{"id":227,"date":"2014-09-05T10:41:11","date_gmt":"2014-09-05T10:41:11","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=227"},"modified":"2014-09-05T10:41:11","modified_gmt":"2014-09-05T10:41:11","slug":"31-lunasa-2014-a-an-dara-domhnach-fichead-s","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=227","title":{"rendered":"31 L\u00fanasa 2014 (A) An Dara Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><b><span style=\"color: blue;\">31 L\u00fanasa<\/span><span style=\"color: blue;\"> 2014 (A) An Dara Domhnach Fichead Saor<\/span><\/b><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<li><i><span style=\"color: blue;\"><span>B.<\/span><\/span><\/i><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">: <i>Saor \u00f3n Dl\u00ed ach faoi Dhli Chr\u00edost.<\/i><\/span>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<\/li>\n<\/ol>\n<p><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Iarimi\u00e1 20:7-9). <i>T\u00e1 briathar an Tiarna tar eis \u00e9ir\u00ed ina mhasla dom. <\/i>Ag deireadh na hOcht mBeannachta\u00ed d\u00fairt \u00cdosa lena lucht lean\u00fana gur m\u00e9anar d\u00f3ibh nuair a thabharfa\u00ed aithis d\u00f3ibh agus a gh\u00e9arlean\u00fanfa\u00ed iad mar is mar sin a rinneadh g\u00e9arlean\u00faint ar na f\u00e1ithe a chuaigh rompu. Rinneadh g\u00e9arlean\u00faint ar \u00cdosa f\u00e9in, agus m\u00e1s amhlaidh gur rinneadh sin, d\u00e9anfar an rud c\u00e9anna ar a lucht lean\u00fana, d\u00fairt s\u00e9. Tugann c\u00e9ad l\u00e9acht seo an lae inniu sampla maith d\u00fainn ar a raibh le fulaingt ag f\u00e1idh amh\u00e1in le linn a sheirbh\u00eds do bhriathar D\u00e9. T\u00e1 an t-\u00e1dh linn san \u00e1bhar seo maidir le Iarimi\u00e1 f\u00e1idh de bhr\u00ed go bhfuil sa Leabhar faoin a ainm sa Bh\u00edobla roinnt de bheathaisn\u00e9is faoi, agus roinnt de dh\u00edrbheathaisn\u00e9is leis. Mar aon leis sin t\u00e1 s\u00e9 shliocht sa leabhar seo, ar a dtugtar \u201cFaoist\u00edni Iirimi\u00e1\u201d, ina labhra\u00edonn an f\u00e1idh go mac\u00e1nta, oscailte faoi fhadhbanna an chreidimh agus a fhadhbanna f\u00e9in. Ceann d\u00edobh sin sliocht an lae inniu. Roghnaigh Dia Iarimi\u00e1 mar fh\u00e1idh, chuir s\u00e9 a bhriathra ina bh\u00e9al agus sheol s\u00e9 amach \u00e9 le teachtaireacht d\u00edbheirge D\u00e9 a fh\u00f3gairt ar a phobal, go raibh cogadh agus anachain le teacht orthu. Curf\u00e1 d\u00e1 chuid san \u00e1bhar seo n\u00e1 \u201c\u00c9igean agus d\u00edobh\u00e1il\u201d. Rinne s\u00e9 tairngreachtai agus f\u00e1istin\u00ed \u00e9ags\u00fala faoi seo, ach n\u00edor f\u00edora\u00edodh iad. Bh\u00edodh an lucht \u00e9isteachta ag magadh faoi d\u00e1 bharr, agus de r\u00e9ir dealraimh tugtai mar leasainm air \u201cAn tUasal \u00c9igean agus D\u00edobh\u00e1il\u201d. Mhothaigh Iarimi\u00e1 seo go g\u00e9ar, agus sa sliocht seo d\u00e9anann s\u00e9 casaoid gh\u00e9ar le Dia gur bhuail Dia bob air, gur mheall s\u00e9 \u00e9, gur raibh Dia r\u00f3l\u00e1idir d\u00f3 agus Iarimi\u00e1 f\u00e9in r\u00f3shaonta. Thagadh an cath\u00fa chuige scoir d\u00e1 mhisean mar fh\u00e1idh, gan labhairt a thuilleadh in ainm D\u00e9. Ach go domhain istigh ann bh\u00ed br\u00fa nach ligfeadh d\u00f3 sin a dh\u00e9anamh. F\u00f3rsa mar thine istigh ann ab ea a ghairm \u00f3 Dhia mar fh\u00e1idh. D\u2019fhulaing Iarimi\u00e1 ina chro\u00ed istigh agus ina shaol mar fh\u00e1idh do bhriathar D\u00e9, ach sa deireadh thiar f\u00edora\u00edodh a fh\u00e1istin\u00ed. Agus t\u00e1 s\u00e9 ag labhairt linn i gc\u00f3na\u00ed ina Leabhar sa Bh\u00edobla agus mar fhigi\u00far de \u00cdosa f\u00e9in.