{"id":275,"date":"2015-02-12T06:51:25","date_gmt":"2015-02-12T06:51:25","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=275"},"modified":"2015-02-12T06:51:25","modified_gmt":"2015-02-12T06:51:25","slug":"15-feabhra-2015-b-cuigiu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=275","title":{"rendered":"15 Feabhra 2015 (B) C\u00faigi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: black;\">15 Feabhra 2015 (B) C\u00faigi\u00fa Domhnach Saor<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla in agallamh le ceisteanna an lae. <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Socha\u00ed uilechuimsitheach, agus aithne phearsanta ar Chr\u00edost.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: navy;\">A. <\/span><span style=\"color: blue;\">L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Ch\u00e9ad L\u00e9acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Leiviticeas 13:1-2, 45-46). <em> Maireadh an lobhar ar leithrigh; b\u00edodh cona\u00ed ait lasamuigh den champa. <\/em> Leis an l\u00e9acht seo a thuiscint is cabhair d\u00fainn aird a thabhairt ar dhl\u00ed an Bh\u00edobla ar na lobhra. Roghna\u00edotar an l\u00e9acht seo ar an ghalar ar a dtugtar an \u201clobhra\u201d le dul leis an l\u00e9acht \u00f3n soisc\u00e9al ina a leigheasann \u00cdosa lobhar. N\u00edl an focal Eabhraise taobh thiar den t\u00e9arma a bhfuil aistri\u00fach\u00e1n \u201clobhar\u201d n\u00f3 \u201clobhra\u201d air de ghn\u00e1th go hioml\u00e1n beacht. T\u00e1 an galar ar a dtugtar \u201clobhra\u201d air inniu teoranta don cheann ar a dtugtar \u201cgalar Hanson\u201d agus n\u00edl s\u00e9 soil\u00e9ir go dtiteann an galar seo taobh istigh d\u00e1 ndeirtear faoi lobhra sa Bh\u00edobla. Is \u00e9 a bh\u00ed \u00ed gceist leis an ghalar faoin ainm seo sa Bh\u00edobla, is d\u00f3cha, n\u00e1 saghasanna \u00e9ags\u00fala de thinneas cnis. B\u00edodh nach c\u00farsa\u00ed leighis is c\u00faram don t\u00e9acs seo agus Leabhar Leiviticeas ach le c\u00farsai deasghn\u00e1thacha creidimh, baineann an c\u00e1s seo le galar agus leigheas, galar t\u00f3g\u00e1lach nuair ba ch\u00f3ir an duine i gceist a chur ar leithlis go dt\u00ed go bhf\u00f3gr\u00f3fa\u00ed leighheasta \u00e9. N\u00ed leagtar aon mhille\u00e1n ar an t\u00e9 a raibh an galar air, c\u00e9 go labhra\u00edonn t\u00e9asc n\u00edos faide amach (Leiviticeas 14) ar \u00edobairt leorghn\u00edmh a bheadh le d\u00e9anamh ag an t\u00e9 a f\u00f3gra\u00edodh a bheith leigheasta \u00f3n ghalar agus cead aige dul i measc an phobail athuair. Do l\u00e9acht an lae inniu roghna\u00edotar dh\u00e1 th\u00e9acs ghearra, le c\u00fapla v\u00e9arsa an ceann agus dachad a tri v\u00e9arsa\u00ed eatorthu, de bhr\u00ed gur measadh gur leor iad mar ch\u00falra don l\u00e9acht \u00f3n soisc\u00e9al.