il de r\u00e9ir na h-on\u00f3ra sin i r\u00fandiamh\u00e1ir na hEaglaise. N\u00ed thuigtear an Eaglais i gceart muna fheictear uirthi mar r\u00fandiamhair, Corp Chr\u00edost, go bhfuil an Spiorad Naofa \u00e1 sti\u00faradh. T\u00e1 glaoch uirthi bheith aontaithe leis an Tron\u00f3id Naofa, le fianaise a thabhairt don domhan do ghr\u00e1 D\u00e9, tobar na beatha.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide Naofa Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed An B\u00edobla in Agallamh le &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-203","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/203","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=203"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/203\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=203"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=203"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=203"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}