{"id":297,"date":"2015-04-27T13:03:17","date_gmt":"2015-04-27T13:03:17","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=297"},"modified":"2015-04-27T13:03:17","modified_gmt":"2015-04-27T13:03:17","slug":"bealtaine-3-2015-cuigiu-domhnach-den-chaisc-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=297","title":{"rendered":"Bealtaine 3 2015 C\u00faigi\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (B)"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: blue;\">Bealtaine 3 2015 C&uacute;igi&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (B)<\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">B. <strong><em>An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>D&eacute;anann Athair gr&aacute;mhar &Iacute;osa Eaglais a Mhic f&eacute;in a ghlanadh<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Gn&iacute;omhartha na nAspal 9:26-31).<em> D&rsquo;inis Barnabas do na haspail mar a chonaic S&oacute;l an Tiarna ar an tsl&iacute;. <\/em>Leis an l&eacute;acht ghairid agus an eachtra seo a thuiscint is cabhair &iacute; a shu&iacute;omh ina comhth&eacute;acs sa leabhar f&eacute;in. Ba de bhunadh Gi&uacute;dach an luatheaglais in Iar&uacute;sail&eacute;im, roinnt d&iacute;obh le hAirimis n&oacute; le hEabhrais mar theanga acu de bhunadh na cathrach f&eacute;in, gr&uacute;pa eile &oacute;n dtaobh amuigh, Heill&eacute;anaigh, a raibh an Ghr&eacute;igis mar theanga acu. Bh&iacute;odar sin go l&eacute;ir aontaithe i gcreideamh i gCr&iacute;ost agus i bhfreastal ar sheirbh&iacute;s&iacute; an Teampaill. Roghna&iacute;odh Stiof&aacute;n mar dh&eacute;ag&aacute;nach &oacute; ghr&uacute;pa na Heill&eacute;anach agus thosaigh s&eacute; ag seanm&oacute;ireacht gan sc&aacute;th gan eagla faoi na impleachta&iacute; a bhain le creideamh i gCr&iacute;ost, gur ghabh sin i bhfad amach thar an Teampall agus a bhain leis. Ch&uacute;isigh roinnt de na Heill&eacute;anaigh &eacute; &aacute; r&aacute; go nd&uacute;irt s&eacute; gur fh&oacute;gair &Iacute;osa Naz&oacute;rach deireadh a bheith leis an Teampall agus le dl&iacute; Mhaois. D&aacute; bharr sin cuireadh Stiof&aacute;n chun b&aacute;is le clocha. D&rsquo;fh&aacute;g na finn&eacute;ithe a bh&iacute; ag clochadh Stiof&aacute;in a mbrait ag cosa &oacute;gfhir darbh ainm S&oacute;l, agus thoiligh S&oacute;l (P&oacute;l n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;) le d&uacute;nmhar&uacute; Stiof&aacute;in. Ansin fuair S&oacute;l litreacha le dul go dt&iacute; an Damaisc agus na Cr&iacute;ostaithe ansin a ghabh&aacute;il agus a thabhairt go hIar&uacute;sail&eacute;im. Ach, mar is eol go maith, bh&iacute; aisling na Damaisce agus an t-eisp&eacute;aras a bhain leis, sa tsl&iacute; ag P&oacute;l, nuair a iompaigh s&eacute; chun Cr&iacute;ost. D&rsquo;fh&oacute;gair s&eacute; a chreideamh i gCr&iacute;ost go foscailte sa Damaisc agus d&rsquo;fhill s&eacute; ar Iar&uacute;sail&eacute;im leis an rud c&eacute;anna a dh&eacute;anamh. T&aacute; s&eacute; sothuigthe go raibh amhras ar Chr&iacute;ostaithe Iar&uacute;sail&eacute;im an raibh S&oacute;l, a rinne g&eacute;arlean&uacute;int orthu, iompaithe go Cr&iacute;ost d&aacute;ir&iacute;re ach chuir an fear ionraic Barnabas, eadr&aacute;na&iacute; a raibh meas m&oacute;r air, ar a suaimhneas iad. A mhalairt leis na Gi&uacute;daigh Heill&eacute;anacha, ar bhain S&oacute;l leo tr&aacute;th. Bh&iacute;odar sin ar th&oacute;ir a bheatha, agus lena shabh&aacute;il t&oacute;gadh S&oacute;l faoi r&uacute;n go calafort <span style=\"color: black;\">Caesarea Maritima, agus as sin go dt&iacute; a chathair dh&uacute;chais Tarsas.