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 31[32]). <em>Is t\u00fa m\u2019\u00e1it folaigh, a Thiarna, cuireann t\u00fa g\u00e1trha tarrth\u00e1la i mo thimpealll<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Dara L\u00e9acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (1 Coirintigh 10:31-11:1). <em>D\u00e9anaigi aithris ormsa mar a dh\u00e9anaimse aithris ar Chr\u00edost. <\/em>Le treoir a fh\u00e1il don l\u00e9acht seo agus le machnamh a dh\u00e9anamh uirthi le agallamh le cursai \u00e1r linne f\u00e9in, is fearr an sliocht \u00e1lainn seo a shu\u00edomh ina chomhth\u00e9acs i litir seo Naomh P\u00f3il chuig na Coirintigh. San su\u00edomh sin t\u00e1 P\u00f3l in agallamh f\u00f3s leis an eaglais i gCoirint maidir le ceisteanna a eascair as an litir a sheoladar chuige, agus a fhios aige chomh maith faoin easaontas agus na scoilteanna a bh\u00ed ann toisc \u00e9il\u00edt ina measc a fh\u00e9ach orthu bheith \u201csaor\u201d, le eolas, agus de r\u00e9ir dealraimh i st\u00e1das faoi leith toisc an Bhaiste Chr\u00edostai agus an Eocairist (Corp agus Fuil Chr\u00edost a ghlacadh). De bharr na tuisceana seo acu d\u00edobh f\u00e9in ba bhaol iad do ghr\u00fapa eile san eaglais ar a dtugann P\u00f3l na \u201claga\u201d, \u201can dream lag\u201d, baill den chomhluadar a raibh tuiscint n\u00edos caoile, n\u00edos c\u00fainge, acu den saoirse Chr\u00edosta\u00ed. Mheabhraigh P\u00f3l cheana don \u00e9il\u00edt seo go raibh s\u00e9 f\u00e9in saor chomh maith, ach gur rinne s\u00e9 scl\u00e1bha de f\u00e9in don uile dhuine le Gi\u00fadaigh agus c\u00e1ch eile a ghn\u00f3thu do Chr\u00edost (1 Coirintigh 9:19-23). Sa chomhth\u00e9asc c\u00e9anna mheabhraigh s\u00e9 a riachtana\u00ed is a bh\u00ed f\u00e9insmacht mar si\u00fad a bhionn ag r\u00e1s i gcom\u00f3rtas n\u00f3 ag dorn\u00e1la\u00edocht, a thuigfeadh an eaglais sin go h\u00e9acsa \u00f3na na Cluichi Ismiacha a bh\u00edodh i gCoirint gach r\u00e9 bhliain. Mura gcoinn\u00edotar leis na rialacha b\u00edonn duine d\u00edch\u00e1ilithe, fi\u00fa Pol f\u00e9in (1 Coirtintigh 9:26-27). Cuireann s\u00e9 i gcuimhne d\u00f3ibh mar a tharla d\u2019Iosrael, pobal tofa D\u00e9, sa bhf\u00e1sach, mar a ghearr D\u00eda pion\u00f3s orthu de bharr \u00edoladhradh agus dr\u00faise. Iad s\u00edud i gCoirint a bh\u00ed m\u00f3rtasach as an \u201ceolas\u201d a bh\u00ed acu, toisc gur mheasadar i gceart n\u00e1rb tada ann na h\u00edola, cheapadar go bhf\u00e9adfaidis feoil a ofr\u00e1ileadh do na h\u00edola, d\u00e9ithe br\u00e9ige, a ithe i mb\u00e9ile lena gc\u00e1irde, b\u00edodh go raibh sin ag cur creideamh bhaill den chomhluadar i mbaol, a raibh \u201ccoinsiasa\u201d laga acu, lag sa gcreideamh agus a impleachta\u00ed. Ba bunphrionsabal Ph\u00f3il san \u00e1bhar seo go l\u00e9ir n\u00e1 an gr\u00e1 Cr\u00edosta\u00ed a thugann ar dhuine meas a bheith aige ar \u201cchoinsias\u201d an duine thall i gcib\u00e9 rud a dh\u00e9antar, ag ithe n\u00f3 ag \u00f3l, gan a bheith ina cheap tuisle. Tugann P\u00f3l \u00e9 fein mar shampla le lean\u00faint. N\u00ed m\u00f3rtas at\u00e1 i gceist, ach aithris ar Chr\u00edost. T\u00e1 a fhios aige go bhfeadfadh s\u00e9 f\u00e9in a bheith d\u00edch\u00e1ilithe.