{"id":216,"date":"2014-07-24T21:52:27","date_gmt":"2014-07-24T21:52:27","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=216"},"modified":"2014-07-24T21:52:27","modified_gmt":"2014-07-24T21:52:27","slug":"27-iuil-2014-a-an-seachtu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=216","title":{"rendered":"27 I\u00fail 2014 (A) An Seacht\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span>27 <\/span>I\u00fail 2014 (A) An Seacht\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor<\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<li><b><i><span style=\"color: blue;\"><span>B.<\/span><\/span><\/i><\/b><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">: <i>Creideamh i gCr\u00edost agus san Eaglais an p\u00e9arla r\u00f3luachmar.<\/i><\/span><\/li>\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(C\u00e9adleabhar na R\u00edthe 3:5, 7-12). <i>D\u2019iarr t\u00fa cro\u00ed tuisceanach. <\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Roghna\u00edodh an l\u00e9acht seo ina iarrann an R\u00ed Solamh cro\u00ed tuisceanach chun an mhaith a aithint thar an olc le dul leis an l\u00e9acht sa soisc\u00e9al ina bhfuil cur s\u00edos sa pharabal ar r\u00edocht na bhflaitheas cos\u00fail le p\u00e9arla bre\u00e1 r\u00f3luachmhar, n\u00f3 mar st\u00f3r, ciste, taisce, folaithe i ngort. Ina shu\u00edomh i gC\u00e9adleabhar na R\u00edthe t\u00e1 s\u00e9 mar th\u00fas ar r\u00e9imeas an R\u00ed Solamh, mac Dh\u00e1ibh\u00ed, a raibh teist na heagna agus na heagna\u00edochta air. N\u00ed raibh an Teampall in Iar\u00fasail\u00e9im t\u00f3gtha go foill agus bh\u00ed \u00edobairt\u00ed \u00e1 n-ofr\u00e1il go dlisteanach in \u00e1iteanna arda, ardionaid. Ceann d\u00edobh ab ea Gibeon, an t-ardionad ba mh\u00f3 t\u00e1bhacht, agus chuaigh Solamh ann le h\u00edobairt a dh\u00e9anamh don Tiarna. Le linn d\u00f3 bheith ann bh\u00ed briongl\u00f3id o\u00edche aige inar labhair an Tiarna leis a rogha rud a iarraidh air. Deir t\u00e9acs an Bh\u00edobla linn go raibh gr\u00e1 ag Solamh don Tiarna. I dt\u00fas seo a r\u00e9imis n\u00edor iarr s\u00e9 ach an t-aon rud a bheadh riachtanach le bheith i gceannas ar a phobal, pobal D\u00e9, agus ba shin cro\u00ed tuisceanach chun an mhaith a aithint thar an olc. Gheall an Tiarna sin d\u00f3, cro\u00ed ciallmhar tuisceanach. Leanann t\u00e9acs an Bh\u00edobla ar aghaidh le breith a thug Solamh a thabhairt, agus ar chloisint sin do Iosrael go l\u00e9ir, thuigeadar go raibh eagna D\u00e9 ag Solamh chun an ceart a riar. Ach b\u00edodh sin agus a bh\u00ed, n\u00ed raibh an R\u00ed Solamh d\u00edlis don chonradh le Dia, ach tugtha don adhaltranas ba ghean lena mhn\u00e1 ch\u00e9ile iomad\u00fala. Fi\u00fa le ghealltanas D\u00e9, n\u00ed m\u00f3r i gc\u00f3na\u00ed saorthoil an duine aonair a chur san \u00e1ireamh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 118[119]). <span> <\/span><i>\u00c1, nach aoibhinn liom do dhl\u00ed, a Thiarna.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(R\u00f3mh\u00e1naigh 8:28-30). <i>Cheap Dia sinn le bheith in\u00e1r macasamhla d\u00e1 Mhac.<\/i> <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Leanann an sliocht seo den litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh d\u00edreach tar \u00e9is na l\u00e9achta as an litir ch\u00e9anna sin a l\u00e9adh an Domhnach seo caite, a lean d\u00edreach ar an sliocht a bh\u00ed ann don Domhnach roimhe sin. Is f\u00edu machnamh ar an dtr\u00ed l\u00e9acht sin le ch\u00e9ile. Bh\u00ed an t-anam Cr\u00edosta\u00ed agus an d\u00falra f\u00e9in ag cneadach, ag glaoch agus ag gairm le teacht na r\u00e9 ina mbeadh an ghl\u00f3ir is dual do chlann