{"id":295,"date":"2015-04-21T08:05:54","date_gmt":"2015-04-21T08:05:54","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=295"},"modified":"2015-04-21T08:05:54","modified_gmt":"2015-04-21T08:05:54","slug":"aibrean-26-2015-ceathru-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=295","title":{"rendered":"Aibre\u00e1n 26 2015 Ceathr\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Aibre&aacute;n 26 2015 Ceathr&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. <strong><em>An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>Tugann &Iacute;osa an s&aacute;raoire aire d&aacute; chaoirigh. Urna&iacute; ar son gairmecha.<\/em><\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Gn&iacute;omhartha na nAspal 4:8-12). <\/span><em><span style=\"font-size: 11pt;\">N&iacute;l sl&aacute;n&uacute; i neach ar bith eile. <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">Cabhair d&uacute;inn a mheabhr&uacute; gur cuid an l&eacute;acht seo de mh&iacute;r n&iacute;os faide de Ghn&iacute;omhartha na nAspal (Gn&iacute;omhartha 3:1-4:22) ar leigheas mairt&iacute;nigh as broinn a mh&aacute;thar a rinne Peadar ag geata an Teampaill. Bh&iacute; an mairt&iacute;neach ag lorg d&eacute;irce. St&aacute;n Peadar agus an t-aspal Eoin ar an mairt&iacute;neach agus d&uacute;irt Peadar: &ldquo;Nil &oacute;r n&aacute; airgead agam, ach an n&iacute; at&aacute; agam bronnaim ort &eacute;; in ainm &Iacute;osa Cr&iacute;ost an Naz&oacute;rach, si&uacute;il&rdquo;. Leigheasadh an mairt&iacute;neach. Bh&iacute; na haspail ag cur i bhfeidhm an chumhacht a thug &Iacute;osa d&oacute;ibh nuair a thug s&eacute; don D&aacute;r&eacute;ag cumhacht agus &uacute;dar&aacute;s os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas (L&uacute;c&aacute;s 9:1), Thug an mhior&uacute;ilt aithne do na haspail agus bhaineadar &uacute;s&aacute;id as le ais&eacute;ir&iacute; &Iacute;osa, &ldquo;&uacute;dar na beatha&rdquo; mar ar thug Peadar air, a fh&oacute;gairt do na Gi&uacute;daigh. Ba &eacute; creideamh in &uacute;dar seo na beatha ba ch&uacute;is leis an aiseag sl&aacute;inte don duine tinn. M&oacute;r&aacute;n a bh&iacute; ag &eacute;isteacht le teachtaireacht Pheadair chreid siad, agus bh&iacute; tuairim is c&uacute;ig mile fear acu ann. Rinne ceannair&iacute; an Teampaill Peadar agus Eoin a ghabh&aacute;il agus ceist&iacute;odh iad: &ldquo;C&eacute;n chumhacht n&oacute; c&eacute;n t-ainm ina ndearna sibh an n&iacute; seo?&rdquo; Tugann l&eacute;acht an lae inniu freagra Pheadair, faoi threoir ab Spioraid Naoimh. Is sampla eile an l&eacute;acht seo de sheanm&oacute;ireacht na luatheaglaise in Iar&uacute;sail&eacute;im agus in &aacute;iteanna eile, go h&aacute;irithe nuair is ar Ghi&uacute;daigh a bh&iacute; an teachtaireacht d&iacute;rithe. N&iacute; m&oacute;r don Eaglais agus d&aacute; seanm&oacute;ireacht in aois ar bith bheith l&aacute;n de mhuin&iacute;n i gcumhacht an Spioraid Naoimh, muin&iacute;n aici go bhfuil s&iacute; ag lean&uacute;int ar aghaidh le beart sl&aacute;naithe Chr&iacute;ost ais&eacute;irithe, &ldquo;&Uacute;dar na Beatha&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Salm 117[118]). <em>An chloch d&aacute;r dhi&uacute;ltaigh na saoir, rinne ceann an ch&uacute;inne de.