{"id":250,"date":"2014-11-20T09:36:55","date_gmt":"2014-11-20T09:36:55","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=250"},"modified":"2014-11-20T09:36:55","modified_gmt":"2014-11-20T09:36:55","slug":"23-samhain-2014-a-solluntas-chriost-ri-na-nuile","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=250","title":{"rendered":"23 Samhain 2014 (A) Soll\u00fantas Chr\u00edost R\u00ed na nUile"},"content":{"rendered":"<p><b><span style=\"color: blue;\">23 Samhain <\/span><span style=\"color: blue;\">2014 (A) Soll\u00fantas Chr\u00edost R\u00ed na nUile<\/span><\/b><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span dir=\"LTR\"><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<li><i><span style=\"color: blue;\"><span>B.<\/span><\/span><\/i><span dir=\"LTR\"><\/span><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">: <\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><i><span style=\"color: black;\">R\u00e9amhr\u00e1 do Fh\u00e9ile Chr\u00edost R\u00ed <\/span><\/i><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">An P\u00e1pa Pius XI a bhunaigh an fh\u00e9ile seo in on\u00f3ir Chr\u00edost R\u00ed sa bhliain 1925<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">mar fhreagra ar an n\u00e1isi\u00fanachas agus an d\u00ed-eaglaisi\u00fa a bh\u00ed ag dul i dtreise san am. Rinneadh \u00ed a cheili\u00faradh i dtosach sa Domhnach deiridh de mh\u00ed Mhe\u00e1n F\u00f3mhair. Sa bhliain 1969 thug an P\u00e1pa P\u00f3l VI ainm nua don Fh\u00e9ile: \u201c(Soll\u00fantas) \u00c1r dTiarna \u00cdosa Cr\u00edost R\u00ed na nUile\u201d, agus chinntigh s\u00e9 d\u00e1ta nua freisin lena ceili\u00faradh: Domhnach deiridh bhliain an liot\u00fairge, tr\u00e1th le machnamh a dh\u00e9anamh ar r\u00edocht D\u00e9 agus r\u00edocht Chr\u00edost ar talamh, mar aon le plean sl\u00e1naithe D\u00e9 don chine daonna ag deireadh an tsaoil. Is ullmh\u00fa cu\u00ed an fh\u00e9ile seo chomh maith don Aidbhint, t\u00fas bhliain nua an liot\u00fairge.<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span dir=\"LTR\"><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Ez\u00edc\u00e9al 34:11-12, 15-17). <i>Maidir libhse, a thr\u00e9ad, tugaim breith idir caoirigh agus caoirigh. <\/i>T\u00e1 an l\u00e9acht seo bunaithe ar mheafar de Iosrael mar thr\u00e9ad agus ceannair\u00ed an phobail mar aoir\u00ed. Ba chom\u00f3nta go maith an tr\u00e1th sin san Neasoirthear an \u00edomh\u00e1 de dhia, de r\u00ed, n\u00f3 de cheannair\u00ed eile mar aoir\u00ed. T\u00e1 an t-\u00edomh\u00e1ineachas c\u00e9anna le f\u00e1il sa tSeantiomna, mar shampla Salm 2(23), a l\u00e9atar mar Shalm le freagra inniu, agus chomh maith Salm 94 (95):7, le tagairt don Tiarna Dia Iosrael, agus sa Tiomna Nua (an parabal faoin gcaora chaillte, Matha 18:12-14, agus \u00cdosa an t-Aoire F\u00f3nta, an Tr\u00e9ada\u00ed Maith, Eoin 10). T\u00e1 na h-\u00edomh\u00e1nna seo l\u00e1n de bhr\u00ed: ni bheadh na tr\u00e9ada r\u00f3-mh\u00f3r, agus d\u2019fh\u00e9adfadh an t-aoire iad a sti\u00faradh amach go f\u00e9arach nua mar ba