{"id":207,"date":"2014-06-27T15:43:12","date_gmt":"2014-06-27T15:43:12","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=207"},"modified":"2014-06-27T15:43:12","modified_gmt":"2014-06-27T15:43:12","slug":"meitheamm-29-naoimh-peadar-agus-pol-aspail-solluntas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=207","title":{"rendered":"Meitheamm 29. Naoimh Peadar agus P\u00f3l Aspail. Soll\u00fantas"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span>Meitheamm 29. Naoimh Peadar agus P\u00f3l Aspail. Soll\u00fantas<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>B.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/li>\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"margin-left: 0cm; text-align: justify; text-indent: 0cm;\"><i><span>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span>(Gn\u00edomthartha na nAspal 12:1-11). <i>Anois t\u00e1 a fhios agam go fior gur shaor an Tiarna m\u00e9 \u00f3 l\u00e1imh H\u00e9ar\u00f3d.<\/i> Roghna\u00edodh an l\u00e9acht seo do sholl\u00fantas an lae inniu toisc an cur s\u00edos at\u00e1 ann ar faoi mar ar thug Dia an tAspal Peadar sl\u00e1n \u00f3 l\u00e1mha a naimhde. Is f\u00e9idir an eachtra a shu\u00edomh go beacht sa stair. An r\u00ed H\u00e9ar\u00f3d at\u00e1 i gceist n\u00e1 an R\u00ed H\u00e9ar\u00f3d Agripa I, garmhac leis an R\u00ed H\u00e9ar\u00f3d M\u00f3r, agus nia le H\u00e9ar\u00f3d Antipas a bh\u00ed ina theitrearc ar an Ghail\u00edl i laethanta \u00cdosa. &nbsp;D\u00edbr\u00edodh Antipas as a phost sa bhliain 39 iar-Chr\u00edost agus bronnadh cuid d\u00e1 chr\u00edocha ar Agripa, leis an teideal R\u00ed. D\u00edbr\u00edodh Piol\u00e1it, gobharn\u00f3ir I\u00fad\u00e9a agus na Sam\u00e1ire, as a phost sa bhliain 36 agus sa bhliain 41 ceapadh Agripa mar R\u00ed ar I\u00fad\u00e9a, an tSam\u00e1ire agus an Ghail\u00edl. Fuair s\u00e9 b\u00e1s trag\u00f3ideach sa bhliain 44. Pianta boilg a mharaigh \u00e9 de r\u00e9ir an stara\u00ed Gi\u00fadach Iosefus. Aingeal an Tiarna a bhuail \u00e9 i gcuntas Ghn\u00edomhartha na nAspal (12:20-23). Ag iarraidh na Gi\u00fadaigh, go m\u00f3r m\u00f3r na Fairist\u00ednigh, a mhealladh chuige mharaigh s\u00e9 an tAspal S\u00e9amas, dearth\u00e1ir Eoin. Ansin thug s\u00e9 faoi Pheadar. Agus ghabh s\u00e9 \u00e9 an l\u00e1 roimh cheili\u00faradh na C\u00e1sca, an l\u00e1 c\u00e9anna inar gabhadh \u00cdosa. T\u00e1 cur s\u00edos againn sa l\u00e9acht seo ar faoi mar ar shaor Dia go mior\u00failteach \u00f3n phrios\u00fan \u00e9. Roimhe seo r\u00edomh L\u00fac\u00e1s linn (Gn\u00edomhartha na nAspal 5:17-21) faoi mar ar shaor aingeal an Tiarna na hAspail \u00f3n phr\u00edosun nuair a imr\u00edodh g\u00e9arlean\u00faint orthu. Teist \u00e9 ar ch\u00faram an Tiarna ar lucht lean\u00fana \u00cdosa, agus go m\u00f3r m\u00f3r ar Pheadar.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 33[34]). <i>Fuascla\u00edonn aingeal an Tiarna lucht a eaglaithe.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(2 Tim\u00f3teas 4:6-8, 17-18). <i>T\u00e1 craobh na f\u00edr\u00e9antachta r\u00e9idh i mo chomhair feasta.<\/i> <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Tiomna an Aspail P\u00f3l at\u00e1 again anseo. Scr\u00edobhann s\u00e9 \u00f3 phrios\u00fan ina bhfuil s\u00e9 i ng\u00e9ibheann, ag feitheamh fi\u00fa le breith an bh\u00e1is. Ach n\u00ed chuireann sin as d\u00e1 dh\u00edograis do chraobhscaoileadh an chreidimh agus molann s\u00e9 d\u00e1 chara, d\u00e1 dheisceabal agus d\u00e1 chomhoibr\u00ed Tim\u00f3teas an misneach c\u00e9anna a bheith aige. Comhoibrithe do Dhia, n\u00f3 le Dia, iad beirt. Deir P\u00f3l le Tim\u00f3teas (2 Tim\u00f3teas 2:9): \u201cCuimhnigh ar \u00cdosa