{"id":301,"date":"2015-05-12T05:47:51","date_gmt":"2015-05-12T05:47:51","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=301"},"modified":"2015-05-12T05:47:51","modified_gmt":"2015-05-12T05:47:51","slug":"bealtaine-17-2015-deascabhail-ar-dtiarna-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=301","title":{"rendered":"Bealtaine 17 2015 Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna (B)"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"color: blue;\">Bealtaine 17 2015 Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna (B)<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">B. <strong><em>An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm;\"><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Gn&iacute;omhartha na nAspal 1:1-11). <em>Agus iad faire, t&oacute;gadh suas &eacute;.<\/em>An leabhar seo, Gn&iacute;omhartha na nAspal, a meastar gurb &eacute; L&uacute;c&aacute;s a scr&iacute;obh, t&aacute; s&eacute; tiomnaithe do Theofalas &aacute;irithe, nach fios c&eacute; h&eacute;, ach a luaitear ar&iacute;s ag L&uacute;c&aacute;s 1:3, saothar eile at&aacute; tiomnaithe d&oacute;. L&eacute;acht an lae inniu tugann s&iacute; achoimre ar shaothar &Iacute;osa &oacute;na th&uacute;s go dt&iacute; a dheascabh&aacute;il, mar a dh&eacute;anann L&uacute;c&aacute;s ina shoisc&eacute;al f&eacute;in. Mheasfadh duine &oacute;n chur s&iacute;os at&aacute; ag L&uacute;c&aacute;s air ina shoisc&eacute;al (L&uacute;c&aacute;s 24:1-49, 50-51) gur th&aacute;rla an deascabh&aacute;il ar Dhomhnach C&aacute;sca, l&aacute; an ais&eacute;ir&iacute; f&eacute;in. Sa l&eacute;acht seo deir L&uacute;c&aacute;s gur thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in d&aacute; aspail ar feadh dachad l&aacute; tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; d&oacute;. N&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa leabhar (Gn&iacute;omhartha 13:31), dar le L&uacute;c&aacute;s, d&uacute;irt P&oacute;l Aspal gur thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in tar &eacute;is a ais&eacute;ir&iacute; &ldquo;ar feadh m&oacute;r&aacute;n laethanta&rdquo;. Ag baint &uacute;s&aacute;ide as traidisi&uacute;n &aacute;rsa deir Naomh P&oacute;l (1 Coirintigh 15:3-8) gur thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in do Ch&eacute;afas (Peadar), don D&aacute;r&eacute;ag, do bhreis agus c&uacute;ig c&eacute;ad br&aacute;ithre (agus si&uacute;racha) in &eacute;ineacht, do Sh&eacute;amas agus do na haspail go l&eacute;ir, gan aon achar ama a bheith luaite. Thar an dachad l&aacute; sin, deir L&uacute;c&aacute;s, bh&iacute; &Iacute;osa ag tagairt do r&iacute;ocht D&eacute;, cro&iacute;l&aacute;r gach a rinne agus ad&uacute;irt s&eacute; lena bheatha. Ach bh&iacute; creatlach smaointe eile seachas r&iacute;ocht D&eacute; acu si&uacute;d a bh&iacute; bailithe timpeall ar &Iacute;osa, sin r&iacute;ocht Iosrael, r&iacute;ocht Dh&aacute;iv&iacute;, a chur ar bun ar&iacute;s. B&rsquo;shin an cheist dheiridh acu ar an saol seo. Ba &eacute; freagra &Iacute;osa n&aacute; gurb faoi Dhia agus sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh a bheadh an todhcha&iacute; &#8212; agus sa r&eacute; nua n&iacute; bheadh r&iacute;ocht D&eacute; teoranta do Iosrael. Go cr&iacute;ocha imig&eacute;ini&uacute;la an domhain &eacute;. Tar &eacute;is deascabh&aacute;il do &Iacute;osa d&uacute;irt aingil leis na aspail gan bheith ag amharc suas ar neamh. Bheadh &Iacute;osa leo i sl&iacute; nua, tr&iacute;d an Spiorad Naomh. T&aacute; cur s&iacute;os i Ghn&iacute;omhartha na nAspal ar fhor&aacute;s r&iacute;ocht D&eacute; go go &ldquo;cr&iacute;ocha imig&eacute;ini&uacute;la an domhain&rdquo;, ar dt&uacute;s go cro&iacute;l&aacute;r na hImpearachta sa R&oacute;imh f&eacute;in.<\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm;\"><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 46[47]). <em>Gabhann Dia in airde le g&aacute;rtha molta; gabhann s&eacute; in airde le s&eacute;ideadh an stoic.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L&eacute;acht <\/em>(Eif&iacute;sigh 1:17-23). <em>Chuir s&eacute; ina shu&iacute; ar a dheis f&eacute;in sna flaithis &eacute;. <\/em>T&aacute; dh&aacute; thuiscint ar dheascab&aacute;il Chr&iacute;ost le f&aacute;il i l&eacute;achta&iacute; an lae inniu. Sa ch&eacute;ad l&eacute;acht agus sa soisc&eacute;al (an d&aacute; cheann &oacute; pheann L&uacute;c&aacute;is) t&aacute; an &ldquo;deascabh&aacute;il staire&rdquo; againn, deascabh&aacute;il mar eachtra den stair a fheictear le s&uacute;la cinn. Ansin amh&aacute;in at&aacute; an l&eacute;argas sin uirthi le f&aacute;il. Don chuid is m&oacute; de feictear ar an deascabh&aacute;il mar r&uacute;ndiamhair, ionann i sl&iacute; agus an t-ais&eacute;ir&iacute; f&eacute;in, is &eacute; sin le r&aacute; gl&oacute;iri&uacute; &Iacute;osa go deasl&aacute;imh D&eacute;. Is mar sin at&aacute; sa dara l&eacute;acht inniu. D&iacute;reach roimh th&uacute;s na l&eacute;achta seo d&uacute;irt &uacute;dar na itreach n&aacute;r stad s&eacute; ach ag gabh&aacute;il bu&iacute;ochais le Dia ar son na heaglaise a scr&iacute;obhann s&eacute; chuici agus ag cuimhneamh orthu ina urnaithe. Leanann s&eacute; leis an urn&aacute;i sa l&eacute;acht seo, imp&iacute; ar Dhia na gl&oacute;ire, ar Dhia &Iacute;osa Cr&iacute;ost, urna&iacute; ar Dhia eagna agus tuiscint a bhronnadh orthu. N&iacute; leor tuiscint na aigne daonna inti f&eacute;in. N&iacute; fol&aacute;ir eagna agus soilsi&uacute; &oacute; Dhia le r&uacute;ndiamhair na deascabh&aacute;la a mheas agus a ghlacadh i gceart, agus meas ceart a bheith ar an oidhreacht shaibhir at&aacute; acu, agus an d&oacute;chas agus meanma ba ch&oacute;ir a bheith acu d&aacute; bharr sin. Ionann Cr&iacute;ost ar dheasl&aacute;imh an Athar agus na creidmhigh bheith ann in &eacute;ineacht leis.