{"id":230,"date":"2014-09-10T11:45:03","date_gmt":"2014-09-10T11:45:03","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=230"},"modified":"2014-09-10T11:45:03","modified_gmt":"2014-09-10T11:45:03","slug":"14-mean-fomhair-2014-a-ardu-na-croise-naofa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=230","title":{"rendered":"14 Me\u00e1n F\u00f3mhair 2014 (A) Ard\u00fa na Croise Naofa"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><b><span style=\"color: blue;\">14 Me\u00e1n F\u00f3mhair<\/span><span style=\"color: blue;\"> 2014 (A) Ard\u00fa na Croise Naofa<\/span><\/b><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">I liot\u00fairge an lae inniu ceili\u00faraimid f\u00e9ile de chuid an Tiarna, agus g\u00e9illeann<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">gn\u00e1th-liot\u00fairge an Domhnaigh t\u00fas \u00e1ite di, maidir leis na l\u00e9achta\u00ed agus eile. Thosaigh an fh\u00e9ile seo le com\u00f3radh thaispe\u00e1int croise, ar measadh gurb chrois ch\u00e9asta Chr\u00edost \u00ed, in Iar\u00fasail\u00e9im sa bhlian 629 tar \u00e9is \u00ed a fh\u00e1il thar nais \u00f3 na Peirsigh. Anois, ar nd\u00f3igh, is \u00e9 at\u00e1 san fh\u00e9ile n\u00e1 com\u00f3radh bliant\u00fail ar bhua Chr\u00edost tr\u00edna bh\u00e1s ar an gcrois, an t-ard\u00fa a th\u00e1inig d\u00f3 tr\u00edd an gcrois.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><b><i><span style=\"color: blue;\">B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">: <i>\u00cdosa Cr\u00edost beatha don domhan, beatha don duine aonair<\/i><\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Leabhar na nUimhreacha 21:4-9). <i>Aon duine a gcuireadh nathair cealg ann, d\u2019fh\u00e9achadh s\u00e9 ar an nathair chr\u00e9-umha agus mhaireadh. <\/i>Ina chomhth\u00e9acs sa Bh\u00edobla ba chuid de dheireadh aistear Iosrael san fh\u00e1sach chuig T\u00edr Tairgire an sliocht seo. Bhris ar an fhoighne ar Iosrael agus thosa\u00edodar ag casaoid in aghaidh D\u00e9 agus in aghaidh Mhaois de bharr an bhia agus an d\u00ed. Sampla eile \u00e9 seo den mhonabhar agus an chosaoid a rinne clann Iosrael san fh\u00e1sach, ach an babhta seo in aghaidh D\u00e9 chomh maith. Ghearr Dia pion\u00f3s orthu le nathracha tint\u00ed, nimhneacha, nimhi\u00fala, a bheadh com\u00f3nta sa taobh sin domhain an tr\u00e1th sin. T\u00e1 ar a laghad tr\u00edocha tr\u00ed gn\u00e9ithe \u00e9ags\u00fala de nathracha sa Phailist\u00edn, agus roinnt mhaith d\u00edobh sin nimhi\u00fail, nathracha nimhe. Sa Phailistin agus sa Mhe\u00e1n-Oirthear d\u2019fh\u00e9acadh ar an nathair mar neach diaga, n\u00f3 mar dhia, agus ba shiombail agus f\u00edoracha iad de neacha diaga, den olc agus den torth\u00faileacht. Mar fh\u00edoracha den torth\u00faileacht d\u2019fh\u00e9adfadh siad bheith mar shiombail chomh maith den bheatha agus sl\u00e1inte, agus i dtraidisi\u00fan na Gr\u00e9ige bh\u00ed dia na sl\u00e1inte Asklepios ann, a raibh an nathair mar shiombal aige, as ar th\u00e1inig siombal na nathrach, an caduceus, mar chomhartha suaitheantais an