{"id":263,"date":"2014-12-30T10:44:36","date_gmt":"2014-12-30T10:44:36","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=263"},"modified":"2014-12-30T10:44:36","modified_gmt":"2014-12-30T10:44:36","slug":"4-eanair-2015-b-dara-domhnach-tar-eis-na-nollag","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=263","title":{"rendered":"4 Ean\u00e1ir 2015 (B) Dara Domhnach tar \u00e9is na Nollag"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"color: black;\">4 Ean\u00e1ir 2015 (B) Dara Domhnach tar \u00e9is na Nollag<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"color: blue;\">A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/p>\n<ol style=\"text-align: left;\">\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><em>B.<\/em><span style=\"color: navy;\"> <em>Aisling Gheal Chro\u00ed D\u00e9<\/em><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"color: navy;\">A. <\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><em><span style=\"color: black;\">R\u00e9amhr\u00e1 do na l\u00e9achta\u00ed. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Cuireann l\u00e9achta\u00ed go l\u00e9ir Aifreann an lae inniu s\u00edos ar aisling, ar fh\u00eds, sh\u00edora\u00ed D\u00e9 don chine daonna, a foils\u00edodh agus a th\u00e1inig chun c\u00f3na\u00ed in Iosrael i sl\u00ed shealadach agus go buan i gCr\u00edost agus san Eaglais.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><em><span style=\"color: black;\">An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (S\u00edrach 24:1-2, 8-12). <em>Rinne Eagna D\u00e9 c\u00f3na\u00ed sa phobal naofa. <\/em>Bh\u00ed traidisi\u00fan \u00e1rsa eagnaiochta in Iosrael, ag teacht lena mhacasamhail de lir\u00edocht Theagaisc a bh\u00ed san \u00c9igipt agus sa Bhaibeal\u00f3in. I luath-thraidisi\u00fan na hEagna in Iosrael ba bhua agus \u00e9irim dhaonna an eagna\u00edocht, bua a bhi ag lucht eala\u00edona, scr\u00edobhaithe agus comhairleoir\u00ed. Ba chuid de thraidisi\u00fan na heagna\u00edochta an riarach\u00e1n agus an phlean\u00e1il. Toisc gur fh\u00e9acadh ar an eagna mar bhua daonna, agus ar uairibh taobh di\u00faltach ag baint lei, mar shampla gliocas, n\u00edor \u00fas\u00e1ideadh i leith D\u00e9 \u00ed. Ach de r\u00e9ir sa ch\u00e9ile d\u2019\u00e9righ coinceapt na heagna pearsantaithe agus ansin cuireadh i leith D\u00e9 \u00ed. Bh\u00ed Dia eagnai agus bh\u00ed plean aige. I sliocht iomr\u00e1iteach i Leabhar na Seanr\u00e1ite sa Bh\u00edobla canann an Eagna Phearsantaithe a moladh agus a buanna f\u00e9in. Mar Bhantiarna Eagna tugann s\u00ed cuireadh do \u00f3ganaigh agus daoine leocaileacha teacht go dt\u00ed a scoil agus \u00ed a leanuint seachas glacadh le cath\u00fa mn\u00e1 eile, Bantiarna Baois, a mheallann \u00f3g\u00e1naigh so-leochaileacha ar strae agus chun dreabhl\u00e1is. Deireann an Bhantiarna Eagna seo go raibh s\u00ed i bhfochair D\u00e9 sul ar crutha\u00edodh an domhan agus \u00ed i gc\u00f3na\u00ed leis an domhan m\u00f3r agus ag baint \u00e1thais as caidreamh daoine. N\u00ed h\u00e9asca a chinnti\u00fa cad \u00ed an bhr\u00ed bheacht a thabhairt don t\u00e9arma agus coinceapt \u201cEagna\u201d anseo. Measann scol\u00e1ir\u00ed \u00e1irithe gur br\u00ed inmhe\u00e1nach dhomain chruthaithe D\u00e9 at\u00e1 ann, ag glaoch an an gcine daonna freagra cu\u00ed a thabhairt ar a guth. Gn\u00e9 