{"id":2051,"date":"2023-02-18T15:27:34","date_gmt":"2023-02-18T15:27:34","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2051"},"modified":"2022-12-07T15:36:53","modified_gmt":"2022-12-07T15:36:53","slug":"19-marta-2022-a-triu-domhnach-den-charghas-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2051","title":{"rendered":"19 M\u00e1rta 2022 (A) Tri\u00fa Domhnach den Charghas (A)"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">19 M\u00e1rta 2022 (A) Tri\u00fa Domhnach den Charghas (A)<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"margin-top: 0cm;\" start=\"1\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><b>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/b><i>An d\u00f3chas Cr\u00edosta\u00ed: N\u00ed d\u00f3cha ach deimhin.<\/i><\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: black;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Eacsadas 17:3-7). <i>Tabhair d\u00fainn uisce le h\u00f3l.<\/i> Ina chomhth\u00e9acs sa Bh\u00edobla tharla an eachtra seo i Ref\u00edd\u00edm, an stad deiridh ag pobal Iosrael san fh\u00e1sach roimh Sliabh Sinai. N\u00ed raibh aon uisce le h\u00f3l ag an bpobal agus chromadar ar chasaoid le Maois. T\u00e9ama na l\u00e9achta seo, agus t\u00e9ama i roinnt mhaith \u00e1iteanna eile sa Pheintiteoch, n\u00e1 monabhar, n\u00f3 casaoid, an phobail san fh\u00e1sach. Easpa uisce a bh\u00ed ag cur as d\u00f3ibh an babhta seo. Bh\u00ed D\u00eda le mior\u00failt a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh ag an gcarraig i Horeb (ainm eile do Sinai). Geall\u00faint d\u00e1 leith\u00e9id de mhior\u00failt at\u00e1 anseo, geall\u00faint de uisce ina shlaoda. T\u00e1 seo ag dul le soisc\u00e9al an lae inniu ina gheallann \u00cdosa tobar uisce don t\u00e9 a chreideann ann. T\u00e1 cur s\u00edos ar an eachtra ch\u00e9anna in Uimhreacha 20:1-13, \u00e1it a deirtear go dt\u00e1inig an t-uisce amach as an charraig ina thuile. As na tagairt\u00ed \u00e9ags\u00fala do uisce agus do charraig sa Pheintiteoch d\u2019fh\u00e1s traidisi\u00fan in Iosrael gur lean carraig pobal Iosrael san fh\u00e1sach le \u00f3l a thabhairt d\u00f3ibh, tradisis\u00fan a bhfuil tagairt d\u00f3 ag P\u00f3l (1 Corantaigh 10:4). Samhail de Chr\u00edost ab ea an charraig sin. Tugtar dh\u00e1 ainmneacha samhhailchomharthacha ar an \u00e1it a rinneadh an mhior\u00failt sin: <i>Massa<\/i>, \u201cpromhadh\u201d san Eabhrais, agus <i>Meribah\u00b8<\/i> \u201ciomarbh\u00e1\u201d, casaoid san Eabhrais.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Sal 94[95]). <i>\u00c1, d\u00e1 n-eistfeadh sibh lena ghuth inniu: \u201cN\u00e1 calcaig\u00ed bhur gcro\u00ed\u201d.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: -2.85pt; text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(R\u00f3mh\u00e1naigh 5:1-2, 5-8). <i>T\u00e1 \u00e1r gcro\u00ed lionta de ghr\u00e1 D\u00e9 ag an Spiorad Naomh a tugadh d\u00fainn.<\/i> T\u00e1 teachtaireachta\u00ed doimhne sa l\u00e9acht seo d\u00fainn. I dtosach b\u00e1ire meabhra\u00edtear d\u00fainn an fh\u00edrinne bhun\u00fasach gur tr\u00edn gcreideamh in \u00cdosa Cr\u00edost, agus n\u00ed tr\u00edn\u00e1r n-oibreacha f\u00e9in, at\u00e1imid f\u00edr\u00e9anaithe, agus i ngr\u00e1sta D\u00e9. <\/span><span style=\"color: black;\">Tugann an cairdeas sin le Dia bronntanas na s\u00edoch\u00e1na d\u00fainn, an ts\u00edoch\u00e1in a gheall \u00cdosa, s\u00edoch\u00e1in anama nach rud daonna \u00ed, ach feidhmi\u00fa an Spioraid Naoimh san anam agus sa chorp. Bh\u00ed P\u00f3l go nimhneach i gcoinne bheith ag mao\u00edmh, ag d\u00e9anamh m\u00f3rtais, as g gn\u00edomhartha daonna mar luach saothair i l\u00e1thair D\u00e9. Is tr\u00ed ghr\u00e1sta D\u00e9, agus n\u00ed tr\u00ed ghn\u00edomhartha daonna, a th\u00e1inig an sl\u00e1n\u00fa. Ach t\u00e1 \u00e1bhar m\u00f3r\u00e1la, m\u00f3rtais, ann ag Cr\u00edostaithe, agus is \u00e9 sin an d\u00f3chas go bhfuil gl\u00f3ir i nd\u00e1n d\u00fainn. T\u00e1 t\u00fas curtha leis an ghl\u00f3ir sin cheana f\u00e9in, leis an fh\u00edr\u00e9antacht, le gr\u00e1sta D\u00e9 sa bhaisteadh agus sa saol mar Chr\u00edostaithe. N\u00ed rud daonna (d\u00f3ch\u00falacht) an d\u00f3chas sin. Is deimhin \u00e9. N\u00ed chliseann s\u00e9 orainn, mar is bronntanas \u00f3 Dhia \u00e9, su\u00e1ilce dhiaga a thugann cinnteacht. T\u00e1 an d\u00f3chas agus an chinnteacht sin nascaithe le gr\u00e1 D\u00e9 agus gr\u00e1 \u00cdosa d\u00fainn, a thaispeaineadh tr\u00ed bh\u00e1s Chr\u00edost do pheacaigh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Eoin 4:5-42). <i>Tobar uis<\/i><\/span><i><span style=\"color: black;\">ce ag br\u00fachta\u00edl chun na beatha s\u00edora\u00ed. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">L\u00e9acht fhada at\u00e1 anseo, a bhfuil t\u00e9ama\u00ed \u00e9ags\u00fala inti. L\u00e1r-th\u00e9ama\u00ed ann n\u00e1 an tSam\u00e1ireach mn\u00e1, tobar agus uisce. Sa tr\u00e1th sin bh\u00ed naimhdeas domhain idir na Gi\u00fadaigh agus na Sam\u00e1irigh, ar fh\u00e9ach na Gi\u00fadaigh orthu mar eiricigh, n\u00e1rb chuid de phobal Iosrael iad in aonchor. Chuaigh an deighilt seo siar i bhfad, is d\u00f3cha. Bh\u00ed naimhdeas ann idir r\u00edocht an tuaiscirt (an tSam\u00e1ire i sl\u00ed) agus r\u00edocht I\u00fada. Nuair a dibhr\u00edodh pobal an Tuaiscirt sa bhliain 720 roimh Chr\u00edost tugadh pag\u00e1naigh isteach agus pobal meascaithe a bh\u00ed ann ina dhiaidh sin. Ach d\u2019fh\u00e9ach an Sam\u00e1irigh orthu f\u00e9in mar chuid de chlann an phatrarc I\u00e1c\u00f3b agus bh\u00edodar ag feitheamh le meisias de shaghas \u00e9igin. Bh\u00ed tobar sa cheantar a cheangail a dtraidisi\u00fan si\u00fad leis an uasalathair I\u00e1c\u00f3b. T\u00e1 eachtra na l\u00e9achta seo ag feidhmi\u00fa ar dh\u00e1 leibh\u00e9al \u2013 c\u00farsa\u00ed an tsaoil seo th\u00edos agus saol, r\u00e9altacht, eile gur samhail d\u00f3 na c\u00farsa\u00ed sin. Uisce an tobair sin, is samhail \u00e9 den uisce a thabharfaidh \u00cdosa d\u00e1 lucht lean\u00fana, bronntanas an Spioraid ag treor\u00fa chun na beatha s\u00edora\u00ed. Tugann adhradh na Sam\u00e1ireach ag a n-ionad naofa, agus adhradh na nG\u00edudach sa Teampall, deis lena mheabhr\u00fa nach mbeidh \u00e1it ag ceachtar acu i r\u00e9 nua nuair a bheidh adhradh ann sa Spiorad agus san fh\u00edrinne. Tugann ocras \u00cdosa deis d\u00f3 an t-ocras agus an c\u00edocras a bh\u00ed air an obair a thug an tAthair d\u00f3 a chur i gcr\u00edch, le s\u00edolchur agus fomhar.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><b>B.<\/b><b><span style=\"color: black;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/b><span style=\"color: black;\">: <i>An d\u00f3chas Cr\u00edosta\u00ed: N\u00ed d\u00f3cha ach deimhin.<\/i><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Sna saolta seo is coitianta amhras i gc\u00farsa\u00ed creidimh \u2013 amhras faoi phoint\u00ed de theagasc mor\u00e1lta, faoi fh\u00edrinn\u00ed an chreidimh, fi\u00fa f\u00e9in faoi bheith ann do Dhia. Cuid de fheals\u00fanacht \u00e1irithe an lae inniu nach ann do chinnteacht ar bith. Tuairm\u00edocht seachas cinnteacht a bheadh ann, a athra\u00edonn \u00f3 aois go haois.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0 D\u00e9anann aor\u00e1id d\u00e1 leith\u00e9id deacrachta\u00ed do chleachtadh an chreidimh. T\u00e1 a leith\u00e9id de amhras glan in \u00e9adan teagasc an chreidimh ar na f\u00edrinn\u00ed bun\u00fasacha, maidir leis an saol seo agus an saol eile, f\u00f3s le teacht. T\u00e1 an-chur s\u00edos ar cad is creideamh ann sa Litir chuig na hEabhraigh (11:1), i dt\u00e9acs nach \u00e9asca ar fad a aistri\u00fa: \u201cIs \u00e9 is creideamh ann n\u00e1 bheith deimhin de na nithe a bhfuiltear ag s\u00fail leo, bheith cinnte de na nithe nach bhfeictear\u201d. T\u00e1 dh\u00e1 th\u00e9arma th\u00e1bhachtacha ansin: bheith deimhin agus bheith connte.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0 N\u00ed deimhneacht n\u00f3 cinnteacht shiceola\u00edoch, a bhfuil a pr\u00e9amha san aigne dhaonna, at\u00e1 i gceist anseo, ach su\u00e1ilce dhiaga an d\u00f3chais, bronntanas \u00f3 Dhia, a thugann cinnteacht at\u00e1 thar acmhainn an n\u00e1d\u00fair dhaonna. Is deimhneacht agus cinnteacht \u00ed a bhfuil s\u00edoch\u00e1in ag ghabh\u00e1il lei, an ts\u00edoch\u00e1in sin a bhronnann \u00cdosa ar na creidmhigh agus nach f\u00e9idir le haoinne \u00ed a th\u00f3gaint uathu.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 21pt; text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0 <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>19 M\u00e1rta 2022 (A) Tri\u00fa Domhnach den Charghas (A) Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":1,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-2051","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2051","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/1"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=2051"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2051\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2076,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2051\/revisions\/2076"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=2051"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=2051"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=2051"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}