leighis inniu. Ach le filleadh ar th\u00e9acs an lae inniu \u2013 tar \u00e9is do na nathracha an chealg a chur iontu mar phion\u00f3s \u00f3 Dhia, th\u00e1inig aithr\u00ed ar phobal Iosrael agus d\u2019iarradar ar Mhaois idirghu\u00ed a dh\u00e9anamh le Dia ar a son. D\u00fairt Dia le Maois f\u00edor nathair tint\u00ed (nathair nimhe) chr\u00e9-umha a dh\u00e9anamh, f\u00edor den nathair a chuir cealg iontu agus \u00e9 a ard\u00fa ar chrann. Aon duine ar chuir nathair cealg ann, d\u2019fh\u00e9acadh s\u00e9 ar an nathair chr\u00e9-umha agus mhaireadh. Lean cuimhne na heachtra seo faoin nathair a leigheas i dtraidisi\u00fan Iosrael. In urna\u00ed chuig Dia d\u00fairt \u00fadar Leabhar na hEagna (16:7) faoi chomhartha seo na nathrach: \u201c\u00d3ir gach duine a thug a aghaidh ar an gcomhartha seo, n\u00ed tr\u00edd an rud a chonnaic s\u00e9 a s\u00e1bh\u00e1ileadh \u00e9, ach tr\u00edotsa, a Shl\u00e1naitheoir na n-uile\u201d. Roghna\u00edodh t\u00e9acs seo an tSeantiomna le dul le Soisc\u00e9al Aifreann an lae inniu ina dh\u00e9anann \u00cdosa tagairt dh\u00edreach d\u00f3.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 77[78]]). <i>N\u00e1 d\u00e9anaig\u00ed dearmad ar oibreacha D\u00e9.<\/i><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"position: absolute; z-index: 251657728; left: 0px; margin-left: 232px; margin-top: 1117px; width: 98px; height: 98px;\"><\/span><i><span>Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span>(Filipigh 2:6-11). <i>D\u2019\u00edsligh s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in. Sin \u00e9 an f\u00e1th ar ardaigh Dia \u00e9 os cionn c\u00e1ch. <\/i>Oireann an l\u00e9acht \u00e1irithe seo go bre\u00e1 do Fh\u00e9ile Ard\u00fa na <\/span><span>Croise mar go labhra\u00edonn s\u00e9, mar a dh\u00e9anann an fh\u00e9ile f\u00e9in, ar ard\u00fa Chr\u00edost tr\u00edna ais\u00e9iri agus a dheascabh\u00e1il go deasl\u00e1mh an Athar tar \u00e9is isli\u00fa agus c\u00e9asadh ar an gcrois. Ina h\u00e1it bhunaidh sa litir chuig na Filipigh, baineann P\u00f3l \u00fas\u00e1id as an iomann iomr\u00e1iteach seo lena aitheacs don eaglais sin a neart\u00fa faoi faoi mar ar ghlaodh orthu aithris a dh\u00e9anamh ar \u00cdosa. Molann s\u00e9 d\u00f3ibh bheith ar aon aigne le ch\u00e9ile, gan aon rud a dh\u00e9anamh le teann ioma\u00edochta n\u00e1 le teann gaisce, ach a mheas go huir\u00edseal gur fearr daoine eile n\u00e1 iad f\u00e9in, agus a bheith ar aon mheon le h\u00cdosa Cr\u00edost. Leagtar b\u00e9im san iomann ar uir\u00edsle agus uir\u00edsli\u00fa \u00cdosa, b\u00edodh go raibh an gradam diaga aige. B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil an iomann ag d\u00e9anamh codarsnacht idir \u00cdosa, an Dara \u00c1dhamh, agus an Ch\u00e9ad \u00c1dhamh. An Ch\u00e9ad \u00c1dhamh, b\u00edodh gur duine daonna \u00e9, gh\u00e9ill s\u00e9 don chath\u00fa bheith cos\u00fail le Dia. \u00cdosa, biodh go raibh s\u00e9 i gcl\u00f3 D\u00e9 (n\u00f3 in aistri\u00fach\u00e1n eile \u201can nad\u00far diaga aige \u00f3 bhun\u201d), d\u2019fhollmhaigh