amh\u00e1in de luath-thraidisi\u00fan na hEagna in Iosrael n\u00e1 gur th\u00f3g s\u00e9 mar bhun\u00fas d\u00e1 teagasc an taith\u00ed dhaonna seachas an Conradh le Dia n\u00f3 Dl\u00ed Mhaois. Is f\u00edor seo leis don sliocht seo i gceist as Leabhar na Seanr\u00e1ite, a cuireadh le ch\u00e9ile is d\u00f3cha sa r\u00e9 iar-Deora\u00edochta, thart ar an bhliain 500 roimh Chr\u00edost n\u00f3 n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Lean forbairt ar choincheap na hEagna ar aghaidh thar na blianta ina dhiaidh sin, agus tugann t\u00e9acs Ben Sira (Ecclesiasticus), thart ar 180 toimh Chr\u00edost, as a bhfuil sliocht an lae inniu t\u00f3gtha, l\u00e9iri\u00fa \u00e1lainn air. Ar\u00eds t\u00e1 an Eagna \u00e1 moladh f\u00e9in agus i dt\u00e9asc at\u00e1 f\u00e1gtha ar l\u00e1r i sliocht an lae inniu deir an Eagna gur thaisteal s\u00ed cr\u00edocha uile an domhain ag lorg \u00e1it ch\u00f3naithe, \u00e1it a shu\u00edodh s\u00ed a campa, nuair a cheap an Tiarna l\u00e1thair d\u00e1 both agus a d\u00fairt lei cona\u00ed in Iacob, agus Iosrael a bheith aici mar oidhreacht. T\u00e1 s\u00e9 tugtha faoi deara go dtaispe\u00e1snann cuid de na leagain abairte sa sliocht seo roimh r\u00e9 gn\u00e9ithe \u00e1irithe de dhiagacht na Trion\u00f3ide: mar shampla t\u00e1 an Eagna gaolta le Dia ach \u00e9ags\u00fail leis. An cur s\u00edos at\u00e1 ann ar an Eagna, t\u00e1 tr\u00e9ithe agus sainchomhartha\u00ed a cuirfear i leith an Spioraid agus an Bhriathair (Logos) n\u00edos d\u00e9ana\u00ed. Dealra\u00edonn s\u00e9 gur ceann \u00e9 de phr\u00edomhfhoins\u00ed ionspior\u00e1ide do R\u00e9amhr\u00e1 (Prol\u00f3g) an Cheathr\u00fa Soisc\u00e9il, a l\u00e9itear inniu, prol\u00f3g ina chuirtear i leith an Bhriathair, a rinneadh feoil de, m\u00f3r\u00e1n de thr\u00e9ithe agus de ghn\u00edomhachta\u00ed na hEagna. Ach n\u00e1 cuireadh seo as do aidhm na l\u00e9achta seo i liot\u00fairge an lae inniu, a bhfuil mar aidhm aici b\u00e9im a chur ar fh\u00eds, n\u00f3 aisling, D\u00e9 don chine daonna, a cuireadh in i\u00fal leis an Eagna ag teacht chun c\u00f3naithe le Iosrael, pobal naofa D\u00e9, agus n\u00edos d\u00e9ana\u00ed i bpearsa an Bhriathair ar rinne feoil de, a ghlac n\u00e1d\u00far daonna, le teacht chun c\u00f3na\u00ed in\u00e1r measc.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 147). <em>Rinneadh feoil den Bhriathar agus ch\u00f3naigh s\u00e9 in\u00e1r measc.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L\u00e9acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Eifisigh 1:3-6, 15-18). <em>Leag s\u00e9 amach \u00f3 th\u00fas go mbeimisne in\u00e1r gclann aige tri \u00cdosa.<\/em> Sa l\u00e9acht seo t\u00e1 dh\u00e1 mh\u00edr \u00e9ags\u00fail \u00f3 th\u00fas na litreach chuig na hEifisigh ina dtugtar dh\u00e1 phointe at\u00e1 \u00e9ags\u00fail \u00f3na ch\u00e9ile. Sa ch\u00e9ad cheann gabhann P\u00f3l bu\u00edochas (\u201cMoladh le Dia\u201d) le Dia faoi na tabharthais ollmh\u00f3ra a bhronn s\u00e9 ar na creidhmhigh. Tabhartas spiorad\u00e5lta \u00f3 na flaithis, \u00f3 neamh, at\u00e1 iontu sin, tabhartas dilis \u00f3 neamh a thabhartar do na creidmhigh ar talamh agus a bheidh acu go hioml\u00e1n ar neamh. I dtraidisi\u00fan na hEagna, bh\u00ed an Eagna le Dia sul ar chinn Dia an domhan a chruth\u00fa. I l\u00e9iri\u00fa a ghr\u00e1 don chine daonna rinne Dia cinneadh eile roimh chruth\u00fa an domhain, agus sin gur roghnaigh s\u00e9 na creidmhigh a scr\u00edobhann P\u00f3l chucu, agus gach creidmheach, le beatha naofa a chaitheamh, a bheith ina gclann aige tri \u00cdosa Cr\u00edost. An aidhm a bh\u00ed leis sin n\u00e1 go molfadh na creidmhigh Dia as an mhaitheas (\u201can gr\u00e1sta\u201d) as cuimse a bhronn s\u00e9 orthu.