<\/p>\n<p>Tugann an t&eacute;acs gn&eacute; eile den deascabh&aacute;il d&uacute;inn; sin le r&aacute; cumhacht D&eacute; ag feidhmi&uacute; ann nuair a thug s&eacute; &Iacute;osa &oacute; mhairbh agus ansin go neamh f&eacute;in sa deascabh&aacute;il. An chumhacht D&eacute; sin t&aacute; s&iacute; ag feidhmi&uacute; san Eaglais. Cr&iacute;ost ar dheis D&eacute; is ardcheann na hEaglaise &eacute;. T&aacute; ioml&aacute;ine, l&aacute;ine, ghl&oacute;ir agus chumhacht D&eacute; i gCr&iacute;ost, agus &oacute; Chr&iacute;ost san Eaglais. R&aacute;iteas deiridh na l&eacute;achta seo, an Eaglais arb &iacute; &ldquo;l&aacute;ine an t&eacute; &uacute;d a l&iacute;onann gach n&iacute; go hioml&aacute;n &iacute;&rdquo;, is doiligh br&iacute; bheacht a bhaint as, ach cuireann s&eacute; s&iacute;os ar r&oacute;l na hEaglaise le f&iacute;s agus sl&aacute;n&uacute; D&eacute; a l&eacute;iri&uacute; don domhan m&oacute;r, agus mar r&uacute;ndiamhair aontaithe le Cr&iacute;ost ina dheascabh&aacute;il ar dheis D&eacute;, n&iacute; hamh&aacute;in sin a l&eacute;iri&uacute; ach a chur i gcr&iacute;ch. Ach mar is eol d&uacute;inn go maith, is fada idir fhis, r&uacute;ndiamhair, agus &aacute; cur i gcr&iacute;ch. N&iacute; m&oacute;r d&uacute;inn lean&uacute;int le urna&iacute; Ph&oacute;il go nd&eacute;anfaidh D&iacute;a na gl&oacute;ire, Dia &Aacute;r dTiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost, amhlaidh.<\/p>\n<p><em>Malairt Dara L&eacute;achta<\/em> (Eifisigh 4:1-13). <em>Tagtha in inmhe, ar chomhch&eacute;im le Cr&iacute;ost f&eacute;in agus &eacute; i mbun a mh&eacute;ide. <\/em>D&eacute;antar an leacht seo a roghn&uacute; do liotuirge an lae inniu toisc an tagairt at&aacute; inti do dheascabh&aacute;il Chr&iacute;ost agus na t&iacute;olactha&iacute; a thug s&eacute; ar an eaglais tar &eacute;is deascabh&aacute;il d&oacute;. Is faoin Eaglais an l&eacute;acht go l&eacute;ir, an glaoch chun aontachta taobh istigh di agus a bheith ag dul chun cinn sa bhfoirfeacht le teacht le bheith cos&uacute;il leis an duine foirfe <em>par excellence, <\/em>&Iacute;osa Cr&iacute;ost &eacute; f&eacute;in. Ach, ar nd&oacute;igh, n&iacute; rud teib&iacute; &iacute; an Eaglais. T&aacute; s&iacute;, agus tagann s&iacute; le bheith, an rud is dual di tr&iacute;na a cuid ball. T&aacute; na baill aonair sin lag agus &eacute;ags&uacute;il &oacute;na ch&eacute;ile. N&iacute; m&oacute;r a mheabhr&uacute; d&oacute;ibh na su&aacute;ilc&iacute; at&aacute; riachtanach leis an fh&iacute;s Chr&iacute;osta&iacute; a fh&iacute;oradh. Tosa&iacute;onn an t&eacute;acs le gr&iacute;osadh maireacht&aacute;il de r&eacute;ir na fise sin, a &eacute;ileann orthu a bheith l&aacute;n d&rsquo;uir&iacute;sle, l&aacute;chas agus d&rsquo;fhoighne, snaidhmthe le ch&eacute;ile leis an gcarthanacht. T&aacute; b&eacute;im mh&oacute;r san aitheasc ar an aontacht agus ar an ts&iacute;och&aacute;in sin a nascann na baill le ch&eacute;ile. Labhra&iacute;onn gach a bhfuil sa Chr&iacute;osta&iacute;ocht faoi aontas, aon-tacht, faoin aon: aon chorp (Cr&iacute;ost agus an Eaglais), aon Spiorad (Naomh), aon d&oacute;chas, aon Tiarna (&Iacute;osa), aon bhaisteadh, aon Dia a nascann gach aon le ch&eacute;ile (Athair at&aacute; os cionn c&aacute;ch, ag gn&iacute;omh&uacute; i gc&aacute;ch agus istigh i gc&aacute;ch uile).