{"id":292,"date":"2015-04-04T10:00:18","date_gmt":"2015-04-04T10:00:18","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=292"},"modified":"2015-04-04T10:00:18","modified_gmt":"2015-04-04T10:00:18","slug":"aibrean-12-2015-an-dara-domhnach-den-chaisc-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=292","title":{"rendered":"Aibre\u00e1n 12 2015 An Dara Domhnach den Ch\u00e1isc (B)"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Aibre&aacute;n 12 2015 An Dara Domhnach den Ch&aacute;isc (B)<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><em><span style=\"font-size: 10pt;\">&ldquo;Is m&eacute;anar d&oacute;ibh seo nach bhfaca agus a chreid&rdquo;.<\/span><\/em><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Gn&iacute;omhartha na nAspal 4:32-35). <em>Ar aon chro&iacute; agus ar aon anam. <\/em>Is cur i l&aacute;thair id&eacute;alaithe an l&eacute;acht seo faoin luath-eaglais Chr&iacute;osta&iacute; in Iar&uacute;sail&eacute;im, cur i l&aacute;thair is geal le h&uacute;dar an leabhair seo, Gn&iacute;omhthartha na nAspal, a bhfuil sampla&iacute; eile cos&uacute;il leis sa leabhar. Tugadh an eaglais &oacute;g seo mar eiseaml&aacute;ir do chomhluadar ar bith eile Cr&iacute;osta&iacute; faoi mar ba choir d&oacute; &eacute; f&eacute;in a iompair: aontaithe i gcro<\/span><span style=\"font-size: 10pt;\">i agus anam, finn&eacute;ithe d&rsquo;ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost, le c&uacute;ram acu d&oacute;ibh si&uacute;d ar an ngannchuid, ag roinnt a gcuid maoine lena ch&eacute;ile. Ba iad sin laethanta tosaigh na hEaglaise, go luath tar &eacute;is an ais&eacute;ir&iacute; agus teacht an Spioraid Naoimh. N&iacute; raibh tuiscint acu go f&oacute;ill ar impleachta&iacute; an chreidimh i gCr&iacute;ost. Bheadh siad sin le teacht tar &eacute;is don eaglais leathnu amach go dt&iacute; an domhan neamh-Ghi&uacute;dach agus briseadh le Dl&iacute; Mhaois. Bheadh iliomad cr&aacute;chro&iacute; agus c&iacute;oradh anama le fulaingt amach anseo ag an eaglais &oacute;g chi&uacute;in shocair seo, de bharr a leanann as an gcreideamh i gCr&iacute;ost, Sl&aacute;naitheoir an domhain uile. Ach sa mh&eacute;id seo is &iacute;omh&aacute; &iacute; den eaglais i ngl&uacute;in ar bith.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Fragra <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Salm 117[118]). <em>Tugaig&iacute; bu&iacute;ochas don Tiarna toisc gur maith &eacute;<\/em>: <em>&oacute;ir maireann a ghr&aacute; de sh&iacute;or.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(1 Eoin 5:1-6). <em>Gach a ghintear &oacute; Dhia s&aacute;ra&iacute;onn s&eacute; an saol. <\/em>Is fada c&uacute;lra na l&eacute;achta seo &oacute;n su&iacute;omh socair sa luath-eaglais in Iar&uacute;sail&eacute;im a bh&iacute; againn sa ch&eacute;ad l&eacute;acht. Baineann an l&eacute;acht seo le litir &oacute; dheireadh ch&eacute;ad aois na hEaglaise. Scr&iacute;obhadh c&eacute;ad litir Naomh Eoin go comhluadar Cr&iacute;osta&iacute; a bh&iacute; scoilte go domhain maidir le creideamh i