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><span style=\"color: black;\">Sa dara m\u00edr t\u00e1 achain\u00ed, paidir, an Aspail go mbeadh beatha na gcreidmheach de r\u00e9ir uaisleacht na gairme at\u00e1 acu, gur r\u00fandiamhair dhomhain ghr\u00e1sta D\u00e9 \u00ed, r\u00fandiamhair ar gh\u00e1 creideamh, spiorad na heagna agus na tuisceana, le meas ceart a bheith ag duine uirthi. Urn\u00e1i bhre\u00e1 \u00f3n aspal \u00e9 seo go nd\u00e9anfadh Dia aigne na gcreideamhach a oscailt don d\u00f3chas Cr\u00edosta\u00ed at\u00e1 acu, agus an saibhreas at\u00e1 ann agus an ghl\u00f3ir a thagann leis.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: left;\"><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Eoin 1:1-18). <em>Rinneadh feoil den Bhriathar agus ch\u00f3naigh s\u00e9 in\u00e1r measc. <\/em>Cuireann an l\u00e9acht seo in\u00e1r l\u00e1thair teagasc soil\u00e9ir faoi dhiagacht \u00cdosa Cr\u00edost, buaicphointe ar mhachnamh fada agus doimhin \u00f3 thaobh na luath-eaglaise ar an ghaol at\u00e1 ann idir \u00cdosa \u00f3 Nazarat agus a Athair ar neamh, idir \u00cdosa agus Dia. I gC\u00e9asar\u00e1ia Philib d\u2019iarr \u00cdosa ar a dheisceabail: \u201cC\u00e9 h\u00e9 a deir sibse m\u00e9?\u201d Thar a gceann d\u2019fhreagair Peadar: \u201cIs t\u00fa an Cr\u00edost\u201d (an Meisias). Sin de r\u00e9ir Marcas. De r\u00e9ir Matha d\u2019freagair Peadar: \u201cIs t\u00fa an Cr\u00edost, Mac D\u00e9 Bheo\u201d, agus mar fhreagra ar sin d\u00fairt \u00cdosa nach \u00f3n n\u00e1d\u00far daonna a admhaigh s\u00e9 \u00e9 sin, ach gur fhoilsigh a Athair ar neamh d\u00f3 \u00e9. D\u2019fhan an cheist maidir le gaol \u00cdosa leis an Athair, le Dia, tar \u00e9is ais\u00e9ir\u00ed agus deascabh\u00e1il Chr\u00edost agus leis an l\u00e1rphointe creidimnh go raibh s\u00e9 ina shu\u00ed ar dheasl\u00e1mh D\u00e9. Mar thoradh ar sin, thart ar dheireadh an ch\u00e9id tosaigh cuireadh i bhfoirmle foirme\u00e1lta \u00e9 gurb Dia \u00e9 \u00cdosa Cr\u00edost. T\u00e1 an creideamh sin curtha go soil\u00e9ir i l\u00e9acht an lae inniu; \u201cAgus ba Dhia an Briathar\u201d, agus ar\u00eds ag deireadh shoisceal Eoin mar a admha\u00edonn Tom\u00e1s amhrasach le h\u00cdosa: \u201cMo Thiarna agus mo Dhia\u201d. Sa bhrollach seo don Soisc\u00e9al tugann Eoin \u201can Briathar\u201d ar \u00cdosa, i mbroinn an Athar, roimh an Ioncholl\u00fa. Ag baint \u00fas\u00e1ide as \u00edomh\u00e1nna at\u00e1 le f\u00e1il comh maith i litr\u00edocht Eagna na nGi\u00fadach, is f\u00e9idir leis labhairt ar ghn\u00edomha\u00edocht an Bhriathair i gcruth\u00fa na cruinne. Leagann s\u00e9 b\u00e9im ar ghn\u00e9ithe de thr\u00e9ithe agus gn\u00edomha\u00edocht an Bhriathair roimh an Ioncholl\u00fa a bhfuil baint acu lena mhisean mar Shl\u00e1naitheoir: beatha agus solas, agus ansin d\u00e9anann s\u00e9 an admh\u00e1il mh\u00f3r chreidimh: \u201cRinneadh feoil den Bhriathar, agus ch\u00f3naigh s\u00e9 in\u00e1r