Cr\u00edost a t\u00f3gadh \u00f3 mhairbh de r\u00e9ir an dea-sc\u00e9il a bh\u00edmse a fh\u00f3gairt. Is mar gheall ar an dea-sc\u00e9al sin at\u00e1 m\u00e9 ag fulaingt anr\u00f3 agus fi\u00fa amh\u00e1in i ng\u00e9ibheann ar n\u00f3s an choirpigh. N\u00edl aon gh\u00e9ibheann ar bhriathar D\u00e9, \u00e1fach\u201d. N\u00ed f\u00e9idir briathar D\u00e9 a cheangal le geimhle. F\u00e9achann P\u00f3l ar a bh\u00e1s le teacht mar \u00edobairt do Dhia na gl\u00f3ire. Achoimre liteartha, beagnach fileata, uasal ar r\u00e9im a bheatha at\u00e1 i l\u00e9acht an lae inniu. T\u00e1 a r\u00e1s rite, an comhrac m\u00f3r troidte aige. An t\u00e9 a leanfadh c\u00farsa bheatha Ph\u00f3il \u00f3na chuid litreacha, tuigfeadh s\u00e9 c\u00e9 chomh dian is a bh\u00ed an comhrac sin leis an dea-sc\u00e9al a chosaint agus a impleachta\u00ed a mh\u00edni\u00fa do na heaglais\u00ed \u00e9ags\u00fala. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B\u2019fh\u00e9idir nach \u00f3 pheann Ph\u00f3il f\u00e9in an litir \u00e1irithe seo, ach \u00f3 dhuine eigin eile go luath tar \u00e9is a bh\u00e1is, agus cumtha mar thiomna do Ph\u00f3l, duine a raibh eolas maith aige ar laethanta deiridh Ph\u00f3il, agus a thug d\u00fainn an achoimre bheacht seo de shaol-r\u00e9 Ph\u00f3il, le cur i l\u00e1thair \u00e1irithe dramat\u00fail.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Matha 16:13-19). <i>Is t\u00fa Peadar, agus bh\u00e9arfaidh m\u00e9 duit eochracha r\u00edocht na bhflaitheas. <\/i> Tharla an eachtra seo i gceantar Ch\u00e9asar\u00e9 Philib. Mac le H\u00e9ar\u00f3d M\u00f3r, agus leasdearth\u00e1ir le H\u00e9ar\u00f3d Antipas a bhi i bPilib. Th\u00e1inig s\u00e9 i seilb na gcr\u00edocha sin le huacht a athar (a bh\u00e1saigh sa bhliain 4 roimh Chr\u00edost), agus bhunaigh s\u00e9 a pr\u00edomhchathair ansin l\u00e1mh le buntobar na Iord\u00e1ine sa bhliain 3 n\u00f3 2 rtoimh Chr\u00edost. Bh\u00ed daoine ag cur ceisteanna faoi c\u00e9rb \u00e9 go beacht \u00cdosa, go m\u00f3r m\u00f3r tar \u00e9is b\u00e1is Eoin Baiste. Chuir \u00cdosa anois an cheist ch\u00e9anna ar a dheisceabail in l\u00e1thair taobh amuigh de chr\u00edocha Gi\u00fadacha. C\u00e9ad cheist \u00cdosa n\u00e1 tuairim na gn\u00e1th-mhuintire faoi; ansin a dtuairim f\u00e9in. D\u2019fhreagair Peadar thar cheann an D\u00e1r\u00e9ag. De r\u00e9ir Shoisc\u00e9al Marcas d\u2019admhaigh Peadar gurb \u00e9 an Cr\u00edost (an Meisias) \u00e9, t\u00e1tal a bh\u00ed intuigthe \u00f3n dtaith\u00ed a bh\u00ed acu le h\u00cdosa thar na blianta agus an d\u00f3chas a bh\u00ed beo in Iosrael faoi theacht Mhac Dhaibh\u00ed. Duine den saol seo, de stair Iosrael, a bh\u00ed sa Mheisias a bh\u00ed le teacht. Le b\u00e1s, ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost agus a dheascabh\u00e1il go deasl\u00e1mh an Athar, th\u00e1inig br\u00ed bhreise leis an dt\u00e9arma \u201cCr\u00edost\u201d, sin le r\u00e1 Mac D\u00e9 Bheo. Agus is \u00e9 sin an admhail chreidimh a rinne Peadar, agus ba \u00e9 freagra \u00cdosa nach \u00f3n n\u00e1d\u00far daonna (\u201cfuil agus feoil\u201d) a thainig an admh\u00e1il sin ach tr\u00ed fhoilsi\u00fa \u00f3n Athair ar neamh. Faoi mar at\u00e1 admh\u00e1il Pheadair again anseo, is d\u00f3cha gur athleagan \u00e9 ar admhail bhunaidh Pheadair ag C\u00e9asar\u00e9, athleagan a rinneadh tar \u00e9is ais\u00e9iri Chriost.