<\/span><\/p>\n<p><em>An Soisc\u00e9al<\/em> (Marcas 1:40-45). <em>D\u2019fh\u00e1g an lobhra \u00e9 agus glanadh \u00e9. <\/em>Is \u00e9asca an l\u00e9acht seo a thuiscint ina ch\u00falra mar a l\u00e9ir\u00edodh sin i gc\u00e9ad l\u00e9acht an lae inniu agus ina shu\u00edomh i gcleachtadh chreideamh na nGi\u00fadach sa r\u00e9 sin. Bheadh \u00cdosa ag gn\u00edomh\u00fa i gcoinne an Dl\u00ed Ghi\u00fadaigh (agus ag tarraingt neamhghlaine deasghn\u00e1thach air f\u00e9in) le teagmh\u00e1il a dh\u00e9anamh leis an lobhar, ach rinne s\u00e9 sin. Ach mar sin f\u00e9in glacann, clo\u00edonn, s\u00e9 le Dl\u00ed Mhaois nuair a deir s\u00e9 leis an duine a leigheasadh sin a fh\u00f3gairt do na sagairt agus ofr\u00e1il a dh\u00e9anamh de r\u00e9ir an Dl\u00ed sin. Ar aon n\u00f3s bheadh sin go l\u00e9ir riachtanach le go nglacfa\u00ed thar nais mar bhall den phobal \u00e9. Ag baint leis an lobhar, ag d\u00e9anamh teagmh\u00e1il leis, d\u00e9anann \u00cdosa teagmh\u00e1il le gach aoinne sa staid dhaonna sa saol seo.<\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>C.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B\u00edobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Pobal uilechuimsitheach, agus aithne phearsanta ar Chr\u00edost.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Mairimnid i r\u00e9 ina bhfuil tr\u00e1cht go minic ar shocha\u00ed, ar phobal, cuimsitheach, n\u00f3 uilechuimsitheach. <\/span><span style=\"color: black;\">Geallann p\u00e1irtithe poilit\u00edochta, poiliteoir\u00ed agus daoine sna me\u00e1in go n-oibreoidh siad leis sin a chruth\u00fa, a thabhairt ann. N\u00edl sa mh\u00e9id seo ach cuid de ghluaiseacht le meas a thabhaitrt isteach ar an duine aonair agus le cosaint dhl\u00edthi\u00fail a bhun\u00fa agus a dhaingniu ar chearta daonna. T\u00e1 na cearta sin \u00e1irithe i gcairteacha n\u00e1isi\u00fanta agus idirn\u00e1isi\u00fanta, agus nuair a dh\u00e9antar failli orthu t\u00e1 c\u00fairteanna dl\u00ed idirn\u00e1isi\u00fanta ann leis na fadhbanna a r\u00e9iteach.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">T\u00e9ann an meas seo ar an bpearsa dhaonna go m\u00f3r leis an dtraidisi\u00fan Gi\u00fad-Chr\u00edosta\u00ed. Crutha\u00edodh an duine daonna ar \u00edomh\u00e1 D\u00e9. Tar \u00e9is diamhasla (peaca i gcoinne D\u00e9) is \u00e9 an peaca is tromch\u00fais\u00ed n\u00e1 an d\u00fanmhar\u00fa, l\u00e9irscrios \u00edomh\u00e1 D\u00e9, agus mar sin cion \u00e9 in \u00e9adan an T\u00e9 a chruthaigh an duine ina \u00edomh\u00e1 f\u00e9in. An t-om\u00f3s seo do \u00edomh\u00e1 D\u00e9 tugann s\u00e9 ar \u00cdosa dul thar an rud di\u00faltach \u201cN\u00e1 d\u00e9an mar\u00fa\u201d lena dheimhni\u00fa gur peaca\u00ed tromch\u00faiseacha fearg, briathra d\u00fara, masla ar \u00e1r mbr\u00e1ithre agus si\u00faracha (Matha 5:21-22). I dara l\u00e9acht nan lae inniu duirt Naomh P\u00f3l leis na Coiritntigh: \u201c<a href=\"mailto:N@a%20cuirigi%20as%20do%20Ghi\u00fadaIgh%20n\u00e1%20do%20Ghr\u00e9agaigh.%20n\u00e1%20do%20phobal%20D\u00e9\"><span style=\"color: black;\">N\u00e1 cuirigi as do Ghi\u00fadaigh n\u00e1 do Ghr\u00e9agaigh, n\u00e1 do phobal D\u00e9<\/span><\/a>\u201d.