{"id":294,"date":"2015-04-13T20:23:33","date_gmt":"2015-04-13T20:23:33","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=294"},"modified":"2015-04-13T20:23:33","modified_gmt":"2015-04-13T20:23:33","slug":"aibrean-19-2015-an-triu-domhnach-den-chaisc-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=294","title":{"rendered":"Aibre\u00e1n 19 2015 An Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (B)"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Aibre&aacute;n 19 2015 An Tr&iacute;&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (B)<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Si&uacute;il sa solas. Peaca. Aithr&iacute;. Maithi&uacute;nas na bPeacai.<\/span><\/em><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Gn&iacute;omhartha na nAspal 3:13-15, 17-19). <em>Mharaigh sibh &uacute;dar na beatha, agus th&oacute;g Dia &oacute; mhairbh ar&iacute;s &eacute;.<\/em> I laethanta f&iacute;or-thosaigh na hEaglaise, tar &eacute;is b&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost, mar cheannaire na nAspal chraobhscaoil Peadar teachtaireacht an tSoisc&eacute;il d&aacute; phobal fein, na Gi&uacute;daigh. Sa mh&eacute;id seo bh&iacute; s&eacute; ag lean&uacute;int sampla Chr&iacute;ost f&eacute;in. Ba &iacute; a theachtaireacht n&aacute; iarraidh ar na Gi&uacute;daigh a admh&aacute;il an m&eacute;id a rinneadar agus plean D&eacute; fheice&aacute;il ann. Fi&uacute; ina bh&aacute;s trag&oacute;ideach, bh&iacute; na tairngreachta&iacute; &aacute; gcomhl&iacute;onadh ag &Iacute;osa. Is seanm&oacute;ir l&eacute;acht an lae inniu, agus mar is dual do gach seanm&oacute;ireacht Chr&iacute;osta&iacute; t&aacute; s&iacute; d&iacute;rithe ar an gcaidreamh cu&iacute; le Dia agus nuair is g&aacute; sin tagairt ann faoi fhilleadh ar Dhia &oacute;n bpeaca tr&iacute; aithr&iacute;. Cuid l&aacute;ir i seanm&oacute;ireacht Chr&iacute;ost, ina bh&aacute;s agus ina ais&eacute;ir&iacute; n&aacute; maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute; &ndash; mar a mheabhra&iacute;onn Cr&iacute;ost fein i mbriathra choisreacan an Aifrinn &#8212; fuil &Iacute;osa a dhoirfear ar son maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Salm 4). <em>Ardaigh solas do ghn&uacute;ise os &aacute;r gcionn, a Thiarna.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\"> Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(1 Eoin 2:1-5). <em>Is &eacute; an &iacute;obairt s&aacute;saimh ar &aacute;r bpeaca&iacute; &eacute;, agus n&iacute; ar &aacute;r bpeaca&iacute;ne amh&aacute;in ach ar pheaca&iacute; an tsaoil uile. <\/em>Sa mh&iacute;r d&iacute;reach roimh l&eacute;acht an lae inniu tugann an t-&uacute;dar comhairle d&aacute; l&eacute;itheoir&iacute; si&uacute;il sa solas, i bhf&iacute;rinne an chreidimh Chr&iacute;osta&iacute;, agus p&aacute;irt a bheith acu lena ch&eacute;ile. Agus m&aacute;s amhlaidh at&aacute;, leanann an t-&uacute;dar ar aghaidh: &ldquo;Glanann fuil Chr&iacute;ost &oacute;n uile pheaca sinn. M&aacute; deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn f&eacute;in agus n&iacute;l an fh&iacute;rinne ionainn. M&aacute; admha&iacute;mid &aacute;r bpeaca&iacute;, t&aacute; seisean d&iacute;lis c&oacute;ir agus maithfidh s&eacute; s&eacute; d&uacute;inn &aacute;r bpeaca&iacute; agus glanfaidh sinn on uile olc. M&aacute; deirimid nach ndearnamar aon pheaca br&eacute;agna&iacute;mid &eacute; agus n&iacute;l a fhocal