{"id":286,"date":"2015-03-18T15:08:02","date_gmt":"2015-03-18T15:08:02","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=286"},"modified":"2015-03-18T15:08:02","modified_gmt":"2015-03-18T15:08:02","slug":"22-marta-2015-b-an-cuigiu-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=286","title":{"rendered":"22 M\u00e1rta 2015 (B) An C\u00faigi\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">22 M&aacute;rta 2015 (B) An C&uacute;igi&uacute; Domhnach den Charghas<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">Freagra din Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"margin-left: 30px;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteana an lae.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\"> Conradh nua agus cro&iacute; nua<\/span><\/em><\/p>\n<ol style=\"margin-top: 0cm;\" start=\"1\">\n<li style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir dn Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Ch&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(<\/span><span style=\"font-size: 10pt; font-family: 'Arial',sans-serif;\">Irimia <\/span>31:31-34). <em>D&eacute;anfaidh m&eacute; conradh nua leo agus n&iacute; chuimhneoidh m&eacute; ar a bpeaca&iacute; n&iacute;os m&oacute;. <\/em>L&eacute;acht seo an lae inniu is &iacute; f&aacute;istine iomr&aacute;iteach faoin gconradh nua i leabhar Irimia &iacute;. D&uacute;radh faoi gurb &ldquo;ceann de na sleachta is doimhne agus is corraitheacha sa Bh&iacute;obla ar fad &iacute;&rdquo;. Mar mh&iacute;r theagaisc is buaicphointe &iacute; de mhachnamh thar thr&eacute;imhse fhada taobh istigh de scoil le traidisiun dl&iacute; agus f&aacute;istine, scoil at&aacute; ceangailte le Leabhar Deotranaim&iacute; agus scr&iacute;bhinni at&aacute; faoi thionchar ghr&uacute;pa scol&aacute;ir&iacute; Gi&uacute;dacha a thug d&uacute;inn an corpas &aacute;irithe seo. An droim l&aacute;imhe a thug pobal Iosrael ar&iacute;s agus ar&iacute;s eile le teachtaireacht D&eacute; a th&aacute;inig chucu tr&iacute;d na f&aacute;ithe, tharraing s&eacute; tubaiste orthu. Ach &oacute;n dtubaiste sin d&rsquo;eascair gealltanas D&eacute; faoi dh&oacute;chas agus r&eacute; gheal le teacht. An dl&iacute; a tugadh tr&iacute; Mhaois ba rud seachtrach &eacute;; n&iacute;or thug s&eacute; an chumhacht maireacht&aacute;il de r&eacute;ir na treoracha a bh&iacute; ann. I l&eacute;acht an lae inniu t&aacute; cur s&iacute;os inti ar chonradh nua, ach an babhta seo dli D&eacute; scr&iacute;ofa istigh i gcro&iacute;the phobal D&eacute; a bheidh ann. R&eacute; nua at&aacute; in aigne D&eacute;, le athnuachaint maidir le eolas ar Dhia agus aithne air; beidh an t-eolas c&eacute;anna air ag gach cuid den phobal, a fhios air &oacute;n t&eacute; is l&uacute; go dt&iacute; an t&eacute; is m&oacute;. R&eacute; &iacute; ina mbeidh maithi&uacute;nas ar a pheaca&iacute; faighte ag Iosrael, agus iad ar fad dearmadta ag Dia. N&iacute; d&oacute;cha go bhfuil aon cheist ann an conradh d&eacute;anta cheana ag Dia le Maois a bheith curtha ar ceal. Is