<\/p>\n<p>Sa dara cuid den l&eacute;acht labhra&iacute;onn an t-&uacute;dar ar na t&iacute;olactha&iacute; a thug Cr&iacute;ost lena Eaglais a shaibhri&uacute; agus &iacute; a thabhairt don sprioc is dual di. Tosa&iacute;onn s&eacute; ag r&aacute; go bhfuil a thabhartas f&eacute;in faighte ag gach duine ar leith againn de r&eacute;ir mar a riar Cr&iacute;ost orainn &eacute;. Sa mh&eacute;id seo t&aacute; s&eacute; ag caint ar na daoine aonair, nach f&eacute;idir le r&uacute;ndiamhair an tsl&aacute;naithe feidhmi&uacute; d&aacute; n-uireasa. Na gr&aacute;sta&iacute; a luatar a bheith tugtha ina dhiaidh sin, is buanna riarach&aacute;in iad, ach fileann an t-&uacute;dar ar na daoine aonair n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. Na buanna seo go l&eacute;ir a luann s&eacute; t&aacute; siad ceangailte le deascabh&aacute;il Chr&iacute;ost.<\/p>\n<p>Tosa&iacute;onn an dara roinn seo le t&eacute;acs a mheasfadh duine gur t&eacute;acs Salm 68(67):19 at&aacute; ann. Labra&iacute;onn t&eacute;acs an tsailm le duine sa dara pearsa uatha amhail is &aacute; r&aacute; gur ghabh s&eacute; in airde agus gur ghlac s&eacute; t&iacute;olactha &oacute; dhaoine. Sa t&eacute;acs sa litir seo, t&oacute;gtar gurbh &eacute; an duine a ghabh in airde n&aacute; Cr&iacute;ost agus deirtear gur thug s&eacute; t&iacute;olaic&iacute; do dhaoine. T&aacute; an t&eacute;acs faoi mar at&aacute; s&eacute; againn faoi thionchar sean-traidisiuin Gi&uacute;daigh a thog gurbh &eacute; Maois a ghabh in airde, agus a thug anuas leis &oacute;n sliabh bronntanas an Dl&iacute;. Cuirtear i l&aacute;thair an t&eacute;acs anois faoi Chr&iacute;ost a th&aacute;inig anuas &oacute; neamh, san Ioncholl&uacute;, don an domhan seo (&ldquo;an domhan &iacute;ochtarach seo&rdquo;) agus a chuaigh in airde aris &ldquo;thar na flaithis&rdquo; nuair a gl&oacute;ir&iacute;odh &eacute; ina dheascabh&aacute;il agus eile. Chuaigh Cr&iacute;ost &ldquo;thar na flaithis uile amach chun go l&iacute;onfadh s&eacute; an chruinne cheathartha&rdquo;, sin le r&aacute; an domhan ioml&aacute;n, rud a dh&eacute;anfadh s&eacute; tr&iacute;d an Eaglais agus na ministreachta&iacute; a bheadh aici leis na t&iacute;olactha a thabharfadh s&eacute; di. D&eacute;antar iad sin a &aacute;ireamh faoi mar a bh&iacute;odar sa luatheaglais agus in eaglais an &uacute;dair seo, de r&eacute;ir ord a dt&aacute;bhachta: aspail, f&aacute;ithe (le tuiscint n&iacute;os doimhne den r&uacute;ndiamhair acu), soisc&eacute;alaithe, aoir&iacute; agus m&uacute;inteoir&iacute;. T&aacute; an aidhm ch&eacute;anna agus an cusp&oacute;ir c&eacute;anna ag na t&iacute;olactha seo go l&eacute;ir, is &eacute; sin le r&aacute; neart&uacute; na hEaglaise, corp Chr&iacute;ost, ionas go sroisfeadh na creidmhigh aontacht ina gcreideamh agus in aontacht eolais ar &Iacute;osa Cr&iacute;ost, Mac D&eacute;. Is &eacute; is cusp&oacute;ir don dul chun cinn san eolas agus san fhoirfeacht seo don Eaglais n&aacute; go sroisfeadh s&iacute; an fhoirfeacht f&eacute;in, a bhfuil &Iacute;osa Cr&iacute;ost mar eiseaml&aacute;ir di. An rud a deirtear faoin Eaglais is f&iacute;or &eacute;, ar nd&oacute;igh, faoi gach ball aonair san Eaglais: t&aacute; an eaglais naofa, n&oacute; a mhalairt, tr&iacute; bheatha a ball aonair.