mhac agus clann in\u00edonacha D\u00e9 foilsithe, nochtaithe. Istigh i gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an bh\u00ed an Spiorad Naomh ag cabhr\u00fa leis na creidmhigh conas gu\u00ed fh\u00f3nta a dh\u00e9anamh. An ghl\u00f3ir is dual do chlann D\u00e9 bun agus barr na Cr\u00edosta\u00edochta, agus le linn a mbeatha abhus t\u00e1 an Spiorad Naomh gn\u00edomhach iontu \u00e1 n-athr\u00fa \u00f3 ch\u00e9im amh\u00e1in gl\u00f3ire go c\u00e9im eile, le go mbeidis ina macasamhla de \u00cdosa Cr\u00edost Mac D\u00e9 f\u00e9in. Is \u00e9 sin an ceann sprice de gl\u00f3iri\u00fa a thosaigh nuair a ghlaoigh agus a thogh Dia sa chreideamh iad i dtosach b\u00e1ire. C\u00farsa agus oibri\u00fa saoil a bh\u00ed ann, agus bh\u00ed t\u00fas \u00e1ite ag Dia f\u00e9in ann \u00f3 thus go deireadh. Sin a mheabhra\u00edonn P\u00f3l linn i l\u00e9acht an lae inniu. Samhla\u00edonn P\u00f3l go bhfuil an c\u00farsa sin thart, agus f\u00e9achann s\u00e9 siar ar an \u00e1it a bh\u00ed ag Dia ann \u00f3n dt\u00fas in ar ghlaoigh Dia orthu de r\u00e9ir a chomhairle f\u00e9in, agus \u00ed mar aidhm aige iad go l\u00e9ir a bheith ina macasamhla d\u00e1 Mhac f\u00e9in. Agus is \u00e9 deireadh an ch\u00farsa n\u00e1 gl\u00f3iri\u00fa, gl\u00f3ir sh\u00edora\u00ed, tar \u00e9is a bheith f\u00edr\u00e9anaithe.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Matha 13:44-52). <i>D\u2019imigh s\u00e9 ag d\u00edol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.<\/i> <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Cuireann an l\u00e9acht seo cr\u00edoch le cur s\u00edos Shoisc\u00e9al Mhatha ar pharabail \u00cdosa. T\u00e1 tr\u00ed pharabal aige ann, dh\u00e1 cheann ar an \u00e1thas a ghabhann le glacadh le r\u00edocht D\u00e9 agus ar c\u00e9 chomh d\u00edograsach ba ch\u00f3ir do dhaoine an r\u00edocht sin chuardach agus a ghlacadh chucu f\u00e9in. Rabhadh at\u00e1 sa tr\u00ed\u00fa parabal ar a an mbr\u00f3n agus an \u00edde a bheadh i nd\u00e1n d\u00f3ibh si\u00fad a dh\u00e9anann neamard ar Dhia.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Ar shl\u00ed amh\u00e1in t\u00e1 r\u00edocht D\u00e9 folaithe ach is f\u00e9idir \u00ed a aimsi\u00fa, agus is \u00ed teachtaireacht an pharabail tosaigh faoin dtaisce, an ciste, an st\u00f3r, in bhfolach sa ghort, n\u00e1 an t-\u00e1thas agus rim\u00e9id ba choir a bheith ar dhuine nuair a thuigeann siad saibhreas na r\u00edochta, is \u00e9 sin \u00cdosa f\u00e9in, a phearsa, a theagasc agus a r\u00f3l mar theachtaire ghr\u00e1 agus thr\u00f3caire D\u00e9. Ba choir a bheith r\u00e9idh gach rud a thr\u00e9igean don aon rud amh\u00e1in at\u00e1 riachtanach. Ionann an teachtaireacht <\/span>at\u00e1 sa<span style=\"color: black;\"> dara parabal faoin bp\u00e9arla bre\u00e1 r\u00f3luachmhar.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">An tr\u00ed\u00fa parabal, faoin eangach san fharraige agus na h\u00e9isc de gach saghas, na h\u00e9isc mhaithe (\u201ctairbhe\u201d) cnuasaithe i soithigh (\u201c\u00e1rais\u201d), t\u00e1 s\u00e9 cos\u00fail leis an gc\u00e9ad pharabal faoin s\u00edol maith agus an cogal n\u00f3 fiaile. T\u00e1 baint aige leis an d\u00e1 pharabal eile sa mh\u00e9id gur rabhadh \u00e9 nach cuireadh amh\u00e1in at\u00e1 sna parabail faoin \u00e1thas ba ch\u00f3ir gabh\u00e1il le glacadh r\u00edocht D\u00e9. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Mar fhreagra ar \u00cdosa d\u00fairt na deisceabail gur thuigeadar \u201cna nithe sin uile\u201d, sin le r\u00e1 is d\u00f3cha na parabail agus an m\u00edni\u00fa a ghabh leo.