{"id":205,"date":"2014-06-20T11:49:26","date_gmt":"2014-06-20T11:49:26","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=205"},"modified":"2014-06-20T11:49:26","modified_gmt":"2014-06-20T11:49:26","slug":"meitheamh-22-2014-a-soluntas-chorp-chriost","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=205","title":{"rendered":"Meitheamh 22 2014 (A) Sol\u00fantas Chorp Chr\u00edost"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><b><span style=\"font-size: 10pt; color: blue;\">Meitheamh 22 2014 (A) Sol\u00fantas Chorp Chr\u00edost <\/span><\/b><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">B: <b><i>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<\/i><\/b><\/span><i><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\"> Teachtaireacht na hEocairiste d\u00fainn inniu<\/span><\/i><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Deotranaimi 8:2-3, 14-16). <i>Chothaigh s\u00e9 th\u00fa le manna narbh eol duit f\u00e9in n\u00e1 do d\u2019aithreacha.<\/i> <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Cuid l\u00e1rnach de thraidisi\u00fan cr\u00e1ifeach Iosrael an daichead bliain a chaith s\u00ed san fh\u00e1sach. T\u00e1 iliomad insinte agus athinsinte de againn sa B\u00edobla, sa Seantiomna agus sa Tiomna Nua. D\u2019f\u00e9adfa\u00ed amhairc ar an tr\u00e9imhse mar r\u00e9 id\u00e9alach, nuair nach raibh aon d\u00e9ithe br\u00e9ige ag cur isteach ar an gcaidreamh idir Iosrael agus a Dhia, agus is mar sin at\u00e1 s\u00e9 go minic ag na f\u00e1ithe. Ruda\u00ed suntasacha sa chuimhne \u00f3n r\u00e9 san fh\u00e1sasch n\u00e1 an tart agus an t-ocras a bh\u00ed ar phobal Iosrael agus faoi mar ar tugadh leigheas air sin \u00f3 Dhia leis an manna agus an t-uisce \u00f3n gcarraig. D\u2019f\u00e9adfa\u00ed sc\u00e9al na r\u00e9 san fh\u00e1sach a chur i l\u00e1thair agus a thabhairt chun cuimhne i modhanna \u00e9ags\u00fala. T\u00e1 ceann d\u00edobh sin again inniu: le Iosrael a umhl\u00fa, le ceacht a mh\u00faineadh d\u00f3ibh agus iad a phromhadh, f\u00e9achaint an bhfuil siad d\u00edlis do Dhia ina gcroi istigh, le aitheanta D\u00e9 a choime\u00e1d. Leagtar an bh\u00e9im sa l\u00e9acht seo ar an manna, a thug bia d\u00f3ibh, agus an ceacht a bh\u00ed le foghlaim as sin agus an promhadh a chuir Dia orthu n\u00e1 a mheabhr\u00fa d\u00f3ibh nach ar an ar\u00e1n amh\u00e1in a mhaireann an duine ach ar gach n\u00ed a thagann \u00f3 bh\u00e9al D\u00e9. Is \u00e9 an n\u00ed a thagann \u00f3 bh\u00e9al an duine n\u00f3 \u00f3 bh\u00e9al D\u00e9 n\u00e1 an briathar, agus is \u00e9 briathar D\u00e9 a aitheanta agus gach briathar eile a thagann tr\u00ed na f\u00e1ithe agus eile. Baineann \u00cdosa \u00fas\u00e1id as an t\u00e9acs seo ina fhreagra ar Sh\u00e1tan i bhf\u00e1sach eile.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Bh\u00ed an baol ann go nd\u00e9anfadh gl\u00fain nua dearmad ar a rinne Dia d\u00f3ibh \u00e1 dtabhairt amach as daoirse na h\u00c9igipte nuair a fh\u00e1gfaidis ina ndiaidh bochtanas an fh\u00e1saigh agus a bhain leis ar theacht isteach d\u00f3ibh i dtalamh mh\u00e9ith na Pailist\u00edne agus rachmas nua bainte amach acu. T\u00e1 mion-chur s\u00edos ar sin sna v\u00e9arsa\u00ed at\u00e1 f\u00e1gtha ar l\u00e1r roimh an paragraf deiridh de l\u00e9acht an lae inniu. Sa paragraf deiridh seo leagtar b\u00e9im ar dh\u00edlse do Dhia Iosrael agus gan an dearmad sin a dh\u00e9anamh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 147). <i>Mol an Tiarna, a Iar\u00fasail\u00e9im.