pobal D&eacute; f&oacute;s &eacute; Iosrael, le dl&iacute; D&eacute;, dl&iacute; nach bhfuil curtha i l&aacute;thair a bheith &eacute;ags&uacute;il &oacute;n dli tugtha tr&iacute; Mhaois a bh&iacute; ar eolas ag an pobal cheana. Is fi&uacute; a mheabhr&uacute; gur cos&uacute;il an fh&aacute;istine agus an fh&iacute;s seo agus f&aacute;istin&iacute; agus f&iacute;seanna eile f&aacute;idhi&uacute;la faoi r&eacute; le teacht; n&iacute; rud &eacute; a thagann de phreab, uaidh f&eacute;in, le cumhacht D&eacute; amh&aacute;in. N&iacute;or fiora&iacute;odh &eacute; in Iosrael thar o&iacute;che. Ba rud &eacute; an cro&iacute; nua, an bheatha nua inmhe&aacute;nach seo, n&aacute;rbh fhol&aacute;ir urna&iacute; a chur suas chun D&eacute; ar a shon, mar is l&eacute;ir &oacute;n Salm le Freagra &aacute;lainn a l&eacute;itear inniu (Salm 50[51[): &ldquo;Cruthaigh ionam cro&iacute; glan, a Dhia, agus athnuaigh ionam spiorad daingean&rdquo;. Thug manaigh Ghi&uacute;dacha Qumran &ldquo;an Conradh Nua&rdquo; orthu f&eacute;in, ach n&iacute; raibh sa chonradh seo agus ina sli bheatha ach conradh Mhaois le claonadh l&aacute;idir ar chomhl&iacute;onadh an Dl&iacute;. Ag cur na hEocairiste ar bun d&oacute; agus ag beann&uacute; na cail&iacute;se, d&uacute;irt &Iacute;osa: &ldquo;Is &eacute; an cupa seo an tiomna (n&oacute;: an conradh) nua i m&rsquo;fhuil&rdquo; (L&uacute;cas 22:20; 1 Coirintigh 11:25). Sa Litir chuig na hEabhraigh (8:8-12), an insint &oacute;n tSeantiomna is faide na Tiomna Nua, tugtar t&eacute;acs ioml&aacute;n fh&aacute;istine seo Irimia (sa leagan Gr&eacute;igise de), ina leagtar b&eacute;im gur comhl&iacute;onadh &eacute; i mb&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; &Iacute;osa. Mar a deir Naomh P&oacute;l, scr&iacute;obhtar an conradh nua seo i gcro&iacute;the na bhf&iacute;r&eacute;an agus d&eacute;antar beo &eacute; tr&iacute; chumacht an Spioraid Naoimh a dh&eacute;anann athr&uacute; chun leasa orainn. N&iacute; fol&aacute;ir do na f&iacute;r&eacute;in, d&uacute;inn uile, a bheith ag gu&iacute; de sh&iacute;or: &ldquo;Cruthaigh ionam croi nua, croi ghlan, a Dhia&rdquo;.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 50[51]). <em>Cruthaigh cro&iacute; glan dom, a Thiarna.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L&eacute;acht<\/em> (Eabhraigh 5:7-9). <em>D&rsquo;fhoghlaim s&eacute; umhla&iacute;ocht agus rinneadh de &uacute;dar an tsl&aacute;naithe sh&iacute;ora&iacute;.<\/em> An t&eacute;acs &aacute;lainn seo cuireann s&eacute; os &aacute;r gcomhair ceann de na r&uacute;ndiamhra faoinar fhulaing Cr&iacute;ost agus faoina umhla&iacute;ocht iomlan do thoil an Athar agus don bheart a bh&iacute; aige leis an domhan a shl&aacute;n&uacute;. T&aacute; na smaointe c&eacute;anna le fail in &aacute;iteanna eile sa Tiomna Nua, mar shampla faoi urna&iacute; &Iacute;osa i Geits&eacute;amain&iacute; agus sa sliocht as Soisc&eacute;al Naomh Eoin a l&eacute;itear inniu san Aifreann. Mar a chuireann Marcas (14:35-36) &eacute; maidir le Geits&eacute;amain&iacute;: &ldquo;Chuaigh &Iacute;osa ar aghaidh tamall agus chaith s&eacute; &eacute; f&eacute;in ar an talamh, agus ghuigh s&eacute; go ngabhfadh an uair thairis, d&aacute; mba fh&eacute;idir &eacute;, agus d&uacute;irt s&eacute;: &lsquo;Abba, a Athair, t&aacute; gach n&iacute; ar do chumas. T&oacute;g an cupa seo uaim. Ach n&aacute; b&iacute;odh mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa&rsquo;&rdquo; (f&eacute;ach freisin Matha 26:39; L&uacute;c&aacute;s 22:42). N&oacute; i soisc&eacute;al Eoin, sa t&eacute;acs a l&eacute;itear inniu: &ldquo;T&aacute; buaireamh ar m&rsquo;anam anois. Cad a d&eacute;arfaidh m&eacute;? &lsquo;A Ahair, saor m&eacute; &oacute;n uair seo?&rsquo; Ach is chuige sin a th&aacute;inig m&eacute; chun na huaire seo. A Athair, tabhair gl&oacute;ir do d&rsquo;ainm&rdquo;.<\/p>\n<p><em>An Soisc&eacute;al<\/em> (Eoin 12:20-33). <em>An gr&aacute;inne arbhair a thit sa talamh, m&aacute; fhaigheann s&eacute; b&aacute;s, tugann s&eacute; toradh m&oacute;r uaidh.<\/em> Leis an l&eacute;acht seo a thuiscint n&iacute;os fearr, is cabhair &eacute; &iacute; a shuiomh ina chomhth&eacute;acs sa phlean at&aacute; i Soisc&eacute;al Eoin. T&aacute; dh&aacute; mh&oacute;r-roinn sa Soisc&eacute;al seo. Tugtar &ldquo;Leabhar na gComhartha&iacute;&rdquo; (caibidil 1-12) ar ar gc&eacute;ad roinn, agus &ldquo;Leabhar na Gl&oacute;ire&rdquo; ar an dara ceann (caibidil 13-20). Ionann &ldquo;comhartha&rdquo; sa chomhth&eacute;acs seo agus mior&uacute;ilt, ach mioruilt gur comhartha &eacute; do fhirinne n&iacute;os airde. Ceann de shaintr&eacute;ithe an tSoisc&eacute;il seo n&aacute; &ldquo;uair&rdquo; &Iacute;osa, sin le r&aacute; an tr&aacute;th beacht a bh&iacute; leagtha amach ag a Athair d&oacute;, an uair ina raibh &Iacute;osa le gabh&aacute;&iacute;l trid an bh&aacute;s (&ldquo;ardaithe sa chrois&rdquo; i bhfriotal an tSoisc&eacute;il seo), agus a aiseir&iacute; go gl&oacute;ir an Athar. Thosaigh &ldquo;Leabhar na gComhartha&iacute;&rdquo; i sl&iacute; le chead chomhartha &Iacute;osa ag Cana na Gailile. Cuirtear cr&iacute;och leis an Leabhar seo le l&eacute;acht an lae inniu. Is &eacute; is su&iacute;omh d&oacute; n&aacute; Iar&uacute;sail&eacute;im, ag tr&aacute;th na C&aacute;sca nuair sa bh&iacute; neamh-Gi&uacute;daigh &aacute;irithe (&ldquo;Gr&eacute;igigh&rdquo;) sa cathair i gcomhair na f&eacute;ile, daoine a bh&iacute; f&aacute;bharach do chreideamh na nGi&uacute;dach. Le linn a shaol bh&iacute; misean &Iacute;osa teoranta do phobal Iosrael. Ba mhian leis na Gr&eacute;igih seo &Iacute;osa a fheiscint agus t&eacute;ann siad go beirt aspal (Pilib agus Aindrias) a bhfuil ainmneacha Gr&eacute;igeacha acu, a thug a n-achain&iacute; go h&Iacute;osa. Thug &Iacute;osa freagra orthu, ach ag an gc&eacute;ad amharc n&iacute;l m&oacute;r&aacute;n baint ag a d&uacute;irt s&eacute; leis an achain&iacute;, mura bhfuil sin ag deireadh an t&eacute;acs: &ldquo;M&aacute; arda&iacute;tear mise (&Iacute;osa) &oacute;n talamh (sa chrois, san aiseir&iacute;, sa ghl&oacute;ir), tarraingeoidh