bpearsa Chr&iacute;ost mar Mhac D&eacute; agus maidir le incholl&uacute; Chr&iacute;ost. Bh&iacute; m&uacute;inteoir&iacute; &aacute;irithe sa phobal (ar a dtugann an litir seo &ldquo;ainchr&iacute;ostanna&rdquo;) a sh&eacute;an an creideamh in &Iacute;osa mar Mhac D&eacute;, agus d&aacute; bharr sin a bh&iacute; imithe thar teorann an chreidimh amach. Sa litir seo, agus i l&eacute;acht an lae inniu, cuireann an t-&uacute;dar dua m&oacute;r air f&eacute;in point&iacute; teagaisc a shoil&eacute;iri&uacute;, agus le b&eacute;im a leagan ar an nasc at&aacute; idir chreideamh i nDia, Athair &Iacute;osa, agus an aithne a eascra&iacute;onn as sin &#8212; gr&aacute; a thabhairt don chomharsa, de bhr&iacute; gur, cos&uacute;il le h&Iacute;osa f&eacute;in, clann mhac agus clann inionacha sinn den Athair c&eacute;anna. Tr&iacute;d an gcreideamh gur Mac D&eacute; &eacute; &Iacute;osa (ionann &ldquo;an Cr&iacute;ost&rdquo; sa l&eacute;acht seo agus &ldquo;Mac De&rdquo;) d&eacute;antar mac n&oacute; in&iacute;on D&eacute; de dhuine, mar at&aacute; r&aacute;ite i Soisc&eacute;al Eoin f&eacute;in (1:12): &ldquo;An uile dhuine a ghlac &eacute;, thug s&eacute; de cheart d&oacute;ibh go nd&eacute;anfa&iacute; clann D&eacute; d&iacute;obh, d&oacute;ibh seo a chreideann ina ainm&rdquo;. Aon amh&aacute;in iad Dia an tAthair, Mac D&eacute; (&Iacute;osa), agus clann mhac agus clann in&iacute;onacha D&eacute; go l&eacute;ir. Ionann gr&aacute; a thabhairt do Dhia, a dh&eacute;anann a chlann mhac agus in&iacute;onacha d&iacute;nn, agus gr&aacute; a thabhairt do chlann D&eacute; uile; leanann gr&aacute; don chlann as ghr&aacute; don Athair.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">N&iacute; rud teib&iacute; &eacute; an gr&aacute; seo. Ionann gr&aacute; a thabhairt do Dhia agus glacadh le Dia faoi mar at&aacute; s&eacute;, mar Athair, agus maireacht&aacute;il d&aacute; r&eacute;ir. Ionann &eacute; agus a aitheanta a chomhl&iacute;onadh. I gcomhth&eacute;acs l&eacute;acht seo an lae inniu, t&aacute; dh&aacute; aithne ach go h&aacute;irithe in aigne ag an &uacute;dar: creideamh i nDia agus ina Mhac, agus aithne an ghr&aacute;. Deir an t-&uacute;dar nach tromualach a aitheanta. D&rsquo;fheadfadh comhl&iacute;onadh na n-aitheanta a bheith deacair sa phobal a raibh s&eacute; ag scr&iacute;obh chuige de bharr na scoilteanna a bh&iacute; ann agus an easpa caidrimh agus cairdis a lean as sin. Bh&iacute; cinnteacht de dh&iacute;th &oacute; phobal a bhi tr&iacute;na ch&eacute;ile. An chinnteacht a thugtar d&oacute;ibh sa l&eacute;acht seo n&aacute; an ceann a bh&iacute; acu nuair a ch&eacute;ad ghlac siad leis an gcreideamh. B&rsquo;ionann<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\"> c&eacute;ad-ghn&iacute;omh an chreidimh agus teagmh&aacute;il le Dia, l&aacute;ithreacht D&eacute; agus an chumhacht a thagann as sin, agus cinnteacht an bhua, na caithr&eacute;ime, cinnteacht an chreidimh. &ldquo;Is &iacute; an chaithr&eacute;im a sh&aacute;ra&iacute;onn an saol, &aacute;r gcreideamh&rdquo;. D&uacute;irt &Iacute;osa