{"id":2126,"date":"2023-07-17T08:04:09","date_gmt":"2023-07-17T08:04:09","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2126"},"modified":"2023-06-20T08:07:25","modified_gmt":"2023-06-20T08:07:25","slug":"23-iuil-2023-a-an-seu-domhnach-deag-saor-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2126","title":{"rendered":"23 I\u00fail 2023 (A) An S\u00e9\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor (A)"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n\n\n\n<li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>: <em>T\u00fas agus f\u00e1s r\u00edocht D\u00e9 agus na hEaglaise thar chuimse d\u2019ainneoin laig\u00ed agus scannal<\/em><\/li>\n\n\n\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n<\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Leabhar na hEagna 12:13, 16-19). <em>Tugann t\u00fa maithi\u00fanas i bpeaca\u00ed. <\/em>Ina chomhth\u00e9acs sa leabhar f\u00e9in t\u00e1 an t-\u00fadar ag cur s\u00edos faoi mar is f\u00e9idir le Dia d\u00edoltas a agairt ar an \u00c9igipt agus ar Chan\u00e1n de bharr a bpeaca\u00ed iomad\u00fala, acht t\u00e1 s\u00e9 tr\u00f3caireach agus foighdeach agus tugann s\u00e9 deis d\u00f3ibh aithr\u00ed a dh\u00e9anmh agus maithi\u00fanas a fh\u00e1il. Mar shampla maidir leis an \u00c9igipt (Eagna 11:29-30) deir an t\u00e9acs: \u201cT\u00e1 trua agat do gach uile n\u00ed mar is f\u00e9idir leat gach uile n\u00ed a dh\u00e9anamh. T\u00e1 gr\u00e1 agat do gach uile n\u00ed at\u00e1 ann agus n\u00ed \u00e1bhar d\u00e9istine duit aon n\u00ed d\u00e1 ndearna t\u00fa\u201d. Uilechumhacht agus tr\u00f3caire D\u00e9 is t\u00e9ama don chuid seo de Leabhar na hEagna, agus t\u00e1 sin le sonr\u00fa go l\u00e1idir i l\u00e9acht an lae inniu. T\u00e1 Dia uilechumhachtach agus c\u00faram na cruinne go l\u00e9ir air. N\u00ed f\u00e9idir leis breith \u00e9ag\u00f3rach a thabhairt. A mhalairt ar fad: is \u00e9 a chumhacht tobar na c\u00f3ra. Ach daorann s\u00e9 uabhar agus \u00e9ir\u00ed in airde. Ach b\u00edodh go bhfuil s\u00e9 uilechumhachtach is cneasta an bhreith a thugann s\u00e9 agus riala\u00edonn s\u00e9 le tr\u00f3caire. Tugann a mhodh oibre ceacht don duine aonair agus don phobal a bheith cneasta agus daonnachtach. Cuireann s\u00e9 d\u00f3chas i gcro\u00ed a mhuintire toisc go dtuigeann siad go bhfuil maithiunas ann d\u00f3ibh \u00f3 Dhia m\u00e1 dh\u00e9anann siad peaca.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 85[86]). <em>T\u00e1 t\u00fa go maith is go ceansa, a Thiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(R\u00f3mh\u00e1naigh 8:26-27). <em>D\u00e9anann an Spiorad idirghu\u00ed ar \u00e1r son le hosna\u00ed nach gcuirtear i bhfocail.<\/em>Leagann an liotuirge nua an-bh\u00e9im ar fad ar chaibideal 8 den litir seo chuig na R\u00f3m\u00e1naigh T\u00e1 sleachta \u00e1 l\u00e9amh as san Aifreann le dh\u00e1 Dhomhnach anuas agus beidh go ceann tr\u00ed Dhomhnach eile. T\u00e1 an caibideal seo l\u00e1n den d\u00f3chas Cr\u00edosta\u00ed a thagann \u00f3n Spiorad Naomh, d\u00f3chas don duine aonair agus d\u00f3chas fi\u00fa don d\u00falra, do gach ar crutha\u00edodh, f\u00e9in. An Domhnach seo caite bh\u00ed caint ann faoin d\u00falra a beith curtha \u00f3 rath agus \u00e9 ag s\u00fail le d\u00f3chas go bhfuascl\u00f3fa\u00ed \u00e9 \u00f3n meath sin, agus freisin na creidmhigh a bheith ag cneadach ina gcro\u00ed istigh ag feitheamh go mbeadh a gcorp