me gach duine chugam f&eacute;in&rdquo; &#8212; Gr&eacute;igigh ina measc. Baineann freagra &Iacute;osa go hioml&aacute;n lena &ldquo;uair&rdquo; a fheiceann s&eacute; a bheith tagaithe. Ionann &ldquo;uair&rdquo; &Iacute;osa agus an tr&aacute;th ina dh&eacute;anfar &eacute; a ghl&oacute;iri&uacute;, tr&iacute;na bheith ardaithe &oacute;n talamh ar an gcrois. I sl&iacute;, cos&uacute;il leis an grainne arbhair, faigheann s&eacute; b&aacute;s ach &eacute;ireoidh s&eacute; ar&iacute;s le toradh m&oacute;r a thabhairt uaidh. Ionann a bh&aacute;s agus bua ar na f&oacute;rsa&iacute; go leir a bh&iacute;onn agus a bheidh ag feidhmi&uacute; &iacute; gcoinne a shaothair leis sn domhan a shl&aacute;n&uacute; (&ldquo;an domhan&rdquo;, an diabhal, &ldquo;prionsa an tsaoil seo&rdquo;). Le bua seo na croise (&ldquo;M&aacute; arda&iacute;tear mise &oacute;n talamh&rdquo;) tarraingeoidh s&eacute; gach duine chuige m&eacute;in, Le chreidimh is f&eacute;idir le creidmhigh &eacute; a fheiscint mar shl&aacute;naitheoiir faoi ghl&oacute;ir (&ldquo;ardaithe&rdquo;) ag deasl&aacute;mh an Athar. Is bonn muin&iacute;ne d&aacute; lucht lean&uacute;na &eacute;. Is leo sin, chomh maith, an bua a bh&iacute; ag &Iacute;osa. Mar a bh&iacute; i gc&aacute;s &Iacute;osa, le toradh a thabhairt d&oacute;ibh f&eacute;in agus do dhaoine eile, n&iacute; m&oacute;r d&oacute;ibh b&aacute;s a fh&aacute;il d&oacute;ibh f&eacute;in maidir le gach rud nach oireann do theachtaireacht &Iacute;osa.<\/p>\n<p style=\"margin-left: 30px;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">B Machnamh agus an B&iacute;obla in agallamh le ceisteana an lae. <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Conradh nua agus cro&iacute; nua<\/span><\/em><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Machnamh.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> N&iacute; g&aacute; gur ionann agallamh le ceisteanna an lae agus agallamh maidir le c&uacute;rsa&iacute; soisialta, cult&uacute;rtha agus poilitiochta nach mbaineanna le saol na hEaglaise. N&iacute; m&oacute;r don ch&eacute;ad agallamh le l&eacute;achta&Iacute; an Domhnaigh a bheith leis na creidmhigh iad f&eacute;in mar is leo sin at&aacute; Cr&iacute;ost ag caint sna l&eacute;achta&iacute; seo, mar a mheabhra&iacute;onn an Chomhairle Vatac&aacute;in II linn (<em>Bunreacht ar an Liotuirge Naofa, <\/em>paragraph 7). Pr&iacute;omh-theachtaireacht l&eacute;achta&iacute; an lae inniu n&aacute; cuireadh an conradh nua a thabhairt chun cuimhne d&uacute;inn, conradh gur f&iacute;s agus r&eacute;altacht &eacute; &ndash; f&iacute;s don fh&aacute;idh Irimia agus r&eacute;altacht tr&iacute; Chr&iacute;ost agus an Spiorad Naomh. Mar a mheabhra&iacute;onn P&oacute;l d&uacute;inn, conradh at&aacute; scr&iacute;ofa in&aacute;r gro&iacute;the &eacute;, n&iacute; le d&uacute;ch ach le spiorad an D&eacute; bheo, agus nach ar thaibhl&eacute;id chloiche a greanadh &iacute; ach ar thaibhl&eacute;id an chro&iacute; dhaonna. <\/span><span style=\"color: black;\">Is maoir ar an gconradh nua P<\/span><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">ol agus an eaglais, nach conradh litreach &eacute; ach conradh sa Spiorad (2 Coirintigh 3:3,6). N&iacute; fol&aacute;ir freagra umhail a bheith ann don conradh seo le urna&iacute; bhuan do Dhia cro&iacute; glan a chruthu ionainn.