cheana &eacute; lena dheisceabail, ag f&aacute;gaint sl&aacute;n acu: &ldquo;Labhair m&eacute; na nithe seo libh, chun go mbeadh s&iacute;och&aacute;in agaibh ionamsa. T&aacute; buairt agaibh sa saol, ach b&iacute;obh misneach agaibh. T&aacute; buaite agamsa ar an saol&rdquo; (Eoin 16:33). Ionann &ldquo;an saol&rdquo; at&aacute; i gceist anseo agus gach rud daonna agus diabhalta a sheasann in &eacute;adan &Iacute;osa agus a bheart sl&aacute;naithe, i r&eacute; Litir seo Eoin br&eacute;ag-theagasc na n-ainchr&iacute;ostanna, agus ansin agus n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; g&eacute;arlean&uacute;int agus eile. An creideamh i mb&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost, brontannas an Spioraid Naoimh, an S&oacute;l&aacute;sa&iacute; agus an t-Abhc&oacute;id taobh istigh i gcoinsias an chreidmhigh, tugann sin an chinnteacht seo faoi bhua Chr&iacute;ost.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">Deir an t&eacute;acs gur th&aacute;inig &Iacute;osa Cr&iacute;ost le huisce, le fuil agus leis an Spiorad. Siombail&iacute; l&aacute;n de bhr&iacute; uisce agus fuil. Th&aacute;inig &Iacute;osa agus thug s&eacute; fianaise le huisce ina bhaisteadh, agus le fuil ar an gcrois. Nuair a tolladh a chliath&aacute;n le sle&aacute; th&aacute;inig fuil agus uisce amach l&aacute;ithreach, agus thug an t&eacute; a chonnaic (Eoin Bruinne?) fianaise faoi sin (Eoin 19:4-35). Tugann siad sin fianaise do dhaonnacht Chr&iacute;osta. Tagann &Iacute;osa le huisce ag an mbaisteadh, agus mar a gheall s&eacute; (Eoin 16:5-15) beidh cumhacht eile ag tabhairt fainaise d&aacute; shaothar, an Spiorad Naomh istigh i n-anamacha agus i gcoinsiasa na bhf&iacute;r&eacute;an ag tabhairt cinnteacht d&oacute;ibh gur f&iacute;rinne teachtaireacht Chr&iacute;ost agus na Eaglaise.<\/span><\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al <\/em>(Eoin 20:19-31). <em>Ocht l&aacute; ina dhiaidh sin th&aacute;inig &Iacute;osa.<\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">An ch&eacute;ad chuid den l&eacute;acht seo cuireann s&iacute; s&iacute;os ar eachtra a tharla tr&aacute;thn&oacute;na Dhomhnach na C&aacute;sca. L&eacute;irigh an Sl&aacute;naitheoir ais&eacute;irithe &eacute; f&eacute;in do na haspail, agus deimhn&iacute;onn d&oacute;ibh go raibh s&eacute; &eacute;irithe d&aacute;ir&iacute;re ina dhaonnacht, ag taispe&aacute;int d&oacute;ibh a l&aacute;mha agus a chosa gonta. D&rsquo;an&aacute;iligh s&eacute; orthu agus thug d&oacute;ibh an Spiorad Naomh agus an chumhacht peaca&iacute; a mhaitheamh. N&iacute; raibh an t-aspal Tom&aacute;s i l&aacute;thair an Domhnach sin agus d&uacute;irt s&eacute; nach gcreidfeadh s&eacute; gan fianaise gurb &eacute; an t&Iacute;osa a c&eacute;asadh a bh&iacute; i gceist. <\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">T&aacute; an dara heachtra againn inniu sa dara cuid den l&eacute;acht, eachtra a tharla an Domhnach tar &eacute;is na C&aacute;sca. Admha&iacute;onn Tom&aacute;s creideamh n&iacute; hamh&aacute;in in &Iacute;osa ais&eacute;irithe