ionainn&rdquo; (1 Eoin 1:7-9). N&iacute; deireann an t&eacute;acs seo cad iad go beacht na peaca&iacute; at&aacute; i gceist aige. Sa <em>Confiteor<\/em> roimh an Aifreann admha&iacute;onn gach duine againn go pearsanta gur pheacaigh muid &ldquo;go trom, le smaoineamh agus le briathar, le gn&iacute;omh agus le faill&iacute;&rdquo;, sa mh&eacute;id a rinneamar agus nach ndearnamar. An glaoch, an cuireadh, Cr&iacute;osta&iacute; seo chugainn bheith feasach go bhfuil peaca&iacute; ionainn, n&iacute; le coimpl&eacute;acs a chruth&uacute; ionainn is aidhm leis. N&iacute; m&oacute;r an cuireadh seo a th&oacute;gaint mar aon leis an gcreideamh i mb&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost, a fuair b&aacute;s le maithi&uacute;nas a fh&aacute;il ar &aacute;r bpeaca&iacute;, agus at&aacute; anois ar dheasl&aacute;mh an Athar ag d&eacute;anamh idirghu&iacute; ar &aacute;r son, mar a dh&eacute;anfadh abhc&oacute;ide. Ionann machnamh ar an bpeaca agus scr&uacute;d&uacute; coinsiasa, agus t&eacute;ann l&eacute;acht an lae inniu ar aghaidh le cur s&iacute;os ar aitheanta D&eacute;. In &aacute;iteanna eile sa litir seo cuireann an t-&uacute;dar s&iacute;os ach go hairithe ar dh&aacute; aithne, go sonrach an creideamh i gCr&iacute;ost agus aithne Chr&iacute;osta&iacute; an ghr&aacute;. Ach le aitheanta D&eacute; is f&eacute;idir linn toil D&eacute; a thuiscint i ngach sl&iacute; ina leir&iacute;onn s&eacute; &eacute; f&eacute;in. T&aacute; a thoil don duine aonair agus don chine daonna leirithe ag Dia i gCr&iacute;ost. I gCr&iacute;ost lonraigh an f&iacute;orsholas, agus t&aacute; an solas sin ag taitneamh i gc&oacute;na&iacute;. An cruth&uacute;nas is fearr ar ghr&aacute; an duine do Dhia, ar a aithne agus a eolas ar Dhia faoi mar a l&eacute;ir&iacute;odh in &Iacute;osa &eacute;, n&aacute; eolas ar na haitheanta sin agus beart d&aacute; r&eacute;ir.<\/span><\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al <\/em>(L&uacute;c&aacute;s 24:35-48). <em>Is amhlaidh at&aacute; s&eacute; scr&iacute;ofa, go bhfualaingeodh an Cr&iacute;ost agus go n-&eacute;ireodh s&eacute; &oacute; mhairbh an treas l&aacute;. <\/em>Seo &iacute; an uair dheiridh ar thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in d&aacute; dheisceabail tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; d&oacute; dar le L&uacute;c&aacute;s. N&iacute;or th&aacute;inig creideamh in ais&eacute;ir&iacute; &Iacute;osa go h&eacute;asca agus anois san eachtra seo n&iacute;orbh fhol&aacute;ir bheith deimhin gurb &eacute; &Iacute;osa d&aacute;ir&iacute;re a bh&iacute; ann agus nach taibhse. Mar a thuigtear go maith, bh&iacute; na deisceabail tr&iacute;na ch&eacute;ile nuair a thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in d&oacute;ibh. Sa l&eacute;acht seo d&eacute;anann &Iacute;osa deimhin de gurbh &eacute; f&eacute;in le f&iacute;orchorp ais&eacute;irthe at&aacute; ann, agus nach taibhse n&oacute; spiorad. Is le sin a chruth&uacute; a itheann s&eacute; an bl&uacute;ire d&rsquo;iasc r&oacute;sta ina l&aacute;thair. Ar nd&oacute;igh, creideamh &uacute;d na ndeisceabal in ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost ba bhronntanas agus bua chreideamh &oacute; Dhia a bhi ann. Mar fhoirceann ar an l&eacute;acht tugtar d&uacute;inn aidhm bheatha, bh&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost, is &eacute; sin le r&aacute; a raibh scr&iacute;ofa faoi f&eacute;in