measc\u201d. Gl\u00f3ir \u00cdosa a chonnaic na hAspail, ionann \u00ed i sli agus a phearsa, an r\u00fandiamhair a bhaineann leis, a theagasc agus gach a bhain leis. I leabhar Ben Sira (Ecclesiasticus), tar \u00e9is l\u00e9acht an lae inniu, deir an t-\u00fadar beagnach gur ionann an Eagna agus an Conradh, an Dl\u00ed a d\u2019ordaigh Dia do Iosrael. Cuireann an Brollach seo in aghaidh a leith\u00e9id de r\u00e1iteas. An Dl\u00ed amh\u00e1in a tugadh tr\u00ed Mhaois. Th\u00e1inig an gr\u00e1sta agus an fh\u00edrinne tr\u00ed \u00cdosa Cr\u00edost.<\/p>\n<ol style=\"text-align: left;\">\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Aisling Gheal Chro\u00ed D\u00e9.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: left;\">Tuigimid inniu an chumhacht dh\u00faisitheach at\u00e1 ag briathra a bhaineann le f\u00eds, le aisling. T\u00e1 a fhios againn an t-athr\u00fa chun leasa sa bheatha shoisialta a d\u2019eascair \u00f3 na ceithre focail shimpl\u00ed B\u00e9arla sin: \u201cI have a dream\u201d. Is cuid de mheon spioradalta na nGael an aisling. Ag clo\u00ed leis an bhfocal B\u00e9arla, is eol d\u00fainn d\u00e1n an Phiarsaigh faoin dteideal\u201cThe Fool\u201d, an taibhreamh, dream, a bh\u00ed aige ina chro\u00ed agus an d\u00fail, an c\u00edocras, a bh\u00ed aige go bhf\u00edor\u00f3fa\u00ed \u00e9 sa saol r\u00e9adach. Chothaigh an Aisling mar ghn\u00e9 fhiliochta, meanmna Gael thar an blianta. Tugann l\u00e9achtai an lae inniu cuireadh d\u00fainn machnamh a dh\u00e9anamh ar aisling a bhi i gcro\u00ed D\u00e9 sul a a raibh aon saol ann agus a l\u00e9irigh s\u00e9 thar na cianta, agus a mheabhraigh s\u00e9 i litr\u00edocht na hEagna, a foils\u00edodh i sl\u00ed faoi leith i gCr\u00edost, agus at\u00e1 f\u00f3s \u00e1 foilsi\u00fa san eaglais. Labhair an Eagna Dhiaga, an Bhantiarna Eagna, i sl\u00edte \u00e9ags\u00fala leis an chine daonna ag iarradh ar dhaoine \u00e9isteacht lean guth.<\/p>\n<p style=\"text-align: left;\">Ach aisling seo D\u00e9 n\u00ed gn\u00e1th-aisling \u00e9, ach aisling dhiaga, agus mar sin t\u00e1 si sacraiminti\u00fail, leis an chumhacht \u00e9irim na f\u00edse a thabhairt i gcr\u00edch, an chumhacht sin ag creidmhigh saol \u00far a a thabhairt ann ag teacht le plean Eagna D\u00e9. R\u00fandiamhair \u00ed<\/p>\n<p style=\"text-align: left;\">seo nach dtuigtear ach tr\u00ed ghr\u00e1sta an Spioraid Naoimh, mar a mheabhraionn an dara l\u00e9acht inniu d\u00fainn.<\/p>\n<p style=\"text-align: left;\">T\u00e1 g\u00e1 ag an duine aonair agus ag saol an lae inniu le f\u00eds, le aisling. Is fi\u00fa machnamh a dh\u00e9anamh ar aisling sin chro\u00ed D\u00e9 ar a bhfuil cur s\u00edos i l\u00e9achta\u00ed an lae inniu.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>4 Ean\u00e1ir 2015 (B) Dara Domhnach tar \u00e9is na Nollag Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC A. L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-263","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/263","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=263"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/263\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=263"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=263"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=263"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}