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">S\u00edom\u00f3n Bari\u00f3na (Mac Iona) ainm d\u00edlis Pheadar. D\u2019athraigh \u00cdosa sin anois go C\u00e9afas, an focal Airimise ar charraig, Petrus sa Gh\u00e9igis agus sa Laidin, Peadar sa Ghaeilge. Tugtar an t-ainm Airimise sin ar Pheader c\u00fapla uair sa Tiomna Nua (Eoin 1:42; 1 Coirintigh 1:12; Galataigh 1:18, 7rl.). Tugadh C\u00e9afas, Peadar, carraig, air mar bh\u00ed \u00cdosa lena thoghadh mar bunsraith d\u00e1 eaglais. Ar nd\u00f3igh is \u00e9 Cr\u00edost f\u00e9in an t-aon bunsraith san eaglais, ach bh\u00ed \u00e1it faoi leith le bheith ag Peadar, agus an gheall\u00faint ann \u00f3 \u00cdosa nach mbeidh ar chumas an diabhail (\u201cgeata\u00ed ifrinn\u201d), n\u00e1 f\u00f3rsa\u00ed an oilc, an bua a fh\u00e1il ar an eaglais, agus an chumhacht ag Peadar breithi\u00fanais (\u201cceangal\u201d agus \u201cscaoileadh\u201d) \u00e1irithe a thabhairt, cumhacht a thugtar do na haspail go l\u00e9ir n\u00edos d\u00e9anai (Matha 18:18), mar ar tugadh an chumhacht d\u00f3ibh Domhnach C\u00e1sca peacai a mhaitheamh (Eoin 20:24). T\u00e9ann an gradam seo a tugadh do Pheadar leis an c\u00faram a tugadh d\u00f3 tar \u00e9is an ais\u00e9ir\u00ed aire a thabhairt do chaoireacha agus uain \u00cdosa.<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>C.<\/span><\/span><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">: <i>Peadar agus P\u00f3l: Dh\u00e1 eite de chreideamh c\u00e9anna.<\/i><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Ar uairibh, go h\u00e1irithe \u00f3 aimsir<i> <\/i>an Reifirm\u00e9isin i leith, ba n\u00f3s feice\u00e1il ar Pheadar mar choimeada\u00ed agus ar Ph\u00f3l mar fhor\u00e1sach, amhail is d\u00e1 mbeadh Peadar agus a oidhreacht (go h\u00e1irithe Eaglais na R\u00f3imhe) coimde\u00e1dach, agus P\u00f3l agus a oidhreacht si\u00fad for\u00e1sach, forch\u00e9imnitheach, tugtha don dul chun cinn. Ar nd\u00f3igh, n\u00ed mar sin fianaise an Tiomna Nua in aon chor. T\u00e1 a fhios againn an comhrac m\u00f3r a throid P\u00f3l le go mbeadh an dea-sc\u00e9al ag na Gintl\u00edthe, na neamh-Ghi\u00fadaigh, gan timpeallghearradh n\u00e1 dl\u00ed Mhaois. Nuair sa mheas s\u00e9 n\u00e1 raibh Peadar ag clo\u00ed leis an chleachtadh mar ba dhual in Ant\u00edoc chuir s\u00e9 ina choinne go poibl\u00ed agus cheartaigh s\u00e9 \u00e9. Ach n\u00ed h\u00e9 sin an \u00edomh\u00e1 de Pheadar a thugann an Tiomna Nua d\u00fainn, ach de dhuine umhail tar \u00e9is do \u00cdosa a sh\u00e9anadh faoi thr\u00ed, duine a thuig agus a lean treoir an Spioraid Naoimh. Eisean a ch\u00e9ad thug isteach san Eaglais pag\u00e1naigh gan timpeallghearradh n\u00e1 dl\u00edthe Gi\u00fadacha an bhia, sul ar thosaigh P\u00f3l ar a chuid misin\u00e9ireachta. Chosain s\u00e9 modh misin\u00e9ireachta Ph\u00f3il. T\u00e1 umhla\u00edocht agus tionchar smaoineamh agus theagasc Ph\u00f3il le sonr\u00fa san litir faoi ainm Pheadair sa Tiomna Nua. Chraobhscaoil Peadar an dea-sc\u00e9al sa R\u00f3imh mar aon le P\u00f3l, agus thugadar araon fianaise do Chr\u00edost lena gcuid fola. Bh\u00ed P\u00f3l chomh daingean c\u00e9anna do thaisce na chreidimh agus a bh\u00ed Peadar, agus t\u00e1 siad beirt f\u00f3s ag cainnt linn i r\u00e9 seo an eacuim\u00e9anachais dul ar aghaidh mar is dual, agus mar is ceadaithe, leis an d\u00edlseacht is dual don bheirt laoch sin, dh\u00e1 eite den chreideamh c\u00e9anna.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Meitheamm 29. Naoimh Peadar agus P\u00f3l Aspail. Soll\u00fantas Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-207","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/207","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=207"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/207\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=207"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=207"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=207"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}