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(1 Coirinthigh 10:16-17). <i>\u00d3s<\/i> <i>aon bhuil\u00edn amh\u00e1in \u00e9, n\u00edl ionainne, d\u00e1 l\u00edonmhaire sinn, ach aon chorp amh\u00e1in.<\/i> <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">L\u00e9acht ghairid, ghonta at\u00e1 anseo a bhfuil teachtaireacht dhomhain aici, ceann a thuigtear n\u00edos fearr ach \u00ed a shu\u00edomh i gc\u00falra na litreach \u00ed f\u00e9in. Tagann s\u00e9 thart ar dheireadh sleachta ina dtugann P\u00f3l rabhadah do Chr\u00edosta\u00edthe na hEaglaise i gCoirint faoin bhaol at\u00e1 ann bheith m\u00eddh\u00edlis d\u00e1 ngairm mar Chr\u00edosta\u00edthe. Tugann P\u00f3l sampla\u00ed as na luathchleasanna ina chleachtann na hiomaitheoir\u00ed an mheasarthacht leis an chraobh a bhaint amach. B\u2019fheasach go maith do na Coirintigh luath-sc\u00e9al Iosrael, an tsaoirse \u00f3n \u00c9igipt, gabh\u00e1il trasna na Mara Rua faoi Mhaois, bronntanas an uisce agus an mhanna san fh\u00e1sach &#8212; f\u00edoracha iad uile de bhaisteadh i gCr\u00edost, den bhaisteadh f\u00e9in agus den Eocairist. Ba l\u00e1nfheasach iad chomh maith faoi pheacai Iosrael san fh\u00e1sach c\u00e9anna, an dr\u00fais agus an \u00edoladhradh agus an monabhar, agus mar a ghearr Dia pion\u00f3s trom orthu. Mar shampla agus mar rabhadh do Chr\u00edosta\u00edthe a scr\u00edobhadh na nithe sin, meabhra\u00edonn P\u00f3l, le go dtuigfeadh an t\u00e9 ar d\u00f3igh leis go bhfuil s\u00e9 ina sheasamh aire a thabhairt ar eagla go dtithfeadh s\u00e9. De r\u00e9ir dealraimh bh\u00ed roinnt de na Cr\u00edosta\u00edthe i gCoirint ag gn\u00e1th\u00fa f\u00f3s b\u00e9il\u00ed pag\u00e1nacha ina raibh d\u00e9ithe br\u00e9ige \u00e1 n-adhradh. B\u2019ionann s comaoin sa bh\u00e9ile sin agus comaoin leis an gcreideamh agus leis na d\u00e9ithe sin.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Agus eolas an ch\u00falra sin againn is f\u00e9idir linn an m\u00e9id a deir P\u00f3l go gonta i l\u00e9acht an lae inniu a mheas. Tugann an Eocairist slat tomhais don chreidmheach conas c\u00farsa\u00ed a mheas. T\u00e9arma teicni\u00fail a bh\u00ed i \u201ccupa an altaithe\u201d, a bh\u00ed \u00e1 \u00fas\u00e1id sa liot\u00fairge Gi\u00fadach i r\u00edotas na C\u00e1sca agus a th\u00e1inig as sin isteach sa liot\u00fairge Cr\u00edosta\u00ed san Eocairist. Ionann \u201ccupa an altaithe\u201d agus an cupa f\u00edona a thugaimid b\u00faiochas do Dhia d\u00e1 bharr. Cail\u00eds an fh\u00edona san Eocairist at\u00e1 ann, a dh\u00e9anann p\u00e1irteach sinn le fuil Chr\u00edost san Eocairist. Mar an gc\u00e9anna leis an buil\u00edn ar\u00e1in san Eocairist. Creideann na Cr\u00edosta\u00edthe gur fuil agus corp Chr\u00edost at\u00e1 sa bhf\u00edon agus san ar\u00e1n. Aonta\u00edonn siad le Cr\u00edost, d\u00e9anann s\u00e9 p\u00e1irteach le Cr\u00edost, sinn. Comhartha an t-aon bhuil\u00edn ar\u00e1in gur aon rud amh\u00e1in na Cr\u00edosta\u00edthe, aontaithe le Cr\u00edost agus lena ch\u00e9ile. Do na Coirinthigh an tr\u00e1th sin, ba shoil\u00e9ir nach bhf\u00e9adfadh aon bhaint a bheith acu le h\u00edoladhradh <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">n\u00f3 le dr\u00fais, ach le naofacht. T\u00e1 an l\u00e9acht seo oiri\u00fanach do theachtaireacht Fh\u00e9ile Chorp Chr\u00edost in aon aois.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Eoin 6:51-58). <i>Is bia go f\u00edor mo chuid feola agus is deoch go f\u00edor mo chuid fola.