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al <\/em>(Marcas 16:15-20). <em>Tugadh suas ar neamh &eacute;, agus chuaigh s&eacute; chun su&iacute; ar dheasl&aacute;imh D&eacute;. <\/em>Glactar leis de ghn&aacute;th inniu gur chr&iacute;ochnaigh bunleagan Shoisc&eacute;al Marcais ag Marcas 16:8: Tar &eacute;is fogairt an aingil go raibh &Iacute;osa ais&eacute;irithe, agus le sin a fh&oacute;gairt don na deisceabail, gur theith na mn&aacute; &oacute;n tuama mar go raibh scanradh orthu, agus go bhfuil an foirceann at&aacute; leis inniu (Marcas 16:9-20), mar l&eacute;acht an lae inniu, n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;, ach an-luath agus mar chuid den chan&oacute;in. Cumadh &iacute; &oacute; th&eacute;acsanna t&oacute;gtha &oacute; shoisc&eacute;il ghaolmhara (Matha, L&uacute;c&aacute;s), agus b&rsquo;fh&eacute;idir &oacute; Ghn&iacute;omhartha na nAspal. An tagairt do th&oacute;g&aacute;il nathracha ina l&aacute;mha gan dochar don t&eacute; a th&oacute;g, seans gur thagairt d&aacute;r tharla do Ph&oacute;l (Gn&iacute;omhartha 28:3-5) at&aacute; ann seachas ord&uacute; faoi phriacail le t&oacute;gaint ag creidmhigh. Roghna&iacute;tear an l&eacute;acht seo &oacute; Mharcas, i mbliain liot&uacute;irgeach seo B, bliain Mharcais, do fh&eacute;ile seo na Deascabh&aacute;la toisc go bhfuil cur s&iacute;os ann ar dheascabh&aacute;il Chr&iacute;ost (faoi mar at&aacute; i Gn&iacute;omhartha 1:2,9), &eacute; bheith suite ar dheasl&aacute;imh D&eacute; agus gn&iacute;omhach san Eaglais ag cabhr&uacute; leis na soisc&eacute;alaithe.<\/p>\n<p><strong><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna. T&aacute; Dia l&aacute;idir. Agallamh le <\/span><\/em><span style=\"color: blue;\">Honest to God<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">T&aacute; &aacute;bhar domhain machnaimh againn i bhF&eacute;ile seo Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna. Le P&oacute;l, iarramar ar Dhia eagna agus tuiscint a thabhairt d&uacute;inn. &Eacute;il&iacute;onn tuiscint orainn greim a fh&aacute;il ar bhr&iacute; na f&eacute;ile seo agus na t&eacute;armai a ghabhann lei. Is dual do aigne mhac&aacute;nta an m&eacute;id sin. Tugann an eagna dhiaga orainn meas a bheith ar an Deascabh&aacute;il mar r&uacute;ndiamhair. I dtosach b&aacute;ire b&iacute;odh agallamh againn len&aacute;r n-anam f&eacute;in, an teachtaireacht at&aacute; ag an r&uacute;ndiamhair d&uacute;inn, agus ina dhiaidh sin tig linn dul in agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\"> <em>1. T&aacute; Dia l&aacute;idir.