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Ionannn cuimsitheacht agus deireadh a chur lena mhalairt, eisiamh, fag\u00e1il amach. Deir soisc\u00e9al an lae inniu linn faoi mar a rinne \u00cdosa an lobhar a leigheas agus a thabhairt thar nais mar ghn\u00e1thbhall d\u00e1 phobal. T\u00e1 fr\u00e9amhacha \u00e9ags\u00fala ag an eisiamh. Eagla ceann acu, eagla an truaillithe i gc\u00e1s an lobhra, eagla \u00f3 iompar frithshoisialta i gcas na Roma san Eoraip agus an lucht si\u00fail in\u00e1r measc f\u00e9in. As an \u00e9ags\u00falacht seo, is f\u00e9idir leis tarl\u00fa br\u00fa a bheith ann bheith cuimsitheach maidir le gr\u00fapa\u00ed \u00e1irithe (toisc dea-eagair agus br\u00fa \u00f3na me\u00e1in) agus neamhshuim a dh\u00e9anamh ar ghr\u00fapa\u00ed eile ar an imeall.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Gan machnamh, is f\u00e9idir le gluaiseacht n\u00f3 br\u00fa i leith uilechuimsitheachta, iachall a chur ar phobal comhionnanas gan bhr\u00ed a thabhairt isteach, Braitheann gluaiseacht d\u00e1 leitheid ar\u00a0\u00a0 mheon aigne, ar an dearcadh faoin domhan, ar weltanschaung an duine aonair n\u00f3 an ghr\u00fapa. Mar sin d\u2019fh\u00e9adfaidh s\u00e9 bheith go bhfuil gluaiseacht \u00e1irithe i dtreo uilechuimsitheachta bunaithe ar, n\u00f3 \u00e1 thiom\u00e1int ag, l\u00e9argas saolta n\u00f3 <\/span>d\u00ed-eaglais\u00edoch, ar mhian leis an creideamh, an reiligi\u00fan, a bheith d\u00edbeartha as an bheatha phoibl\u00ed, as na bunscoileanna agus as an diosc\u00farsa poibl\u00ed.\u00a0\u00a0 Is f\u00e9idir an uilechuimsitheacht seo a bheith curtha i l\u00e1thair mar comhionannas do gach aoinne, agus intuigthe aisti, idir ruda\u00ed eile, p\u00e1irt\u00edocht chomhghn\u00e9is agus p\u00f3sadh comhghnn\u00e9is. T\u00e1 na f\u00f3rsa\u00ed seo ag feidhmiu go tr\u00e9an sa domhan ina mhairimid, agus n\u00ed m\u00f3r iad a choime\u00e1d san \u00e1ireamh in aon agallamh a bheadh ann idir l\u00e9argas an Bh\u00edobla agus na hEaglaise agus socha\u00ed an lae inniu.<\/p>\n<p style=\"text-indent: 36pt;\">T\u00e1 s\u00e9 beagnach cinnte go mbeadh coimhlint ann idir l\u00e9argas saolta, glan amach, den domhan agus an l\u00e9argas Criostai agus l\u00e9argas na hEaglaise. T\u00e1 gach ceann d\u00edobh sin absal\u00f3ideach ina shl\u00ed f\u00e9in, ar thaobh amh\u00e1in s\u00e9anadh gur ann do Dhia n\u00f3 go bhfuil \u00e1it don l\u00e9argas diaga sa saol poibl\u00ed; sa taobh eile creideamh i nDia agus i gCr\u00edost mar cro\u00edl\u00e1r gach a bhfuil sa bheatha Chriosta\u00ed agus dhaonna. N\u00ed m\u00f3r d\u2019Eaglais Chr\u00edost bheith cuimsitheach de bharr dara haithne ghra an chomharsa. Ach i gc\u00f3nai don chreidmheach is aithne <em>D\u00e9<\/em> a bheidh l\u00e1rnach, agus n\u00ed seirbhis don chomharsa amh\u00e1in. \u00d3 th\u00fas na hEaglaise ba bhun agus l\u00e1r na heaglaise \u00cdosa Cr\u00edost. Bh\u00ed bu\u00edon deisceabal thart timpeall air agus seoladh amach iad leis