{"id":2216,"date":"2023-10-31T11:48:38","date_gmt":"2023-10-31T11:48:38","guid":{"rendered":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2216"},"modified":"2023-09-21T11:49:20","modified_gmt":"2023-09-21T11:49:20","slug":"1-samhain-2023-na-naoimh-uile-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=2216","title":{"rendered":"1 Samhain 2023 Na Naoimh Uile Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"\n<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/p>\n\n\n\n<p>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\">\n<li>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/li>\n\n\n\n<li><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/em><\/strong>:<\/li>\n\n\n\n<li><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em>L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed.<\/em><\/strong><\/li>\n<\/ol>\n\n\n\n<p><em>C\u00e9ad L\u00e9acht <\/em>(Apacailipsis 7:2-4, 9-14). <em>Ba sheo an mathshlua m\u00f3r narbh fh\u00e9idir d\u2019aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga. <\/em>Baineann Apacailipsis, Taispe\u00e1int, Eoin le foirm, le se\u00e1nra, scr\u00edbhneoireachta nach bhfuil taith\u00ed againn air ach a bh\u00ed ar eolas go maith ag Gi\u00fadaigh agus ag an luatheaglais Chr\u00edostai. Is f\u00e9idir leis an se\u00e1nra seo \u00fas\u00e1id a bhaint as iomh\u00e1ineachas l\u00e1idir, nach m\u00f3r m\u00edni\u00fa a thabhairt air agus \u00e9 a chur i leith \u00e1r linne f\u00e9in le go mbeadh ciall aige d\u00fainn. Sna sleachta roimh l\u00e9acht an lae inniu bh\u00ed Eoin, \u00fadar an leabhair seo, ag caint ar bhreithi\u00fanas D\u00e9 a bh\u00ed le teacht ar an gcine daonna de bharr a bpeaca\u00ed. T\u00e1 lucht lean\u00fana Chr\u00edost le teacht sl\u00e1n as seo. Sa leabhar seo cuirtear aingil i l\u00e1thair mar ghn\u00edomhair\u00ed do fhearg D\u00e9. I bhf\u00eds tosaigh cloiseann Eoin guth aingl\u00ed \u00e1 r\u00e1 go bhfuil seirbh\u00edsigh D\u00e9 le s\u00e9ala a chur ar a gcl\u00e1r \u00e9adain, mar chomhartha a chuirfeadh in i\u00fal iad agus a dh\u00e9anfadh iad a shabh\u00e1il nuair a thiocfadh an t-aingeal le scrios a dh\u00e9anamh. Sa ch\u00e9ad fh\u00eds seo cloiseann s\u00e9 a n-uimhir si\u00fad at\u00e1 s\u00e9alaithe, c\u00e9ad agus daichead ceathair mile \u00f3 threibhanna uile Iosrael, dh\u00e1 mh\u00edle d\u00e9ag as gach treibh. Is d\u00f3cha go seasann seo do na Cr\u00edostaithe Gi\u00fadacha, n\u00ed don phobal uile ach do fhu\u00edlleach as gach treibh.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tar \u00e9is d\u00f3 an uimhir seo a chloisint, t\u00e1 f\u00eds aige de mhathshlua m\u00f3r n\u00e1rbh fh\u00e9idir d\u2019aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga, ina seasamh ar neamh os comhair richathaoir D\u00e9 agus i l\u00e1thair an Uain, \u00cdosa a c\u00e9asedh agus a ais\u00e9irigh ar\u00eds. Cuirtear i l\u00e1thair iad mar dhaoine gan ch\u00e1im, gl\u00e9asta in \u00e9ada\u00ed geala agus craobhacha pailme acu ina l\u00e1mha. Bh\u00ed siad buach, ach n\u00ed le bua m\u00edleata, ach mar bhu\u00edon a th\u00e1inig sl\u00e1n \u00f3 gh\u00e9arlean\u00faint. An bua a bh\u00ed acu ba le Dia \u00e9 agus leis an Uan, agus f\u00f3gra\u00edonn siad sin \u00f3s ard. M\u00f3rthimpeall na r\u00edthchathaoireach ar neamh bh\u00ed aingil. Sa leabhar seo d\u00e9anann Eoin tagairt chomh maith do cheathrar sean\u00f3ir\u00ed fichead ansin, s\u00f3rt comhairle diaga ar neamh. F\u00f3gra\u00edonn na haingil agus na sean\u00f3ir\u00ed gl\u00f3ir D\u00e9 agus an ghabh\u00e1il an bhu\u00edochais is dual do Dhia. M\u00edn\u00edonn duine de na sean\u00f3ir\u00ed do Eoin c\u00e9 hiad si\u00fad at\u00e1 gl\u00e9asta in \u00e9ada\u00ed geala agus an bhr\u00ed at\u00e1 ag gabh\u00e1il lena gcuid \u00e9ada\u00ed. Th\u00e1nadar tr\u00edd an duain\u00e9is mh\u00f3r, an t-anr\u00f3 m\u00f3r, agus t\u00e1 siad sl\u00e1naithe i bhfuil an Uain; nigh siad agus gheal siad a n-\u00e9id\u00ed ann.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T\u00e1 Eoin ag tabhairt s\u00f3l\u00e1is agus uchtaigh do chomhluadar Cr\u00edosta\u00ed a bh\u00ed ag fulaingt g\u00e9arlean\u00fana n\u00f3 i mbaol fulangthe \u00e9igin d\u00e1 leith\u00e9id. Is \u00ed a theachtaireacht n\u00e1 go mbeidh an bua ag creidmhigh i gCriost. Ba do Chr\u00edostaithe a linne f\u00e9in san Eaglais an teachtaireacht sin c\u00e9aduair, ach is f\u00edor \u00ed do gach aois, agus is fi\u00fa machnamh a dh\u00e9anamh air ar Fh\u00e9ile seo na Naomh Uile nuair a dh\u00edr\u00edonn an Eaglais \u00e1r n-aire ar an mathshlua, an bu\u00edon naomh sin gan \u00e1ireamh as gach cine agus gach r\u00e9 agus at\u00e1 anois faoi ghl\u00f3ir le Cr\u00edost, b\u00edodh nach raibh de anr\u00f3 ag roinnt acu ach sin a leanann as d\u00edlse do theagasc Chr\u00edost agus gur n\u00edgh siad iad f\u00e9in \u00f3na bpeaca\u00ed tr\u00ed lua\u00edochta\u00ed Chr\u00edost.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 23[24]). <em>A leith\u00e9id si\u00fad a bh\u00edonn ar do th\u00f3ir, a Thiarna.<\/em><\/p>\n\n\n\n<p><em>Dara L\u00e9acht <\/em>(1 Eoin 3:1-3). <em>Feicfimid Dia mar at\u00e1 s\u00e9.<\/em>Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 t\u00e9ama\u00ed at\u00e1 ar f\u00e1il go minic sa Ch\u00e9ad Litir seo le Naomh Eoin agus i Soisc\u00e9al Eoin chomh maith. Ceann d\u00edobh seo n\u00e1 \u201can saol\u201d, agus is \u00e9 is br\u00ed leis an t\u00e9arma seo sa litr\u00edocht seo n\u00e1 iad sin nach toil leo glacadh le teachtaireacht \u00cdosa n\u00f3 at\u00e1 ina naimhde di. An comhluadar Cr\u00edosta\u00ed, mar a chuireann an litir seo agus an traidisiun lena bhaineann s\u00e9 s\u00edos air, ionann \u00e9 agus bu\u00edon creidmheach at\u00e1 daingean agus deimhnithe ina gcreideamh i gCriost, deimhnithe ag an Spiorad Naomh at\u00e1 ag lonn\u00fa iontu. D\u00e9anann an teagasc Criosta\u00ed at\u00e1 faighte acu agus an deimhneacht l\u00e1idir cinnte iad nach amhlaidh amh\u00e1in go nglaotar clann D\u00e9 d\u00edobh ach gur clann D\u00e9 d\u00e1ir\u00edre iad, creideamh agus deimhneacht nach f\u00e9idir a bheith ag daoine taobh amuigh, p\u00e9 acu tugtar \u201can saol\u201d n\u00f3 ainm ar bith eile orthu. Tugann