{"id":288,"date":"2015-03-25T09:04:18","date_gmt":"2015-03-25T09:04:18","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=288"},"modified":"2015-03-25T09:04:18","modified_gmt":"2015-03-25T09:04:18","slug":"29-marta-2015-domhnach-na-pailme-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=288","title":{"rendered":"29 M\u00e1rta 2015 Domhnach na Pailme (B)"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">29 M&aacute;rta 2015 Domhnach na Pailme (B)<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">T&eacute;ama:<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"> Ceansacht Chr&iacute;ost d&aacute;r ngr&iacute;osadh<\/span><\/em><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em>An M&oacute;rshi&uacute;l<\/em> (Marcas 11:1-10). <em>&Iacute;osa ag teacht isteach go hIar&uacute;sail&eacute;im<\/em>. T&aacute; an sliocht seo faoi theacht &Iacute;osa isteach go hIar&uacute;sail&eacute;im le f&aacute;il i ngach ceann de na tr&iacute; shoisc&eacute;il shionaptacha, Matha, Marcas agus L&uacute;c&aacute;s. Thug an eachtra le tuiscint do lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost an fh&aacute;istine ag an f&aacute;idh Zacairi&aacute; (9:9-10) faoi theacht an r&iacute;, an Meisias, go humhail go hIar&uacute;sail&eacute;im, ag marc&aacute;iocht ar asal, t&eacute;acs at&aacute; luaite ag Matha (<span style=\"color: red;\">ach nach bhfuil ag Marcas)<\/span>: &ldquo;Abraig&iacute; le hin&iacute;on S&iacute;&oacute;n: Feach, t&aacute; do r&iacute; ag teacht chugat, agus &eacute; go ceansa, ag marca&iacute;ocht ar asal, ar shearrach beith&iacute;gh iompair&rdquo;. Mheasfadh duine gur mior&uacute;ilt a bh&iacute; ann faoi aimsi&uacute; an asail agus c&eacute; chomh h&eacute;asca a scaoil an t-&uacute;in&eacute;ir leis an bheirt dheisceabal &eacute;, ach b&rsquo;fh&eacute;idir go raibh aithne ag &Iacute;osa ar an &uacute;in&eacute;ir cheana f&eacute;in. Bh&iacute; Cnoc na nOl&oacute;g, B&eacute;atfag&eacute; agus B&eacute;at&aacute;ine congarach do Iar&uacute;sail&eacute;im, agus t&aacute; a fhios againn go raibh c&aacute;irde ag &Iacute;osa ansin. Rud suntasach faoin l&eacute;acht seo n&aacute; nach cheileann &Iacute;osa a thuilleadh gurb &eacute; an Meisias, r&iacute; Iosrael, &eacute;. Tugann a lucht lean&uacute;na &eacute; sin faoi deara agus tugann siad om&oacute;s cu&iacute; d&oacute;. Labhra&iacute;onn Matha (agus Marcas) faoi na sluaite a bh&iacute; roimh &Iacute;osa amach agus &aacute; lean&uacute;int. Is d&oacute;cha gur deisceabail a bh&iacute; iontu seo. &Oacute;c&aacute;id mh&oacute;r a bhi ann d&oacute;ibh si&uacute;d mar thuigeadar br&iacute; a raibh ag tarl&uacute; &oacute;na gcreideamh sna f&aacute;istin&iacute;. N&iacute;or tharraing an eachra aird chumhacht na R&oacute;imhe uirthi f&eacute;in, cumhacht a bh&iacute; san airdeall faoi aon bhaol d&aacute; r&eacute;imeas i rith tr&eacute;imhse na C&aacute;sca. Ghlac &Iacute;osa leis an om&oacute;s a tugadh d&oacute;: &ldquo;H&oacute;sanna do Mhac Dh&aacute;iv&iacute;. Is beannaithe an t&eacute; at&aacute; ag teacht in ainm a Tiarna! H&oacute;sanna sna harda&rdquo;, <span style=\"color: red;\">agus n&iacute;os soil&eacute;ire f&oacute;s ag Marcas n&aacute; ag Matha na L&uacute;c&aacute;s: &ldquo;Is beannaithe teacht &iacute;, R&iacute;ochr &aacute;r nAthar, Daiv&iacute;&rdquo;<\/span>. N&iacute; raibh baol na m&iacute;thuisceana ann a thuilleadh, faoi mar a bh&iacute; ag C&eacute;asarai&aacute; Philib. N&iacute; fada go mbeadh g&aacute;rtha eile ag glaoch ar a chuid fola, agus go mbeadh r&eacute;imeas Dh&aacute;iv&iacute; aige lena bh&aacute;s agus a ais&eacute;ir&iacute;.