<i>Salm le Freagra <\/i>(Salm 62[63]). <i>T\u00e1 iata tarta ar m\u2019anam chugat, a Thiarna, a Dhia liom.<\/i><\/span><\/p>\n<p><span style=\"position: absolute; z-index: 251657728; margin-left: 232px; margin-top: 1117px; width: 98px; height: 98px;\"><\/span><i><span>Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span>(R\u00f3mh\u00e1naigh 12:1-2). <i>D\u00e9anaig\u00ed sibh f\u00e9in a thoirbhirt do Dhia in bhur n-\u00edobairt bheo. <\/i>Sa ch\u00e9ad chuid d\u00e1 litir chuig na R\u00f3mh\u00e1naigh bh\u00ed P\u00f3l ag tabhairt teagaisc faoin bheatha nua tr\u00ed Chr\u00edost, tr\u00ed fh\u00edr\u00e9antacht tr\u00edd an creideamh i gCr\u00edost, tr\u00edd an gr\u00e1sta, seachas tr\u00ed chleachtadh dhl\u00ed Mhaoise. Ach beatha bheo Chr\u00edosta\u00ed a bh\u00ed mar aidhm ar p\u00e9 teagasc a thug P\u00f3l agus is aitheasc don bheatha sin at\u00e1 le f\u00e1il i gcaibidil dheiridh na litreach seo (12-16), ag tos\u00fa le sliocht an lae inniu, a mbeidh codanna de a l\u00e9amh againn sna tr\u00ed Dhomhnach seo romhainn amach. Tosa\u00edonn P\u00f3l le briathra l\u00e1idre. Imp\u00edonn s\u00e9 ar na R\u00f3mh\u00e1naigh as ucht tr\u00f3caire D\u00e9. N\u00edor bhunaigh P\u00f3l eaglais na R\u00f3imhe ach mheabhraigh s\u00e9 d\u00f3ibh i dt\u00fas na litre go bhfuair s\u00e9 tr\u00ed ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost gr\u00e1sta an aspail chun g\u00e9illsine an chreidimh a leathadh ar son a ainm i measc na n\u00e1isi\u00fan uile. Fuair Cr\u00edost b\u00e1s agus d\u2019ais\u00e9irigh chun beatha nua inmhe\u00e1nach a thabhairt don duine aonair agus tr\u00edd sin don domhan f\u00e9in. Leanann as sin aitheasc chun beatha \u00far. Imp\u00edonn P\u00f3l tr\u00ed throcaire D\u00e9. Bun agus barr gach a bhfuil i gcreideamh Chr\u00edost agus i dteagasc Ph\u00f3il n\u00e1 tr\u00f3caire D\u00e9. Bh\u00ed \u00edobairt\u00ed ag na Gi\u00fadaigh sa Teampall agus freisin ag na pag\u00e1naigh, \u00edobairt\u00ed de ainmh\u00edthe m\u00edr\u00e9as\u00fanta. \u00cdobairt de shaghas eile a bheadh ag an Cr\u00edosta\u00edthe: iad f\u00e9in, a gcoirp i gciall Ph\u00f3il den fhocal, ach iad f\u00e9in mar \u00edobairt bheo, naofa, thaitneamhach, le beatha i ghr\u00e1sta D\u00e9, de r\u00e9ir theagasc agus shampla Chr\u00edost. Sin an t-adhradh f\u00edor spiorad\u00e1lta is dual do Chr\u00edosta\u00ed. Leagtar b\u00e9im air sin in \u00e1iteanna eile sa Tiomna Nua. Is Teampall \u00ed an Eaglais, teach spiorad\u00e1lta. Is sagartacht naofa na creidmhigh le \u00edobairti spiorad\u00e1lta taitneamhacha a ofr\u00e1il, is \u00e9 sin le r\u00e1 beatha Chr\u00edosta\u00ed le dea-ghn\u00edomthartha. Labhair na Gi\u00fadaigh faoin saol seo agus an saol eile. Don Chr\u00edosta\u00ed bh\u00ed, agus t\u00e1, dh\u00e1 shaol ann: an saol faoi Chr\u00edost agus an saol gan