bronntanas an chreidimh eolas agus aithne ar Dhia d\u00fainn cheana f\u00e9in sa saol seo. Tr\u00edd an gcreideamh is f\u00e9idir \u00cdosa a \u201cfheice\u00e1il\u201d cheana f\u00e9in mar an Tiarna ais\u00e9irithe, agus Mac D\u00e9. Ach t\u00e1 s\u00fail ar aghaidh cheana f\u00e9in ag creidmhigh ar an l\u00e1 sin thar an saol tadhail seo ina fheicfidh siad Dia d\u00edreach mar at\u00e1 s\u00e9. Cuirtear cr\u00edoch leis an leacht ghairid seo le machnamh ar an dt\u00e1tal at\u00e1 le baint as an dtuisicint seo ar ard-dh\u00ednit na gcreidmheach, agus as an d\u00f3chas agus an deimhne at\u00e1 acu Dia n\u00f3 Cr\u00edost a fheice\u00e1il d\u00edreach mar at\u00e1 s\u00e9. Ba choir don d\u00f3chas diaga seo iad a spreagadh iad f\u00e9in a naomh\u00fa le maireacht\u00e1il go naofa gan ch\u00e1im faoi mar at\u00e1 Dia agus Cr\u00edost naofa.<\/p>\n\n\n\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Matha 5:1-12). <em>B\u00edodh \u00e1thas oraibh agus gairdeas, mar is m\u00f3r \u00e9 bhur dtuarastal ar neamh. <\/em>I Soisc\u00e9al an lae inniu t\u00e1 na Bi\u00e1ide againn, agus de bhr\u00ed gur as Gaeilge an t\u00e9acs seo n\u00ed miste c\u00fapla focal a r\u00e1 faoin dt\u00e9arma sin, go nglaotar \u201cThe Breatitudes\u201d orthu as B\u00e9arla. Sa t\u00e9acs Laidine den Soisc\u00e9al tosa\u00edonn gach ceann acu leis an bhocal <em>Beati<\/em>, \u201cIs m\u00e9anar\u201d, \u201cIs aoibhinn\u201d, \u201cIs beannaithe\u201d. \u00d3 r\u00e9 na SeanGhaeilge i leith t\u00e1 an focal Laidine <em>beati<\/em> glactha isteach sa Gaeilge mar ainmfhocal Gaeilge, mar <em>biait, <\/em>sa NuaGhaeilge \u201cbi\u00e1id\u201d, bi\u00e1ide san uimhir iolra, rud a chialla\u00edonn go raibh an-ghr\u00e1 ag \u00e1r muintir do na hOcht mBi\u00e1ide sin, na hOcht mBeannachta\u00ed.<\/p>\n\n\n\n<p>Is iad na Bi\u00e1ide m\u00edr thosaigh den tSeanm\u00f3ir ar an Sliabh i Soisc\u00e9al Mhatha, cairt phobal \u00cdosa don r\u00e9 nua agus d\u00e1 r\u00edocht. Is macalla iad na Bi\u00e1ide ar mhianta Iosrael a l\u00e9ir\u00edodh tr\u00edd na haoiseanna faoi theacht chucu an sl\u00e1n\u00fa sin a bh\u00ed geallta d\u00f3ibh. Labhra\u00edonn na Bi\u00e1ide do ch\u00e9ad lucht lean\u00fana \u00cdosa faoin \u00e1thas, l\u00fach\u00e1ir agus gairdeas a ghabh le teacht l\u00e1 m\u00f3r an tsl\u00e1naithe sin, agus t\u00e1 na Bi\u00e1ide ag labhairt tr\u00edd na haoiseanna ina dhiaidh sin don duine aonair agus do phobal D\u00e9 in gcoitinne amhail is go rabhadar d\u00edrithe go d\u00edreach orthu. Is mar sin f\u00f3s inniu iad agus is mar sin a bheidh.<\/p>\n\n\n\n<p>Baineann na Bi\u00e1ide feidhm as t\u00e9arma\u00ed \u00e1irithe a bhfuil br\u00ed shaibhir iontu de bhr\u00ed gur baineadh \u00fas\u00e1id i stair Iosrael ag feitheamh lena gcomhl\u00edonadh, ach t\u00e9arma\u00ed at\u00e1 l\u00e1n de bhr\u00ed agus \u00e9ifeacht go f\u00f3ill. Mar shampla d\u00fairt an f\u00e1idh agus file in \u00cdse\u00e1ia 61:1 go ndearna an Tiarna \u00e9 a choisreacan, chun dea-sc\u00e9ala a bhreith chuig na dear\u00f3il (as Eabhrais: <em>anawim<\/em>), chun s\u00f3l\u00e1s a thabhairt