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Teachtaireacht eile do chreidmhigh san agallamh seo le l&eacute;achta&iacute; an lae inniu n&aacute; gur ionann b&aacute;s Chriost ar an gcrois agus bua aige, a bhua in &eacute;adan gach f&oacute;rsa a sheasann ina choinne ina shaothar sl&aacute;naithe &ndash; an &ldquo;saol&rdquo; seo, cumhacht an diabhail agus aon chumhacht eile. Deireann Cr&iacute;ost an m&eacute;id seo le muin&iacute;n a thabhairt d&aacute; lucht lean&uacute;na.Thug s&eacute; d&oacute;ibh a bhua f&eacute;in. Mar a d&uacute;irt s&eacute; lena dheisceabail: &ldquo;Labhair m&eacute; na nithe sin libh, chun go mbeadh s&iacute;och&aacute;in agaibh ionamsa. T&aacute; buairt agaibh sa saol, ach b&iacute;odh misneach agaibh. T&aacute; buaite agamsa ar an saol&rdquo; (Eoin 16:33). T&aacute; an teachtaireacht ch&eacute;anna ann do chreidmhigh de ghl&uacute;in ar bith nuair a bh&iacute;onn siad faoi bhr&uacute; de bharr a gcreidimh. T&aacute; Cr&iacute;ost agus an Spiorad Naomh ina gcro&iacute;the agus ina gcoinsiasa le neart a thabhairt d&oacute;ibh. &ldquo;T&aacute; buaite agaibh, mar gur treise an t&eacute; at&aacute; ionabhse n&aacute; an t&eacute; at&aacute; ar an saol&rdquo; (1 Eoin 4:4), is &eacute; sin le r&aacute; n&iacute;os treise n&aacute; aon fh&oacute;rsa at&aacute; ag iarraidh iad a tharraingt &oacute; Chr&iacute;ost agus &oacute;n Eaglais. Pas beag n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; tugann an scr&iacute;obhn&oacute;ir c&eacute;anna briathra spreag&uacute;la faoi bhua an chreidimh i gCr&iacute;ost ar gach namhaid (&ldquo;an saol&rdquo;): &ldquo;Is &iacute; seo an chaithr&eacute;im a sh&aacute;ra&iacute;onn an saol, &aacute;r gcreideamh&rdquo; (1 Eoin 5:4).<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">An bua, an chaithr&eacute;im seo, tugtha do chreidmhigh, ar a labhra&iacute;onn Cr&iacute;ost, is intuigthe as go bhfuil na creidmhigh aontaithe le Cr&iacute;ost, agus le Cr&iacute;ost mar shampla ag f&aacute;il b&aacute;is d&aacute; bpeaca&iacute; fein mar an gr&aacute;inne arbhair.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Agallamh. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> M&aacute; th&eacute;imid ar aghaidh as seo go agallamh leis an &ldquo;saol&rdquo;, le saol agus socha&iacute; &aacute;r linne f&eacute;in, at&aacute; ar uairibh gan creideamh ar bith, is f&eacute;idir linn comhairle Pheadair a lean&uacute;int (1 Peadar 3:15-16): &ldquo;B&iacute;g&iacute; r&eacute;idh i gc&oacute;na&iacute; le cosaint a dh&eacute;anamh in aghaidh aon duine a iarann oraibh bonn a thabhairt leis an d&oacute;chas at&aacute; ionaibh, ach d&eacute;anaig&iacute; amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dh&eacute;antar