fuascailte. Leanann l\u00e9acht an lae inniu an t\u00e9acs sin. Is \u00e1lainn go deo an sliocht seo. T\u00e1 s\u00e9 ag cur s\u00edos ar an urna\u00ed, an ghu\u00ed, t\u00e9ama at\u00e1 l\u00e1rnach do Ph\u00f3l, agus go deimhin don Chr\u00edosta\u00edocht uile. D\u2019fh\u00e9adfadh an t\u00e9acs seo a bheith neamhsple\u00e1ch, seasamh d\u00f3 f\u00e9in, ach seans go bhfuil ceangailt aige lena ghabh d\u00edreach roimhe faoi chneadach na bfh\u00edr\u00e9an, agus fi\u00fa an d\u00falra f\u00e9in, le teacht na saoirse is dual d\u00f3ibh. Motha\u00edonn na creidmhigh laige faoi conas gu\u00ed a dh\u00e9anamh mar is c\u00f3ir, mar a oireann do thoil D\u00e9. Ach istigh iontu t\u00e1 an Spiorad Naomh a thuigeann mianta an chro\u00ed, agus a chuireann na mianta sin i mbriathra, agus tuigeann Dia f\u00e9in, a ch\u00edorann cro\u00ed an duine, an achain\u00ed a dh\u00e9anann an Spiorad Naomh ar son an phobail naofa, ar son an chomhluadair Chr\u00edosta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha 13:24-43). <em>F\u00e1gtar le hais a cheile ag f\u00e1s iad araon go dt\u00ed an f\u00f3mhar.<\/em> T\u00e1imid f\u00f3s i gcaibideal 13 de Soisc\u00e9al Mhatha. T\u00e1 an caibideal go l\u00e9ir seo tiomanta do pharabail \u00cdosa. Thosna\u00edomar an Domhnach seo caite le parabal an ts\u00edolad\u00f3ra, agus an mini\u00fa a thug \u00cdosa go raibh s\u00e9 ag baint \u00fas\u00e1ide as parabail ina theagasc. Leanann an t\u00e9acs ar aghaidh inniu le tr\u00ed pharabal a bhfuil mar th\u00e9ama acu r\u00edocht na bhflaitheas (mar a thugann Matha ar R\u00edocht D\u00e9). Samhlaoid\u00ed iad ina dh\u00e9antar compar\u00e1id idir rud eigin agus r\u00edocht D\u00e9. An ch\u00e9ad cheann n\u00e1 an s\u00edol a chuir duine i ghort arbhair, agus an cogal, an fhiaile, a chuir namhaid leis chun dochar a dh\u00e9anamh d\u00f3. An ceacht at\u00e1 le baint as n\u00e1 go mbeidh measc\u00e1n den mhaith agus den old i r\u00edocht D\u00e9 i gc\u00f3na\u00ed, agus n\u00ed m\u00f3r bheith foighdeach faoi, faoi mar at\u00e1 Dia f\u00e9in. Sa pharabal is \u00e9 an namhaid, an diabhal a chuir an cogal. Bh\u00ed a fhios go luath ag an Eaglais gur \u00f3 Chr\u00edostaithe f\u00e9in cuid den chogal.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir leis an cheacht \u00f3n d\u00e1 pharabal eile is \u00e9 at\u00e1 ann n\u00e1 an toradh ollmh\u00f3r a thagann \u00f3 th\u00fas b\u00eddeach i r\u00edocht D\u00e9: gr\u00e1in\u00edn b\u00eddeach de sh\u00edol mustaird a fh\u00e1sann in ghlasra agus ina chrann, ina bhf\u00e9adann \u00e9anlaith an aeir dul ar foscadh, agus ansin an ghabh\u00e1il, giosta i bpl\u00far n\u00f3 ar\u00e1n<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\">\n<li><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong><em>: T\u00fas agus f\u00e1s r\u00edocht D\u00e9 agus na hEaglaise thar chuimse d\u2019ainneoin laig\u00ed agus scannal.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n\n\n\n<p>Prionsabal, agus le tamall anuas anuas anois nath, i measc lucht l\u00e9inn agus eile n\u00e1 gur fh\u00f3gair \u00cdosa r\u00edocht D\u00e9 agus gurb \u00e9 a d\u2019eascair as n\u00e1 an Eaglais. Is f\u00edor ar nd\u00f3igh gur chraobhscaoil \u00cdosa r\u00edocht D\u00e9 agus n\u00e1r bhain s\u00e9 \u00fas\u00e1id as an t\u00e9arna eaglais, n\u00e1 n\u00e1r fh\u00e1g s\u00e9 aon bhunreacht don eaglais a thiocfaidh n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Ach d\u2019fh\u00f3gair s\u00e9 r\u00edocht D\u00e9 faoi mar ba thoil leis an Athair, agus sin agus \u00e9 ungtha chuige ag an Spiorad Naomh agus ag gn\u00edomh\u00fa faoi sti\u00fair an Spioraid Naoimh. Is faoi stiuir Chriost ais\u00e9irithe, agus an Spioraid Naoimh agus le toil an Athar, a mbeidh tus agus f\u00e1s ag an eaglais. Mar sin, an m\u00e9id a deir \u00cdosa faoi riocht D\u00e9 is f\u00e9idir linn sin a chur i leith na hEaglaise mar a oireann.