{"id":2171,"date":"2023-09-21T11:29:31","date_gmt":"2023-09-21T11:29:31","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2171"},"modified":"2023-09-21T11:29:45","modified_gmt":"2023-09-21T11:29:45","slug":"17-mean-fomhair-2023-a-an-ceathru-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2171","title":{"rendered":"17 Me\u00e1n F\u00f3mhair 2023 (A) An Ceathr\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"\n<p><strong>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/strong><br><strong>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p><strong>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><br><strong>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:&nbsp; Maithi\u00fanas. Cosc ar Dh\u00edoltas. Teachtaireacht do na creidmhigh agus don saol sibhialta.<\/strong><br><strong>A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/strong><\/p>\n\n\n\n<p>An Ch\u00e9ad L\u00e9acht (S\u00edorach 27:30-28:7). Maith do do chomharsa an \u00e9ag\u00f3ir a dh\u00e9anann s\u00e9, agus nuair a dh\u00e9anann t\u00fa gu\u00ed, maithfear do pheaca\u00ed&nbsp; duit.<\/p>\n\n\n\n<p>Chum Ben Sira (ar a dtugtar Ecclesiasticus de ghn\u00e1th), an saothar&nbsp; as a dt\u00f3gtar an sliocht seo as Eabhrais thart ar an mbliain 180 roimh Chr\u00edost. Rinne a gharmhac \u00e9 a asitri\u00fa go Gr\u00e9igis agus chuir s\u00e9 r\u00e9amhr\u00e1 leis. Sa r\u00e9amhr\u00e1 seo deir s\u00e9 gur thug a sheanathair \u00e9 f\u00e9in suas go h\u00e1irithe do l\u00e9amh an Dl\u00ed&nbsp; (an Peintiteoch) agus na bhf\u00e1ithe agus do leabhair eile a shinsear. Bhain Ben Sira le traidisi\u00fan eagna Iosrael agus maraon leis an traidisi\u00fan sin thug s\u00e9 le ch\u00e9ile an Dli (Dl\u00ed Mhaois) agus na f\u00e1ithe.Thaistil s\u00e9 go forleathan thar lear agus thug s\u00e9 faoi deara a raibh de mhaith agus d\u2019olc in iompar daoine; bh\u00ed s\u00e9 ar t\u00f3ir D\u00e9 in urna\u00ed agus i machnamh agus thug s\u00e9 d\u00fainn a thoradh sin go l\u00e9ir sa leabhar a scr\u00edobh s\u00e9. Ceann d\u00e1 chuid mhachnamh n\u00e1 l\u00e9acht an lae inniu.<br>Measann daoine \u00e1irithe gurbh \u00e9 cro\u00edl\u00e1r an tSeantiomna&nbsp; n\u00e1 \u201cs\u00fail ar sh\u00fail agus fiacail ar fhiacail\u201d. A mhalairt ar fad is f\u00edor maidir lena bhfuil i l\u00e9acht an lae inniu faoi mar nach ch\u00f3ir bheith tugtha don fhearg n\u00f3 do dh\u00edoltas a bhaint amach; faoi maith\u00fanas a&nbsp; thabhairt don chomharsa, agus faoi mr at\u00e1 sin riachtanach le go mbeadh maithi\u00fanas agus tr\u00f3caire ag duine \u00f3 Dhia. Is suntasach chomh maith&nbsp; an nasc a dh\u00e9antar ann faoi&nbsp; maithi\u00fanas agus urna\u00ed.&nbsp; T\u00e1 seo go l\u00e9ir an-ch\u00f3ngrach don m\u00e9id a deir \u00cdosa sna Soisc\u00e9il (Matha 6:12, 14-15; 18:32-35; Marcas 121:25; L\u00fac\u00e1s 112:4), rud a dh\u00e9anann f\u00f3irsteanach \u00e9 le dul leis an l\u00e9acht \u00f3n Soisc\u00e9al in Aifreann an lae inniu.<\/p>\n\n\n\n<p>Salm le Freagra&nbsp; (Salm 102[103]). Is gr\u00e1mhar tr\u00f3caireach \u00e9 an Tiarna, foighneach agus l\u00e1n de cheansacht.<\/p>\n\n\n\n<p>An Dara L\u00e9acht (R\u00f3mh\u00e1naigh 14:7-9). Cib\u00e9 acu beo n\u00f3 marbh d\u00fainn, is leis an Tiarna sinn.