<\/p>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Eas&aacute;ias 50:4-7). <em>N&iacute;or cheil m&eacute; mo ghn&uacute;is ar mhasla, mar t&aacute; a fhios agam nach mbeidh m&eacute; meallta. <\/em>Seo &eacute; dara amhr&aacute;n ghiolla an Tiarna (mar a thugtar orthu) as ceithre chinn d&iacute;obh. (Na cinn eile Eas&aacute;ias 42:1-4; 49:1-6; 52:13-53:12.) N&iacute; fios go beacht c&eacute;rb &eacute; an duine a bh&iacute; in aigne an fh&aacute;idh nuair a chum s&eacute; na duanta seo: an bhfuil s&eacute; ag labhairt iontu faoina phearsa f&eacute;in, ag pearsan&uacute; Iosrael, n&oacute; faoi dhuine f&oacute;s le teacht. Is cuma faoin cheist &aacute;irithe seo. Is l&eacute;ir go bhfuil siad fioraithe in &Iacute;osa Cr&iacute;ost, ina bheatha agus ina bh&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute;. Cuireann an duan seo s&iacute;os go h&aacute;lainn agus go beacht ar a phearsa agus ar an mhisean a bh&iacute; aige. Bh&iacute; an bua &oacute; Dhia aige fulaingt agus tuiscint a bheith aige d&oacute;ibh si&uacute;d a bh&iacute; &aacute; ch&eacute;asadh n&oacute; a bh&iacute; traochta. Fulainga&iacute;onn s&eacute; go foighdeach an m&eacute;id is toil le Dia cur air, agus muin&iacute;n ioml&aacute;n aige as Dia go nbeidh toradh ar a shaothar.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 21[22]). <em>A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thr&eacute;ig t&uacute; m&eacute;?<\/em><\/p>\n<p><em> Dara L&eacute;acht <\/em>(Filipigh 2:6-11). Duan an-&aacute;rsa Cr&iacute;osta&iacute; &eacute; seo, a bhaineann P&oacute;l &uacute;s&aacute;id as le bheith ina eiseaml&aacute;ir do Chr&iacute;ostaithe conas aithris a dh&eacute;anamh ar &Iacute;osa. Is d&oacute;cha go bhfuil an duan ag d&eacute;anamh codarsnacht idir &Iacute;osa, an t&Aacute;dhamh nua agus an an ch&eacute;ad &Aacute;dhamh i nGaird&iacute;n Pharthais. B&iacute;odh gur duine daonna, i gcl&oacute; daonna, a bh&iacute; sa ch&eacute;ad &Aacute;dhamh ghlac s&eacute; le ghuth an diabhail, na nathrach nimhe, agus shantaigh s&eacute; bheith mar Dhia, agus loit plean D&eacute;. A mhalairt ar fad le h&Iacute;osa, a bh&iacute; i cl&oacute; D&eacute; ach a &iacute;sligh &eacute; f&eacute;in, go b&aacute;s fi&uacute; na croise. An t-ainm a bronnadh ag Dia ar &Iacute;osa n&aacute; &ldquo;Tiarna&rdquo;. Ionann &ldquo;Tiarna&rdquo; agus Cr&iacute;ost c&eacute;asta, ais&eacute;irithe, ar dheasl&aacute;imh an Athar faoi ghl&oacute;ir, agus an T&eacute; a thugann uaidh an Spiorad Naomh don eaglais. Cr&eacute; ann f&eacute;in an teideal seo &ldquo;Tiarna&rdquo;.<\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al <\/em>(Marcas 14:1-15:47; leagan gearr Marcas 15:1-39). Tugann leagan fada den soisc&eacute;al an cur s&iacute;os d&uacute;inn ar ch&uacute;rsa&iacute; &oacute; r&uacute;n I&uacute;d&aacute;s &Iacute;osa a thabhairt ar l&aacute;mh go dt&iacute; a bh&aacute;s ar an gcrois. T&aacute; insint ann ar na hullmh&uacute;ch&aacute;in don Suip&eacute;ar Deirneach, ar an Suip&eacute;ar fein, ar bhun&uacute; Naomh-Shacraimint na hEocairiste, le athr&uacute; ar&aacute;in ina chorp agus f&iacute;ona ina fhuil, fuil an chonartha. Ina dhiaidh sin tagann a phianph&aacute;is i Geits&eacute;amain&iacute;, conas mar ar gahbadh agus a cuireadh faoi thriail &eacute;, agus ag deireadh a bh&aacute;s ar an gcrois. T&eacute;ann an leagann gearr &oacute;n dtriail os comhair Phiol&aacute;it go b&aacute;s &Iacute;osa. Go luath ina sc&eacute;al faoi bheatha &Iacute;osa luann Marcas an freas&uacute;ra a bh&iacute; ann d&oacute; ag gr&uacute;pa&iacute; &aacute;irithe, agus tar &eacute;is gur admhaigh na deisceabail ag C&eacute;asarai&aacute; gurb &eacute; an Cr&iacute;ost, an Meisias, &eacute; mheabhraigh &Iacute;osa faoi thr&iacute; d&oacute;ibh go raibh fulaingt agus b&aacute;s in nd&aacute;n d&oacute; in Iar&uacute;sail&eacute;im. Thosaigh sin leis an bpianph&aacute;is i ng&aacute;ird&iacute;n