{"id":251,"date":"2014-11-28T16:09:52","date_gmt":"2014-11-28T16:09:52","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=251"},"modified":"2014-11-28T16:09:52","modified_gmt":"2014-11-28T16:09:52","slug":"30-samhain-2014-b-an-chead-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=251","title":{"rendered":"30 Samhain 2014 (B) An Ch\u00e9ad Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<p><b><span style=\"color: blue;\">30 Samhain <\/span><span style=\"color: blue;\">2014 (B) An Ch\u00e9ad Domhnach <\/span><\/b><b><span style=\"color: blue;\">den Aidbhint<\/span><span style=\"color: blue;\"> <\/span><span style=\"color: blue;\"><\/span><\/b><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span dir=\"LTR\"><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<li><span style=\"color: black;\"><span>B.<\/span><\/span><span dir=\"LTR\"><\/span><b><i><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">: <i>D\u00e9anaig\u00ed faire! Ag feitheamh le Dia.<\/i><\/span><span style=\"color: black;\"><\/span><\/li>\n<li><span style=\"color: blue;\"><span>A.<\/span><\/span><span dir=\"LTR\"><\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><i><span style=\"color: black;\">C\u00e9ad L\u00e9acht <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(<\/span><span style=\"font-size: 10pt; font-family: 'Arial',sans-serif; color: black;\">\u00cdse\u00e1ia 63:16-17; 64:1, 3-8). <i>Och, d\u00e1 roisfe\u00e1 na flaithis \u00f3na ch\u00e9ile agus teacht anuas.<\/i> Tugann teideal na l\u00e9achta seo \u00e9irim an tsleachta agus tr\u00e9imhse na hAidbhinte d\u00fainn. T\u00e1 an t-\u00fadar ag \u00e9amh ar Dhia na flaithis a roiseadh, a r\u00e9abadh, a scoilt, agus teacht i gcabhair ar a phobal at\u00e1 i gcruach\u00e1s. T\u00e1 cathair naofa Iar\u00fasail\u00e9im ar l\u00e1r; is fothrach folamh gan aird anois \u00ed, agus an Teampall, ionad ch\u00f3naithe D\u00e9 ar talamh tr\u00e1th, scriosta. T\u00e1 <\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt; font-family: 'Arial',sans-serif; color: black;\">spiorad na hAidbhinte le braith go l\u00e1idir sa l\u00e9acht seo, agus bheadh cuid d\u00e1 \u00e1bhar de ghlanmheabhair ag al\u00e1n, mar go bhfuilid le f\u00e1il i d\u00e1n \u00e1l\u00adainn sin na hAidbhinte <i>Rorate caeli. <\/i>Labhra\u00edonn a bhfuil ann le gach Aidbhint bliain i ndiaidh a ch\u00e9ile, le gach aois, le gach r\u00e9. Is fi\u00fa, measaim, dul siar agus an sliocht a shu\u00edomh ina ch\u00falra sa Leabhar seo agus ina ch\u00falra staire tosaigh. Na c\u00faig vearsa\u00ed scaipthe at\u00e1 againn sa sliocht seo is cuid iad de Shalm fada in \u00cdse\u00e1ia 63:7-64:12, salm at\u00e1 gaolmhar le Sailm 44(43) agus 74(73). Caoine an phobail at\u00e1 ann, agus achain\u00ed ar Dhia, a nAthair, teacht I gcabhair orthu an athuair, ag meabhr\u00fa na n-\u00e9achta\u00ed a rinne s\u00e9 d\u00f3ibh san r\u00e9 a bh\u00ed thart, ag admh\u00e1il a m\u00eddh\u00edlse agus a gcuid peaca\u00ed f\u00e9in. \u00d3 chr\u00e1chro\u00ed an phobail tar \u00e9is threascairt na cathrach naofa agus scriosadh an Teampaill sa bhliain 586 roimh Chr\u00edost, is soil\u00e9ir go raibh an chne\u00e1 sin amh ina gcuimhne go f\u00f3ill, agus is d\u00f3cha gur cumadh an Salm seo go luath tar \u00e9is threascairt na cathrach, n\u00f3 idir na blianta 