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 21[22]). <em>Is tu mo mholadh sa mh&oacute;rthion&oacute;l, a Thiarna.<\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em> Dara L&eacute;acht <\/em>(1 Eoin 3:18-24). <em>Seo &iacute; an aithne a thug s&eacute;<\/em>: <em>go gcreidimis in ainm a Mhic &Iacute;osa Cr&iacute;ost agus go dtabharfaimis gr&aacute; da ch&eacute;ile<\/em>. L&aacute;rphointe i Soisc&eacute;al Eoin agus i gC&eacute;ad Litir seo Eoin n&aacute; gur gr&aacute; &eacute; Dia, gr&aacute; a &eacute;il&iacute;onn freagra uathu si&uacute;d a chreideann ann. Leagann briathra tosaigh l&eacute;acht an lae inniu b&eacute;im ar sin. N&iacute; leor an gr&aacute; seo a bheith i mbriathra amh&aacute;in; n&iacute; m&oacute;r d&oacute; bheith d&aacute;ir&iacute;re agus gn&iacute;omhach (&ldquo;gr&aacute; gn&iacute;mh agus f&iacute;rinne&rdquo;). Glaotar ar chreidmhigh bheith ina &ldquo;gclann na f&iacute;rinne&rdquo;, ag maireacht&aacute;il de r&eacute;ir shampla Chr&iacute;ost, an Fh&iacute;rinne f&eacute;in. Tar &eacute;is na briathra tosaigh, tagann t&eacute;acs nach bhfuil soil&eacute;ir ar fad d&uacute;inn, ach a bhain de r&eacute;ir dealraimh le ceist &eacute;igin a ba ch&uacute;ram d&oacute;ibh si&uacute;d ar d&iacute;r&iacute;odh an litir seo chugaibh c&eacute;aduair. T&eacute;arma l&aacute;rnach don roinn seo n&aacute; an focal &ldquo;coinsias&rdquo; (n&oacute; &ldquo;cro&iacute;&rdquo; mar at&aacute; sa bhunleagan). Sa Bh&iacute;obla n&iacute; l&aacute;rionad moth&uacute;ch&aacute;in an cro&iacute;, ach ionad smaointe, f&eacute;inaithne, agus f&eacute;ineolais.Tugann an Spiorad Naomh tuiscint do na creidmhigh gur clann D&eacute; iad agus labhra&iacute;onn an mh&iacute;r seo faoin ghr&aacute; i ghn&iacute;omh agus i bhf&iacute;rinne a bheith ag tabhairt, n&oacute; ag d&eacute;anamh n&iacute;os doimhne, an aithne seo. I gc&aacute;s go bhfuil amhras ann faoin &aacute;bhar sin, tagann Dia i gcabhair ar na creidmhigh, agus tugann s&eacute; misneach d&oacute;ibh seasamh ina l&aacute;thair agus glaoch air, leis an gcinnteacht go n-&eacute;isteofar leo. Ansin fileann an t&eacute;acs ar chomhl&iacute;onadh aitheanta D&eacute; agus maireacht&aacute;il faoi mar is toil le Dia. De ghn&aacute;th nuair a luaitear &ldquo;aitheanta&rdquo;, na Deich nAitheanta a thagann chun cuimhne d&uacute;inn. Ach sa t&eacute;acs seo dh&aacute; aithne at&aacute; i gceist: creideamh in &Iacute;osa Cr&iacute;ost mar Mhac D&eacute; agus an aithne gr&aacute; a thabhairt d&aacute; ch&eacute;ile. T&aacute; an t&eacute;acs go l&eacute;ir ag caint faoi bheatha aontaithe le Dia, le bheith deimhin de go maireann Dia ionainn (i ngach duine aonair, agus mar phobal Cr&iacute;osta&iacute;), beatha dhiaga a dh&eacute;anann an Spiorad Naomh sinn deimhin de, an Spiorad sin gur bronntanas m&oacute;r &oacute; Dhia d&uacute;inn &eacute;. An sliocht seo, is t&eacute;acs ar mhachnamh &eacute; ar an urna&iacute; agus ar ghr&aacute; D&eacute;.