s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in le bheith i gcl\u00f3 an duine, cos\u00fail le c\u00e1ch, agus a bheith umhal go b\u00e1s. Cuirtear cr\u00edoch san iomann le ard\u00fa Chr\u00edost ag Dia os cionn c\u00e1ch, n\u00ed hamh\u00e1in ina aiseir\u00ed agus deascabh\u00e1il, ach ard\u00fa ar neamh agus ar talamh tr\u00edd an stair go hioml\u00e1n, le go ndearbh\u00f3dh gach teanga gurb \u00e9 \u00cdosa Cr\u00edost an Tiarna. Sin smaoineamh deas do fheile seo Ard\u00fa na Croise Naofa.<\/span><i><span style=\"color: black;\"><\/span><\/i><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><i><span style=\"color: black;\">An Soisc\u00e9al<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> (Eoin 3:13-17). <i>Caithfear Mac an Duine a ard\u00fa.<\/i> An l\u00e9acht seo is cuid de aitheasc fada \u00cdosa le Nicodaemas \u00ed. San aitheasc seo, agus in \u00e1iteanna eile i Soisc\u00e9al Eoin, d\u00e9anann \u00cdosa codarsnacht idir dh\u00e1 r\u00e9imse r\u00e9altachta \u2013 an ceann seo a fh\u00e9acaimid agus ceann eile neamha\u00ed n\u00edos airde n\u00e1 sin. Chomh maith leis sin, sa sliocht seo, agus in \u00e1iteanna eile sa Soisc\u00e9al seo, baintear feidhm as t\u00e9arma\u00ed a fh\u00e9adfadh tagairt a bheith acu do dh\u00e1 \u00e1bhar, ceann le tagairt do ch\u00farsa\u00ed an tsaoil seo agus tagairt eile do r\u00e9altacht n\u00edos airde. Ceann de na t\u00e9arma\u00ed sin na \u201card\u00fa\u201d \u2013 ard\u00fa na nathrach san fh\u00e1sach agus ard\u00fa \u00cdosa ar an gcrois. Nuair a thuigtear an t\u00e9arma seo \u201card\u00fa\u201d ina ch\u00falra Aramaise, agus sa soisc\u00e9al seo, d\u2019fh\u00e9adfadh an bhr\u00ed \u201c(an saol seo) a fh\u00e1gaint\u201d, \u201cb\u00e1s a fh\u00e1il\u201d a bheith leis, agus i ndiagacht Eoin sa Soisc\u00e9al seo ionann Cr\u00edost a ard\u00fa ar an gCrois agus a ghl\u00f3iri\u00fa, gl\u00f3iri\u00fa san ais\u00e9ir\u00ed agus deascabh\u00e1il go deasl\u00e1mh an Athar, mar an Cr\u00edost ais\u00e9irithe. D\u00e9anann Cr\u00edost tagairt don eachtra faoi ard\u00fa na nathrach cr\u00e9-umha san fh\u00e1sach, a bh\u00ed mar ch\u00e9ad l\u00e9acht againn. Leagann \u00cdosa b\u00e9im ar an fhirinne gurb \u00e9 f\u00e9in Mac D\u00e9 ar neamh \u00f3n s\u00edora\u00edocht anall a th\u00e1inig \u00f3 neamh anuas san ioncoll\u00fa, ach at\u00e1 i gc\u00f3na\u00ed ar <a href=\"mailto:neamh.Th@ainig\"><span style=\"color: black; text-decoration: none;\">neamh.Th\u00e1inig<\/span><\/a> s\u00e9 de r\u00e9ir phlean an Athar le b\u00e1s a fh\u00e1il ar an gcrois (\u201cle bheith ardaithe\u201d), chun an bheatha sh\u00edora\u00ed, beatha abhus agus ar neamh, a thabhairt do gach duine a chreideann ann. Cuirtear b\u00e9im ar ghr\u00e1 D\u00e9 don domhan. N\u00ed chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go sl\u00e1n\u00f3fa\u00ed an saol tr\u00edd.<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><i><span style=\"color: blue;\"><span>B.<\/span><\/span><\/i><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">: <i>\u00cdosa Cr\u00edost beatha don domhan, beatha don duine aonair.