{"id":244,"date":"2014-10-31T09:17:03","date_gmt":"2014-10-31T09:17:03","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=244"},"modified":"2014-10-31T09:17:03","modified_gmt":"2014-10-31T09:17:03","slug":"2-samhain-2014-a-cuimhneachan-na-bhfirean-uile-ata-marbh","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=244","title":{"rendered":"2 Samhain 2014 (A) Cuimhneach\u00e1n na bhF\u00edr\u00e9an Uile at\u00e1 Marbh"},"content":{"rendered":"<p><b><span style=\"color: blue;\">2 Samhain <\/span><span style=\"color: blue;\">2014 (A) Cuimhneach\u00e1n na bhF\u00edr\u00e9an Uile at\u00e1 Marbh<\/span><\/b><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span dir=\"LTR\"><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<li><i><span style=\"color: blue;\"><span>B.<\/span><\/span><\/i><span dir=\"LTR\"><\/span><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">: <i>Br\u00f3n agus Bua ar an mB\u00e1s. Na hAnamacha sa Phurgad\u00f3ir i L\u00e1thair D\u00e9<\/i><\/span><\/li>\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span dir=\"LTR\"><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(\u00cdse\u00e1ia 25:6-9). <i>Cuirfidh s\u00e9 an b\u00e1s ar ceal go deo.<\/i><\/span><i><span style=\"color: black;\"> <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Sa leabhar ar a dtugaimidne Leabhar \u00cdse\u00e1ia air t\u00e1 f\u00e1istin\u00ed agus baili\u00fach\u00e1in \u00e9ags\u00fala de fh\u00e1istin\u00ed. Ceann d\u00edobh sin an baili\u00fachan sna caibidil 24-27 ar a dtugtar de ghn\u00e1th \u201cApacailipsis \u00cdse\u00e1ia\u201d, toisc go dt\u00e9ann a bhfuil iontu thar ch\u00farsa\u00ed reatha go heachtra\u00ed deiridh an tsaoil agus go bua agus breithi\u00fanas deiridh D\u00e9. Idir an chur s\u00edos ar eachtra\u00ed t\u00e1 achain\u00ed agus sailm mholta D\u00e9 le f\u00e1il ann. N\u00edl an teideal Apacailipsis beacht ar fad, ach t\u00e1 gn\u00e9ithe den se\u00e1nra seo litr\u00edochta le f\u00e1il ann, a bheadh com\u00f3nta n\u00edos d\u00e9anai i Leabhar Dain\u00e9il, <\/span>Zachairias 9-14, Leabhar apacraf\u00fail Eineoc, agus <span style=\"color: black;\">Apacailipsis Eoin sa Tiomna Nua. Meastar nach f\u00e9idir le Apacailipsis \u00cdse\u00e1ia bheith n\u00edos sine n\u00e1 an c\u00faigi\u00fa c\u00e9ad roimh Chr\u00edost. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 gur thug briathar D\u00e9 sna m\u00edreanna \u00e9ags\u00fala den bhaili\u00fach\u00e1n seo treoir agus uchtach do phobal Iosrael sa tr\u00e9imhse iar-dheora\u00edochta.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Sna m\u00edreanna d\u00edreach roimh cheann an lae inniu cuirtear s\u00edos ar threascairt an domhain tr\u00ed neart D\u00e9, agus ansin ar fhoilsi\u00fa D\u00e9, Tiarna na Slua, mar r\u00ed ar Chnoc S\u00ed\u00f3n tar \u00e9is d\u00f3 a naimhde, sluaite na sp\u00e9ire sa sp\u00e9ir, agus r\u00edthe na tal\u00fan ar talamh, a chlo\u00ed. Ansin beidh Tiarna na Slua mar r\u00ed in Iar\u00fasail\u00e9im, agus foilseofar a ghl\u00f3ir i l\u00e1thair a shean\u00f3ir\u00ed. Ina dhiaidh sin leanann iomann mholta De de bharr na n-\u00e9achta\u00ed a rinne s\u00e9. I bhfriotal apacailipteach deirtear gur leag s\u00e9 cathracha m\u00f3rch\u00faiseacha, danartha, nach luaitear a n-ainmneacha, agus gur tearmann Dia f\u00e9in don dear\u00f3il, d\u00eddean \u00f3n stoirm agus sc\u00e1th \u00f3n teas.