an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt; agus ba \u00ed teachtaireacht \u00cdosa Cr\u00edost n\u00e1 \u201cD\u00e9anaigi aithr\u00ed, athr\u00fa meoin, agus creidig\u00ed sa dea-sc\u00e9al\u201d. Ba ionann aithr\u00ed an t-am sin, agus is ionann f\u00f3s, agus athr\u00fa f\u00f3cais \u00f3 l\u00e9argas Gi\u00fadach, Gr\u00e9igeach n\u00f3 l\u00e9argas ar bith eile ar an domhan agus an bheatha phearsanta agus d\u00edri\u00fa ar Chr\u00edost agus an dea-sc\u00e9al. Bhi ar dheisceabail \u00cdosa agus na misin\u00e9iri sin bheith deimhin agus soil\u00e9ir faoi cad a bh\u00ed le d\u00e9anamh acu: an dea-sc\u00e9al a fh\u00f3gairt do dhomhan agus chultur a bh\u00ed naimhdeach go minic d\u00f3ibh, agus f\u00e9achaint chuige go gcoime\u00e1dfadh na heaglais\u00ed \u00f3ga d\u00edlis, de reir mar a bhi siad ag dul i m\u00e9id, go bhfanfadh siad aontaithe, go gcoime\u00e1dfadh siad a gcomhth\u00e1iteacht agus gan ligint d\u00f3ibh f\u00e9in bheith s\u00faite isteach ag aon chult\u00far neamh-Chr\u00edosta\u00ed thart timpeall orthu. T\u00e1 an m\u00e9id seo soil\u00e9ir \u00f3 litreacha Ph\u00f3il chuig a chuid eaglais\u00ed: b\u2019ionann iomp\u00fa chun Chr\u00edost agus droim l\u00e1imhe do mh\u00f3dhanna mor\u00e1ltachta agus maireacht\u00e1la a bh\u00ed ar eolas acu roimhe sin. Nuair a deir s\u00e9 leis na Coirintigh, agus tr\u00edothu sin do ghl\u00faine n\u00edos d\u00e9ana\u00ed, gan cur as do aoinne is le hionchas iad a thionti\u00fa go Cr\u00edost a bh\u00ed ina aigne aige go m\u00f3r m\u00f3r. D\u00fairt \u00cdosa f\u00e9in rud \u00e9igin d\u00e1 leith\u00e9id: \u201cSibhse mar an gc\u00e9anna, b\u00edodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidis bhur ndea-ghn\u00edomhartha agus go ngl\u00f3ireoidis bhur nAthair at\u00e1 ar neamh\u201d. D\u2019fh\u00e9adfadh P\u00f3l a r\u00e1 le f\u00edrnne: D\u00e9anaig\u00edse aithris ormsa mar a <span style=\"color: black;\">dh\u00e9anaimse<\/span> aithris ar Chr\u00edost. Sa tsocha\u00ed, sa phobal, ina mhairimnid glaotar ar an Eaglais bheith cuimsitheach, fi\u00fa uilechuimsitheach, ach gan a saintr\u00e9ithe, a hionannas, a c\u00e9annacht, Cr\u00edosta\u00ed a chailli\u00faint, agus an misean pearsanta agus pobail at\u00e1 ann dea-sc\u00e9al Chr\u00edost a fhogairt mar is dual.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>15 Feabhra 2015 (B) C\u00faigi\u00fa Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla leis an Ath. M\u00e1irt\u00edn Mac Conmara, MSC L\u00e9achta\u00ed an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr\u00edosta\u00ed B.An B\u00edobla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-275","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/275","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=275"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/275\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=275"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=275"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=275"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}