do lucht an dobr\u00f3in i S\u00ed\u00f3n. D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed, agus d\u00e9antar, malairt aistri\u00fach\u00e1in a thabhairt ar an bhfocal <em>anawim<\/em> chomh maith: boicht, s\u00edud faoi leatrom. I Nasarat d\u2019fh\u00f3gair \u00cdosa go sol\u00fanta go raibh f\u00e1istine sin \u00cdse\u00e1ia comhl\u00edonta ina phearsa f\u00e9in agus an l\u00e1 sin f\u00e9in (L\u00fac\u00e1s 4:16-21). In aigne D\u00e9 ba choir f\u00e1ilte a chur roimh chomhl\u00edonadh na bhf\u00e1istin\u00ed le h\u00e1thas agus l\u00fach\u00e1ir. Ba \u00ed sin teachtaireacht na n-aingeal ag breith Chr\u00edost (L\u00fac\u00e1s 2:10-11). Rinne \u00cdosa f\u00e9in gairdeas sa Spiorad Naomh go raibh r\u00e9 an fheithimh thart agus go raibh an comhl\u00edonadh ann ina phearsa f\u00e9in, agus ghabh s\u00e9 bu\u00edochas leis an an Athair, Tiarna neimhe agus tal\u00fan, d\u00e1 bharr sin, agus mheabhraigh s\u00e9 d\u00e9 dheisceabail gurbh aoibhinn d\u00f3ibh gur mar sin a bh\u00ed. Ag iompu chun a dheisceabal, duirt s\u00e9 leo ar leithligh: \u201cIs m\u00e9anar do na s\u00faile a fheiceann na nithe a fheiceann sibhse. \u00d3ir deirim libh, b\u2019\u00e1il le m\u00f3r\u00e1n f\u00e1ithe agus r\u00edthe na nithe a fheicea\u00e1il a fheiceann sibhse agus n\u00ed fhaca siad iad, agus na nithe a chloiste\u00e1il a chloiseann sibhse aus n\u00edor chuala siad iad\u201d (L\u00facas 10:21-24; Matha 13:16-17).<\/p>\n\n\n\n<p>Le filleadh anois ar na Bi\u00e1ide, na hOcht mBeannachta\u00ed: Cabhra\u00edonn an c\u00falra a tugadh thuas linn an teachtaireacht at\u00e1 acu a thuiscint n\u00edos fearr. Deir an ch\u00e9ad cheann gur m\u00e9aner, aoibhinn, d\u00f3ibh si\u00fad at\u00e1 bocht; t\u00e1 siad beannaithe. Thug t\u00e9arma \u201cbocht\u201d chun cuimhne, agus tugann f\u00f3s, an fh\u00e1istine a comhl\u00edonadh in \u00cdosa an dea-sc\u00e9al a thabhairt do na boicht, na dear\u00f3il, si\u00fad faoi leatrom. Lena dheimhni\u00fa nach bochtanas soisialta at\u00e1 i gceist cuireann Matha \u201c(bocht) i spiorad\u201d leis an t\u00e9arma. T\u00e1 gaol le Dia, agus a l\u00e1ithreacht i gc\u00farsai an tsaoil, leis na boicht i spiorad. T\u00e1 siad oscailte do \u00cdosa, do r\u00edocht D\u00e9. Is leo r\u00edocht D\u00e9 a rabhthas ag feitheamh leis ar feadh na gcianta, ach a bh\u00ed i l\u00e1thair anois in Iosa. T\u00e1 an bhr\u00ed shaibhir leis an t\u00e9arma \u201cr\u00edocht D\u00e9\u201d agus a bheidh aige i seanm\u00f3ireacht \u00cdosa. An dara bi\u00e1id faoin talamh a bheith mar oidhreacht acu si\u00fad at\u00e1 ceansa, is i Soisc\u00e9al Mhatha amh\u00e1in at\u00e1 s\u00e9. N\u00edl s\u00e9 sna Bi\u00e1ide ag L\u00fac\u00e1s. Ionann \u00e9 i sl\u00ed agus an ch\u00e9ad cheann \u2013 ceansa\/bocht; r\u00edocht D\u00e9\/talamh. Deir \u00cdosa f\u00e9in go bhfuil s\u00e9 ceansa (Matha 11:29) agus uir\u00edseal \u00f3 chro\u00ed. Mhol an salmaire (Salm 36[37]:8-9) do chreidmheach corraithe cur suas den bhfeirg agus scor den bhfraoch; iad sin a chuireann a nd\u00f3chas san Tiarna (\u201ca fhanann leis an Tiarna\u201d) geobhaidh siad