{"id":261,"date":"2014-12-20T11:10:19","date_gmt":"2014-12-20T11:10:19","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=261"},"modified":"2014-12-20T11:10:19","modified_gmt":"2014-12-20T11:10:19","slug":"28-nollaig-2014-b-feile-an-teaghlaigh-naofa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=261","title":{"rendered":"28 Nollaig 2014 (B) F\u00e9ile an Teaghlaigh Naofa"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"color: black;\">28 Nollaig 2014 (B) F\u00e9ile an Teaghlaigh Naofa<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"color: blue;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/p>\n<ol style=\"text-align: left;\">\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><em>B.<\/em><em><span style=\"color: blue;\">B\u00edodh meas ag an uile dhuine ar an bp\u00f3sadh.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"color: navy;\">A. <\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><em><span style=\"color: black;\">An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (S\u00edrach 3:2-6, 12-14). <em><span style=\"text-transform: uppercase;\">A<\/span>n t\u00e9 ar a bhfuil eagla an Tiarna, tugann s\u00e9 on\u00f3ir d\u00e1 thuismitheoir\u00ed. <\/em>Deir an cheathr\u00fa aithne (Ecsodus 20:12): \u201cTabhair do d\u2019athair agus do do mh\u00e1thair on\u00f3ir i dtreo go mba fada iad do laethanta an talamh\u201d. Bh\u00ed an p\u00f3sadh faoi ard-on\u00f3ir in Iosrael. Tugann Ben Sira (gur fearr aithne air mar Ecclesiasticus, \u201can t-eaglaiseach\u201d) a mhachnamh d\u00fainn ar an aithne mh\u00f3r seo. Bh\u00ed scoil eagna\u00edochta ag Ben Sira in Iar\u00fasail\u00e9im (thart ar 180 roimh Chr\u00edost) do dhalta\u00ed \u00f3ga ar sp\u00e9is leo, agus achmhain mhaoine acu, an roinn seo de sha\u00edocht Iosrael a ch\u00edoradh. Cuid d\u00edlis de eagna\u00edocht seo n\u00e1 taith\u00ed ar shaol an duine aonair, ar an chomhluadar daonna agus an saol m\u00f3r. T\u00e1 machnamh seo Ben Sira ar an gceathr\u00fa aithne l\u00e1n de dhaonacht, de thaise agus de thr\u00f3caire. <\/span><span style=\"color: black;\">\u00c1bhar sonais agus aoibhnis meas mhuintir theaghlaigh ar a ch\u00e9ile. T\u00e1 luach saothair \u00f3 Dhia ag baint leis chomh maith agus d\u00e9anann s\u00e9 leorghn\u00edomh ar na peaca\u00ed. Ach n\u00ed c\u00fais \u00e1thais a gc\u00f3na\u00ed d\u00edlse seo don cheathr\u00fa aithne, le hom\u00f3s don athair agus don m\u00e1thair. Ionann \u00e9 agus glacadh len\u00e1r muintir agus \u00e1r ngaolta faoi mar at\u00e1 siad lena laig\u00ed agus n\u00f3sanna aisteacha agus eile. N\u00ed m\u00f3r tuiscint, trua agus taise as bheith d\u00f3ibh i mbreoiteacht agus ina seanaois, agus glaotar ar baill \u00f3ga sl\u00e1nt\u00fala teaghlaigh tuiscint a bheith acu ar na fadhbanna a thagann le seanaois. <\/span><span style=\"color: black;\">Cur s\u00edos iontach i leabhar den Seantiomna an l\u00e9acht seo ar faoi mar is c\u00f3ir aire a thabhairt do ch\u00farsai an teaghlaigh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 127[128]). <em>Is aoibhinn do ch\u00e1ch lerb eagal an Tiarna agus a shi\u00falann ina shl\u00edte.