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Ina dhiadh sin leanann sliocht an lae inniu, f\u00f3s i bhfriotal apacailipteach. T\u00e1 Dia le r\u00e9 nua a thabhairt isteach don domhan m\u00f3r. T\u00e1 s\u00e9 le f\u00e9ile, f\u00e9asta, fle\u00e1, c\u00f3isir, a ullmh\u00fa, le togha gach bia agus rogha gach d\u00ed, c\u00f3isir de fheoil shaillte, agus de rogha na bhf\u00edonta. Agus sin le haghaidh na gcin\u00edocha go l\u00e9ir.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Ag lean\u00faint leis an bhfriotal apacailipteach, samhla\u00edotar na cin\u00edocha uile bheith marbh, ar Chnoc S\u00ed\u00f3n (\u201car an sliabh seo\u201d), iad cl\u00fadaithe le brat na marbh, faoi chaille, fial, an bhr\u00f3in agus t\u00e1 eisl\u00e9ine (taisl\u00e9ine) \u00e1 bhfolach. <\/span><span style=\"color: black;\">T\u00e1 an bua ag an mbas ar na cin\u00edocha, na n\u00e1isi\u00fain, uile. Ach is \u00e9 namhaid D\u00e9 an B\u00e1s agus t\u00e1 Dia leis an B\u00e1s a chur ar ceal go deo, agus na deora a th\u00e9ann leis a thriomadh. T\u00f3gfaidh s\u00e9 an tarcuisne, an mille\u00e1n, d\u00e1 phobal Iosrael agus den domhan uile. N\u00ed deirtear linn c\u00e9rb \u00e9 an tarcuisne n\u00f3 mille\u00e1n sin, ach sa r\u00e9 nua seo beidh deireadh leis. Cuirtear seo go l\u00e9ir i l\u00e1thair mar bhriathar D\u00e9. \u201cIs \u00e9 an Tiarna a d\u00fairt\u201d. <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Leanann gairdeas an phobail ar an bhf\u00eds sin. Is leis seo go l\u00e9ir a bhiodar ag dr\u00e9im, agus feictear l\u00e1mh an Tiarna ag lonn\u00fa ar Chnoc S\u00ed\u00f3n, \u201can Sliabh seo\u201d.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">N\u00edl aon tagairt don Meisias sa t\u00e9acs seo, mar is dual do th\u00e9acs \u00f3n ch\u00faigi\u00fa c\u00e9ad roimh Chr\u00edost. Ach is faoi r\u00edocht D\u00e9 \u00e9, agus n\u00edos d\u00e9ana\u00ed i measc na nGi\u00fadach dearcadh air bheith ag tagairt don Mheisias, agus mar ch\u00f3isir an Mheisias. Agus is mar sin at\u00e1 s\u00e9 mar ch\u00falra do shoisc\u00e9al an lae inniu<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 26[27]). <i>Is \u00e9 an Tiarna mo sholas agus mo shl\u00e1n\u00fa<\/i><\/span><span style=\"color: black;\"><\/span><\/p>\n<p><span style=\"position: absolute; z-index: 251657728; margin-left: 232px; margin-top: 1117px; width: 98px; height: 98px;\"><\/span><i><span>Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span>(R\u00f3mh\u00e1naigh 5:5-11). <i>\u00d3 t\u00e1imid f\u00edr\u00e9anaithe anois tr\u00edna chuid fola, nach m\u00f3ide go m\u00f3r go saorfar sinn tr\u00edd \u00f3 fhearg D\u00e9?