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\"> Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(1 Eoin 3:1-2). <em>Feicimid Dia mar at&aacute; s&eacute;. <\/em>Sa l&eacute;acht seo t&aacute; t&eacute;ama&iacute; at&aacute; ar f&aacute;il go minic sa Ch&eacute;ad Litir seo le Naomh Eoin agus i Shoisc&eacute;al Eoin chomh maith. Ceann d&iacute;obh seo n&aacute; &ldquo;an saol&rdquo;, agus is &eacute; is br&iacute; leis an t&eacute;arma seo sa litr&iacute;ocht seo n&aacute; iad sin nach toil leo glacadh le teachtaireacht &Iacute;osa n&oacute; at&aacute; ina naimhde di. An comhluadar Cr&iacute;osta&iacute;, mar a chuireann an litir seo agus an traidisiun lena bhaineann s&eacute; s&iacute;os air, ionann &eacute; agus bu&iacute;on creidmheach at&aacute; daingean agus deimhnithe ina gcreideamh i gCriost, deimhnithe ag an Spiorad Naomh at&aacute; ag lonn&uacute; iontu. D&eacute;anann an teagasc Criosta&iacute; at&aacute; faighte acu agus an deimhneacht l&aacute;idir cinnte iad nach amhlaidh amh&aacute;in go nglaotar clann D&eacute; d&iacute;obh ach gur clann D&eacute; d&aacute;ir&iacute;re iad, creideamh agus deimhneacht nach f&eacute;idir a bheith ag daoine taobh amuigh, p&eacute; acu tugtar &ldquo;an saol&rdquo; n&oacute; ainm ar bith eile orthu. Tugann bronntanas an chreidimh eolas agus aithne ar Dhia d&uacute;inn cheana f&eacute;in sa saol seo. Tr&iacute;d an gcreideamh is f&eacute;idir &Iacute;osa a &ldquo;fheice&aacute;il&rdquo; cheana f&eacute;in mar an Tiarna ais&eacute;irithe, agus Mac D&eacute;. Ach t&aacute; s&uacute;il ar aghaidh cheana f&eacute;in ag creidmhigh ar an l&aacute; sin thar an saol tadhail seo ina fheicfidh siad Dia d&iacute;reach mar at&aacute; s&eacute;.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Eoin 10:11-18). <em>Tugann an t-aoire maith a bheatha ar son a chaorach.<\/em> In Iosrael agus sa Mhe&aacute;n Oirthear go coitianta thuigf&iacute; go h&eacute;asca na h&iacute;omh&aacute;nna de chr&oacute; na gcaorach agus den aoire. Glaodh aoir&iacute; ar r&iacute;the, prionsa&iacute; agus daoine eile go raibh c&uacute;ram an phobail orthu. Sa Salm iomr&aacute;iteach 22\/23 tugtar aoire ar Dhia f&eacute;in. &ldquo;Is &eacute; an Tiarna m&rsquo;aoire&rdquo;. Bh&iacute; de thoradh ar thubaiste dheora&iacute;ocht na Baibeal&oacute;ine gur fh&eacute;acadh ar &ldquo;aoir&iacute;&rdquo; Iosrael mar dhaoine faill&iacute;theacha, n&aacute;r rinne c&uacute;ram cu&iacute; d&aacute; dtread, agus gheall Dia tr&iacute;d an fh&aacute;idh <\/span>Eizic&eacute;il (Eizic&eacute;il 34:11-31) go mbeadh s&eacute; f&eacute;in anois mar aoire d&aacute; phobal, ach ag geall&uacute;int chomh maith: &ldquo;Cuirfidh m&eacute; aon tr&eacute;ada&iacute; amh&aacute;in i gceannas, is &eacute; sin mo sheirbh&iacute;seach D&aacute;iv&iacute;, agus beath&oacute;idh s&eacute; iad&rdquo; (Eizic&eacute;il 34:23). I sliocht fada de Shoisc&eacute;al Eoin (Eoin 9:39-10:21) labhra&iacute;onn &Iacute;osa faoi f&eacute;in mar an t-aoire seo ag baint &uacute;s&aacute;ide as &iacute;omh&aacute;nna &eacute;ags&uacute;la chuige sin: &eacute; f&eacute;in mar gheata, &eacute; f&eacute;in