538 agus 522, nuair a tugadh cead d\u00f3ibh filleadh ar a dt\u00edr dh\u00fachais ach nach raibh tada d\u00e9anta maidir le at\u00f3g\u00e1il na cathrach n\u00f3 an Teampaill. Is iontach na smaointe at\u00e1 ann: Dia, an Tiarna, mar Athair agus Fuascailteoir, iad f\u00e9in, treibheanna a oidhreachta, ar seachr\u00e1n \u00f3na shl\u00edte, agus an achain\u00ed \u00f3 chro\u00ed chuige: \u201cOch, d\u00e1 roisfe\u00e1 na flaithis \u00f3na ch\u00e9ile agus teacht anuas\u201d. An admh\u00e1il faoina bpeaca\u00ed: iad le fada riamh ag d\u00e9anamh m\u00edr\u00e9ire; iad mar a bheadh daoine neamhghlana, a mbearta c\u00f3ra ar fad amhail giobal salach; iad uile tar \u00e9is titim ar n\u00f3s duilleoga, de bharr a gcionta \u00e1 siabadh ar shi\u00fal mar a dh\u00e9anfadh an ghaoth. Agus ag deireadh, in ainneoin sin, an creideamh l\u00e1idir i nDia, a nAthair, iad sin an chr\u00e9 agus Dia an criad\u00f3ir, iad sin go l\u00e9ir saothar l\u00e1mh D\u00e9.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/i><span style=\"color: black;\">(Salm 79[80]). <i>Cuir ar ais sinn, a Dhia. Taispe\u00e1in d\u00fainn d\u2019aghaidh ghrianmhar agus sl\u00e1naigh sinn, a Thiarna.<\/i><\/span><\/p>\n<p><span style=\"position: absolute; z-index: 251657728; margin-left: 232px; margin-top: 1117px; width: 98px; height: 98px;\"><\/span><i><span>Dara L\u00e9acht <\/span><\/i><span>(1 Coirintigh 1:3-9). <i>T\u00e1imid tn\u00fath len\u00e1r dTiarna \u00cdosa Cr\u00edost a nochtadh<\/i>. Ag t\u00fas a litreach chuig na Coirintigh, a bhunaigh s\u00e9 tamall gearr \u2013 c\u00faig bhliain n\u00f3 mar sin \u2013 roimhe sin, gabhann P\u00f3l bu\u00edochas le Dia as an ghr\u00e1sta go l\u00e9ir, agus na buanna iomad\u00fala, at\u00e1 bronnta aige ar an eaglais \u00f3g sin. Leagann s\u00e9 b\u00e9im ar seo gur \u00f3 Dhia na t\u00edolactha\u00ed sin, n\u00ed uathu f\u00e9in. N\u00ed fol\u00e1ir n\u00e1 go raibh eolas maith acu ar an gcreideamh, agus crois Chr\u00edost mar l\u00e1rphointe ann. Bh\u00ed raidhse den eolas ar an gcreideamh acu, agus raidhse den urlabhra chun fianaise as thabhairt faoin gcreideamh sin. Buanna iad sin, in aigne Ph\u00f3il, a cheangla\u00edonn na creidhmigh le h\u00cdosa Cr\u00edost, le beatha ionraic Chr\u00edosta\u00ed. Is d\u00f3cha go raibh an Eaglais sin, mar a bh\u00ed P\u00f3l seal, ag s\u00fail go mbeadh t\u00e9arnamh \u00cdosa ann go luath. Bh\u00edodh <i>Marana tha\u00b8<\/i> \u201cTa a Thiarna\u201d, \u00e1 r\u00e1 acu san Eocairist. Deir P\u00f3l go rabhadar ag tn\u00fath leis an t\u00e9arnamh sin, leis an Tiarna \u00cdosa Cr\u00edost a nochtadh. An fhaire ab fhearr don nochtadh sin n\u00e1 beatha Chriosta\u00ed. Ar\u00eds, leagann P\u00f3l b\u00e9im ar shaothar D\u00e9 san fhaire sin: gr\u00e1sta D\u00e9, Dia at\u00e1 d\u00edlis agus a ghlaoigh ar chreidmhigh bheith rannph\u00e1irteach lena Mhac \u00cdosa.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">An <i>Soisc\u00e9al<\/i> (Marcas 13:33-37). <i>D\u00e9anaig\u00ed faire mar n\u00ed fios daoibh c\u00e9n uair a thiocfaidh Tiarna an ti.