seilbh ar an talamh. \u201cBeidh seilbh na tal\u00fan ag lucht na ceansachta\u201d (Salm 36[37]:11). Do mheon agus aigne Gi\u00fadach b\u2019ionann an \u201ctalamh\u201d agus talamh naofa Iosrael, ach b\u2019fh\u00e9idir go mbeadh tagairt aige do \u201cTh\u00edr Tairngire\u201d f\u00f3s le teacht, ionann sin agus r\u00edocht D\u00e9 i gcomhth\u00e9acs an Tiomna Nua.Thabharfadh \u201clucht an dubr\u00f3in\u201d chun cuimhne f\u00e1istine an tSeantiomna faoi lucht an dubr\u00f3in i S\u00ed\u00f3n, faoi dubr\u00f3n faoi staid truamh\u00e9alach phobal D\u00e9, agus na f\u00e1istin\u00ed gan comhl\u00edonadh, ach ar nd\u00f3igh aon dubr\u00f3n sean n\u00f3 nua eile chomh maith. An fh\u00edr\u00e9antacht i gceist maidir le ocras agus tart, n\u00ed f\u00edr\u00e9antacht chreidimh at\u00e1 i gceist ach, is d\u00f3ich\u00ed, tart na c\u00f3ra, agus c\u00edocras chun iompair chu\u00ed i ndea-oibreacha. T\u00e9ama l\u00e1rnach i seanm\u00f3ireacht \u00cdosa n\u00e1 go dtaispe\u00e1nfaidh Dia tr\u00f3caire do lucht na tr\u00f3caire. T\u00e1 glaine chro\u00ed l\u00e1rnach do theagasc \u00cdosa. Is \u00e9 a thuigtear le cro\u00ed anseo n\u00e1 cro\u00edl\u00e1r an duine, agus fr\u00e9amh gach gn\u00edmh dhaonna, p\u00e9 acu maith n\u00f3 olc. Is f\u00e9idir le h\u00cdosa tagairt a dh\u00e9anamh d\u00f3 n\u00edos d\u00e9ana\u00ed (Matha 6:22) mar \u201can ts\u00fail\u201d: \u201cIs \u00ed an ts\u00fail lampa an choirp. M\u00e1 bh\u00edonn do sh\u00fail sl\u00e1n, beidh do chorp ar fad solasmhar\u201d. Mura bh\u00edonn beidh do chorp ar fad sa dorchadas. Ionann glaine chro\u00ed agus deabh\u00f3id inmhe\u00e1nach do Dhia agus don fh\u00edrinne, mac\u00e1ntacht gan aon chur i gc\u00e9ill. Deirtear f\u00fathu si\u00fad go bhfeicfidh siad Dia \u2013 sa saol eile. Sa saol seo n\u00ed f\u00e9idir le haoinne Dia a fheice\u00e1il le s\u00faile daonna, ach tr\u00ed chreideamh agus glaine chro\u00ed is f\u00e9idir le creidmhigh Dia a fheice\u00e1il sa domhan agus ina Mhac \u00cdosa. Leag \u00cdosa b\u00e9im l\u00e1idir ar shioch\u00e1in a dh\u00e9anamh tr\u00ed maithi\u00fanas agus athmhuintearas., agus rinne s\u00e9 f\u00e9in an ts\u00edoch\u00e1in idir Ghi\u00fadaigh agus Gintlithe. Labhra\u00edonn an d\u00e1 Bhi\u00e1it deiridh ar a bheannaithe is at\u00e1 iad si\u00fad faoi gh\u00e9arlean\u00faint mar gheall ar an bhf\u00edr\u00e9antacht, an ceart, agus mar gheall ar \u00cdosa. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed sna Soisc\u00e9il d\u00e9anfaidh \u00cdosa nasc idir an gh\u00e9arlean\u00faint sa r\u00e9 nua sin agus r\u00e9 na bhf\u00e1ithe ar rinneadh g\u00e9arlean\u00faint orthu.<\/p>\n\n\n\n<ol class=\"wp-block-list\">\n<li><strong>B.<\/strong><strong><em>An B\u00edobla in Agallamh le ceisteanna an lae. <\/em><\/strong><em>Na Be\u00e1it. Beannachta\u00ed. S\u00edoch\u00e1in agus l\u00fach\u00e1ir sa chreidi\u00faint gCr\u00edost.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n\n\n\n<p><em>Machnamh. Na Naoimh uile. N\u00e9al m\u00f3r finn\u00e9ithe.