l\u00f3chrann an chreidimh. Ceist mh\u00f3r a bh\u00ed ann do Ph\u00f3l, agus do Chr\u00edosta\u00edthe ina dhiaidh, n\u00e1 conas toil D\u00e9 a aithint. Tr\u00e1th d\u00e1 shaol bh\u00ed Dl\u00ed Mhaois agus traisisi\u00fan a chine a lean as ag P\u00f3l. Ach is \u00e9 a eascair as sin n\u00e1 an ph\u00e1irt a ghlac s\u00e9 i mb\u00e1s Stiof\u00e1in agus a gh\u00e9arlean\u00faint ar an luatheaglais. N\u00edorb ann do Dhl\u00ed Mhaois n\u00e1 a leith\u00e9id do Chriosta\u00edthe le aigne n\u00f3 toil D\u00e9 a aithint i ghn\u00e1th-ch\u00ad\u00fains\u00ed an tsaoil. An rud a bheadh l\u00e1rnach anseo n\u00e1 aigne a bheadh d\u00edrithe ar Chr\u00edost agus an soisc\u00e9al seachas meon reatha saolta. N\u00ed h\u00e9 go mbeadh easpa treoracha ann, agus saorchead ag an coinsias pr\u00edobh\u00e1ideach. Thug P\u00f3l al\u00e1n treoracha d\u00e1 chuid eaglais\u00ed, agus tabharfaidh s\u00e9 a thuilleadh do na R\u00f3mh\u00e1naigh sna caibidil a leanann seo. Ach gan an mhalairt mheoin ar a labhra\u00edonn P\u00f3l, t\u00e1 easpa sa choinsias Chr\u00edosta\u00ed at\u00e1 ag iarraidh aithint a chur ar thoil D\u00e9 d\u00f3.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Matha 16: 21-27). <i>M\u00e1s \u00e1il le haon duine bheith ar mo bhu\u00edon, s\u00e9anadh s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in. <\/i>Tagann an t\u00e9acs seo d\u00edreach tar \u00e9is do Pheadar, thar cheann na ndeisceabal, \u00cdosa a aithint go poibl\u00ed mar an Meisias, an Cr\u00edost. Bh\u00ed an baol ann go bhfeicf\u00ed ar \u00cdosa mar phearsa poiliti\u00fail, den saol seo. D\u00e9anann \u00cdosa soil\u00e9ir nach amhlaidh at\u00e1 maidir leis f\u00e9in n\u00e1 a lucht lean\u00fana. Fulaingt agus an b\u00e1s at\u00e1 i nd\u00e1n d\u00f3 f\u00e9in.Tugann s\u00e9 S\u00e1tan, agus ceap tuisle, ar Pheadar n\u00e1 ghlacann leis sin. Seasann Peadar do luachanna an tsaoil seo, smaointe daonna aige. Sin a d\u00fairt s\u00e9 le Peadar. Ansin d\u00edr\u00edonn \u00cdosa a theagasc ar a dheisceabail go l\u00e9ir, i dtosach b\u00e1ire leis an prionsabal ginear\u00e1lta nach m\u00f3r do dhuine ar mhian leis, n\u00f3 lei, teacht ina dhiaidh, \u00e9 a lean\u00faint, nach m\u00f3r don duine sin \u00e9 f\u00e9in a sh\u00e9anadh, a chrois a th\u00f3gaint suas agus \u00e9 a lean\u00faint. An chrois i gceist n\u00e1 an trasn\u00e1n, an b\u00edoma trasna den chrois, a mb\u00edodh ar an t\u00e9 le c\u00e9asadh a iompair. Baintear \u00fas\u00e1id as t\u00e9armai go meafarach anseo. Ionann \u00e9 f\u00e9in a sh\u00e9anadh agus beatha a chailli\u00faint le \u00ed a shaoradh, a fh\u00e1il thar nais. Leanann roinnt nathanna chun tabhairt ar dhaoine machnamh a dh\u00e9anamh ar fhi\u00fantas na beatha. An t\u00e9arma Gr\u00e9igeach, <i>psuche<\/i>, sa bhunleagan, bheadh \u00e9ags\u00falacht bhr\u00ed leis ag Gr\u00e9igigh agus Gi\u00fadaigh: an t-anam spiorad\u00e1lta n\u00f3 an bheatha, an duine, go hioml\u00e1n. D\u2019fh\u00e9adfadh an d\u00e1 bhr\u00ed a bheith leis sa t\u00e9acs seo. Tugann \u00cdosa rabhadh faoi f\u00e9in a chailli\u00faint go hioml\u00e1n, gur fi\u00fa go m\u00f3r an duine aonair n\u00e1 an domhan go l\u00e9ir. Ach n\u00edl an t-anam f\u00e1gtha as an \u00e1ireamh, mar is leir \u00f3n tagairt do theacht Mhac an Duine le breith a thabhairt. Le beatha cheart, iomlan, a bheith ag duine a leanann \u00cdosa, n\u00ed m\u00f3r d\u00f3 n\u00f3 d\u00ed machnamh a dh\u00e9anamh ar thuras \u00cdosa chun na croise.