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em>Soisc&eacute;al <\/em>(Eoin 15:1-8). <em>An t&eacute; a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann s&eacute; toradh m&oacute;r uaidh. <\/em>Seo cuid de aitheasc &Iacute;osa agus &eacute; ag f&aacute;gaint sl&aacute;n ag a chuid deisceabal ag an Suip&eacute;ar D&eacute;anach. Sna caibidil roimh an cheann seo (caibideal 15) labhair &Iacute;osa faoina imeacht uathu, a bh&iacute; le teacht go luath. Sa t&eacute;acs seo, agus sa chaibideal seo, d&iacute;r&iacute;onn s&eacute; a aire ar an lean&uacute;nachas a bh&iacute; le bheith ann ar a chuid saothair sa r&eacute; le teacht, agus sin tr&iacute;na chuid deisceabal, a eaglais agus tr&iacute; Dia i l&aacute;thair ag tabhairt cumhacht d&oacute;ibh, agus tr&iacute;d an Spiorad Naomh a bheadh leo. T&eacute;ama sliocht an lae inniu n&aacute; na deisceabail ag fan&uacute;int, ag lonn&uacute;, in &Iacute;osa agus &Iacute;osa ag fan&uacute;int iontu. L&eacute;ir&iacute;onn &Iacute;osa sin trid an &iacute;omh&aacute;, n&oacute; s&oacute;rt parabail, faoi f&eacute;in mar an fh&iacute;ni&uacute;in fh&iacute;or. T&aacute; aidhm bheacht ag an iomh&aacute; n&oacute; parabal sin. &Oacute;n eolas a bh&iacute; acu ar na Scriopt&uacute;ir thuigfeadh na c&eacute;ad deisceabail agus an luatheaglais teachtaireacht an pharabail go h&eacute;asca. I dtraidisi&uacute;n Iosrael ba &eacute; Iosrael f&eacute;in f&iacute;ni&uacute;in, n&oacute; f&iacute;onghort, an Tiarna, b&iacute;odh gur c&aacute;ineadh ar uairibh &eacute; faoi bheith m&iacute;dh&iacute;lis (<span style=\"color: black;\">&Iacute;se&aacute;ia 5:1-7), agus bagra&iacute;odh &eacute; toisc gan aire a thabhairt don fh&iacute;onghort (Matha 21:33-44)<\/span>. &Iacute;osa at&aacute; ar t&iacute; an saol seo a fh&aacute;gaint go sofheicthe, deireann s&eacute; gurb &eacute; f&eacute;in an fh&iacute;ni&uacute;in fh&iacute;or, an f&iacute;or-Iosrael, agus gurb &eacute; a Athair f&eacute;in an saothra&iacute; le aire a thabhairt don fh&iacute;onghort, leis an fh&iacute;ni&uacute;in a bhearradh ionas go dtabharfadh s&iacute; toradh. T&aacute; &Iacute;osa ag smaoineamh ar an eaglais den todhcha&iacute;, a chorp, agus is &iacute; a mhian go mbeadh an fh&iacute;ni&uacute;in, an eaglais, naofa, ag tabhairt toradh m&oacute;r, le h&Iacute;osa f&eacute;in agus a theachtaireacht sl&aacute;naithe a thabhairt os comhair an domhain mh&oacute;ir. M&aacute; bh&iacute;onn laig&iacute;, m&iacute;chleachta&iacute; n&oacute; scannail san Eaglais, f&eacute;acfaidh a Athair chuige go nglanfar iad n&oacute; go ngearrfar amach iad. Is &eacute; at&aacute; &oacute; &Iacute;osa n&aacute; f&iacute;or- deisceablacht, ina bhfuil a lucht lean&uacute;na aontaithe le h&Iacute;osa f&eacute;in, tr&iacute; mhachnamh ar a bhriathra, agus iad feasach go bhfuil &Iacute;osa i l&aacute;thair d&oacute;ibh lena chumhacht agus le gr&aacute;sta D&eacute;. In &eacute;agmais sin n&iacute; ann do aon bheatha Chr&iacute;osta&iacute;, aon fhianaise Chr&iacute;osta&iacute;, aon toradh f&oacute;nta. N&iacute; aonad politi&uacute;il n&oacute; cult&uacute;rtha &iacute; an Eaglais. Corp Chr&iacute;ost &iacute;, a bhfuil beatha aici tr&iacute; urna&iacute;, machnamh, deabh&oacute;id do Chr&iacute;ost i l&aacute;thair san Eocairist agus sna sacraimint&iacute; eile.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">D&eacute;anann Athair gr&aacute;mhar &Iacute;osa Eaglais a Mhic f&eacute;in a ghlanadh.