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L\u00e9acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Colosaigh 3:12-21). <em>Saol an teaghlaigh sa Tiarna \u00cdosa. <\/em>Lean\u00faint an aghaidh an l\u00e9acht seo ar an gcur s\u00edos \u00edontach at\u00e1 ag P\u00f3l (Colosaigh 3:1-11) ar an mbeatha Chr\u00edosta\u00ed, an bheatha i gCr\u00edost, faoi mar is mian le Dia \u00ed a bheith. Foinse agus eiseaml\u00e1ir d\u00f3 an Cr\u00edost ais\u00e9irithe. Cuid den n\u00e1d\u00far daonna laig\u00ed agus loiceadh, mar ab eol do phobal Cr\u00edosta\u00ed Cholosae sul ar tionta\u00edodh go Cr\u00edost iad. Leis an baiseadh agus le ceangal le Cr\u00edost a ghabh leis bh\u00ed seo go l\u00e9ir taobh thiar d\u00edobh. Leis an baisteadh chuir lucht lean\u00fana Chr\u00edost n\u00e1d\u00far \u00far ortu f\u00e9in, agus t\u00e1 sin de sh\u00edor \u00e1 athnuachtan, le h\u00e9ir\u00ed n\u00edos cos\u00fala le Cr\u00edost, n\u00edos m\u00f3 in iomh\u00e1 D\u00e9. Leagann P\u00f3l b\u00e9im ar seo i l\u00e9acht an lae inniu. Pobal tofa, muirnach, D\u00e9 an comhluadar Cr\u00edosta\u00ed. Ta gr\u00e1 ag Dia d\u00f3ibh. Ba ch<\/span><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">\u00f3ir beatha nua mar chulaith \u00e9adaigh a bheith ag an bpobal; seo le r\u00e1, l\u00e1chas, trua cro\u00ed, uir\u00edsle, ceansacht agus foighne, agus bheith r\u00e9idh maithi\u00fanas a tahbairt nuair a thiteann aighneas amach. S\u00fa\u00e1ilc\u00ed t\u00e1bhachtacha iad sin at\u00e1 orthu mar chulaith, agus ba ch\u00f3ir iad bheith snaidhmthe le ch\u00e9ile le gr\u00e1, mar chrios, an gr\u00e1 a choime\u00e1dann iad go l\u00e9ir le ch\u00e9ile. Sa mh\u00e9id seo d\u2019fh\u00e9adfadh P\u00f3l bheith ag smaoineasmh ar an m\u00e9id a scr\u00edobh s\u00e9 chuig na Coirintigh faoin \u00e1bhar (1 Coirintigh 13:4-7): \u201cB\u00edonn<\/span>n gr\u00e1 foighneach agus b\u00edonn s\u00e9 l\u00e1ch &#8230; B\u00edonn s\u00e9 l\u00e1n d\u2019fhadfhulgaint, l\u00e1n de chreideamh, l\u00e1n de dh\u00f3chas agus l\u00e1n d\u2019fhoighne\u201d. Ansin leagann P\u00f3l b\u00e9im ar c\u00e9 chomh t\u00e1bhachtach is at\u00e1 s\u00e9 go mbeadh creidmhigh ar an eolas faoi shaibhreas a n-oidhreachta Cr\u00edosta\u00ed, agus a ngr\u00e1 di agus a meas uirthi a chur in i\u00fal d\u00e1 ch\u00e9ile. T\u00e1 sin pas beag teib\u00ed, ach i gcoinne an ch\u00falra sin tr\u00e1chtann P\u00f3l go hachomair ar na prionsabail ar ch\u00f3ir d\u00f3ibh bheith mar threoir ar bheatha shoisialta na gCr\u00edosta\u00edthe san r\u00e9 \u00e1irithe sin. Tosa\u00edonn seo leis an teaghlach, inar ch\u00f3ir meas, gr\u00e1 agus cine\u00e1ltas bheith mar phrionsabail sti\u00fartha. Le tuismitheoiri deireann s\u00e9 gan a leana\u00ed a chr\u00e1, le heagla go gcuirf\u00ed drochmhisneach orthu,<\/p>\n<p style=\"text-align: left;\">\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0 \u00c1bhar machnaimh \u00e9 seo go l\u00e9ir do fh\u00e9ile seo an Teaghlaigh Naofa, eiseaml\u00e1ir do gach teaghlach Cr\u00edosta\u00ed. Nuair a chuir P\u00f3l barrshamhail, id\u00e9al, na beatha Cr\u00edosta\u00ed os comhair eaglais Cholosae, n\u00ed hionann sin is a r\u00e1 go raibh an eaglais sin ag maireacht\u00e1il go hioml\u00e1n de r\u00e9ir na barrshamhla sin. D\u2019fh\u00e9adfadh a mhalairt a bheith f\u00edor, agus go raibh P\u00f3l ag tabhairt na heiseaml\u00e1ire chun cuimhne de bhr\u00ed go raibh teannas, scoilteanna agus naimhdeas \u00e1irithe taobh istigh den eaglais sin.