<\/i> Sa v\u00e9arsa d\u00edreach roimh an sliocht seo d\u00fairt \u00cdosa lena dheisceabail faoi Th\u00e9arnamh Mhac an Duine nach raibh a fhios ag duine ar bith faoin l\u00e1 sin n\u00f3 an uair sin, fi\u00fa ag na haingil sna flaithis, n\u00f3 ag an Mac, ach ag an Athair. Agus d\u00edreach ina dhiaidh sin tugann \u00cdosa an rabhadh seo d\u00e1 dheisceabail: B\u00edg\u00ed aireach, d\u00e9anaig\u00ed faire, mar n\u00ed fios c\u00e9n uair a thiocfaidh an tiarna. Samhla\u00edotar gur san o\u00edche a thiocfaidh s\u00e9, agus luaitear ceithre fair\u00ed na ho\u00edche sa ch\u00f3ras R\u00f3mh\u00e1nach: tr\u00e1thn\u00f3na, l\u00e1r na ho\u00edche, glao an choiligh, agus maidin. Bh\u00ed \u00cdosa ag caint lena dheisceabail, ach d\u00e9anann Marcas deimhin de go mbaineann a d\u00fairt \u00cdosa le cach: \u201cAn rud a deirim libhse, deirim le gach duine \u00e9: D\u00e9anaig\u00ed faire\u201d.<\/span><\/p>\n<ol style=\"list-style-type: upper-alpha;\">\n<li><span style=\"color: black;\"><span>B.<\/span><\/span><span dir=\"LTR\"><\/span><b><i><span style=\"color: blue;\">Machnamh agus an B\u00edobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/i><\/b><span style=\"color: blue;\">. <i>D\u00e9anaig\u00ed faire! Ag feitheamh le Dia.<\/i><\/span><span style=\"color: black;\"><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><i><span style=\"color: black;\">Machnamh: D\u00e9anaig\u00ed faire.<\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> N\u00ed fios cathain a bhfuilimid chun buaileadh leis an dTiarna. Sa luatheaglais bh\u00ed b\u00e9im i dT\u00e9arnamh, filleadh, an Tiarna \u00cdosa, b\u00edodh nach raibh a fhios ag aoinne cathain a bheadh sin ann. Mhaolaigh ar an dtaobh sin den sc\u00e9al de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, ach is f\u00edor i gc\u00f3na\u00ed an rabhadh faoi bheith r\u00e9idh le buaileadh leis an dTiarna in am \u00e1r mb\u00e1is. Ionann an rabhadh sin agus beatha Chr\u00edosta\u00ed a chaitheamh, agus maithi\u00fanas in\u00e1r bpeaca\u00ed a iarraidh ar Dhia. Is tr\u00e1th \u00ed tr\u00e9imhse na hAidbhinte le machnamh a dh\u00e9anamh gur ann don pheaca, idir beag agus m\u00f3r.<\/span><\/p>\n<p><i><span style=\"color: black;\">Agallamh le ceisteanna \u00e1r linne f\u00e9in. Ag feitheamh le Dia. <\/span><\/i><span style=\"color: black;\"> Scr\u00edobh Samuel Beckett dr\u00e1ma faoin dteideal \u201cAg feitheamh le Godot\u201d. Cuid den chreideamh Chr\u00edosta\u00ed, i sl\u00ed, n\u00e1 feitheamh le Dia, agus is tr\u00e1th\u00fail tr\u00e9imhse na hAidbhinte le machnamh a dh\u00e9anamh air. Bliain i ndiaidh bliana tr\u00e9imshe ullmh\u00fachain d\u00fainn an Aidbhint do \u201ctheacht\u201d \u00cdosa um Nollaig. Ionann an focal Laidine <i>Adventus<\/i> taobh thiar den Ghaeilge agus \u201cTeacht\u201d. Agus d\u00e9anaimid iarracht machnamh dh\u00e9anamh ar a ch\u00e9ad theacht agus ar an Dara Teacht, n\u00f3 T\u00e9arnamh. Is gn\u00e9 dh\u00edlis de chreideamh an tSeantiomna agus an Tiomna Nua an feitheamh le Dia, le Dia a theacht le ceart agus coir a chur i bfeidhm de r\u00e9ir a naofachta agus a ghealltanas f\u00e9in. An ch\u00e9ad achain\u00ed sa Bh\u00edobla ar Dhia sin a dh\u00e9anamh n\u00e1 \u00f3n bhf\u00e1idh Habac\u00fac, thart an ar mbliain 605 roimh Chr\u00edost. Bh\u00ed f\u00f3rsai mileata na Baibeal\u00f3ine ag imirt slaid agus cos ar bolg ar phobal ionraic na Pailist\u00edne, agus gan faic \u00e1 dh\u00e9anamh faoi ag Dia. Mar fh\u00e1idh D\u00e9 bh\u00ed Habac\u00fac chun seasamh ar a th\u00far faire le freagra \u00f3 Dhia a