gh\u00e1; dh\u00e9anfadh s\u00e9 iad a chosaint \u00f3na mict\u00edre, na madra\u00ed agus \u00f3 neacha foghlaigh eile. Bheadh aithne phearsanta aige orthu, agus dh\u00e9anfadh na caoirigh a ghuth a aithint. Leis na h\u00edomh\u00e1nna sin a thabhairt isteach i saol an phobail agus na polait\u00edochta, ba \u00e9 clann Iosrael an tr\u00e9ad agus agus ba iad na haoir\u00ed na r\u00edthe, na prionsa\u00ed, an lucht rialaithe, agus mar aon leo na sagairt agus na f\u00e1ithe. De bharr an neamhaire a rinneadh ar na caoirigh, scaipeadh pobal I\u00fada agus tugadh go braighdeanas na Baibeal\u00f3ine iad, \u00e1it a raibh an f\u00e1idh Ez\u00edc\u00e9al ag seanm\u00f3ireacht d\u00f3ibh. Deir Dia sa sliocht seo go bhfuil s\u00e9 f\u00e9in le teacht le bheith mar aoire acu, chun iad a thabhairt abhaile (go dt\u00ed an Phailist\u00edn) agus le c\u00faram faoi leith a thabhairt don chaora lag. T\u00e9ann s\u00e9 n\u00edos faide n\u00e1 sin. F\u00e9acfaidh Dia chuige go mbeidh r\u00e9 s\u00edoch\u00e1na agus chothram na F\u00e9inne idir bhaill uile an chomhluadair nua seo (\u201cidir caoirigh agus caoirigh\u201d), agus nach mbeidh cos ar bolg \u00e1 himirt ar bhaill laga an phobail (\u201cna caoirigh\u201d) ag dream an nirt (\u201creith\u00ed agus gabhair fhirinn\u201d). Tugann t\u00e9acs a leanann an ceann seo (nach l\u00e9itear inniu) br\u00ed na meafar d\u00fainn: D\u00e9anfaidh D\u00e1iv\u00ed, seirbh\u00edseach D\u00e9 (sin le r\u00e1 s\u00edol Dh\u00e1iv\u00ed, an Meisias) iad a bheath\u00fa, agus beidh s\u00e9 ina aoire agus ina phrionsa ina measc.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 22[23]). <i>Is \u00e9 an Tiarna m\u2019aoire; n\u00ed bheidh aon n\u00ed de dh\u00edth orm.<\/i><\/span><\/p>\n<p><span style=\"position: absolute; z-index: 251657728; margin-left: 232px; margin-top: 1117px; width: 98px; height: 98px;\"><\/span><i><span>Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span>(1 Coirintigh 15:20-26, 28). <i>Tabharfaidh s\u00e9 an r\u00edocht suas do Dhia an tAthair, agus tsl\u00ed sin beidh Dia ina mh\u00e1istir ar an ioml\u00e1n.<\/i> Cuireann an l\u00e9acht seo s\u00edos ar iomlan\u00fa, bailchr\u00edoch, ar r\u00edocht D\u00e9 ag deireadh an tsaoil. Sa litir chuig na Coirintigh t\u00e1 an sliocht i gcomhth\u00e9acs ais\u00e9ir\u00ed na colainne, m\u00edr theagaisc a raibh deacracht ag roinnt de na Coirintigh glacadh lei, deacracht a bh\u00ed ar eolas ag a n-aspal P\u00f3l. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar c\u00e9 chomh l\u00e1rnach is at\u00e1 an creideamh in ais\u00e9ir\u00ed Chr\u00edost don chreideamh. D\u2019uireasa an chreidimh sin n\u00edl bun n\u00e1 barr leis an creideamh Cr\u00edosta\u00ed f\u00e9in. As an gcreideamh in ais\u00e9ir\u00ed Chriost leanann creideamh in ais\u00e9iri na bhf\u00edr\u00e9an. Ba \u00e9 Cr\u00edost na c\u00e9adtortha\u00ed a th\u00e1inig \u00f3 na mairbh, an ceannr\u00f3da\u00ed orthu sin at\u00e1 ar shl\u00ed na f\u00edrinne. Th\u00e1inig an b\u00e1s isteach sa domhan tr\u00ed pheaca \u00c1dhaimh. Tugtar an bheatha thar nais do chreidmhigh go spiorad\u00e1lta sa saol seo i gCr\u00edost, agus beatha d\u00e1 gcoirp ag deireadh an tsaoil. An t-ais\u00e9ir\u00ed deiridh seo, agus an peaca agus an b\u00e1s s\u00e1raithe ag Cr\u00edost, ionann \u00e9 agus bua ioml\u00e1n ag r\u00edocht Chr\u00edost agus r\u00edocht D\u00e9.