mar Thiarna, ach f&oacute;s mar Dhia: &ldquo;Mo Thiarna agus <em>mo Dhia<\/em>&rdquo;. Seo &iacute; an dara h&aacute;it i Soisc&eacute;al seo Eoin ina admha&iacute;tear creideamh in &Iacute;osa mar Dhia, i ndiagacht Chr&iacute;ost. <\/span><span style=\"font-size: 11pt;\">Is &eacute; an ceann eile n&aacute; sa bhrollach (Eoin 1:1): &ldquo;Bh&iacute; an Briathar ann i dt&uacute;s b&aacute;ire &#8230; agus ba Dhia an Briathar&rdquo;. C&uacute;is mhisnigh do chreidmhigh i ngach aois freagra &Iacute;osa ar Thom&aacute;s. N&iacute; measa as iad creidmhigh na m&iacute;lte bliain n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; n&aacute; mar a bh&iacute; Tom&aacute;s an Domhnach &uacute;d: &ldquo;Is m&eacute;anar d&oacute;ibh seo nach bhfaca agus a chreid&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/strong><em><span style=\"font-size: 10pt;\"> &ldquo;Is m&eacute;anar d&oacute;ibh seo nach bhfaca agus a chreid&rdquo;.<\/span><\/em><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 10pt;\">(1) &ldquo;Is m&eacute;anar d&oacute;ibh seo nach bhfaca agus a chreid&rdquo;.<\/span><\/em><\/p>\n<p>Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramad&oacute;ir in agallamh tr&aacute;th faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. Fhreagair s&eacute; gur bhre&aacute; leis d&aacute; mbeadh buailte aige le h&Iacute;osa. N&iacute; fios c&eacute;n cheist a bheadh curtha aige ar &Iacute;osa n&aacute; ar fhreagra &Iacute;osa air. Cuireadh chun aithr&iacute; is d&oacute;cha! N&iacute; hionann an c&aacute;s sa mh&eacute;id a bhaineann le creidmhigh de. T&eacute;imis thar nais go dt&iacute; an seomra uachtarach sin, le h&Iacute;osa agus Tom&aacute;s, a chreid i ndiagacht Chr&iacute;ost agus &eacute; i l&aacute;thair. I mbriathra Chr&iacute;ost, is m&eacute;anar d&oacute;ibh si&uacute;d a chreideann ann i ngach aois, i ngach &aacute;it, go deireadh an domhain. N&iacute; beannaithe Tom&aacute;s n&aacute; iad. Tr&iacute; sh&uacute;ile an chreidimh t&aacute; Cr&iacute;ost i l&aacute;thair faoi mar a bh&iacute; do Thom&aacute;s le s&uacute;ile aiceanta. T&aacute; seo ag dul leis an m&eacute;id a d&uacute;irt &Iacute;osa ina achain&iacute; don Athair ag an Suip&eacute;ar Deiridh: &ldquo;N&iacute; ar a son-san amh&aacute;in [a lucht lean&uacute;na an tr&aacute;th &uacute;d] at&aacute;im ag gu&iacute;, ach, mar an gc&eacute;anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr&iacute;na mbriathar&rdquo; (Eoin 17:20). Don luath-eaglais, agus don eaglais i ngach aois, t&aacute; &Iacute;osa i ngar &ndash; n&iacute;os gaire n&aacute; an doras &ndash; ag tabhairt sol&aacute;is, misnigh agus spreagtha. Meabhra&iacute;onn an ch&eacute;ad l&eacute;acht inniu linn faoi mar a mhair an eaglais &oacute;g in Iar&uacute;sail&eacute;im faoi shimpl&iacute;ocht chro&iacute;, ar aon chro&iacute; agus ar aon anam. Agus labhra&iacute;onn Peadar faoi &Iacute;osa ina litir do Chr&iacute;osta&iacute;the a bh&iacute; ag fulaingt ar son a gcreidimh i gCr&iacute;ost: &ldquo;Thug sibh gr&aacute; d&oacute;san (do &Iacute;osa) c&eacute; nach bhfaca sibh &eacute;. N&iacute; fheiceann sibh anois f&eacute;in &eacute;, ach creideann sibh ann, agus is l&uacute;ch&aacute;ireach sibh le h&aacute;thas iontach dolabhartha&rdquo; (1 Peadar 1:8). Is cuid d&iacute;lis den Tiomna Nua agus den Chr&iacute;ostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chr&iacute;ost. T&aacute; sin go l&eacute;ir curtha go deas i nd&aacute;n Gaeilge faoin chomhairle don duine &oacute;g at&aacute; tagaithe anuas chugainn sa bh&eacute;aloideas agus i scr&iacute;bhinn: &ldquo;A dhuine at&aacute; i dt&uacute;is do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat &#8230; N&aacute; santaigh r&aacute;ite baois&rsquo; n&aacute; an dream go mb&iacute;d acu; <em>sara dtiocfaidh iomad den aois, <strong>b&iacute;odh aithne ar Chr&iacute;ost agat&rdquo;.<\/strong><\/em><\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p><em>(2) Fogairt Rundiamhair an Chreidimh: &ldquo;Mo Thiarna agus na Dhia&rdquo;. <\/em>Sa liot&uacute;irge nua, sa Leabhar Aifrinn R&oacute;mh&aacute;nach, tar &eacute;is an coisreacan tugtar cuireadh don phobal r&uacute;ndiamhair an chreidimh a fh&oacute;gairt. Sa Leabhar Aifrinn R&oacute;mhanach don domhan ioml&aacute;n is f&eacute;idir rogha a dh&eacute;anamh le ceann den tr&iacute; th&eacute;acs mar fhreagra at&aacute; tugtha ann. Ar iarratas chliarlathas na h&rsquo;Eireann ar an R&oacute;imh t&aacute; ceann breise ann do &Eacute;ire, agus do &Eacute;ire amh&aacute;in. Is &eacute; sin admh&aacute;il chreidimh Thom&aacute;is: &ldquo;Mo Thiarna agus mo Dhia&rdquo;. Is feil&uacute;nach go nbhfuil an admh&aacute;il chreidimh seo againn d&rsquo;&Eacute;irinn sa liot&uacute;irge nua. Sul a raibh aon leas&uacute; ar an liotuirge san Eaglais bh&iacute;othas ag baint &uacute;s&aacute;ide as an adhm&aacute;il sin Thom&aacute;is in &Eacute;irinnag an coisreacan. Is cuimhin liom go nd&uacute;irt comhleaca&iacute; go rabhthas ag baint &uacute;s&aacute;ide as f&oacute;s i na &aacute;it sna dachaid&iacute; den aois seo caite. Is admh&aacute;il chreidimh l&aacute;idir iad i l&aacute;ithreacht &Iacute;osa san Naomhshacraimint, i l&aacute;thair chomh f&iacute;or agus a bh&iacute; s&eacute; le Tom&aacute;s sa seomra uachtarach sin ocht l&aacute; tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; d&oacute;.<\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">(3) Domhnach Th&oacute;caire D&eacute;<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">Inniu chomh maith Domhnach Thr&oacute;caire D&eacute;, f&eacute;ile a thionscain an P&aacute;pa Eoin P&oacute;l II sa bhliain 2000 (mar thoradh ar fh&iacute;s a bh&iacute; ag an Si&uacute;r Ph&oacute;lannach Faustina Kowalska), P&aacute;pa at&aacute; anois f&oacute;gartha ina naomh, maraon leis an bP&aacute;pa Eoin XXIII. In aitheasc don fh&eacute;ile seo sa bhliain 2001 (uimhir C den ciorcal thr&iacute; bliana, nuair a bi Apacailipsis Eoin &aacute; l&eacute;amh mar dhara l&eacute;acht) d&uacute;irt an P&aacute;pa: &ldquo;&lsquo;N&aacute; b&iacute;odh eagla oraibh. Is mise an