mar dhoras, daoine eile ar chuma aoir&iacute; gur bithi&uacute;naigh, rob&aacute;laithe, fost&uacute;igh iad, nach dtagann tr&iacute;d an doras isteach, ach thar falla. In aitheasc &Iacute;osa t&aacute; tagairt aige do chaoirigh eile nach d&aacute; chr&oacute; i gceart iad, agus nach fol&aacute;ir d&oacute; iad a thabhairt chomh maith agus go n-eistfeadh siad lena ghl&oacute;r agus go mbeadh aon tr&eacute;ad amh&aacute;in ann agus aon aoire amh&aacute;in. Deir Eoin Soisc&eacute;ala&iacute; linn go raibh aighneas agus easaontas i measc lucht &eacute;isteachta Giudach &Iacute;osa de bharr an aithisc seo, al&aacute;n acu &aacute; r&aacute;: &ldquo;T&aacute; deamhan ann agus t&aacute; s&eacute; as a mheabhair. Cad ab &aacute;il libh a bheith ag &eacute;isteacht leis?&rdquo; Nuair a bh&iacute; Eoin ag cur a shoisc&eacute;il le ch&eacute;ile seans go raibh s&eacute; ag machnamh ar an easaontas a bh&iacute; ann taobh istigh d&aacute; thion&oacute;l eaglasta f&eacute;in maidir le point&iacute; l&aacute;ir creidimh. N&iacute; dochar tabhairt chun cuimhne chomh maith an beart a rinne an t-aoire f&oacute;nta &Iacute;osa tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; d&oacute; nuair a ainmnigh s&eacute; Peadar mar aoire lena chaoirigh a choth&uacute; (Eoin 21:15-17). Le filleadh anois ar l&eacute;acht an lae inniu, is l&eacute;ir uaidh an gr&aacute; thar chuimse a bh&iacute; ag &Iacute;osa ar a thr&eacute;ad, ar a chuid f&eacute;in, iad sin a chreid ann cheana agus iad si&uacute;d n&aacute;rb chuid d&aacute; thr&eacute;ad f&oacute;s iad. B&rsquo;aidhm d&aacute; bhriathra c&eacute;aduair n&aacute; l&eacute;iri&uacute; a thabhairt ar cad ba cheannaireacht chu&iacute; in ainm D&eacute; ann. N&iacute;orb shampla di na Fairist&iacute;nigh n&aacute; ceannair&iacute; creidimh eile na tr&eacute;imhse sin, ach &Iacute;osa f&eacute;in amh&aacute;in. Tugann l&eacute;acht an lae inniu, agus aitheasc ioml&aacute;n &Iacute;osa, l&eacute;argas uasal d&uacute;inn ar &Iacute;osa mar an tAoire Maith, an S&aacute;raoire. Ag machnamh d&uacute;inn ar easaontas creidimh an lae inniu, agus na ngl&uacute;n a imigh romhainn, tugann an l&eacute;acht seo cuireadh d&uacute;inn urna&iacute; a chur suas chun D&eacute; go dtiocfaidh f&iacute;or&uacute; ar an bhfis: aon chr&oacute; amh&aacute;in faoin aon Aoire amh&aacute;in &Iacute;osa Cr&iacute;ost.<\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Tugann &Iacute;osa an s&aacute;raoire aire d&aacute; chaoirigh. Urna&iacute; ar son gairmecha.<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">1. I liot&uacute;irge an lae inniu tiomna&iacute;otar an Domhnach &aacute;irithe seo do &ldquo;L&aacute; domhanda don &uacute;rna&iacute; ar son gairmeacha&rdquo;.N&iacute; fada &oacute; shoin go raibh teideal eile aige: &ldquo;Domhnach an tS&aacute;raoire&rdquo;. Agus is don t&eacute;ama seo, &Iacute;osa an S&aacute;raoire<em>, <\/em>at&aacute; soisc&eacute;il na bliana seo, agus den dh&aacute; bhliain eile den tsraith thr&iacute; bliain roghnaithe, agus urnaithe an Aifrinn chomh maith. T&aacute; na l&eacute;achta&iacute; don soisc&eacute;al t&oacute;gtha as chur s&iacute;os &Iacute;osa air f&eacute;in mar an S&aacute;raoire in Eoin caibideal 10. Ach is f&eacute;idir an d&aacute; th&eacute;ama &Iacute;osa mar Sh&aacute;raoire agus urna&iacute; do ghairmeacha a nascadh le ch&eacute;ile go h&eacute;asca. N&iacute; thuigtear &Iacute;osa mar Aoire gan chreideamh, n&aacute; glaoch chun seirbh&iacute;se d&oacute; gan urnai.