<\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (L\u00fac\u00e1s 2:22-40). <em>D\u2019fh\u00e1s an leanbh, \u00e9 l\u00e1n d\u2019eagna. <\/em>Cuireann an sliocht seo s\u00edos ar \u00edonghlanadh Mhuire agus ofr\u00e1il an linbh \u00cdosa sa Teampall. Leagann L\u00fac\u00e1s b\u00e9im ar c\u00e9 chomh tugtha is sa bh\u00ed Muire agus I\u00f3saef ar Dhl\u00ed an Tiarna, Dl\u00ed Maois, a chomhl\u00edonadh. Luann s\u00e9 faoi dh\u00f3 \u00e9, ag dul chun an Teampaill d\u00f3ibh agus ag deireadh ag filleadh d\u00f3ibh \u201cnuair a bh\u00ed gach n\u00ed curtha i gcr\u00edch de r\u00e9ir dhl\u00ed an Tiarna\u201d. Maidir le breith linbh agus breith ch\u00e9adghin fireannigh, bh\u00ed rialacha i ndl\u00ed Maois. Maidir le h\u00edonghlanadh, is \u00ed an mh\u00e1thair amh\u00e1in at\u00e1 i gceist agus is uan a bheadh le hofr\u00e1il aici, agus d\u00e1 mba raibh s\u00ed r\u00f3-bhoch le uan a ofr\u00e1il, ansin p\u00e9ire colm n\u00f3 dh\u00e1 ghearrcach col\u00far. Bheadh an t-\u00edonghlanadh le d\u00e9anamh dachad l\u00e1 tar \u00e9is bhreith an linbh. Maidir le ofrail ch\u00e9adghin fhirinnigh, bheadh an leanbh sin le hofr\u00e1il don Tiarna agus le \u201cfuascailt\u201d, ach n\u00ed luaitear aon am beacht chuige sin. D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed sin a cheangal leis an \u00edonghlanadh, ar nd\u00f3igh, go h\u00e1irithe ag daoine a raibh orthu turas fada a thabhairt orthu f\u00e9in teacht go hIar\u00fasail\u00e9im agus an Teampall. Labhra\u00edonn L\u00fac\u00e1s i sl\u00ed ghinear\u00e1lta anseo sa r\u00e9amhr\u00e1 seo do thoirbirt an linbh sa Teampall. Labhra\u00edonn s\u00e9 faoi thuismitheoir\u00ed \u00cdosa, b\u00edodh go bhfuil r\u00e1ite aige cheana gur maighdean Muire, nach raibh aithne fir aici. T\u00e1 Iar\u00fasail\u00e9im agus an Teampall l\u00e1rnach d\u00e1 bhfuil le r\u00e1 ag L\u00fac\u00e1s, agus t\u00e1 an Teampall anois le fianaise a thabhairt d\u2019\u00cdosa.<\/p>\n<p style=\"text-indent: 36pt; text-align: left;\"><span style=\"color: black;\">Thug an sagart<\/span><span style=\"font-size: 10pt; font-family: 'Arial',sans-serif;\">Zacairi\u00e1, f\u00e1idh deireannach an tSeantiomna, f\u00e1istine faoina mhac Eoin. Anois sa Teampall bh\u00ed an fear f\u00edr\u00e9anta diaganta Suimeon, a raibh an Spiorad Naomh le labhairt tr\u00edd faoin r\u00e9 le teacht tr\u00edd an leanbh seo. Agus mar aon leis sin bh\u00ed an bhanfh\u00e1idh Anna. Bh\u00ed Suimeon ag s\u00fail le s\u00f3l\u00e1s Iosrael agus Anna le Iar\u00fasail\u00e9im a fhuascailt. B\u2019ionann i sl\u00ed an d\u00e1 rud &#8212; comhl\u00edonadh na ngealltanas i sl\u00ed dhiaganta chr\u00e1ifeach. Bh\u00ed foilsi\u00fa faighte ag Suimeon nach bhfaigheadh s\u00e9 b\u00e1s go bhfeicfeadh s\u00e9 an Meisias, agus aithn\u00edonn s\u00e9 an Meisias anois sa leanbh i mbaclainn Mhuire, agus d\u00e9anann s\u00e9 f\u00e1istine faoi, f\u00e1istine at\u00e1 faoi thionchar a raibh r\u00e1ite i Leabhar \u00cdse\u00e1ia faoi sheirbh\u00edseach an Tiarna. N\u00ed sl\u00e1n\u00fa, n\u00f3 fuascailt Iar\u00fasail\u00e9im amh\u00e1in at\u00e1 i gceist anois, ach is solas \u00e9 \u00cdosa do na pobail, na n\u00e1isiuin, chomh maith le bheith ina ghloir d\u2019Iosrael. Agus t\u00e1 f\u00e1isrine ag Suimeon do Mhuire chomh maith faoina mac, a bheidh ina thr\u00faig leagtha agus \u00e9irithe d\u00e1 l\u00e1n in Iosrael, agus ina chomhartha a sh\u00e9anfar, agus faoi mar a bheidh baint ag sin go l\u00e9ir le Muire f\u00e9in \u2013 f\u00e1istin\u00ed a f\u00edorfar i mbeatha \u00cdosa, agus ag Muire i bp\u00e1is \u00cdosa.