{"id":299,"date":"2015-05-05T08:22:32","date_gmt":"2015-05-05T08:22:32","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=299"},"modified":"2015-05-05T08:22:32","modified_gmt":"2015-05-05T08:22:32","slug":"bealtaine-10-2015-seu-domhnach-den-chaisc-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=299","title":{"rendered":"Bealtaine 10 2015 S\u00e9\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc (B)"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: blue;\">Bealtaine 10 2015 S&eacute;&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (B)<\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">B. <strong><em>An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>Gr&aacute; D&eacute; agus creideamh i gCriost. C&eacute; chomh &uacute;s&aacute;ideach is at&aacute; an creideamh?<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Gn&iacute;omhartha na nAspal 10: 25-26, 343-35, 44-48). <em>Doirteadh gr&aacute;sta an Spioraid Naoimh amach ar na cin&iacute;ocha fosta.<\/em> D&uacute;irt &Iacute;osa go foscailte leis an mbean Chan&aacute;nach, neamh-Ghi&uacute;dach, n&aacute;r seoladh &eacute; leis an dea-sc&eacute;al a chraobhscaoileadh l&aacute;ithreach don na cin&iacute;ocha neamh-Ghi&uacute;dacha ach amh&aacute;in do chaoirigh caillte theaghlach Iosrael (Matha 15:24). Nuair a sheol &Iacute;osa an D&aacute;r&eacute;ag Aspal amach ag seanm&oacute;ireacht thug s&eacute; ordaithe d&oacute;ibh mar seo leanas: &ldquo;N&aacute; gabhaig&iacute; an b&oacute;thar chun na ngintlithe agus n&aacute; t&eacute;ig&iacute; isteach i gcathair Sam&aacute;rach ar bith; n&iacute; hea, ach t&eacute;ig&iacute; faoi dh&eacute;in caoirigh caillte theaghlach Iosrael&rdquo; (Matha10:5-6). Th&aacute;inig s&eacute; leis na gealltanais a rinneadh d&rsquo;Iosrael, a phobal f&eacute;in, a chomhl&iacute;onadh. D&iacute;reach tar &eacute;is an ais&eacute;ir&iacute; f&oacute;gra&iacute;odh an soisc&eacute;al do Ghi&uacute;daigh amh&aacute;in. Go minic nasctar craobhscaoileadh an chreidimh do na cin&iacute;ocha, na neamh-Ghi&uacute;daigh, le P&oacute;l amh&aacute;in agus lena thiont&uacute; chun Cr&iacute;ost. T&aacute; ceart&uacute; ar sin le fail i l&eacute;acht an lae inniu. Th&aacute;inig an ch&eacute;im mh&oacute;r ar aghaidh d&aacute;ir&iacute;re thart ar thr&aacute;th thiont&uacute; Ph&oacute;il, agus tr&iacute; Pheadar agus ghn&iacute;omh&uacute; d&iacute;reach an Spioraid Naoimh. Tr&iacute; inspior&aacute;id &oacute; Dhia chuaigh Peadar go teach feidhmeanaigh phag&aacute;naigh Romh&aacute;naigh i <span style=\"color: black;\">Caesarea Maritima, l&aacute;rionad riarach&aacute;n na R&oacute;imhe i I&uacute;d&aacute;ia, agus l&eacute;irigh an pag&aacute;nach sin gur mhaith leis iomp&uacute; ina Chr&iacute;osta&iacute;. Thuirling an Spiorad Naomh ar a raibh de phag&aacute;naigh sa teach, amhail Cinc&iacute;s Nua, a thug le fios do Pheadar nach bhfeiceann Dia chun pearsan seachas a ch&eacute;ile. N&iacute;orb do Ghi&uacute;daigh amh&aacute;in an dea-sc&eacute;al. Mh&iacute;nigh Peadar sin do Chr&iacute;ostaithe Iar&uacute;sail&eacute;im n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;, agus d&rsquo;aonta&iacute;odar leis.