<\/i><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">T\u00e1 dh\u00e1 cheacht le foghlaim \u00f3 l\u00e9achta\u00ed an lae inniu maidir le agallamh le ceisteanna an lae. I bhF\u00e9ile Ard\u00fa seo na Croise t\u00e1 \u00cdosa ag cainnt linn in gc\u00f3na\u00ed. Ach is \u00f3n gCrois \u00e9. ardaithe ann mar nathair nimhe an fh\u00e1saigh. T\u00e1 an ch\u00e9ad teachtaireacht d\u00edrithe aige ar na creidmhigh, ar gach duine a chreideann ann, go mbeidh an bheatha sh\u00edora\u00ed acu. Ansin d\u00edreach ina dhiaidh sin t\u00e1 teachtaireacht d\u00edrithe ar an domhan: Ghr\u00e1igh Dia an domhan chomh m\u00f3r sin gur thug s\u00e9 a Aonghin Mic uaidh, n\u00ed chun daorbhreith a thabhairt ar an domhan ach cun go sl\u00e1n\u00f3fa\u00ed an domhan tr\u00edd. Th\u00e1inig \u00cdosa chun an bheatha a thabhairt agus \u00ed a thabhairt go fial.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><span>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>Is beatha don domhan, don saol, \u00e9 Cr\u00edost. N\u00ed forl\u00e1mhas at\u00e1 i gceist ach an bheatha is dual do chlann mhac agus clann in\u00edonacha D\u00e9. N\u00edor ghlac a mhuintir f\u00e9in i saol a linne le Cr\u00edost n\u00e1 leis an teachtaireacht sin, agus is mar an gc\u00e9anna m\u00f3r\u00e1n le saol \u00e1r linne f\u00e9in. N\u00ed g\u00e1 d\u00fainn dul go domhain isteach sa sc\u00e9al seo anseo. T\u00e1 sin d\u00e9anta i Machnamh an Domhnaigh seo caite: \u201c<i>An Chr\u00edostaiocht agus anam an phobail<\/i>\u201d.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><span>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span>Is beatha \u00cdosa don duine aonair. \u00c1bhar machnaimh d\u00fainn na laethanta seo n\u00e1 an m\u00e9id daoine \u00f3ga, fireann ach go h\u00e1irithe, a mhotha\u00edonn fol\u00fas ina saol, nach bhfaigheann br\u00ed sa bheatha agus a chuireann l\u00e1mh ina mb\u00e1s f\u00e9in. Bheadh s\u00e9 doiligh fios f\u00e1tha na faidhbe seo a aimsi\u00fa, ach is cinnte gur toil le h\u00cdosa teacht ar r\u00e9iteach, agus go nd\u00e9anaimis gach iarracht i liot\u00fairge an Domhnaigh agus I sl\u00edte eile an teachtaireacht a chur trasna don aos \u00f3g agus eile go bhfuil br\u00ed agus ciall sa bheatha, agus \u00e9ifeacht sa Chr\u00edosta\u00edocht, i gcreideamh Chr\u00edost, br\u00ed agus suaimhneas aigne agus anama a thabhairt.<\/span><b><span style=\"color: blue;\"> <\/span><\/b><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>14 Me\u00e1n F\u00f3mhair 2014 (A) Ard\u00fa na Croise Naofa Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-230","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/230","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=230"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/230\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=230"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=230"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=230"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}