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">2. T&aacute; an creideamh l&aacute;rnach don chaidreamh idir &Iacute;osa mar Aoire agus baill den tr&eacute;ad sin. Leag &Iacute;osa f&eacute;in b&eacute;im ar sin. D&uacute;irt s&eacute; lena a chomhaimsirigh n&aacute;r chreid siad ann toisc n&aacute;rb bhaill d&aacute; thr&eacute;ad iad. T&aacute; sin cos&uacute;il lena d&uacute;irt s&eacute; faoin f&eacute;in mar ar&aacute;n na beatha: &ldquo;N&iacute; f&eacute;idir d&rsquo;aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha d&oacute; ag m&rsquo;Athair&rdquo; (Eoin 6:65). <\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">3. Leagann &Iacute;osa b&eacute;im ar an fh&iacute;rinne seo, mar a dh&eacute;anann P&oacute;l n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;: N&iacute; f&eacute;idir le haon rud, deacracht, fadhbanna, g&eacute;arleani&uacute;nt n&oacute; eile, ball de thr&eacute;ad &Iacute;osa a scaradh uaidh. Beidh &Iacute;osa f&eacute;in agus a Athair mar thaca aige. Ag machnamh air seo an l&aacute; at&aacute; inniu ann: is ioma&iacute; sin bac agus deacracht at&aacute; ann don chreideamh &oacute;n taobh istigh agus &oacute;n taobh amuigh: laigeachta&iacute; agus scannail san eaglais; gluaiseacht agus br&uacute; i gcoinne an chreidimh san eaglais agus i nDia f&eacute;in, agus a thuilleadh eile nach iad.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">4. Tugann sin go dt&iacute; an pointe deiridh sinn: urna&iacute; do ghairmeacha san eaglais. Is &eacute; &Iacute;osa f&eacute;in a d&uacute;irt linn: &ldquo;T&aacute; an f&oacute;mhar fairsing ach n&iacute;l ann ach meitheal bheag. D&aacute; bhr&iacute; sin gu&iacute;g&iacute; M&aacute;istir an fh&oacute;mhair go gcuirfeadh s&eacute; meitheal uaidh isteach ina fh&oacute;mhair&rdquo; (Matha 9:37-38). T&aacute; gairmeacha de shaghasanna &eacute;ags&uacute;la de dhith: don sagartacht agus don bheatha rialta, ach chomh maith c&eacute;anna le go mbeadh meitheal chu&iacute; ann a oirfeadh do fhadhbanna an lae inniu &ndash; daoine a bhfuil cumas acu sna heola&iacute;ochtai, sa litr&iacute;ocht, sna heala&iacute;ona, sna me&aacute;in, agus i ngach gn&eacute; den saol inar g&aacute; fianaise a thabhairt don S&aacute;raoire, don T&eacute; arb &eacute; an tsl&iacute;, an fh&iacute;rinne agus an bheatha. <\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Aibre&aacute;n 26 2015 Ceathr&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-295","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/295","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=295"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/295\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=295"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=295"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=295"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}