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 97[8]). <em>D&rsquo;fhoilsigh an Tiarna a shl&aacute;n&uacute; do na n&aacute;isi&uacute;in.<\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em>Dara L&eacute;acht <\/em>(1 Eoin 4:7-10). <em>Is &eacute; Dia an Gr&aacute;. <\/em>Sa l&eacute;acht seo, mar a tharla&iacute;onn go minic i Shoisceal Eoin agus i gC&eacute;ad Litir Eoin, t&aacute; cur s&iacute;os ar ghr&aacute;: gr&aacute; D&eacute; d&uacute;inn agus &aacute;r ngr&aacute; do Dhia agus d&aacute; ch&eacute;ile. T&aacute; s&eacute; t&aacute;bhachtach na hid&eacute;ithe seo a thagann thar nais ar&iacute;s agus ar&iacute;s eile a chur le ch&eacute;ile. I dtosach b&aacute;ire l&eacute;ir&iacute;otar gr&aacute; D&eacute; d&uacute;inn in ioncholl&uacute; a Mhic &Iacute;osa Cr&iacute;ost, agus ina bh&aacute;s do mhaithi&uacute;nas &aacute;r bpeacai. Is baill iad na creidmhigh de theaghlach an Athar agus a Mhic Dhiaga. Beirtear na creidmhigh, tagann siad ar an saol, gintear iad, tr&iacute; chreideamh. Sin &iacute; an d&iacute;nit, an uaisleacht, at&aacute; acu. Sa l&eacute;acht seo n&iacute; deirtear go beacht conas a thabharfadh na f&iacute;r&eacute;in gr&aacute; d&aacute; ch&eacute;ile. N&iacute;l aon sonra&iacute; ann faoi seo, ach n&iacute; fol&aacute;ir gur chuid de cabhr&uacute; lena ch&eacute;ile an bheatha Chr&iacute;osta&iacute; a mhaireacht&aacute;il, na haitheanta mar a tuigeadh iad sa luatheaglais a choime&aacute;d, agus sin go l&eacute;ir bunaithe ar chreideamh i ndiagacht Chr&iacute;ost, Cr&iacute;ost mar Mhac D&eacute;. Don chomhluadar a raibh Eoin ag scr&iacute;obh d&oacute;, bheadh aontacht, comhth&aacute;th&uacute;, na hEaglaise sin i gceist, gan ligint do thionchair iasachta an l&aacute;mh in uachtar a fh&aacute;il orthu, agus rudai eile nach iad.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em>Soisc&eacute;al <\/em>(Eoin 15:9-17). <em>N&iacute;l gr&aacute; ag aon duine nios m&oacute; n&aacute; seo go dtabharfadh duine a anam ar son a chairde.<\/em> An sliocht seo as Soisc&eacute;al Eoin t&aacute; an teachtaireacht ch&eacute;anna aige a bheag n&oacute; a mh&oacute;r agus a bh&iacute; ag an dara l&eacute;acht inniu as C&eacute;ad Litir Eoin. T&aacute; an gr&aacute; mar l&aacute;rth&eacute;ama aige, gr&aacute; D&eacute; do lucht lean&uacute;na &Iacute;osa agus aithne &Iacute;osa fan&uacute;int aontaithe leis f&eacute;in sa ghr&aacute;. D&rsquo;fhoilsigh &Iacute;osa gr&aacute; an Athar, gr&aacute; an Athar don chine daonna go l&eacute;ir. Foils&iacute;odh r&uacute;ndiamhair ghr&aacute; an Athar do dheisceabail &Iacute;osa n&iacute; mar rud d&oacute;ibh f&eacute;in ach mar fh&iacute;rinne le f&oacute;gairt don domhan m&oacute;r, is &eacute; sin le r&aacute; tr&iacute;d an Eaglais sna saolta n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. Ceapadh iad ag &Iacute;osa agus an Athair le toradh a thabhairt, toradh a mhairfeadh. I misean na hEaglaise n&iacute;l aon &aacute;it ann do ruathar aonair &oacute; dhaoine aonair carasmatacha. N&iacute; m&oacute;r don Eaglais t&oacute;g&aacute;il ar Chr&iacute;ost, an t-aon bhunsraith, agus an teachtaireacht Chr&iacute;osta&iacute; a chur i l&aacute;thair mar a oireann don aois agus don &oacute;c&aacute;id, d&iacute;lis don traidisi&uacute;n agus oscailte don todhcha&iacute;.