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Tugann an Spiorad Naomh tuiscint do an creidmhigh faoin d&iacute;nit at&aacute; acu mar chlann mhac agus chlann in&iacute;onacha D&eacute;, agus spreagann s&eacute; iad glaoch air, mar a rinne &Iacute;osa f&eacute;in, mar &ldquo;Athair&rdquo;. Seo &eacute; spiorad f&eacute;intuisceana, f&eacute;inaithne, a thugann leis muin&iacute;n i nDia at&aacute; i l&aacute;thair le sl&aacute;n&uacute; a thabhairt i gc&oacute;na&iacute;. Is cuid de gach duine aonair, den chine daonna agus den phobal f&eacute;in, f&eacute;inaithne, a threoirigh iad le dul chun cinn trid an stair s&iacute;os. An fh&eacute;inaithne faoi cad is dual do phobal D&eacute;, tugann s&iacute; ar uairibh chun solais laig&iacute; agus scannail taobh istigh den Eaglais, go m&oacute;r m&oacute;r i ministr&iacute; creidimh agus daoine a bhaineann leo. <\/span><span style=\"color: black;\">Is f&iacute;or sin maidir le hEirinn le blianta beaga anuas.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is feili&uacute;nach machnamh a dh&eacute;anamh air sin faoi sholas theagasc Chr&iacute;ost agus na luatheaglaise. Labhra&iacute;onn &Iacute;osa faoi f&eacute;in mar an fh&iacute;ni&uacute;in agus faoina Athair mar an Saothra&iacute;, ag tabhairt aire don fh&iacute;onghort. Is &iacute; an fh&iacute;ni&uacute;in sin an eaglais a bhunaigh s&eacute;, a chorp, a bhr&iacute;deach. Nuair a thagann m&aacute;chail n&oacute; scannail inti, feidhm&iacute;onn a Athair leis an cheist a r&eacute;iteach agus lena tabhairt thar nais don naofacht is dual di. T&aacute; an fh&iacute;rinne ch&eacute;anna ag an aspal P&oacute;l i mbriathra eile. Leag P&oacute;l bunsraith na hEaglaise i gCoirint, agus a fhios aige gurb &eacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost an fh&iacute;or-bhunsraith. Ar an mbunsraith a leag P&oacute;l d&eacute;anfar t&oacute;g&aacute;il uirthi ag daoine eile, cuid acu le h-&oacute;r, airgead, clocha l&oacute;mhara; cuid eile le hadhmad, f&eacute;ar n&oacute; tu&iacute;. Nochtfaidh cuairt dhiaga an t-&aacute;bhar gan mhaith seo agus d&oacute;far amach &eacute; (1 Coirintigh 3:10-15).<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Nuair a bh&iacute;onn seal corraithe san Eaglais de bharr scannail agus laig&iacute; eile b&iacute;onn suaitheadh intinne ar na f&iacute;r&eacute;in. I gc&aacute;s mar seo n&iacute; m&oacute;r na tosca&iacute; &eacute;ags&uacute;la a thagann le ch&eacute;ile a chur san &aacute;ireamh: mar a chuirtear iad sin i l&aacute;thair sna me&aacute;in chumars&aacute;ide; an &uacute;s&aacute;id a bhaintear as na scannail agus an mearbhall a leanann astu ag gr&uacute;pa&iacute; <\/span>d&iacute;-eaglais&iacute;ocha n&oacute; fi&uacute; aindiacha leis an Eaglais a dh&iacute;speagadh agus cr&iacute;och a chur lena h&aacute;it i gc&uacute;rsa&iacute; oideachais agus sa saol poibl&iacute;.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; In &oacute;c&aacute;id&iacute; mar sin is fi&uacute; machnamh a dh&eacute;anamh ar a bhfuil le r&aacute; ag &Iacute;osa faoi f&eacute;in agus faoina Eaglais, faoi f&eacute;in mar an fh&iacute;ni&uacute;in agus faoina Athair mar an Saothr&oacute;ir f&iacute;ni&uacute;na. Ina a aitheasc ag an Suip&eacute;ar D&eacute;anach bh&iacute; &Iacute;osa ag ullmh&uacute; a lucht lean&uacute;na do na deacrachta&iacute; a bheadh rompu. N&iacute;os luaithe i Soisc&eacute;al Eoin nuair a bh&iacute; s&eacute; ag labhairt faoi f&eacute;in mar an tAoire Maith a thugann a bheatha ar son a chaorach (an Eaglais), d&uacute;irt &Iacute;osa; &ldquo;&Eacute;isteann mo chaoirigh le mo ghl&oacute;r, agus aithn&iacute;m iad, agus leanann siad m&eacute;. T&aacute; an bheatha sh&iacute;ora&iacute; &aacute; tabhairt agam d&oacute;ibh, agus n&iacute; chaillfear go deo iad, n&aacute; n&iacute; fhuad&oacute;idh aon duine as mo l&aacute;imh iad. M&rsquo;Athair a thug dom iad, is m&oacute; &eacute; n&aacute; c&aacute;ch, agus n&iacute; f&eacute;idir d&rsquo;aon