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>An t\u00e9acs gairid seo is cuid de spreagadh Ph\u00f3il \u00ed chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh maireacht\u00e1il go s\u00edoch\u00e1nta&nbsp; le ch\u00e9ile mar&nbsp; phobal D\u00e9, glacadh lena ch\u00e9ile, f\u00e1ilte a chur roimh a ch\u00e9ile faoi mar ar chuir Dia failte rompu go l\u00e9ir, gan a bheith ag tabhairt breithi\u00fanas ar a ch\u00e9ile toisc go bhfuil cleachta\u00ed \u00e9ags\u00fala acu, cleachta\u00ed a bheadh ag teacht le teagasc Chr\u00edost . Is sa chomhth\u00e9acs seo a thugann P\u00f3l an m\u00e9id a deir s\u00e9 sa l\u00e9acht seo ar an dtionchar at\u00e1 ag beatha agus b\u00e1s gach aon duine ar dhaoine eile agus faoi mar ar ch\u00f3ir gach a dh\u00e9anaimid&nbsp; in\u00e1r mbeatha n\u00f3 in\u00e1r mb\u00e1s a bheith ar&nbsp; son an Tiarna, gur Tiarna na marbh agus na mbeo \u00e9.<\/p>\n\n\n\n<p>An Soisc\u00e9al (Matha 18:21-35).&nbsp; N\u00ed go seacht n-uaire a deirimse leat&nbsp; ba cheart duit pard\u00fan a thabhairt ach go dt\u00ed seacht n-uaire seacht\u00f3d.&nbsp;<\/p>\n\n\n\n<p>L\u00e9acht seo an lae inniu \u00f3n Soisc\u00e9al, amhail ceann an Domhnaigh seo caite, is cuid den ceathr\u00fa&nbsp; haitheasc n\u00f3 seanm\u00f3ir m\u00f3r Chr\u00edost \u00ed, an ceann seo le Treoracha don Eaglais (Matha 18:1-35), faoi mar ar ch\u00f3ir d\u00e1 lucht lean\u00fana iad f\u00e9in a iompair taobh istigh den chomhluadar&nbsp; Cr\u00edosta\u00ed. An babhta seo is ar mhaithi\u00fanas \u00e9. Cuirtear t\u00fas le m\u00edr seo den aitheasc le ceist \u00f3 Pheadar, ceannaire an chomhluadair, faoi chomh fada mar ar&nbsp; ch\u00f3ir maithi\u00fanas dul i leith baill den chomhluadar a bhfuil cion \u00e9igin d\u00e9anta aige. Fiafra\u00edonn Peadar ar ch\u00f3ir sin a dh\u00e9anamh chomh minic le seacht n-uaire agus faigheann s\u00e9 freagra \u00f3 \u00cdosa go bhfuil s\u00e9 i bhfad n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 sin, fi\u00fa gan teora (curtha in i\u00fal mar seacht n-uaire seacht\u00f3d). Cuirtear cr\u00edoch leis an aitheasc go l\u00e9ir ansin le parabal&nbsp; a&nbsp; leir\u00edonn an pointe sin agus a th\u00e9ann thairis lena dh\u00e9anamh soil\u00e9ir&nbsp; gur ionann gan maithi\u00fanas a thabhairt&nbsp; agus gan aithris a dh\u00e9anamh ar Dhia, agus go mbeidh&nbsp; cr\u00e1 s\u00edora\u00ed ag d\u00faine d\u00e1 bharr:&nbsp; \u201cSin a dh\u00e9anfaidh m\u2019Athair neamha\u00ed libhse mura maithe gach duine agaibh d\u00e1 bhr\u00e1ithre f\u00e9in \u00f3 chro\u00ed\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:&nbsp; Maithi\u00fanas. Cosc ar Dh\u00edoltas. Teachtaireacht do na creidmhigh agus don saol&nbsp; sibhialta.<\/p>\n\n\n\n<p>B\u00edodh go bhfuil teachtareacht an Bh\u00edobla agus na Soisc\u00e9al d\u00edrithe go pr\u00edomha ar chreidmhigh dfh\u00e9adfadh s\u00e9 bheith in ann a l\u00e1n a r\u00e1 le ceannara\u00ed an phobail shibhialta. N\u00ed c\u00fais iontais \u00e9 seo d\u00fainn de bhr\u00ed gur clannmhac agus clann in\u00edonacha an cine daonna go l\u00e9ir don Athair ar&nbsp; neamh agus d\u00e9antar an chuid is m\u00f3 d\u00e1 saol a mhaireacht\u00e1il i&nbsp; su\u00edomhanna sibhialta seachas i su\u00edomhanna&nbsp; creidimh n\u00f3 reilig\u00fain. Daoine daonna, mar neacha r\u00e9as\u00fanacha, b\u00edonn siad&nbsp; machnamhach agus aird acu ar chaidreamh daoine eatorthu f\u00e9in. Luath-thraidisi\u00fan na hEagna in Iosrael, b\u00edodh gur oidhreacht agus gn\u00edomha\u00edocht mhuintir a chreid i nDia Iosrael \u00e9, tharraing s\u00e9 a mhachnamh ar an&nbsp; iompar&nbsp; daonna&nbsp; \u00f3n dtaithi dhaonna seachas \u00f3 Dhl\u00ed Mhaois n\u00f3 \u00f3n bhfoilsi\u00fa.&nbsp; B\u00edodh gur l\u00e9igh agus gur rinne Ben Sira (Eccleiasticus), \u00f3 r\u00e9 dh\u00e9anach de thraidisi\u00fan Eabhrach na hEagna, machnamh ar&nbsp; an Dl\u00ed agus na F\u00e1ithe chomh maith le luath-litr\u00edocht na hEagna, is f\u00e9idir linn a&nbsp; mheas gur th\u00e1inig a bhfuil le r\u00e1 aige ar an maith\u00fanas \u00f3na thaith\u00ed ar an iompr daonna seachas mar choncl\u00faid \u00f3 theagasc an fhoilsi\u00fa. Mar sin is f\u00e9idir linn machnamh a dh\u00e9anamh ar l\u00e9achta\u00ed an lae inniu mar theachtaireacht do phobal creidimh agus don tsocha\u00ed shibhialta.