<\/span><\/p>\n<p><span>Cuid d\u00e1 ndeireann P\u00f3l sa l\u00e9acht seo is deacair \u00e9 a lean\u00faint. Is fi\u00fa a mheabhr\u00fa go bhfuil mar ch\u00falra d\u00e1 ndeireann P\u00f3l go bhfuil dh\u00e1 fh\u00f3rsa ag feidhmi\u00fa sa saol, sa domhan. Ceann d\u00edobh n\u00e1 \u00c1dhamh, an ch\u00e9ad Adhamh, tr\u00edna a th\u00e1inig an peaca agus an b\u00e1s (an b\u00e1s fisici\u00fail, b\u00e1s an choirp, agus an b\u00e1s mor\u00e1lta) isteach sa domhan. Ba \u00e9 an dara f\u00f3rsa, an dara cumhacht, n\u00e1 Cr\u00edost, an Dara h\u00c1dhamh, agus a r\u00edocht, \u00f3na aiseir\u00ed go dt\u00ed an Breithi\u00fanas Deiridh agus ais\u00e9ir\u00ed na bhf\u00edr\u00e9an go l\u00e9ir i gCr\u00edost. T\u00e1 Cr\u00edost agus a r\u00edocht ag d\u00edoth\u00fa an pheaca tr\u00edd f\u00e9in agus tr\u00edd an Eaglais i rith c\u00farsa na staire. Beidh Cr\u00edost ina r\u00ed ar feadh na tr\u00e9imhse seo go l\u00e9ir ag cur ar neamhn\u00ed a naimhde go l\u00e9ir (an peaca agus f\u00f3rsa\u00ed an oilc). An ceann deiridh d\u00edobh seo n\u00e1 an peaca (pearsantaithe). Is r\u00edocht Chr\u00edost \u00ed, ach is \u00e9 Dia an tAthair at\u00e1 ag feidhmi\u00fa tr\u00ed Chr\u00edost, agus ag deireadh tabharfaidh Cr\u00edost an r\u00edocht suas do Dhia an tAthair.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">An <i>Soisc\u00e9al<\/i> (Matha 25:31-46). <i>Rachaidh s\u00e9 ina shu\u00ed i r\u00edchathaoir a ghl\u00f3ire, agus d\u00e9anfaidh s\u00e9 na daoine a scaradh \u00f3 ch\u00e9ile. <\/i>An l\u00e9acht seo i soisc\u00e9al Mhatha is cuid de aitheasc fada \u00cdosa \u00ed ar an mBreithiunas Deiridh ag deireadh an tsaoil. Baineann s\u00ed \u00fas\u00e1id as na samhlaoid\u00ed caoirigh agus gabhair \u00f3 ghn\u00e1thbheatha tuaithe na nGi\u00fadach. Ba luachmar na hainmh\u00edthe sin. Bh\u00eddis ag in\u00edor le ch\u00e9ile, ach scarta\u00ed \u00f3na ch\u00e9ile iad i gc\u00f3ir an mhargaidh. N\u00ed chuireann \u00cdosa luach ar cheann amh\u00e1in thar an gceann eile. Sa l\u00e9acht seo cuireann \u00cdosa, Mac an Duine, \u00e9 f\u00e9in i l\u00e1thair mar r\u00ed agus aoire. C\u00e9 gur cur s\u00edos ar an mbBreithi\u00fanas Deiridh at\u00e1 ann, is seanm\u00f3ir \u00e9 chomh maith don eaglais ar faoi mar a ch\u00f3ir don bheatha Chr\u00edosta\u00ed bheith ag feidhmi\u00fa. Beidh an scr\u00fad\u00fa deiridh ar gach aon duine ar faoi mar ar chaith siad leo san a bh\u00ed dear\u00f3il agus i dtriobl\u00f3id. Tugann \u00cdosa \u201cna br\u00e1ithre seo agamsa\u201d orthu sin. In \u00e1iteanna eile sna soisc\u00e9il is ar a dheisceabail a thugann \u00cdosa \u201cmo br\u00e1ithre\u201d, ach anseo aon bhall den chine daonna at\u00e1 i gceist. \u00c1ir\u00edonn an t\u00e9acs s\u00e9 ghn\u00edomhartha na tr\u00f3caire agus is iad sin na s\u00e9 chinn tosaigh de sheacht gn\u00edomhartha na tr\u00f3caire corportha de thraidisi\u00fan na hEaglaise, an seacht\u00fa ceann n\u00e1 adhlacadh na marbh. Bh\u00ed na gn\u00edomharthta san traidisi\u00fanta i measc na nGiudach chomh maith.