T&uacute;s agus an Deireadh, an Neach beo; is beo dom ar feadh na s&iacute;ora&iacute;ochta&rsquo;&rdquo;. Tugann na briathra sin cuireadh d&uacute;inn &aacute;r n-amharc a thabhairt ar Chr&iacute;ost le bheith deimhin go bhfuil s&eacute; in&aacute;r dteannta, ag tabhairt uchtaigh d&uacute;inn. Do gach aoinne, is cuma c&eacute; comh casta agus dr&aacute;mata an staid ina bhfuil s&eacute;, deireann Cr&iacute;ost Ais&eacute;irithe: &lsquo;N&aacute; b&iacute;odh eagla ort. <\/span><span style=\"font-size: 11pt;\">Fuair m&eacute; b&aacute;s ar an gCrois ach t&aacute;im anois beo go deo&rsquo;. &#8230; D&uacute;irt &Iacute;osa leis an tSi&uacute;r Faustina l&aacute; amh&aacute;in: &lsquo;N&iacute; bheidh s&iacute;och&aacute;in ag an gcine daonna go deo go dt&iacute; go gcasfaidh siad chugamsa le muin&iacute;n as mo thr&oacute;caire&rsquo;. Tr&oacute;caire D&eacute;! Seo &iacute; an bronntanas a fhaigheann an Eaglais &oacute; Chr&iacute;ost ais&eacute;irithe agus a thairgeann s&iacute; don chine daonna ag breacadh seo na tr&iacute;&uacute; m&iacute;laoise&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(4) Agallamh le saol an lae inniu<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Tr&oacute;caire D&eacute;! T&aacute; an Seantiomna (go h&aacute;irithe Leabhar na Salm) agus an Tiomna Nua l&aacute;n de thagairt&iacute; d&iacute;. Ach t&aacute; sciar &aacute;irithe gl&oacute;rach de shaol an lae inniu a mha&iacute;onn gurb &eacute; a mhalairt is f&iacute;or &ndash; gur &eacute;adr&oacute;caireacht do shaoirse an chine dhaonna an creideamh i nDia, agus gur faoiseamh uaidh bheith r&eacute;idh lena leith&eacute;id de theagasc. Is cuid de seo den codarsnacht at&aacute; ann idir theagasc Chr&iacute;ost agus na hEaglaise agus fheals&uacute;nacht &aacute;irithe reatha. Mar an gc&eacute;anna maidir leis an t&eacute;ama &ldquo;saoirse&rdquo;. Is fada siar an cur agus c&uacute;iteamh faoi seo, go dt&iacute; feals&uacute;nacht na Gr&eacute;ige, traidisi&uacute;n Iosrael, agus an Tiomna Nua. Dar le h&Iacute;osa ionann creideamh ann f&eacute;in agus saoirse cheart. T&aacute; al&aacute;n inniu a aont&oacute;dh leis an bhfile a d&uacute;irt: &ldquo;Buarach (r&oacute;pa ceangail) ar m&rsquo;aigne Eaglais D&eacute;&rdquo;. N&iacute; chun na ceisteanna seo a phl&eacute; at&aacute;&iacute;m anseo, ach iad a ard&uacute;. N&iacute; m&oacute;r aird a thabhairt orthu, agus agallamh a choth&uacute; idir l&eacute;achtai an Domhnaigh agus ceisteanna reatha.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Aibre&aacute;n 12 2015 An Dara Domhnach den Ch&aacute;isc (B) Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-292","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/292","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=292"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/292\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=292"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=292"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=292"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}