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Maidir leis an \u201cscr\u00edobha\u00ed a bh\u00edonn ina dheisceabal de r\u00edocht na bhflaitheas\u201d sa mh\u00edr dheiridh den l\u00e9acht, n\u00edl s\u00e9 soil\u00e9ir amach is amach c\u00e9rb \u00e9 an scr\u00edobha\u00ed at\u00e1 i gceist. Mar is eol d\u00fainn go maith \u00f3 na soisc\u00e9il, ba chuid d\u00edlis den Ghi\u00fadachas raib\u00edneach na scr\u00edobhaithe. M\u00e1s duine d\u00edobh si\u00fad a iompaigh chun chreidimh Chriost at\u00e1 i gceist bheadh ar a chumas \u00fas\u00e1id a bhaint as an Seantiomna agus an traidisi\u00fan chun teagasc nua Chr\u00edost a thuiscint agus a mh\u00faineadh. B\u2019fh\u00e9idir gur scr\u00edobha\u00ed Gi\u00fadach d\u00e1 leith\u00e9id<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Matha f\u00e9in. Ach n\u00ed g\u00e1 an tuiscint sin den t\u00e9acs. Bh\u00ed scr\u00edobhaithe oilte sa r\u00edocht sa luath eaglais, Matha ina measc, a raibh ar a gcumas us\u00e1id a bhaint as an Seantiomna ag tagairt do Chr\u00edost, agus nua-teagasc na heaglaise. Agus d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 bheith gurb \u00e9 an \u201csean\u201d at\u00e1 i gceist n\u00e1 luath-theagasc Chr\u00edost i rith a bheatha ar talamh agus an \u201cnua\u201d an leagan nua ar sin a thug Matha agus scribhne\u00f3ir\u00ed eile an Tiomna Nua d\u00fainn. Agus i rith stair na hEaglaise t\u00e1 an sean agus an nua \u00e1 dt\u00f3gaint as a st\u00f3r ag diagair\u00ed agus aos l\u00e9inn na hEaglaise.<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><b><i><span style=\"color: blue;\"><span>B.<\/span><\/span><\/i><\/b><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><i><span style=\"color: blue;\">: Creideamh i gCr\u00edost agus san Eaglais an p\u00e9arla r\u00f3luachmar.<\/span><\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><span style=\"color: black;\"> <\/span><\/b><span style=\"color: black;\">Sna saolta seo agus an neamhshuim agus an n\u00f3s is cuma liom i gc\u00farsa\u00ed creidimh, agus fi\u00fa i measc roinnt Caitliceach, tugann l\u00e9achta\u00ed an lae inniu \u00e1bhar machnaimh d\u00fainn. Ba chuid dh\u00edlis d\u00e1r gcreideamh an t-\u00e1thas agus f\u00e9achaint ar \u00e1 gcreideamh mar ph\u00e9arla, mar st\u00f3r, chiste, thaisce, folaithe. T\u00e1 t\u00e9ama an ph\u00e9arla r\u00f3luachmair le fail sna l\u00e9achta\u00ed go leir. Rinne an R\u00ed Solamh achain\u00ed ar Dhia cro\u00ed tuisceanach a thabhairt d\u00f3 chun an mhaith a athaint thar an olc, cro\u00ed le toil D\u00e9 a thuiscint. C\u00fais \u00e1thais d\u00fainn a bhfuil sa dara l\u00e9acht, c\u00e9 chomh m\u00f3r is at\u00e1 Dia f\u00e9in linn leis an ceann sprice is dual d\u00fainn a bhaint amach. Cuireann \u00cdosa sna parabail b\u00e9im ar c\u00e9 chomh gafa ba ch\u00f3ir d\u00fainn a bheith le cursai r\u00edocht D\u00e9, sin le r\u00e1 leis f\u00e9in agus leis an Eaglais.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">N\u00ed d\u00f3igh liom gur g\u00e1 dul n\u00edos faide eis seo mar mhachnamh. Is cuireadh na \u00e9achta\u00ed d\u00fainn \u00e1r gcreideamh agus \u00e1r nd\u00edograis in\u00e1r n-oidhreacht thraidisiunta a mh\u00fascailt.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>27 I\u00fail 2014 (A) An Seacht\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-216","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/216","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=216"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/216\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=216"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=216"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=216"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}