Geits&eacute;amain&iacute;, agus t&aacute; sc&eacute;al na p&aacute;ise r&iacute;omhtha ag Marcas i l&eacute;acht an lae inniu. Ag b&aacute;s &Iacute;osa d&rsquo;admhaigh an taoiseach c&eacute;ad pag&aacute;nach gurb Mhac D&eacute; &eacute; &Iacute;osa, cr&eacute; l&aacute;rnach a bheidh le craobhscaoileadh ag an Eaglais tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; &Iacute;osa maidin Dhomhnach C&aacute;sca. Thosaigh Marcas a shoisc&eacute;al leis na briathra: &ldquo;Tosach Shoisc&eacute;al &Iacute;osa Cr&iacute;ost, Mac D&eacute;&rdquo;, admh&aacute;il chreidimh ar st&aacute;das &Iacute;osa &oacute; pheann creidmhigh. Cuireann s&eacute; crioch le sc&eacute;al bheatha &Iacute;osa leis an admh&aacute;il ch&eacute;anna &oacute; bh&eacute;al an taoisigh c&eacute;ad phag&aacute;naigh: &ldquo;Go dearfa, ba &eacute; Mac D&eacute; an duine sin&rdquo;.<\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B<\/span><\/strong><strong><span style=\"color: blue;\">. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Ceansacht Chr&iacute;ost d&aacute;r ngr&iacute;osadh<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">T&aacute; &aacute;bhar saibhir machnaimh i l&eacute;acha&iacute; an lae inniu, agus den chuid is m&oacute; de labhra&iacute;onn siad uathu f&eacute;in ach iad a l&eacute;amh agus s&uacute;il againn ar shaol agus ch&uacute;ins&iacute; &aacute;r linne f&eacute;in. <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Sa ch&eacute;ad agus sa dara l&eacute;acht t&aacute; giolla, seirbh&iacute;seach, an Tiarna agus &Iacute;osa f&eacute;in curtha os &aacute;r gcomhair mar eiseaml&aacute;ir, an giolla a bhfuil teanga an aos l&eacute;inn aige toisc gur fhoghlaim s&eacute; &oacute;n m&eacute;id a fhulaing s&eacute;, agus a thug d&oacute; an tuiscint freagra a thabhairt do t&eacute; at&aacute; traochta. Sin bua m&oacute;r a bheadh le foghlaim ag saol an lae inniu&mdash;go bhfuil d&iacute;nit sa bhr&oacute;n, san fhulaingt, a thugann tuiscint do dhuine ar chora crua an tsaoil. D&eacute;antar cur s&iacute;os go minic i dt&iacute;ortha &aacute;irithe ar &ldquo;chine&aacute;l na beatha&rdquo;, &ldquo;the quality of life&rdquo;, amhail is nach mbeadh br&iacute;, ciall, leis an bheatha dhaonna muna mbeadh s&iacute; gan fhulaingt, gan fhadhb. T&oacute;gtar easba seo den &ldquo;quality of life&rdquo; mar leithsc&eacute;al do eotan&aacute;is. T&aacute; a fhios againn go bhfuil sc&eacute;al d&aacute; leith&eacute;id casta, ach mar sin f&eacute;in is fi&uacute; a mheabhr&uacute; go bhfuil d&iacute;nit ag baint le gach gn&eacute; den saol daonna.<\/span><\/p>\n<p>Ceacht eile a thagann chugainn &oacute;n ch&eacute;ad l&eacute;acht agus &oacute;n soisc&eacute;al, faoi Ph&aacute;is &Aacute;r dTiarna, n&aacute; ceansacht Chr&iacute;ost agus a gairm chugainn a bheith tuisceanach d&aacute; ch&eacute;ile. Leag an P&aacute;pa Prionsias b&eacute;im ar a leith&eacute;id de sin agus thug na me&aacute;in chumars&aacute;ide an-aird d&oacute;. T&aacute; teachtaireacht ag Giolla an Tiarna agus ag &Iacute;osa, a fuair b&aacute;s ar &aacute;r son, don saol seo againne go f&oacute;ill. Gu&iacute;mis go mbeadh toradh f&oacute;nta ar aspalacht an Ph&aacute;pa Proin&eacute;as.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>29 M&aacute;rta 2015 Domhnach na Pailme (B) Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-288","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/288","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=288"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/288\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=288"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=288"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=288"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}