<\/i> Sa chaibideal d\u00edreach roimh an ceann seo leag P\u00f3l b\u00e9im ar an mbun-fh\u00edrinne go bhf\u00edr\u00e9ana\u00edotar an duine, go nd\u00e9antar cara D\u00e9 de, n\u00ed tr\u00ed oibreacha seachtracha ach tr\u00ed chreideamh i gCr\u00edost, tr\u00ed ghr\u00e1sta D\u00e9. As sin leanann cur s\u00edos ar an slan\u00fa at\u00e1 in \u00e1irithe d\u00fainn, agus an d\u00f3chas deimhin de sin ar a bhfuil tr\u00e1cht air sa l\u00e9acht seo. D\u00edreach roimh l\u00e9acht an lae inniu scr\u00edobh P\u00f3l: \u00c1bhar m\u00f3r\u00e1la d\u00fainn is ea an d\u00f3chas go bhfuil gl\u00f3ir D\u00e9 i nd\u00e1n d\u00fainn. Agus cabhra\u00edonn deacrachta\u00ed an tsaoil seo leis an d\u00f3chas sin a dh\u00e9anamh deimhin. As \u00e1r dtriobl\u00f3id\u00ed tagann foighne, agus d\u00edongbh\u00e1ilteacht \u00f3n bhfoighne, agus d\u00f3chas \u00f3n d\u00edongbh\u00e1ilteacht. Ansin leanann l\u00e9acht an lae inniu ag meabhr\u00fa nach gcliseann an d\u00f3chas sin, agus bun\u00fas maith leis sin: gr\u00e1 D\u00e9, an Spiorad Naomh a tugadh mar bhronntanas d\u00fainn, b\u00e1s \u00cdosa ar son na bpeaca\u00ed agus na bpeacach, agus athmhuintearas bunaithe idir sinn agus Dia le b\u00e1s Chr\u00edost. Bh\u00ed P\u00f3l thar a bheith dian agus c\u00e1inteach ar mhor\u00e1lacht as oibreacha daonna mar bhun\u00fas do shl\u00e1n\u00fa. Ach is f\u00e9idir le creidmhigh bheith m\u00f3r\u00e1lach as f\u00edrinne eile: as Dia tr\u00ed \u00cdosa Cr\u00edost a ghn\u00f3thaigh an t-athmhuintearas d\u00fainn.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">An <i>Soisc\u00e9al<\/i> (Matha 11:25-30). <i>Cheil t\u00fa na nithe ar lucht eagna agus \u00e9irime agus mar a d\u2019fhoilsigh t\u00fa do naionain iad. <\/i>Soisc\u00e9al an lae inniu is l\u00e9iri\u00fa grinn \u00e9 ar r\u00fandhiamhair Chr\u00edost, agus sin i mbriathra Chr\u00edost f\u00e9in. T\u00e1 s\u00e9 an-ch\u00f3ngarach don chur i l\u00e1thair faoi Chr\u00edost at\u00e1 ag Eoin sa Cheathr\u00fa Soisc\u00e9al. Foilsi\u00fa r\u00fandiamhair Chr\u00edost, agus gaol \u00cdosa leis an Athair at\u00e1 ann, agus is fi\u00fa an sliocht a shu\u00edomh ina chomhth\u00e9asc sa Soisc\u00e9al f\u00e9in. N\u00ed raibh s\u00e9 \u00e9asca ag Eoin Baiste fi\u00fa \u00cdosa agus a mhodh oibre a thuiscint. Bh\u00ed Eoin Baiste ag f\u00f3gairt aithr\u00ed agus d\u00edbheirg D\u00e9 le teacht ar na peacaigh, ach bh\u00ed \u00cdosa ceansa cairdi\u00fail leo. \u00d3n charcar, mar a raibh s\u00e9 i mbraighdeanas, chuir Eoin teachtair\u00ed chuig \u00cdosa lena fhiafra\u00ed de arb \u00e9 dair\u00edre and T\u00e9 a bh\u00ed le teacht. Tr\u00ed thagairt\u00ed do fh\u00e1istin\u00ed cu\u00ed thug \u00cdosa freagra, agus mar fhoirceann air d\u00fairt s\u00e9: \u201cIs m\u00e9anar don t\u00e9 nach ceap tuisle d\u00f3 mise\u201d, b\u00edodh n\u00e1r \u00e9irigh de shliocht na mban duine n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 Eoin Baiste. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 gur thug sin m\u00e9ad\u00fa ar chreideamh Eoin Baiste ar r\u00fandiamhair \u00cdosa. Ach n\u00edor chreid na cathracha ina rinne s\u00e9 an chuid is m\u00f3 d\u00e1 mhior\u00failt\u00ed iontu in \u00cdosa \u2013 Corazain, B\u00e9atsaidean agus Cafarn\u00e1um, cathracha gur thug \u00cdosa achas\u00e1n d\u00f3ibh. Tugann sin go dt\u00ed an t\u00e9acs seo Airinn an lae inniu sinn ina dh\u00e9antar soil\u00e9ir gur g\u00e1 an creideamh, agus aigne linbh, le r\u00fandiamhair \u00cdosa agus a ghaol leis an Athair a chreidi\u00faint n\u00f3 a thuiscint.