sa scriopt&uacute;r a chomhl&iacute;onadh, beart sh&aacute;naithe D&eacute; &oacute;n t&uacute;s anall i stair Iosrael. Do na deisceabail b&rsquo;ionann an coinne seo le h&Iacute;osa agus t&uacute;s &uacute;r. Bh&iacute; saothar &Iacute;osa le lean&uacute;int, ach anois thar Iosrael amach don domhan m&oacute;r. Bheadh mar theachtaireacht l&aacute;ir ann aithr&iacute; agus maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute; &aacute; bhf&oacute;gairt, agus glacadh leis an dea-sc&eacute;al. Bh&iacute; an teachtaireacht anois le f&oacute;gairt do na n&aacute;isi&uacute;in uile, go cr&iacute;ocha an domhain mar a deirtear i dt&eacute;acsanna eile de na soisc&eacute;il. Is fi&uacute; a mheabhr&uacute; go leagann P&aacute;draig Naofa ina <em>Fhaoistin<\/em> b&eacute;im ar na t&eacute;acsanna seo agus gabhann s&eacute; bu&iacute;ochas le Dia a thug an misean d&oacute; teachtaireacht an tSoisc&eacute;il a thabhairt go &ldquo;cr&iacute;ocha an domhain&rdquo;, is &eacute; sin le r&aacute; go hoile&aacute;n na h&Eacute;ireann.<\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Si&uacute;il sa solas. Peaca. Aithr&iacute;. Maithi&uacute;nas na bPeacai.<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Tugann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu deis iontach agus cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar aidhm l&aacute;rnach na hEaglaise agus ar an dteachtaireacht at&aacute; ag na l&eacute;achta&iacute; sin d&uacute;inne inniu agus don saol ina mhairimid. T&aacute; an dara l&eacute;acht t&oacute;gtha as Ch&eacute;ad Litir Naomh Eoin. Labhra&iacute;onn an litir seo, agus an Ceathr&uacute; Soisc&eacute;al, Soisc&eacute;al Eoin, al&aacute;n faoi shi&uacute;il sa solas. Is &eacute; Cr&iacute;ost an f&iacute;orsholas. D&rsquo;fhoilsigh s&eacute; gr&aacute; an Athar agus toil an Athar. De bhr&iacute; gurbh &eacute; an solas &eacute;, lonra&iacute;onn s&eacute; an t-iompar daonna, agus tugann chun solais a bhfuil maith, olc n&oacute; idir eatorthu. Tugann s&eacute; an peaca chun solais. Labhra&iacute;onn Apacailips Eoin faoin &Iacute;osa ais&eacute;irithe, Mac an Duine, a bheith ag si&uacute;il isteach agus amach i measc na gcoinnleoir&iacute;, na heaglais&iacute; &eacute;ags&uacute;la, ag moladh si&uacute;d at&aacute; go maith, ag gr&iacute;osadh si&uacute;d at&aacute; patuar, ag glaoch ar pheacaigh agus orthu si&uacute;d a thr&eacute;ig an creideamh aithr&iacute; a dh&eacute;anamh agus a mbeatha a leas&uacute;. T&aacute; cr&iacute;och ag gach ceann de na litreacha chuig na seacht n-eaglais&iacute; leis an mana seo: &ldquo;An t&eacute; a bhfuil cluas air &eacute;isteadh s&eacute; lena bhfuil &aacute; r&aacute; ag an Spiorad leis na heaglais&iacute;&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Mar a mheabhraigh Comhairle na Vatac&aacute;ine d&uacute;inn, t&aacute; Cr&iacute;ost i l&aacute;thair ina bhriathar mar is &eacute; f&eacute;in a labhra&iacute;onn nuair a l&eacute;itear na scriopt&uacute;ir naofa san Eaglais. Mar at&aacute; in Apacailips Eoin, t&aacute; an Cr&iacute;ost ais&eacute;irithe ag labhairt i gc&oacute;na&iacute;, ag spreagadh, ag tabhairt laig&iacute; chun solais, agus mar a oireann ag glaoch chun aithr&iacute;. T&aacute; tagairt i ngach ceann de l&eacute;achta&iacute; an lae inniu ar pheaca agus aithr&iacute; agus tugann an soisc&eacute;al briathra Chr&iacute;ost d&aacute; dheisceabail aithr&iacute; agus