duine fuadach &oacute; l&aacute;imh m&rsquo;Athar. Is aon mise agus an tAthair&rdquo; (Eoin 10:27-30). T&aacute; an spiorad c&eacute;anna le sonr&uacute; sa pharabal ar &Iacute;osa mar an fh&iacute;niuin, agus a Athair mar an Saothra&iacute;. Glanann Dia eaglais ion&uacute;in a Mhic mar Athair caoin agus tuisceanach, seachas mar bhreitheamh dian i bhfad i gc&eacute;in. Agus is fi&uacute; a mheabhr&uacute; go mbaineann an glanadh le gach &ldquo;g&eacute;ag&rdquo; den fhini&uacute;in, n&iacute; le sagairt, easpaig, cl&eacute;irigh agus daoine rialta amh&aacute;in.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sa chomhth&eacute;acs seo faoin fh&eacute;intuiscint agus an fh&eacute;inaithne at&aacute; de sh&iacute;or ag dul ar aghaidh, n&iacute; dochar urna&iacute; thosaigh Aifreann an Domhnaigh seo a thabhairt chun cuimhne, ina dh&eacute;antar achain&iacute; &ldquo;go dtugtar saoirse cheart, agus oidhreacht sh&iacute;ora&iacute; don mhuintir a chreideann i gCr&iacute;ost&rdquo; &ndash; saoirse cheart agus oidhreacht sh&iacute;ora&iacute;, abhus agus ar neamh. Is t&eacute;arma &eacute; &ldquo;saoirse&rdquo; ar rinne lucht creidimh, feals&uacute;nachta agus poilit&iacute;ochta machnamh air agus a bh&iacute; mor&aacute;lach as tr&iacute;d na haoiseanna. Bh&iacute; Gr&eacute;igigh agus Romh&aacute;naigh mor&aacute;lach as an tsaoirse a bh&iacute; acu &ndash; gan na scl&aacute;bhaithe iomad&uacute;la a chur sa &aacute;ireamh. B&rsquo;ionann c&aacute;s leis na Gi&uacute;daigh. I diosp&oacute;ireacht faoin &aacute;bhar d&uacute;irt &Iacute;osa lena lucht &eacute;isteachta: &ldquo;M&aacute; fhanann sibh umhal do mo bhriathar, beidh fios na f&iacute;rinne agaibh, agus tabharfaidh an fh&iacute;rinne an tsaoirse daoibh&rdquo; (Eoin 8:31-32). Mar fhreagra air sin d&uacute;irt na Giudaigh: &ldquo;S&iacute;ol Abrahaim sinne, nach raibh riamh i ndaoirse do dhuine ar bith&rdquo;, r&aacute;iteas ar fhreagair &Iacute;osa d&oacute;: &ldquo;Gach aoinne a dh&eacute;anann an peaca, t&aacute; s&eacute; ina dhaor ag an bpeaca&rdquo;. Tr&iacute;d an Soisc&eacute;al Cr&iacute;osta&iacute; craobhscaoil P&oacute;l saoirse &oacute; chleachtadh Dhl&iacute; na nGi&uacute;dach, dl&iacute; a bh&iacute; n&aacute;isi&uacute;nach agus ag cung&uacute; saoirse, ach mheabhraigh s&eacute; d&aacute; eaglais&iacute;: &ldquo;D&rsquo;fhonn is go mbeimis saor is ea a d&rsquo;fhuascail Criost sinn&rdquo;; &ldquo;Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhr&aacute;ithre agus a dheirfi&uacute;racha. Ach n&aacute; b&iacute;odh an tsaoirse sin ina leithsc&eacute;al agaibh chun na colla&iacute;ochta; n&iacute; hea, ach b&iacute;g&iacute; ag d&eacute;anamh seirbh&iacute;se d&aacute; cheile le teann gr&aacute;&rdquo; (Galataigh 5:1, 13). Chuir P&oacute;l &eacute; fein taobh amuigh de dhl&iacute; na nGi&uacute;dach, ach le bheith faoi dhl&iacute; Chr&iacute;ost (1 Coirintigh 9:21).<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Bealtaine 3 2015 C&uacute;igi&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (B) Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-297","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/297","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=297"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/297\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=297"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=297"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=297"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}