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is f\u00edor sin ach go h\u00e1irithe faoin a deirtear maidir le r\u00edocht D\u00e9 i bparabail an lae inniu agus i bparabail eile. Bh\u00ed t\u00fas beag agus lag ag an eaglais ach f\u00e1s thar chuimse agus anois t\u00e1 n\u00e1isi\u00fain iomad\u00fala an domhain ag glacadh fothaine, mar a d\u00e9arf\u00e1, faoina sc\u00e1th.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus n\u00ed for\u00e1s seachtrach amh\u00e1in at\u00e1 i gceist. T\u00e1 gr\u00e1sta D\u00e9 innti mar a bheadh gabh\u00e1il, giosta, le claochl\u00fa inmhe\u00e1nach chun na naofachta a dh\u00e9anamh uirthi, gr\u00e1sta an Spioraid Naoimh a hathr\u00fa \u00f3 ghl\u00f3ir go gl\u00f3ir, mar a chuirfeadh an tAspal P\u00f3l \u00e9.&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>Sna me\u00e1in inniu ar \u00e9igin go mb\u00edonn tagairt don Eaglais muna mb\u00edonn scannal \u00e9igin reatha n\u00f3 \u00f3n am a ghabh tharainn i gceist. Cuireann sin as go m\u00f3r do chreidmhigh \u00e1irithe, ag cur ar chuid acu \u00e9ir\u00ed as chleachtadh an chreidimh n\u00f3 fi\u00fa drom l\u00e1imhe a thabhairt don eaglais agus don chreideamh f\u00e9in. N\u00ed fh\u00e9achann siad Cr\u00edost ann a thuilleadh. Do bhfi\u00fa d\u00f3ibh machnamh a dh\u00e9anamh ar an parabal faoin s\u00edol maith a cuireadh agus faoin gcogal, an fhiaile. Gn\u00e9 den r\u00edocht agus den eaglais iad sin, agus in mbriathra Chr\u00edost beidh s\u00e9 mar sin go deireadh an domhain. N\u00ed tion\u00f3l n\u00f3 bu\u00edon naomh \u00ed Eaglais Chr\u00edost, ach comhluadar ina mbeidh an t-olc agus an mhaith taobh le taobh, ag imirt ar a cheile. N\u00e1 d\u00e9aradh scannail linn nach Eaglais Chr\u00edost \u00ed a thuilleadh an Eaglais. Beidh siad ann, agus n\u00ed choir go gcuirfeadh siad isteach ar an fh\u00e1s agus an naofacht is dual do r\u00edocht D\u00e9 agus d\u2019Eaglais Naofa Chr\u00edost.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC C\u00e9ad L\u00e9acht (Leabhar na hEagna 12:13, 16-19). Tugann t\u00fa maithi\u00fanas i bpeaca\u00ed. Ina chomhth\u00e9acs sa leabhar f\u00e9in &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":1,"featured_media":818,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-2126","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2126","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/1"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=2126"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2126\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2129,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2126\/revisions\/2129"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/818"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=2126"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=2126"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=2126"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}