maithi&uacute;nas peaca&iacute; ina ainm a fh&oacute;gairt do na n&aacute;isi&uacute;in uile. T&aacute; glaoch ag Cr&iacute;osta&iacute;the si&uacute;il sa solas. Agus ni m&oacute;r solas sin Chr&iacute;ost agus a leanann as a thabhairt os comhair an phobail Chr&iacute;osta&iacute; san Aifreann. Is chuige sin a deir Bunreacht an Liot&uacute;irge de chuid na Comhairle Vatac&aacute;in II gur choir, tri homaile in Aifrinn an Domhnaigh agus na F&eacute;ilte, r&uacute;ndiamhra an chreidimh agus treoracha don bheatha Chr&iacute;ostai a mh&iacute;ni&uacute; don phobal, bunaithe ar th&eacute;acs an Bh&iacute;obla n&oacute; an liotuirge (Vatac&aacute;in II, <em>Bunreacht ar an Liot&uacute;irge<\/em> alt 52).<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Le go mbeadh pobal D&eacute; in ann si&uacute;il sa solas n&iacute; fol&aacute;ir go mbeadh f&iacute;rinn&iacute; an chreidimh ar eolas acu. T&aacute; an baol ann maidir le pobal at&aacute; Caitliceach go traidisiunta, amhail, &Eacute;ire, gur Caitlicigh &oacute; thaobh &ldquo;cult&uacute;ir&rdquo; l&iacute;on m&oacute;r d&iacute;obh, seachas &oacute; thaobh cleachtadh agus deimhneacht chreidimh. In &Eacute;irinn, mar shampla, sa daon&aacute;ireamh deiridh (2011) sh&iacute;nigh 84% den phobal iad f&eacute;in ann mar Chaitlicigh R&oacute;mh&aacute;nacha, agus ma&iacute;onn saineolaithe &aacute;irithe gur ionann sin agus 90% nuair a &ldquo;chearta&iacute;otar&rdquo; &eacute; &oacute;n dtaobh eitneach, cin&iacute;och (gan ag cur daoine &oacute;n iasacht san &aacute;ireamh). Ach nuair a chuirtear sin taobh le taobh le fianaise eile, mar shampla freastal ar Aifreann an Domhnaigh, d&iacute;lse don ph&oacute;sadh agus cursa&iacute; gn&eacute;is, agus ruda&iacute; eile, d&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; bheith gur Caitliceachas &ldquo;cult&uacute;rtha&rdquo; seachas d&iacute;lse do chreideamh Chr&iacute;ost agus na hEaglaise at&aacute; i gceist. M&aacute;s mian linn &ldquo;si&uacute;il san fh&iacute;rinne&rdquo; n&iacute; mor aird a thabhairt ar seo uile. B&iacute;odh cluas anairde again le cloisint a bhfuil an Spiorad ag r&aacute; linn, agus le modhanna a chuardach leis an teachtaireacht Chr&iacute;osta&iacute; a riaradh a sl&iacute; n&iacute;os fearr ionas go mbeadh ar chumas bhriathar D&eacute; agus cumhacht an ghr&aacute;sta sinn go l&eacute;ir agus an Eaglais a thabhairt isteach i seilbh &aacute;r n-oidhreachta Cr&iacute;osta&iacute; (feic Gn&iacute;omhartha na nAspal 20:32).<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Cuireann peaca de gach saghas bac ar chomhl&iacute;onadh na f&iacute;se sin, peaca an duine aonair agus peaca an phobail. T&aacute; gairm &Iacute;osa linn i gc&oacute;na&iacute;: D&eacute;anaig&iacute; aithr&iacute; agus creidig&iacute; sa soisc&eacute;al.<\/span><\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Aibre&aacute;n 19 2015 An Tr&iacute;&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (B) Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-294","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/294","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=294"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/294\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=294"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=294"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=294"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}