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Toisc go bhfuil tr\u00e1cht le bheith ag \u00cdosa ar fhoilsi\u00fa na r\u00fandiamhaire, beireann s\u00e9 bu\u00edochas leis an Athair d\u00e1 bharr sin, de bharr gur cheil s\u00e9 \u00e1bhar na r\u00fandiamhaire ar lucht eagna agus \u00e9irime agus gur fhoilsigh s\u00e9 do naoin\u00e1in iad. Is comhmth\u00e9acs apacailipteach at\u00e1 again. Faoi mar n\u00e1r \u00e9irigh le sao\u00edthe na Beabal\u00f3ine, draoithe n\u00f3 asarlaithe taibhrimh an r\u00ed Nad\u00facadn\u00e1zar a mh\u00edn\u00edu ach gur fhoilsigh Dia a mbr\u00ed do Dain\u00e9il \u00e9, mar an gc\u00e9anna do lucht eagna agus \u00e9irime gan creideamh. N\u00ed nao\u00edn\u00e1in n\u00f3 leana\u00ed sa chiall seo againne at\u00e1 i gceist. N\u00ed raibh a leith\u00e9id\u00ed i measc lucht \u00e9isteachta n\u00f3 lucht lean\u00fana \u00cdosa, n\u00f3 sa luath-eaglais. Deisceabail \u00cdosa at\u00e1 i gceist. I dt\u00e9acs eile tugann \u00cdosa \u201cmiondaoine\u201d, \u201cdaoine beaga\u201d, \u201cdaoine den mhuintir bheag\u201d orthu (Matha 10:42).<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Mar fhoirceann d\u00e1 nd\u00fairt s\u00e9 faoi fhoilsi\u00fa na r\u00fandiamhaire, i Soisc\u00e9al Matha tugann \u00cdosa cuireadh teacht chuige le faoiseamh a fh\u00e1il. Tagtar go h\u00cdosa, ar nd\u00f3igh, le creideamh ann f\u00e9in agus sa r\u00fandiamhair maidir leis an ghaol idir \u00e9 f\u00e9in agus an Athair, gaol a roinneann s\u00e9 go fial le creidmhigh. D\u2019fh\u00e9ach traidisi\u00fan eagna na nGi\u00fadach ar Dl\u00ed Maois mar chuing, n\u00ed sa chiall gur daoirse \u00e9 ach gur thug s\u00e9, i chiall leathan an fhocail, treoir don bheatha dhaonna. Labhra\u00edonn \u00cdosa ar a phearsa agus ar a theagasc mar chuing, agus air f\u00e9in, i sl\u00ed mar mh\u00e1istir scoile, m\u00e1istir at\u00e1 ceansa agus umhail. Is l\u00e9ir an meid sin \u00f3na bheatha phoibl\u00ed, agus a chaidreamh le peacaigh agus daoine san imeall. Deir s\u00e9 go bhfuil a chuing so-iompair agus a ualach \u00e9adrom. <\/span><span style=\"color: black;\">T\u00e1 seo le tuiscint i gc\u00falra an chreidimh agus r\u00fandiamhair phearsa \u00cdosa. D\u00f3ibh si\u00fad nach bhfuil creideamh acu, agus aithne phearsanta ar \u00cdosa, is trom agus do-iompair an chuing sin. \u00c1bhar machnaimh d\u00fainn anseo.<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><i><span style=\"color: blue;\"><span>B.<\/span><\/span><\/i><span dir=\"LTR\"><\/span><b><i><span style=\"color: blue;\">Machnamh agus an B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">: <i>Br\u00f3n agus Bua ar an mB\u00e1s. <\/i><\/span><i><span style=\"color: blue;\">Na hAnamacha sa Phurgad\u00f3ir i L\u00e1thair D\u00e9.<\/span><\/i><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Tugann an l\u00e1 at\u00e1 inniu againn, agus leachta\u00ed an liot\u00fairge, \u00e1bhar machnaimh ar fh\u00edrinn\u00ed faoi leith: bua \u00cdosa ar an mb\u00e1s agus deabh\u00f3id do na hanamacha sa phurgad\u00f3ir.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">Br\u00f3n agus bua ar an mB\u00e1s<\/span><\/i><span style=\"color: black;\">. \u00c1bhar br\u00f3in i gc\u00f3na\u00ed an b\u00e1s, b\u00e1s an duine aoinair, b\u00e1s gan ceannlitir agus an B\u00e1s ann f\u00e9in, B\u00e1s le ceannlitir, B\u00e1s mar chumhacht phearsantaithe. Is fuath le Dia an B\u00e1s, B\u00e1s le ceannlitir. Deir Leabhar na hEagna n\u00e1rbh \u00e9 Dia a chruthaigh an B\u00e1s, ach gur tr\u00ed \u00e9ad an diabail a th\u00e1inig ann d\u00f3. T\u00e1 an ch\u00e9ad l\u00e9acht inniu ag f\u00e9achaint ar aghaidh chuig an l\u00e1 ina chuirfidh Dia an B\u00e1s ar ceal, agus ina mbeidh r\u00e9 nua athmhuintearais idir Dhia agus an cine daonna.