<\/em> B\u2019feasach do thraidi\u00fan na h\u00c9ireann, agus go deimhin don traidisi\u00fan Cr\u00edosta\u00ed, go raibh nasc l\u00e1idir idir na naoimh ar neamh agus na f\u00edr\u00e9in abhus ar talamh. Labhair \u00e1r sinsir go minic faoi mhuintir neimhe agus tal\u00fan, mar a raibh coinne eatorthu sa Ch\u00e1isc agus san Aifreann. Cuid den Chr\u00e9 is ea comaoin na naomh. Ceili\u00fartar f\u00e9ile na Naomh Uile ar 1 Samhain, L\u00e1 Samhna i dtraidisi\u00fan na nGael, ceili\u00faradh a th\u00e9ann thar nais go aimsir na pag\u00e1ntachta. Ba thr\u00e1th \u00ed ina mheas na beo go bhf\u00e9adfa\u00ed caidreamh a bheith acu leis an saol eile, agus ar bhain lear m\u00f3r piseog leis. Bh\u00ed tuairma\u00ed agus cleachtadh d\u00e1 leith\u00e9id san Eoraip, taobh amuigh d\u2019Eirinn. Ag tr\u00e1th na f\u00e9ile seo tugann an Eaglais cuireadh d\u00fainn a mheabhr\u00fa go bhfuil nasc eadrainn at\u00e1 beo anseo ar talamh agus iad si\u00fad at\u00e1 imithe uainn, agus sin tr\u00ed chomaoin na naomh. San fh\u00e9ile seo tugaimid on\u00f3ir don mhathshlua d\u00ed-\u00e1irithe creidmheach at\u00e1 anois faoi ghl\u00f3ir le Dia, \u00cdosa, Muire agus na haingil ar neamh, n\u00ed hiad naoimh chan\u00f3naithe amh\u00e1in, ach iad sin go l\u00e9ir a fuair b\u00e1s i ghr\u00e1sta D\u00e9. De bhr\u00ed go ndeireann \u00e1r gcreideamh Cr\u00edosta\u00ed agus an deabh\u00f3id Chr\u00edosta\u00ed linn go bhf\u00e9adfaimis gu\u00ed chucu, agus go nd\u00e9anann siad idirghu\u00ed ar \u00e1r son, is f\u00e9idir linn bheith deimhin de go bhfuilid si\u00fad at\u00e1 imithe uainn aontaithe linn agus gur f\u00e9idir linn cabhair a iarraidh orthu.<\/p>\n\n\n\n<p><em>Agallamh. S\u00edoch\u00e1in agus l\u00fach\u00e1ir sa chreidi\u00faint i gCr\u00edost. <\/em>In \u00c9irinn inniu, mar at\u00e1 i gcearna\u00ed eile den domhan, t\u00e1 le braitsint easpa sh\u00edoch\u00e1in anama agud l\u00fach\u00e1ire maidir leis an gcreideamh agus leis an Eaglais. Daoine \u00e9irimi\u00fala \u00f3n dtaobh amuigh ag tabhairt seo faoi deara in \u00c9irinn, t\u00e1 siad den tuairim nach easpa chreidimh at\u00e1 i gceist ach, b\u2019fh\u00e9idir l\u00e9iri\u00fa den bhf\u00e9in-saoirse nua at\u00e1 faighte acu, saoirse \u00f3 thiarnas eaglaise \u00fadar\u00e1sa\u00ed a chuir iachall orthu glacadh agus smaoineamh mar ba thoil le si\u00fad ar an iliomad ruda\u00ed, pearsanta agus eile.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D\u2019fh\u00e9adfadh an anail\u00eds sin ar ch\u00farsa\u00ed mar at\u00e1 agus ar thiarnas na hEaglaise i r\u00e9 at\u00e1 thart bheith cruinn. M\u00e1s mar sin at\u00e1, n\u00f3 a bh\u00ed, an sc\u00e9al n\u00ed m\u00f3r don Eaglais, agus do na creidmhigh taobh istigh di, teacht ar leigheas ar an gc\u00e1s. T\u00e1 seans ann go bhfuil s\u00f3l\u00e1s \u00e9igin, agus spreagadh \u00e9igin, le baint as seo, gur fadhb chian aosta at\u00e1 i gceist anseo. Bh\u00ed ar an aspal P\u00f3l aghaidh a thabhairt ar staid d\u00e1 leith\u00e9id in eaglais Choraint lena linn fein (thart ar an bhliain 57, s\u00e9 bhliain tar \u00e9is d\u00f3 an eaglais a bhun\u00fa ansin). D\u2019\u00e9irigh idir an eaglais sin agus \u00e9 f\u00e9in agus i