fh\u00e1il ar a chasaoid.Thug an Tiarna freagra air \u00e1 r\u00e1: \u201cScr\u00edobh s\u00edos an fhis; d\u00e9an \u00ed a ghreanadh ar leaca ionas go mbeidh s\u00e9 furasta \u00ed a l\u00e9amh. \u00d3ir is le haghaidh a hion\u00fa f\u00e9in amh\u00e1in a tugadh an fh\u00eds seo; t\u00e1 s\u00ed ag tn\u00fath\u00e1n lena comhl\u00edonadh agus n\u00ed dh\u00e9anfaidh s\u00ed br\u00e9ag. Go fi\u00fa m\u00e1 bh\u00edonn s\u00ed mall ag teacht, fan lei; mar tiocfaidh s\u00ed i gcr\u00edch go cinnte; n\u00ed theipfidh uirthi cho\u00edche. F\u00e9ach, clo\u00edtear an t\u00e9 nach bhfuil cro\u00ed ionraic aige; ach mairfidh an f\u00edr\u00e9an de bharr a dh\u00edlse.\u201d <\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 55.3pt;\"><span style=\"color: black;\">Tugann sin le fios an spiorad is g\u00e1 agus sinn ag feitheamh le Dia, le comhl\u00edonadh gealltannas agus f\u00e1istin\u00ed: d\u00edlse agus foighhid. Muna bhfuil sin ag duine caillfear \u00e9. Ar nd\u00f3igh f\u00edoradh al\u00e1n de fh\u00e1istin\u00ed na bhf\u00e1ithe, agus thug f\u00eds an Dara \u00cdse\u00e1ia uchtach do na deoraithe tabhairt faoina dtodhcha\u00ed, b\u00edodh n\u00e1r f\u00edoradh de r\u00e9ir na litreach \u00ed. Ina sl\u00ed f\u00e9in f\u00edoradh an fh\u00eds sa Tiomna Nua. <\/span><span style=\"color: black;\">R\u00fan an Athar ab ea an l\u00e1 agus an uair bheacht le cr\u00edoch a chur leis an stair, n\u00e1rbh fhios do \u00cdosa n\u00e1 do Ph\u00f3l, a lean orthu ag craobhscaoileadh an Dea-Sc\u00e9il. Bh\u00ed cuid de bhriathra \u00cdosa a thabharfadh le fios go raibh Tearman \u00cdosa le teacht ag gl\u00fain a chomhaimsire, agus nuair n\u00e1r th\u00e1inig ghlac roinnt Chr\u00edosta\u00edthe scannal faoi. Mheabhraigh \u00fadar Dhara Litir Naomh Peadar d\u00f3ibh machnamh a dh\u00e9anamh ar thr\u00f3caire agus foighid D\u00e9, agus gur cuma aon l\u00e1 amh\u00e1in leis an Tiarna agus m\u00edle bliain agus m\u00edle bliain agus aon l\u00e1 amh\u00e1in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 55.3pt;\"><span style=\"color: black;\">Agus sinne Cr\u00edosta\u00edthe ag feitheamh le Dia, n\u00ed le Dia anaithnid \u00e9igin sin, ach Dia dofheichthe a fhoilsigh \u00e9 f\u00e9in agus at\u00e1 linn i gc\u00f3na\u00ed go deireadh an tsaoil i gCr\u00edost agus san Spiorad Naomh. Ionann feitheamh le Dia d\u00fainn agus feitheamh le comhl\u00edonadh gealltanas D\u00e9, teacht r\u00edocht D\u00e9, r\u00edocht sh\u00edora\u00ed gan teorainn, r\u00edocht na f\u00edrinne agus na beatha, r\u00edocht na naofachta agus an ghr\u00e1sta, r\u00edocht an chirt, an ghr\u00e1 agus na sioch\u00e1na, mar a chuireann preaf\u00e1id Fh\u00e9ile Chr\u00edost R\u00ed \u00e9.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>30 Samhain 2014 (B) An Ch\u00e9ad Domhnach den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A.L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-251","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/251","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=251"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/251\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=251"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=251"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=251"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}