<\/i> <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Seo cuid den mh\u00edr dheiridh de aitheasc fada ar \u00cdosa mar Ar\u00e1n na Beatha, an Manna Nua a th\u00e1inig anuas \u00f3 neamh le beatha a thabhairt don domhan. Sa ch\u00e9ad chuid de bh\u00ed \u00cdosa ag caint faoi f\u00e9in mar Ar\u00e1n na Beatha ina phearsa agus ina theagasc. T\u00e1 an mh\u00edr seo ag tagairt do \u00cdosa san Eocairist, agus faoina chorp a ithe agus a chuid fola a \u00f3l. Is \u00e9 an t-ar\u00e1n a thugann s\u00e9 n\u00e1 a fheoil ar son bheatha an domhain. Leagann \u00cdosa i Soisc\u00e9al Eoin b\u00e9im l\u00e1idir ar an aontacht idir \u00cdosa agus an Athair agus eatorthu araon agus an t\u00e9 a chreideann ann. T\u00e1 an t\u00e9ama sin le sonr\u00fa anseo chomh maith. Sheol an tAthair \u00cdosa uaidh agus is beo \u00cdosa tr\u00edd an Athair, agus mar an gc\u00e9anna is beo tri \u00cdosa an t\u00e9 a itheann \u00e9 san Eocairist. Is gealltanas den bheatha sh\u00edora\u00ed \u00e9. T\u00e1 b\u00e9im sa l\u00e9acht seo ar l\u00e1ithreacht r\u00e9alta \u00cdosa san Eocairist, ach n\u00ed m\u00f3r r\u00e1itis mar \u201ca fheoil a ithe\u201d agus \u201ca fhiol a ol\u201d a thuiscint go saicraiminti\u00fail.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. <i>An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/i><\/span><\/b><i><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Teachtaireacht na hEocairiste d\u00fainn inniu<\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Ba \u00ed an Eocairist foinse agus ceartl\u00e1r na Cr\u00edosta\u00edochta tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos, agus f\u00f3s is mar sin at\u00e1. Tugann machnamh ar an r\u00fandiamhair chun cuimhnimh an t-\u00e9ileamh a dh\u00e9anann s\u00ed beatha Chr\u00edosta\u00ed d\u00e1 r\u00e9ir a chaitheamh, mar a dh\u00e9anann machnamh ar \u00cdosa Cr\u00edost f\u00e9in. Mar a luadh thuas, ba \u00e9 an Suip\u00e9ar D\u00e9anach an b\u00e9ile deiridh a ith \u00cdosa lena mhuintir f\u00e9in, agus tugann s\u00e9 chun cuimhne intinn \u00cdosa sna b\u00e9il\u00ed sin, ag ithe leo si\u00fad a bh\u00ed san imeall agus a leith\u00e9id. Tugann \u00cdosa i Soisc\u00e9al Marcas cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar bhr\u00edonna iomad\u00fala na hEocairiste. Tar \u00e9is mhior\u00failte iolr\u00fa an ar\u00e1in, in aistear farraige trasna Mhuir na Gail\u00edle luann Marcas go raibh dearmad d\u00e9anta ag na hAspail ar\u00e1n a thabhairt leo, seachas aon bhuil\u00edn amh\u00e1in. Tugann \u00cdosa fol\u00e1ireamh d\u00f3ibh bheith aireach faoi ghabh\u00e1il, giosta, \u00e9ags\u00fala. Mheas na hAspail gur ag tagairt a bh\u00ed s\u00e9 don easba ar\u00e1in a bh\u00ed acu, ach meabhra\u00edonn \u00cdosa d\u00f3ibh an mhior\u00failt ar iolr\u00fa an ar\u00e1in, agus tugann le cuimhne d\u00f3ibh an easba tuisceana at\u00e1 acu ar an mhior\u00failt sin (Marcas 8:14-21). T\u00e9acs deacair le tuiscint \u00e9 sin, ach dealra\u00edonn s\u00e9 go bhfuil \u00cdosa ag tabhairt cuireadh don Eaglais agus d\u00fainn uile machnamh a dh\u00e9anamh ar a bheatha agus a shaol faoi mar ar thug s\u00e9 bia don chorp leis an ar\u00e1n a iolraigh s\u00e9, bia don anam san Eocairist, a ch\u00faram orthu si\u00fad at\u00e1 sna himill agus faoi mh\u00edchumas de shaghas ar bith. Tugann an Eocairist na f\u00edrinn\u00ed sin go l\u00e9ir chun cuimhne.