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"font-size: 10pt; font-family: 'Arial',sans-serif;\">\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0\u00a0 Tar \u00e9ir \u00e9is an m\u00e9id sin faoi phearsa an linbh ag Suimeon, cuirtesar cr\u00edoch sa sliocht le tagairt do dhaonnacht an linbh Iosa. D\u2019fh\u00e1s s\u00e9 agus neartaigh s\u00e9 mar aon leanbh eile i Nazarat, l\u00e1n d\u2019eagna, de thuiscint ar ch\u00farsa\u00ed faoi Dhia agus faoin saol, agus c\u00faram (gr\u00e1sta) D\u00e9 faoi leith aige.<\/span><\/p>\n<ol style=\"text-align: left;\">\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">B\u00edodh meas ag an uile dhuine ar an bp\u00f3sadh.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"color: black;\">Ina aitheasc ag deireadh na litreach chuig na hEabhraigh (13:4) d\u00fairt an t-\u00fadar leis an eaglais: \u201cB\u00edodh meas ag an uile dhuine ar an bp\u00f3sadh\u201d. T\u00e1 g\u00e1 leis an moladh c\u00e9anna inniu, nuair at\u00e1thar ag iarraidh beag is fi\u00fa a dh\u00e9anamh den ph\u00f3sadh traidisi\u00fanta. Tugann an fheile at\u00e1 \u00e1 com\u00f3radh againn deis d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar an sc\u00e9al agus ar conas is fearr teacht i gcabhair ar dhaoine a bhfuil fadhbanna acu maidir leis an gceist. Leag Comhairle Vatac\u00e1in II b\u00e9im ar an dteagasc traidisi\u00fanta sa <em>Bhunreacht Tr\u00e9adach ar an Eaglais<\/em> <em>i Saol an Lae inniu <\/em>(ailt 47-52). T\u00e1 sp\u00e9is sa cheist seo ar \u00e1it an teaghlaigh sa tsocha\u00ed ag scr\u00edbhneoir\u00ed \u00f3na traidisi\u00fain sibhialta agus creidimh. T\u00e1 sp\u00e9is faoi leith ag an P\u00e1pa Proinsias ann agus bh\u00ed an cheist \u00e1 pl\u00e9 ag cruinnithe speisialta sa R\u00f3imh ag sionad neamhghn\u00e1thachi m\u00ed Deireadh Fomhair 2014 agus beidh ag gn\u00e1th-shionad an bhliain ina dhiaidh sin, an bhliain seo romhainn. Tugann sin le fios c\u00e9 chomh tromch\u00faiseach is at\u00e1 an cheist. D\u00e9anfaidh na cruinnithe sin na ceisteanna a ch\u00edoradh ach beidh a r\u00e9iteach ag braith ar an chreideamh a fh\u00e9achann ar an p\u00f3sadh mar bhrontannas \u00f3 Dhia agus mar shamhail de cheangal Chr\u00edost leis an Eaglais. Gu\u00edmis go mbeidh rath ar an ch\u00edoradh go l\u00e9ir.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>28 Nollaig 2014 (B) F\u00e9ile an Teaghlaigh Naofa Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-261","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/261","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=261"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/261\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=261"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=261"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=261"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}