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">D\u00e9arfaidh Mac an Duine, an Breitheamh, le lucht na ndea-oibre dul is seilbh na r\u00edochta a bh\u00ed ullamh d\u00f3ibh \u00f3 th\u00fas an domhain. Sin r\u00edocht na bhflaitehas ar neamh. Ceacht agus teachtaireacht l\u00e1idir at\u00e1 ag an l\u00e9acht seo d\u00fainn inniu agus cho\u00edche n\u00e1 nach mbeidh seilbh ar ar r\u00edocht sin ar neamh muna saothra\u00edonn duine do theacht r\u00edocht D\u00e9 ar an talamh seo, tri na gn\u00edomhartha a luann s\u00e9. T\u00e1 ceangal docht idir r\u00edocht D\u00e9 ar neamh agus seirbh\u00eds do bhr\u00e1ithre Chr\u00edost ar talamh.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Ba gheal le lucht eala\u00edona \u00edomh\u00e1 an Breithi\u00fanais Dheiridh, mar is l\u00e9ir d\u00fainn f\u00ebin \u00f3 na crosanna greanta, mar shanpla Cros Muiredach i Mainistir Buite, i l\u00e1mhscr\u00edbhinn\u00ed maisithe agus eile.<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: black;\"><span>B.<\/span><\/span><span dir=\"LTR\"><\/span><b><i><span style=\"color: blue;\">Machnamh agus an B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">.<\/span><span style=\"color: black;\"><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><i><span style=\"color: black;\">Macnamh. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Is fi\u00fa l\u00e9achta\u00ed an lae inniu a mheas mar aon le cuid de Phreaf\u00e1id Aifreann an lae inniu: \u201cD\u2019olaigh t\u00fa le hola an ghairdis d\u2019Aonghin Mic, \u00e1r dTiarna \u00cdosa Cr\u00edost, mar shagart s\u00edora\u00ed agus mar r\u00ed na n-uile, ionas go n-ofr\u00e1lfadh s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in ina \u00edobairt fh\u00edorghlan r\u00e9itigh ar alt\u00f3ir na croise agus rundiamhra sl\u00e1naithe an chine dhaonna \u00e1 gcur i gcr\u00edch aige; agus tar \u00e9is d\u00f3 gach d\u00fail a thabhairt faoina r\u00e9ir, go dtairgeadh s\u00e9 duitse, a Dhia mh\u00f3r na gl\u00f3ire, r\u00edocht sh\u00edora\u00ed gan teorainn, r\u00edocht na f\u00edrinne agus na beatha, r\u00edocht na naofachta agus an ghr\u00e1sta, r\u00edocht an chirt, an ghr\u00e1 agus na sioch\u00e1na\u201d. Ar talamh, t\u00e1 glaoch ag an Eaglais bheith ag saothr\u00fa le go dtiocfadh ann do staid tosaigh na r\u00edochta sin. Spreagann an Fh\u00e9ile seo sinn le gu\u00ed a chur suas do Dhia gurb amhlaidh a bheidh.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">Agallamh le ceisteanna an lae. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">Tugann an com\u00f3radh seo cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar an gceangal at\u00e1 idir Cr\u00edost R\u00ed na nUile agus sochai an lae inniu, agus agallamh a dh\u00e9anamh leis. Cuireadh an fh\u00e9ile ar bun c\u00e9aduair mar fhreagra ar an n\u00e1isi\u00fanachas agus an d\u00ed-eaglaisi\u00fa a bh\u00ed ag dul i dtreise san am, go h\u00e1irithe san Iod\u00e1il agus sa Ghearm\u00e1in. Inniu t\u00e1 g\u00e9ar\u00fa ar an d\u00ed<i>&#8211;<\/i>eaglaisi\u00fa, agus t\u00e1 an saecl\u00e1rachas i dul i dtreise, gan tr\u00e1cht ar an aindiachas, n\u00f3 neamhdhiachas m\u00e1s fearr mar ainm air. Sean-admh\u00e1il chreidimh \u00e9 gurb \u00e9 \u00cdosa Cr\u00edost an Tiarna. Bh\u00ed impleachta\u00ed thar an ghn\u00e1th ag gabh\u00e1il leis an bhfocal sin \u201cTiarna\u201d. Ag Tiarna t\u00e1 tiarnas. Bh\u00ed al\u00e1n ann in aimsir Ph\u00f3il a thug tiarna orthu f\u00e9in. Duine d\u00edobh sin n\u00e1 Impire na R\u00f3imhe ar tugadh om\u00f3s d\u00f3 mar dhia, agus a \u00e9iligh an t-om\u00f3s sin. Ag scr\u00edobh chuig na Coirintigh ar \u00e1bhar gaolmhar d\u00fairt P\u00f3l (1 Coirintigh 8:5-6): \u201cT\u00e1 gan amhras d\u00e9ithe mar dhea ar neamh agus ar talamh \u2013 go deimhin t\u00e1 \u201cd\u00e9ithe\u201d agus \u201ctiarna\u00ed\u201d ann go l\u00edonmhr. Mar sin f\u00e9in n\u00edl ann i dtaca linne de, ach an t-aon Dia amh\u00e1in \u2026, agus n\u00edl ann ach an t-aon Tiarna amh\u00e1in, Iosa Cr\u00edost, ar tr\u00edd a thagann an uile n\u00ed agus gur tr\u00edd at\u00e1imidne ann chomh maith\u201d.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Inniu agus an iarracht ann cursa\u00ed st\u00e1it a scaradh \u00f3n eaglais, agus \u00f3 chreideamh, agus saol saecl\u00e1rach a bheith ann, deir daoine \u00e1irithe gur polaiteoir\u00ed n\u00f3 cathr\u00f3ir\u00ed, n\u00f3 ealant\u00f3ir\u00ed iad ar dt\u00fas agus ansin Cr\u00edost\u00e1ithe n\u00f3 Caitlicigh. N\u00ed ceada\u00edonn d\u00edlseacht do Criost an Tiarna sin; n\u00ed ceada\u00edonn \u00cdosa d\u2019aoinne \u00e9 a chur sa dara h\u00e1it. Is fada siar an cheist idir d\u00edlseacht do Chr\u00edost, d\u00e1 eaglais, agus an stat, agus is ionann na prionsabail a ghabhann leis an gceist inniu agus a bh\u00ed riamh.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Beidh r\u00edocht D\u00e9 agus r\u00edocht Chr\u00edost i gcoimhlint leis an br\u00fa a thagann \u00f3n aindiachas, n\u00f3 neamh-dhiachas, ar mhaith leis a chur ina lu\u00ed ar dhaoine nach ann do Dhia. N\u00ed m\u00f3r do chreidmigh bheith san airdeall faoi na f\u00f3rsa\u00ed at\u00e1 ag obair len\u00e1r linn. N\u00edl teorainn leis an l\u00edon agallamh ar f\u00e9idir a bheith againn le saol an lae inniu, ag eascair \u00f3 chreideamh i gCr\u00edost, R\u00ed na nUile.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>23 Samhain 2014 (A) Soll\u00fantas Chr\u00edost R\u00ed na nUile Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-250","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/250","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=250"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/250\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=250"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=250"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=250"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}