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">An t\u00e9ama a bh\u00ed ann don Chomhdh\u00e1il Eocairisteach Idirn\u00e1isi\u00fanta i mBaile \u00c1tha Cliath i 2012 n\u00e1 \u201cAn Eocairist: Comaoin le Cr\u00edost agus lena ch\u00e9ile\u201d. T\u00e1 sin ag teacht go h\u00e1lainn le liot\u00fairge Aifreann an lae inniu. T\u00e1 Cr\u00edost beo san Eocairist mar fhoinse do chaidreamh, comaoin, phearsanta le Dia agus lena ch\u00e9ile, mar chlann mhac agus chlann in\u00edonacha D\u00e9, br\u00e1ithre agus deirfi\u00faracha \u00cdosa.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Is r\u00fandiamhair dhomhain \u00ed l\u00e1ithreacht r\u00e9alta Chr\u00edost faoi ghn\u00e9ithe ar\u00e1in agus f\u00edona, nach glactar lei ach tr\u00ed chreideamh. N\u00ed inn\u00e9 n\u00e1 inniu a thosaigh an t-amhras faoi. Tar \u00e9is a sheanm\u00f3ra i gCafarn\u00e1um air f\u00e9in mar ar\u00e1n na beatha, bh\u00ed na Gi\u00fadaigh (n\u00e1r chreid ann) ag aighneas le ch\u00e9ile \u00e1 r\u00e1: \u2018Conas is f\u00e9idir don duine seo a fheoil a thabhairt d\u00fainn le hithe?\u2019 Lean \u00cdosa ar aghaidh lena th\u00e9ama faoi f\u00e9in agus ar gclos na cainte d\u00e1 l\u00e1n d\u00e1 dheisceabail d\u00fairt siad: \u2018Is crua an chaint \u00ed seo, agus c\u00e9 a d\u2019fh\u00e9adfadh \u00e9isteacht lei?\u2019 Mar fhreagra d\u00fairt \u00cdosa: \u2018An bhfuil an m\u00e9id seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad \u00e9 m\u00e1 fheiceann sibh Mac an Duine (\u00cdosa f\u00e9in) ag dul suas mar a raibh s\u00e9 cheana?\u2019 Tharraing a l\u00e1n d\u00e1 dheisceabail siar, agus n\u00edor leanadar \u00e9 a thuilleadh (Eoin 6:52-65). Tuigimid r\u00fandiamhair na hEocraiate n\u00edos fearr m\u00e1 dheinimid machnamh uirthi i gcomth\u00e9acs \u00cdosa fior-Dhia agus f\u00edor-dhuine, a dheascabh\u00e1il chun na bhflaitheas agus \u00e9 ar dheasl\u00e1imh D\u00e9. Tr\u00edd na haoiseanna s\u00edos ghlac an Eaglais le briathra \u00cdosa ar an ar\u00e1n agus an f\u00edon, tar \u00e9is a gcoisreacan, bheith go f\u00edor, go r\u00e9alta, mar a chorp agus a fhuil, agus as sin lean an deabh\u00f3id don sacraimint r\u00f3-naofa. Sl\u00edte a ba iad ina chuir na f\u00edr\u00e9in in i\u00fal a gcreideamh do l\u00e1ithreacht r\u00e9alta \u00cdosa san Eocairist. Nuair a sh\u00e9anadh<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">an creideamh sin faoi l\u00e1ithreacht Chr\u00edost ag Berengarius, dhearbhaigh and Eaglais sa bhliain 1079 go nd\u00e9antar an t-ar\u00e1n agus f\u00edon a athr\u00fa go substaint\u00edul go Corp and Fuil Cr\u00edost, a dhearbha\u00edodh ar\u00eds i gComhairle Trionta, teagasc at\u00e1 le f\u00e1il i g<i>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic\u00ed <\/i>(alt 1413):<i> \u2018<\/i>Tr\u00edd an choisreacan cuirtear i gcr\u00edch tras-substainti\u00fa an ar\u00e1in agus an fh\u00edona i gCorp agus i bhFuil Chr\u00edost\u2019.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Meitheamh 22 2014 (A) Sol\u00fantas Chorp Chr\u00edost Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B: An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-205","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/205","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=205"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/205\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=205"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=205"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=205"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}