<\/p>\n\n\n\n<p>C\u00e9 go bhfuil na tagairt\u00ed don Athair ar&nbsp; Neamh sna Soisc\u00e9il ceangailte de ghn\u00e1th le trua agus taise, is soil\u00e9ir \u00f3 l\u00e9acht Shoisc\u00e9al an lae inniu go bhfuil \u00cdosa thar&nbsp; a bheith \u00e9ilitheach&nbsp; maidir le l\u00e1rphointe d\u00e1 chuid teagaisc a bheith curtha i gcr\u00edch ag a lucht lean\u00fana. D\u00fairt \u00cdosa f\u00e9in gur l\u00e1rphrionsabal den tsean-am a bh\u00ed sa nath \u201cs\u00fail ar sh\u00fail agus fiacail ar fhiacail\u201d (Matha 5:38) ach ba \u00e9 a theagasc f\u00e9in gan seasamh in aghaidh an drochdhuine. Sa tSeanm\u00f3ir ar an Sliabh leagann s\u00e9 b\u00e9im ar ghn\u00e9ithe \u00e9ags\u00fala de sin n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 uair amh\u00e1in: gan g\u00e9illeadh don fhearg; athmhuintearas a dh\u00e9anamh le do comhbhr\u00e1thair n\u00f3 chomhshiu\u00edr&nbsp; roimh \u00edobairt a ofr\u00e1il; gr\u00e1 a thabhairt do do namhaid; gu\u00ed ar a son si\u00fad ar fuath leo th\u00fa. N\u00ed m\u00f3r sin go l\u00e9ir a dh\u00e9anamh mar chuid den seirbh\u00eds don Athair gr\u00e1mhar ar neamh. Thug \u00cdosa f\u00e9in sampla den tuiscint agus den mhaithi\u00fanas \u00f3n gCrois. Teagasc nua agus b\u00e9im \u00far a bh\u00ed anseo agus t\u00e1 s\u00e9 le feiscint go soil\u00e9ir mar l\u00e1rphointe na Soisc\u00e9al agus i scribhinn\u00ed eile an Tiomna Nua. Ba ch\u00f3ir an teachtaireacht at\u00e1 sa bh\u00e9im seo agus i bparabal i Shoisc\u00e9al an lae inniu a choime\u00e1d de sh\u00edor os comhair an phobail Chr\u00edosta\u00ed. Ach&nbsp; beidh a fhios go maith ag ceannair\u00ed na hEaglaise c\u00e9 chomh discr\u00e9ideach nach fol\u00e1ir a bheith maidir le cursa\u00ed athmhuintearais i gc\u00e1sanna faoi leith, ag tabhairt aire chu\u00ed do shiceola\u00edocht an duine aonair.<br>Maidir le hatmhuintearas sa saol sibhialta de, agus i gc\u00e1sanna acrainn agus cursa\u00ed iar-chogaidh,&nbsp; is deas a fheice\u00e1il gur fhoghlaim an pobal sibhialta fi\u00fantas ina bhfuil le r\u00e1&nbsp; ag traidisi\u00fan Eagna Iosrael agus an bh\u00e9im a chuireann na Soisc\u00e9il san athmhuintearas agus san easpa d\u00edoltais.&nbsp; Cuid l\u00e1rnach den chuid is m\u00f3 de phobail eagraithe an lae inniu&nbsp; n\u00e1 r\u00e9iteach achrainn, agus i roinnt mhaith c\u00e1sanna is iad sin a bh\u00ed gafa i bhfeachtis mhileata i gcoinne a ch\u00e9ile uair amhain at\u00e1 gn\u00edomhach anois ag cur r\u00e9iteach achrainn agus athmhuintearais chun tosaigh. Gurbh amhlaidh a bheidh. Is beannaithe lucht d\u00e9anta na s\u00edoch\u00e1na.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mBioblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:&nbsp; Maithi\u00fanas. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":1,"featured_media":1082,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-2171","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2171","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/1"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=2171"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2171\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2174,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2171\/revisions\/2174"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1082"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=2171"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=2171"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=2171"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}