litir d\u00e1 chuid chucu (2 Corantaigh 1:24) labhra\u00edonn s\u00e9 mar seo leo: \u201cN\u00ed hea go mb\u00edmid ag d\u00e9anamh m\u00e1istreachta ar bhur gcreideamh; ach ag comhoibri\u00fa libh le h\u00e1thas a bheith oraibh, \u00f3 bh\u00edonn bhur gcreideamh ina sheasamh go daingean\u201d. Is mar sin is c\u00f3ir don Eaglais a bheith leis na creidmhigh<em>: <\/em>ag cabhr\u00fa leo \u00e1thas, l\u00fach\u00e1ir agus sonas a bheith acu sa chreideamh, seachas bheith ag imirt m\u00e1istreachta. T\u00e1 litreacha Ph\u00f3il, mar na Soisc\u00e9il f\u00e9in, lom l\u00e1n d\u2019urnaithe do sh\u00edoch\u00e1in agus l\u00fach\u00e1ir sa chreidiuint, mar shampla chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh (15:13): \u201cGo nd\u00e9ana Dia an d\u00f3chais sibh a l\u00edonadh den \u00e1thas agus den ts\u00edoch\u00e1in uile sa chreideamh ar shli go mbeadh raidhse den d\u00f3chas agaibh tr\u00ed chumhacht an Spioraid Naoimh\u201d.<\/p>\n\n\n\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is bronntanais \u00f3n Spiorad Naomh s\u00edoch\u00e1in agus l\u00fach\u00e1ir sa chreidi\u00faint, nach m\u00f3r gu\u00ed le hiad a bheith againn. San anam daonna t\u00e1 seilbh orthu nasctha le creideamh in gCr\u00edost mar an p\u00e9arla l\u00f3mhar, agus aontacht le Dia abhus agus sa saol eile mar an t-aon rud riachtanach. N\u00ed m\u00f3r don ts\u00edoch\u00e1in agus don l\u00fach\u00e1ir seo maireacht\u00e1il taobh le taobh le laig\u00ed agus lochtanna san Eaglais mar institi\u00faid, agus leis an Eaglais ag f\u00f3gairt teachtaireacht shl\u00e1naithe Chr\u00edost i gc\u00fains\u00ed nua at\u00e1 ag s\u00edor-athr\u00fa. Is beannachta\u00ed \u00f3 Dhia iad na Bi\u00e1ide, at\u00e1 nasctha le r\u00edocht D\u00e9. Ach n\u00ed chuireann siad fadhbanna n\u00f3 fi\u00fa g\u00e9arlean\u00faint as an \u00e1ireamh. Gu\u00edmis nach dt\u00f3gadh laig\u00ed n\u00f3 lochtanna taobh istigh den Eaglais as don braithstint den fh\u00eds Chr\u00edosta\u00ed agus de phearsa Chr\u00edost, a thugann leo s\u00edoch\u00e1in agus l\u00fach\u00e1ir sa chreideamh, sa chreidi\u00faint.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC C\u00e9ad L\u00e9acht (Apacailipsis 7:2-4, 9-14). Ba sheo an mathshlua m\u00f3r narbh fh\u00e9idir d\u2019aon duine a chomhaireamh as &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":1,"featured_media":1080,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-2216","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2216","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/1"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=2216"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2216\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2219,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/2216\/revisions\/2219"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/media\/1080"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=2216"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=2216"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=2216"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}