{"id":245,"date":"2014-11-06T16:17:29","date_gmt":"2014-11-06T16:17:29","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=245"},"modified":"2014-11-06T16:17:29","modified_gmt":"2014-11-06T16:17:29","slug":"9-samhain-2014-a-coisreacan-bhaisleach-an-latarain","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=245","title":{"rendered":"9 Samhain 2014 (A) Coisreacan Bhaisleach an Latarain"},"content":{"rendered":"<h2>9 Samhain 2014 (A) Coisreacan Bhaisleach an Latarain<br \/>Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<br \/>leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/h2>\n<h3>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<br \/>B. An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Teampall D\u00e9 an Eaglais, sinne, agus is naofa an teampall sin.<br \/>A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/h3>\n<p>C\u00e9ad L\u00e9acht (Ez\u00edc\u00e9al 47:1-2, 8-9, 12). Bh\u00ed uisce ag sceitheadh soir amach faoi bhun thairseach an Teampaill.&nbsp; Sagart agus f\u00e1idh ab ea Ez\u00edc\u00e9al, agus is d\u00f3cha go raibh s\u00e9 ag feidhmi\u00fa sa Teampall in Iar\u00fasail\u00e9im sul ar tugadh mar dheora\u00ed chuig an Bhaibeal\u00f3in \u00e9 sa bhliain 597 roimh Chr\u00edost. Bh\u00ed an Teampall, agus naofacht D\u00e9 ar sheas s\u00e9 d\u00ed, l\u00e1rnach do mheon agus spiorad\u00e1ltacht Ez\u00edc\u00e9al.&nbsp; I gcro\u00edl\u00e1r chreideamh Iosrael bh\u00ed l\u00e1ithreacht D\u00e9, an tuiscint go raibh Dia Uilechumhachtach i gcaidreamh leo mar phobal, i l\u00e1thair d\u00f3ibh. Bh\u00ed s\u00e9 i l\u00e1thair ina bhriathar sa chonradh agus tr\u00ed na f\u00e1ithe. Bh\u00ed s\u00e9 i l\u00e1thair i shl\u00ed faoi faoi leith sa Taibearnacal, sa bhoth agus sa Teampall, i l\u00e1thair sa teampall san \u00c1it R\u00f3-Naofa. N\u00ed fh\u00e9adfa\u00ed l\u00e1ithreacht D\u00e9 a scaradh \u00f3 naofacht agus gach a d\u00fairt an focal seo. Bh\u00ed a ghl\u00f3ir ag lonn\u00fa sa Teampall, agus ionann gl\u00f3ir D\u00e9 agus a naofacht agus a l\u00e1ithreacht lena phobal. Bh\u00ed baol ag baint le rud tadhaill mar an Teampall agus l\u00e1ithreacht agus gl\u00f3ir&nbsp; Dh\u00e9 dhofheicthe, baol ar cuireadh Iosrael san airdeal faoi sa Bh\u00edobla. Bhain an Teampall leis an r\u00ed, le poilit\u00edocht chomh maith le adhradh D\u00e9. Ba ch\u00f3ir go mbeadh an Teampall mar chomhartha do naofacht D\u00e9, ach n\u00ed g\u00e1 gur mar sin a bh\u00ed i gc\u00f3na\u00ed. Le linn ne tr\u00e9imhse deiridh roimh threascairt na cathrach bh\u00ed br\u00fa ag teacht go l\u00e1idir \u00f3n phag\u00e1ntacht. Sa Bhaibeal\u00f3in d\u00f3 le sean\u00f3ir\u00ed I\u00fada thug Spiorad D\u00e9 Ez\u00edc\u00e9al i bhf\u00eds&nbsp; le c\u00farsa\u00ed sa Teampall a fheiscint. Bh\u00ed an Teampall truaillithe ar fad, le scr\u00ednte fi\u00fa do dh\u00e9ithe br\u00e9ige istigh ann, le adhradh an d\u00e9 Osiris, an d\u00e9 Sum\u00e9ra-Acadach na Measpat\u00e1ime Tamuz, agus dia \u00c9igipteach na gr\u00e9ine. N\u00ed fh\u00e9adfadh l\u00e1ithreacht D\u00e9, gl\u00f3ir D\u00e9,&nbsp; fan\u00faint i dTeampall mar sin. T\u00e9arma\u00ed l\u00e1rnacha i Leabhar an fh\u00e1idh seo n\u00e1 na focal \u201cgl\u00f3ir D\u00e9\u201d, Baineann s\u00e9 \u00fas\u00e1id astu naoi uair d\u00e9ag. Feicenn Ez\u00edc\u00e9al gl\u00f3ir D\u00e9 ag tr\u00e9igean an Teampaill agus ag gabh\u00e1il soir le bheith leis na deoraithe ss Bhaibealoin. Is as na deoraithe sin a eascr\u00f3idh pobal nua D\u00e9 sa Phailistin tar \u00e9is na deora\u00edochta. Tar \u00e9is threascairt Iar\u00fasail\u00e9im agus an Teampaill&nbsp; t\u00e1 f\u00eds eile ag an bhf\u00e1idh faoi phobal I\u00fada agus go m\u00f3r m\u00f3r an Teampall.