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Gr&aacute; D&eacute; agus creideamh i gCriost. C&eacute; chomh &uacute;s&aacute;ideach is at&aacute; an creideamh?<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">Is &iacute; &eacute;irim l&eacute;achta&iacute; an lae inniu n&aacute; bronntanas an chreidimh, an chreidi&uacute;int f&eacute;in, agus aitheanta &Iacute;osa d&aacute; dheisceabail ghr&aacute; a thabhairt d&aacute; ch&eacute;ile. C&uacute;pla Domhnach &oacute; shoin l&eacute;amar i gC&eacute;ad Litir Eoin faoi dh&aacute; aithne D&eacute;: creideamh a bheith in &Iacute;osa mar Mhac D&eacute; agus gr&aacute; a thabhairt d&aacute; ch&eacute;ile. N&iacute; shonra&iacute;tear impleachta&iacute; an ghr&aacute;, a bhfuil b&eacute;im chomh l&aacute;idir leagtha air i l&eacute;achta&iacute; an lae inniu, ach is l&eacute;ir go leanann as taca&iacute;ocht a thabhairt do chreideamh i gCr&iacute;ost agus do chleachtadh an creidimh sin. Rinne an luatheaglais, mar is l&eacute;ir &oacute; &Iacute;osa f&eacute;in agus litreacha Ph&oacute;il, tagairt don ch&uacute;ram ba ch&oacute;ir a bheith d&oacute;ibh si&uacute;d a raibh a gcreideamh i gCr&iacute;ost n&oacute; san eaglais i mbaol. Labhra&iacute;onn &Iacute;osa (Matha 18:6) f&uacute;thu mar &ldquo;daoine beaga (miondaoine; &ldquo;ruda&iacute; beaga&rdquo;) a chreideann ionam&rdquo; agus a thromch&uacute;is&iacute; is a bheadh s&eacute; scannal a thabhairt d&oacute;ibh. N&iacute; p&aacute;ist&iacute; a bh&iacute; i gceist; n&iacute; raibh leanna&iacute; i measc deisceabal &Iacute;osa agus n&iacute; raibh baisteadh leanna&iacute; ann ansin. Is &eacute; a bh&iacute; iontu n&aacute; lucht lean&uacute;na leochaileacha a bhf&eacute;adfa&iacute; a chur ar strae go h&eacute;asca. In eaglais&iacute; Ph&oacute;il bh&iacute; daoine ar a dtugann P&oacute;l &ldquo;daoine l&aacute;idre&rdquo; agus &ldquo;daoine laga&rdquo; orthu maidir le c&uacute;rsa&iacute; coinsiasa agus creidimh, agus tugann s&eacute; rabhadh l&aacute;idir gan coinsias n&oacute; creideamh na lag a ghort&uacute;, ach a mhalairt, iad a neart&uacute;. Tugann l&eacute;achta&iacute; Dhomhnach an Aoire Mhaith, a cheili&uacute;ramar c&uacute;pla seachtain &oacute; shoin, deis d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar theachtaireacht na l&eacute;achta&iacute; sin d&aacute;r l&aacute; f&eacute;in. Nuair a bh&iacute; s&eacute; ag labhairt faoi f&eacute;in mar an Aoire F&oacute;nta d&uacute;irt &Iacute;osa: &ldquo;N&iacute; thagann an gada&iacute; ach chun a bheith ag goid, ag mar&uacute; agus ag sloid. Th&aacute;inig mise le go mbeadh beatha acu agus go mbeadh s&eacute; go fial, fairsing acu&rdquo;. Beatha go fial, fairsing, mar sin, teachtaireacht &Iacute;osa. Ach an l&aacute; at&aacute; inniu ann cuirtear i l&aacute;thair an Chr&iacute;osta&iacute;ocht, n&oacute; ar a laghad an Caitliceachas, mar a mhalairt ar fad, mar fh&oacute;rsa leatromach, a &eacute;il&iacute;onn saoirse uaidh le go mbeadh dul chun cinn ceart daonna againn. T&aacute; na f&oacute;rsa&iacute; iar-Chr&iacute;osta&iacute; agus frith-Chr&iacute;osta&iacute; sin ag feidhmiu go tr&eacute;an in&aacute;r measc an l&aacute; at&aacute; inniu ann.