troma&iacute;ocht oraibh go gcuirtear n&aacute;ire ar an muintir a dh&eacute;anann b&eacute;ad&aacute;n ar bhur ndea-iompar i gCr&iacute;ost&rdquo;. Nuair a ghlacann creidmhigh le firinn&iacute; l&eacute;achta&iacute; Aifreann an lae inniu, mar bhaill den phobal lena mbaineann siad, t&aacute; siad gafa leis an bheatha shoisialta ag gach leibh&eacute;al, idir cult&uacute;rtha, poilitiochta agus eile. Ach tugann siad t&uacute;s &aacute;ite i gc&oacute;na&iacute; don d&iacute;lse do Chr&iacute;ost, ag tabhairt chun cuimhne briatrhra Chr&iacute;ost f&eacute;in: &ldquo;An t&eacute; arb ansa leis athair n&oacute; mathair n&aacute; m&eacute;, nil se d&iacute;ongbh&aacute;la dom&rdquo; (Matha 10:37). Is f&iacute;or na briathra sin faoi th&iacute;r dh&uacute;chais, ph&aacute;irt&iacute; poilit&iacute;ochta n&oacute; duine n&oacute; gr&uacute;pa ar bith eile, amhail is nach bhf&eacute;adfa&iacute; a r&aacute;: mo th&iacute;r dh&uacute;chais, n&oacute; mo ph&aacute;irt&iacute; poilit&iacute;ochta ar dt&uacute;s agus an creideamh lena bhainim (m&aacute;s ionann sin ag d&iacute;lse do Chr&iacute;ost) ina dhiaidh sin. M&aacute; deirtear a leith&eacute;id n&iacute; m&oacute;r a r&aacute; ina choinne go bhfuil t&uacute;s &aacute;ite ag Cr&iacute;ost agus ag an Eaglais, sa mh&eacute;id is go seasann s&iacute; do theagasc Chriost.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">N&iacute; minic a bh&iacute;onn ar dhuine rogha mar sin a dh&eacute;anamh, ach ar uairibh cloistear mar nath &oacute; ghr&uacute;pa&iacute; agus &oacute; dhaoine aonair gur prionsabail ag Caitlicigh &ldquo;Eaglais, n&oacute; mo chreideamh, ar dt&uacute;s anus ansin an pairt&iacute; poilit&iacute;ochta, poilit&iacute;ocht an phobail. N&iacute; h&eacute; go bhfuil cur i gcoinne n&oacute; coimhhlint bun&uacute;sach idir d&iacute;lse chreidimh agus aire do ch&uacute;rsa&iacute; an phobail. Is l&eacute;ir &oacute;n stair gur daoine le creideamh l&aacute;idir agus le gr&aacute; agus d&iacute;lse don eaglais agus do Chr&iacute;ost a thug d&uacute;inn staid shocair an phobail mar at&aacute; s&iacute; anois againn. N&iacute; namhaid do dul chun cinn pobail creideamh Chriost, ach a mhalairt ar fad. Sochar don saol poibl&iacute; creidmhigh a chreideann i bhf&iacute;s an chonartha nua agus i mbriathra Criost b&aacute;s a f hail do laig&iacute; le toradh a thabhairt. Cotha&iacute;onn a leith&eacute;id muin&iacute;n an phobail.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>22 M&aacute;rta 2015 (B) An C&uacute;igi&uacute; Domhnach den Charghas Freagra din Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-286","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/286","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=286"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/286\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=286"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=286"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=286"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}