&nbsp; T\u00e1 f\u00eds aige faoin dTeampall nua at\u00e1 le t\u00f3g\u00e1il agus gl\u00f3ir D\u00e9 ag filleadh ar an dTeampall sin. Is cuid den fh\u00eds seo l\u00e9acht an lae inniu agus an fh\u00e1istine faoin uisce ag sceitheadh amach \u00f3n Teampall, f\u00e1istine at\u00e1 ag teacht leis an gceann in I\u00f3\u00e9il 3:18, Zacairi\u00e1 14:8 agus Apacailipsis Eoin 22.&nbsp; N\u00ed m\u00f3r a bhfuil san fh\u00eds seo a ghlacadh go samhaltach. Beidh an t-uisce ag sceitheadh soir \u00f3n Teampall amach go dt\u00ed an Arab\u00e1, sin an gleann \u00f3 dheas den Mhuir Mharbh. Beidh s\u00e9 ag gabh\u00e1il tr\u00edd an fh\u00e1sach agus ag tabhairt toraidh leis i ngach \u00e1it.<br \/>T\u00e9ann an l\u00e9acht seo, an fh\u00e1istine seo, go bre\u00e1 le l\u00e9achta\u00ed agus liotuirge an lae inniu: \u00cdosa an Teampall nua agus is Teampall naofa D\u00e9 an eaglais.<br \/>Salm le Freagra (Salm 45[46]). Cuireann cais\u00ed na habhann l\u00fach\u00e1ir ar chathair D\u00e9, ionad naofa agus \u00e1ras c\u00f3naithe an Neach is Airde<br \/>Dara L\u00e9acht (1 Coirintigh 3:9-11, 16-17). Nach dtuigeann sibh, a bhr\u00e1ithre, gur teampall D\u00e9 sibh. Sa litir seo baineann P\u00f3l \u00fas\u00e1id as iomh\u00e1nna \u00e9ags\u00fala le n\u00e1d\u00far an phobail Chr\u00edosta\u00ed, n\u00e1d\u00far na heaglaise, a l\u00e9iriu. Ceann d\u00edobh n\u00e1 foirgneamh, an pobal sin agus an eaglais mar fhoirgneamh. F\u00edrinne thar a bheith soileir n\u00e1 gurb \u00e9 \u00cdosa Cr\u00edost bunsraith an fhoirgnimh. Is ar an mbunsraith sin, \u00cdosa Cr\u00edost, a th\u00f3gtar an foirgneamh, c\u00farsa ar ch\u00farsa, gl\u00fain tar \u00e9is gl\u00faine. Rinne P\u00f3l a chuid f\u00e9in ach mar dhuine, ardsaor, a thuig naofacht na heaglaise. Bh\u00ed an baol ann go nd\u00e9anfa\u00ed dearmad n\u00edos d\u00e9ana\u00ed ar an naofacht is dual don eaglais. T\u00e1 an eaglais naofa. Faoi mar a bh\u00ed gl\u00f3ir D\u00e9 ag lonn\u00fa sa Teampall in Iar\u00fasail\u00e9im, t\u00e1 Spiorad D\u00e9 ag lonn\u00fa i gCr\u00edostaithe, san Eaglais. Is foirgneamh D\u00e9, Teampall D\u00e9 iad Cr\u00edostaithe, agus t\u00e1 s\u00e9 thar a bheith tromch\u00faiseach dochar a dh\u00e9anamh don Eaglais, do Theampall, D\u00e9. Is tr\u00e1th\u00fail an rabhadh \u00e9 seo don Eaglais in aon aois.<\/p>\n<p>An Soisc\u00e9al (Eoin 2:13-22).&nbsp; Ach ar theampall a choirp a bh\u00ed s\u00e9 ag labhairt.&nbsp; T\u00e1 an ch\u00e9ad chuid den l\u00e9acht seo ag cur s\u00edos ar thuras \u00cdosa go dt\u00ed an Ch\u00e1isc agus an Teampall, ina raibh na sluaite bailithe agus \u00edobairti thar an ghn\u00e1th \u00e1 n-ofr\u00e1il. Do na h\u00edobairt\u00ed bheadh beith\u00edgh \u00e1 nd\u00edol, agus bheadh g\u00e1 le lucht airgid a mhalart\u00fa leis an airgead R\u00f3mh\u00e1nanch a mhalart\u00fa go hairgead Gi\u00fadach. Bh\u00ed an Teampall \u00e1 athtr\u00fa go margadh, rud tadhaill \u00e1 dh\u00e9anamh de Theampall gur ch\u00f3ir d\u00f3 bheith ina chomhartha agus ina shamhail de ghl\u00f3ir D\u00e9.