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tugann na l&eacute;achta&iacute; seo cuireadh agus deis d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar na bunt&aacute;ist&iacute; at&aacute; ag an teachtaireacht Chr&iacute;osta&iacute; leis an bheatha fhial, fhairing, dhaonna sin, nach nglacfadh sciar maith de chult&uacute;r an lae inniu leis. Is teachtaireacht agus f&iacute;s &iacute; a oirfeadh bheith curtha os comhair Cr&iacute;ostaithe an lae inniu, le go mbeadh meas acu ar a dtraidisi&uacute;n, agus chomh maith c&eacute;anna os a gcomhair si&uacute;d nach cuid den chreideamh iad. Freagra a bheadh ann ar an gceist a cuirtear inniu: &ldquo;Cad is fi&uacute; cr&aacute;ifeacht, creideamh, n&oacute; reiligi&uacute;n ar bith i saol an lae inniu?&rdquo; Cuireadh an cheist, is d&oacute;cha, sa luatheaglais f&eacute;in, agus s&oacute;rt freagra uirthi sa ch&eacute;ad litir go Tim&oacute;id maidir le daoine a mheas gur &uacute;dar saibhris &iacute; an chr&aacute;ifeacht. Dar leis an litir sin (1 Tiom&oacute;id 6:6) is m&oacute;r an t-&uacute;dar saibhris &iacute; an chr&aacute;ifeacht go deimhin, an t&eacute; a bh&iacute;onn s&aacute;sta lena chuid. Scr&iacute;obh Naomh Agaist&iacute;n saothar faoin dteideal &ldquo;Tairbhe an chreidimh&rdquo;, scr&iacute;bhinn nach bhfuil bainteach le saol an lae inniu m&oacute;r&aacute;n toisc go bhfuil s&iacute; d&iacute;rithe ar na fadhbanna a eascair &oacute; &eacute;irse na Manaich&eacute;ach. Ach aon reiligi&uacute;n a chreideann gur th&aacute;inig Cr&iacute;ost, an tAoire Maith, agus go bhfuair s&eacute; b&aacute;s le beatha a thabhairt, agus &iacute; a thabhairt go fial, ba choir d&oacute; bheith r&eacute;idh &aacute;iti&uacute; go l&aacute;idir ina gcoinne si&uacute;d a bhfuil a mhalairt de thuairim acu. Bh&iacute; leas an duine aonair, agus an chine dhaonna, l&aacute;rnach do bheatha agus theagasc Chr&iacute;ost. Leigheas s&eacute; na heasl&aacute;in agus thug s&eacute; an chumhacht seo, agus a bhaineann leis, do na hAspail, agus don eaglais. N&iacute;l f&iacute;or-reiligi&uacute;n, f&iacute;or-chreideamh, ceartchreideamh, ortodocsacht, n&iacute;l s&eacute; sin coime&aacute;dach. A mhalairt ar fad. Ionann ortodocsacht, ceartchreideamh, agus smaointe cearta, agus an gn&iacute;omh ceart a leanann as, faoi Dhia agus faoin Aoire F&oacute;nta, agus faoi ch&uacute;rsai an tsaoil..<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N&iacute; hamh&aacute;in nach bhfuil an ortodocsacht, ceartchreideamh, coime&aacute;dach, ach go bhfuil s&eacute; forch&eacute;imneach, r&eacute;abhl&oacute;ideach sa chiall is fearr den fhocal sin, ag tabhairt athraithe isteach faoi mar is g&aacute;. Thug &Iacute;osa, an tAoire Maith, a theachtaireacht mar ba thoil leis an Athair, ar dt&uacute;s do na Gi&uacute;daigh, pobal tofa D&eacute; f&eacute;in. In am tr&aacute;th ghluais an Eaglais, faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh (agus n&iacute; gan cr&aacute; agus cuardach croi pianmhar) thar an Gi&uacute;dachas amach le bheith mar chreideamh uil&iacute; don domhan uile, gan dl&iacute; Mhaois agus a bhain leis. D&rsquo;fhan an Eaglais d&iacute;lis d&aacute; misean le haire a thabhairt do na boicht agus d&oacute;ibh san faoi leatrom. Thug s&iacute; seirbh&iacute;s d&rsquo;uasal agus &iacute;seal, don ghn&aacute;th-duine agus don lucht l&eacute;inn. Tugann creideamh i nDia agus in &Iacute;osa a sheol Dia uaidh treoir don bheatha, agus teagasc faoin saol le teacht. Maidir le teagasc faoi ch&uacute;rsa&iacute; gn&eacute;is t&aacute; s&iacute; c&aacute;inte go g&eacute;ar, ach t&aacute; cuid den ch&aacute;ineadh seo d&iacute;rithe ar a staid ar ghn&iacute;omhartha a bheadh ar ch&eacute;im &iacute;seal maidir le c&uacute;rsa&iacute; gn&eacute;is. Baineann mor&aacute;ltacht ghn&eacute;is le gn&iacute;omhartha &oacute; &eacute;igni&uacute; ar thaobh amh&aacute;in go dt&iacute; smaoine dr&uacute;iseacha, mar a dtugta&iacute; orthu tr&aacute;th, ar an dtaobh eile. N&iacute; th&oacute;gann faill&iacute; sna gn&iacute;omhartha is &iacute;sle as do theachtaireacht mhor&aacute;ltacht an ghn&eacute;is inti f&eacute;in. D&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; dul ar aghaidh gan stop ar an &aacute;bhar seo: tairbhe an chreidimh agus tairbhe sa chreidi&uacute;int. Baineann s&eacute; le h&aacute;bhar a riarann beatha ioml&aacute;n an duine aonair agus a bheatha shoisialta chomh maith.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Seo an taobh dearfach den sc&eacute;al seo. Ar an dtaobh di&uacute;ltach de t&aacute; a fhios againn nach bhfuil stair na Cr&iacute;osta&iacute;ochta gan a taobh peacach, ach peaca&iacute; a thabhartar chun solais de bharr a teachtaireachta f&eacute;in, n&oacute; ar a laghad a admha&iacute;tear d&aacute; barr sin. Ach mar sin f&eacute;in is fi&uacute; machnamh domhain a dh&eacute;anamh ar shaibhreas na teachtaireachta Cr&iacute;osta&iacute;, agus sin gach Domhnach ag &eacute;isteacht leis na l&eacute;achta&iacute; agus ag cur ceiste orainn f&eacute;in faoi mar at&aacute; siad bainteach le saol suaite an lae inniu, ag machnamh ar an gcomhairle a thugann C&eacute;ad Litir Naomh Peadar d&uacute;inn (1 Peadar 3:15): &ldquo;B&iacute;g&iacute; r&eacute;idh i gc&oacute;na&iacute; le cosaint a dh&eacute;anamh in aghaidh aon duine a iarann oraibh bonn a thabhairt ar an d&oacute;chas at&aacute; ionaibh; ach d&eacute;anaig&iacute; amhlaidh le cneastacht agus le hurraim&rdquo;.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Bealtaine 10 2015 S&eacute;&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc (B) Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-299","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/299","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=299"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/299\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=299"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=299"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=299"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}