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">An Purgad\u00f3ir i gcreideamh na hEaglaise. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Is cuid de chreideamh na hEaglaise gur ann don Phurgad\u00f3ir, staid idirmhe\u00e1nach idir an bh\u00e1s agus gl\u00f3ir na bhflaitheas, radharc na Trion\u00f3ide, do na f\u00edr\u00e9in, iad sin a gheibheann b\u00e1s i ghrasta D\u00e9. T\u00e1 dh\u00e1 fh\u00edrinne bun\u00fasacha san alt creidimh seo: is ann don staid idirmhe\u00e1nach seo, agus is f\u00e9idir leis na creidmhigh lena mbeo sa saol seo teacht i gcabhair ar na hanamacha ann lena gcuid urnaithe, gn\u00edomhartha carthanachta agus eile. Is ioma\u00ed sin cur s\u00edos a bh\u00ed, agus at\u00e1, ar an staid idirmhe\u00e1nanach seo, ach n\u00ed m\u00f3r teora a chur leis an tsamhla\u00edoche san \u00e1bhar.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">Cairde D\u00e9 iad na hanamacha sa Phurgad\u00f3ir.<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> Is minic a chuirtear s\u00edos ar phianta na n-anamacha sa Phurgad\u00f3ir. Pian amh\u00e1in a bheadh acu n\u00e1 bheith feasach faoin easpa naofachta at\u00e1 acu, agus an g\u00e1 le glanadh \u00f3 na peaca\u00ed agus laig\u00ed daonna a bh\u00ed acu sula a leigfear isteach do radharc na Trion\u00f3ide iad. Is is cinnte gur m\u00f3r an s\u00f3las d\u00f3ibh go bhfuilid sl\u00e1naithe, i ngr\u00e1 D\u00e9, ag feitheamh le radharc na Trion\u00f3ide.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">R\u00fandiamhair ceilte ar lucht eagna agus eirime.<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> Sin mar ar chuir \u00cdosa f\u00e9in s\u00edos orthu si\u00fad n\u00e1r ghlac lena theachtaireacht. Scr\u00edobh P\u00f3l faoin \u00e1bhar c\u00e9anna. Is f\u00edor sin faoi r\u00fandiamnhair na hEaglaise f\u00e9in, inniu agus in aon aois. Is f\u00edor freisin faoi chreideamh sa saol eile, radharc na Trion\u00f3ide ar neamh, agus an Purgad\u00f3ir mar staid idirmhe\u00e1nach. Th\u00f3g s\u00e9 tr\u00e9imhse fhada i stair na hEaglaise le teacht ar an dteagasc faoi mar at\u00e1 s\u00e9 againn inniu, ach glacaimid le creideamh \u00e9 agus gu\u00edmid go rialta, agus i ngach Aifreann, ar son anamacha na marbh, agus i sl\u00ed faoi leith inniu i gCuimhneach\u00e1n seo na bhF\u00edr\u00e9an Uile at\u00e1 marbh.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>2 Samhain 2014 (A) Cuimhneach\u00e1n na bhF\u00edr\u00e9an Uile at\u00e1 Marbh Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-244","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/244","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=244"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/244\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=244"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=244"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=244"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}