&nbsp; Bh\u00ed aidhm an Teampaill caillte ar\u00eds agus thug sin ar \u00cdosa feidhmi\u00fa mar a rinne s\u00e9 \u2013 an duine m\u00edn s\u00e9imh ag cur an ruaig ar lucht d\u00edolta agus malarta. N\u00edos d\u00e9ana\u00ed, sa luatheaglais, thuig lucht lean\u00fana Chr\u00edost go raibh seo ag teacht le v\u00e9arsa de shalm (Salm 68[69]) inar chonacthas al\u00e1n f\u00e1istin\u00ed faoi \u00cdosa.<br \/>Mar fhreagra ar cheist na nGi\u00fadach faoi chomhartha, d\u2019fhreagair \u00cdosa go dt\u00f3gfadh s\u00e9 suas an Teampall, d\u00e1 leagfsa\u00ed \u00e9, i dtr\u00ed l\u00e1. Maidir le tagairt na nGi\u00fadach go raibh an Teampall \u00e1 thog\u00e1il s\u00e9 bliana agus daichead, c\u00f3iri\u00fa an Teampaill ag&nbsp; an R\u00ed H\u00e9ar\u00f3d sa bhliain 20-19 roimh Chr\u00edost at\u00e1 i gceist. Th\u00f3gadh sin go dt\u00ed an bhliain 27-28 sinn. Thuig na deisceabail tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost gur ar theampall a choirp a bh\u00ed \u00cdosa ag labhairt. Is \u00e9 an Teampall Nua \u00e9 corp Chr\u00edost ais\u00e9irithe, agus is \u00ed an Eaglais an Teampall sin.<br \/>B. Machnamh agus an B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Teampall D\u00e9 an Eaglais, sinne, agus is naofa an teampall sin.<br \/>T\u00e1&nbsp; ceachtanna simpl\u00ed ag l\u00e9achta\u00ed an lae inniu d\u00fainn. Is m\u00f3r an rud&nbsp; \u00e9 gur toil leis an Dia dofheicthe, Uilechumhachtach, teacht i gcaidreamh linn. Is \u00ed an naofacht f\u00e9in \u00e9&nbsp; agus n\u00ed m\u00f3r d\u00e1 phobal ar thalamh, ar an saol seo, bheith san airdeal gan dearmad a dh\u00e9anamh ar a thromch\u00faisi is at\u00e1 s\u00e9 ar ghairm na heaglaise chun naofachta. Is r\u00f3-easca do cheannair\u00ed na heaglaise, agus do bhaill na heaglaise, glacadh leis an eaglais mar&nbsp; eagras daonna, ina dtagaimid ar an saol agus ina mhairimid gan an gn\u00e9, an tomhas, osn\u00e1durtha di a choime\u00e1d os comhair \u00e1r s\u00fal. N\u00ed f\u00e9idir cur lena bhfuil sa dara l\u00e9acht agus sa soisc\u00e9al. Is \u00e9 teampall D\u00e9 an eaglais, sinne, agus t\u00e1 Spiorad D\u00e9 ag lonn\u00fa i&nbsp; gcro\u00edthe na bhf\u00edr\u00e9an. M\u00e1 dh\u00e9antar dearmad ar sin, agus m\u00e1 bh\u00edonn scannail san eaglais, nochfar iad ag Dia sa deireadh thiar.&nbsp; T\u00e1 an m\u00e9id sin \u00e1 fhoghlaim againn na laethanta seo.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>9 Samhain 2014 (A) Coisreacan Bhaisleach an LatarainFreagra don Chreideamh leis an mBioblaleis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00edB. An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-245","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/245","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=245"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/245\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=245"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=245"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=245"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}