<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><i><span style=\"color: blue;\"><span>B.<\/span><\/span><\/i><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">: <i>Saor \u00f3n Dl\u00ed ach faoi Dhli Chr\u00edost.<\/i><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Ceist na bh\u00ed ann \u00f3 th\u00fas na Cr\u00edosta\u00edochta, agus at\u00e1 linn go f\u00f3ill, n\u00e1 an \u00e1it at\u00e1, n\u00f3 nach bhfuil, i dl\u00edthe seachtrachta, i noirm, i saol agus i gcoinsias an Chr\u00edosta\u00ed. Mha\u00edgh P\u00f3l gur chaith s\u00e9 uaidh Dl\u00ed Mhaois na nGi\u00fadach, gan idirdheal\u00fa a dh\u00e9anamh idir ghn\u00e9ithe \u00e9ags\u00fala den Dl\u00ed sin. Leag seisean, agus an Chr\u00edostaiocht go ginear\u00e1lta, b\u00e9im mh\u00f3r ar riachtanas agus gn\u00edomh\u00fa an Spioraid Naoimh i saol an chreidmhigh. Ach bh\u00ed an baol ann go measfa\u00ed nach raibh srian mor\u00e1lta a thuilleadh ar ghn\u00edomhartha an duine aonair. Agus ar uairibh g\u00e9illeadh don chath\u00fa sin. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">Ar nd\u00f3igh leag P\u00f3l agus an Eaglais chomh maith b\u00e9im ar thortha\u00ed an Spioraid, agus bh\u00ed teagasc Chr\u00edost ann faoi sh\u00e9anadh agus faoin chrois a iompair agus \u00e9 a lean\u00faint. Ach bh\u00ed an cheist ann i gc\u00f3na\u00ed faoin gceangal idir ghn\u00edomh\u00fa inmhe\u00e1nanch an Spioraid, an tsaoirse i gCr\u00edost, agus dl\u00edthe n\u00f3 noirm sheachtracha. Uair amh\u00e1in (1 Coirintigh 9:21) labhair P\u00f3l faoi bheith saor \u00f3n Dli (\u00f3 Dhl\u00ed Mhaois) ach bheith faoi Dhl\u00ed Chr\u00edost. Ach n\u00edl Dl\u00ed Chr\u00edost i bhfriotal, i scr\u00edbhinn bheacht. T\u00e1 s\u00e9 sna soisc\u00e9il, sna hOcht mBeannachtai, sa tSeanm\u00f3ir ar an Sliabh agus eile, agus i dtraidisi\u00fan<\/span><i><span style=\"color: blue;\"> <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">na hEaglaise. Is mor idir laethanta Chriost agus na luath-Eaglaise agus cult\u00far an lae inniu, \u00e1fach, agus n\u00ed fol\u00e1ir na c\u00fains\u00ed go l\u00e9ir a choime\u00e1d sa \u00e1ireamh. Ach le toil agus aigne D\u00e9 a aithint inniu n\u00ed fol\u00e1ir aird a thabhairt ar a d\u00fairt P\u00f3l leis na R\u00f3mh\u00e1naigh: gan bheith gafa le patr\u00fan n\u00f3 meon na haoise reatha ach aire a thabhairt don athnuachaint aigne sin is dual don Chr\u00edosta\u00ed.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>31 L\u00fanasa 2014 (A) An Dara Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-227","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/227","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=227"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/227\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=227"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=227"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=227"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}