<\/em> An nath Gaeilge seo is l&aacute;r-phointe den dara l&eacute;acht as an litir chuig na hEif&iacute;sigh &eacute;. Bh&iacute; cumhacht as cuimse D&eacute; ag feidhmi&uacute; in ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus ina dheascabh&aacute;il go deasl&aacute;mh an Athar agus t&aacute; an chumhacht ch&eacute;anna sin ag obair f&oacute;s ionainn, creidmhigh. Ba ch&oacute;ir go dtabharfadh sin uchtach agus meanma d&uacute;inn agus meas ar an oidhreacht chreidmh at&aacute; againn. T&aacute; &Iacute;osa ar neamh ag idirghu&iacute; ar &aacute;r son, agus ar son na heaglaise go l&eacute;ir. Mar adeir t&eacute;acs eile den litir ch&eacute;anna (Eif&iacute;sigh 4:8-13): Ag dul in airde (ina dheascabh&aacute;il) thug &Iacute;osa tabhartais do daoine. Is iad na tabhartais a luaitear n&aacute; aspail, f&aacute;ithe, soisc&eacute;alaithe, aoir&iacute; agus m&uacute;inteoir&iacute;. Bh&iacute; mar aidhm leis sin corp Chr&iacute;ost, an eaglais, a th&oacute;g&aacute;il le go mbeimid go l&eacute;ir tagaithe go aontacht chreidimh, gan a bheith in&aacute;r naoin&aacute;in feasta d&aacute;r luascadh imeasc na dtonn. Leantar leis an &eacute;ags&uacute;lacht tabhartas sin &oacute; Dhia san Eaglais f&oacute;s.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">2. Tuiscint ar th&eacute;arma&iacute;. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Cuireann cuid den t&eacute;arma&iacute;ocht a bhaintear &uacute;s&aacute;id aisti ag cur sios ar an Fh&eacute;ile seo, agus i dt&eacute;acsanna gaolmhara, as do mh&oacute;r&aacute;n daoine: mar shampla &ldquo;t&oacute;gadh Iosa suas ar neamh&rdquo;, ina shu&iacute; ar dheasl&aacute;imh D&eacute; agus a leith&eacute;id. Agus n&iacute; sa Bh&iacute;obla, n&aacute; sa diagacht, amh&aacute;in at&aacute; sin le sonr&uacute;. Thugadh Gaeil &ldquo;An Fear at&aacute; inairde&rdquo; ar Dhia, agus f&oacute;s cloistear faoin &ldquo;the Man above&rdquo;. Bh&iacute;, agus f&oacute;s t&aacute;, sort ceannairce i gcoinne a leith&eacute;id de th&eacute;arma&iacute;ocht a th&eacute;ann ar uairibh thar cheist t&eacute;armaiochta go tuiscint mheitifisici&uacute;il agus chreidimh. C&uacute;pla bliain &oacute; shoin bh&iacute; com&oacute;radh chaoga bliain den leabhar iomr&aacute;iteach <em>Honest to God<\/em> (1963) le John A.T. Robinson againn. Sa leabhar seo iarrtar a leith&eacute;id de th&eacute;arma&iacute;ocht agus tuiscint agus &ldquo;Dia thuas ansin&rdquo;, &ldquo;God up there&rdquo; a chaitheamh uainn, agus coinceapanna nua amhail Dia mar &ldquo;bunchloch, d&uacute;shraith, &aacute;r mbeith ann&rdquo;, &ldquo;the Ground of our Being&rdquo; a thabhairt isteach, n&oacute; fi&uacute; diagacht shaolta, secular theology, agus &ldquo;eitic oc&aacute;ide&rdquo;, situation ethics. N&iacute; h&iacute; seo an &aacute;it na ceisteanna seo a phl&eacute;, ach is fi&uacute; iad a ard&uacute;, agus machnamh a dh&eacute;anamh orthu i gcomhth&eacute;acs na F&eacute;ile seo. Is ionmholta iarracht a dh&eacute;anamh ar l&eacute;argais nua agus tuiscint&iacute; &uacute;ra ar an diagacht agus c&uacute;rsa&iacute; creidimh a thabhairt isteach. ach m&aacute; t&aacute;thar le clo&iacute; le ceartchreideamh n&iacute; m&oacute;r aird a thabhairt ar bhunphrionsabail na Cr&iacute;osta&iacute;ochta, agus an aondiachais, an monodiachais, &oacute;na th&uacute;s sa Ghi&uacute;dachas anall. Dia pearsanta at&aacute; i gceist, n&iacute; neach teib&iacute; amhail d&uacute;shraith. Neach spiorad&aacute;lta Dia, nach mbaineann &aacute;it ar bith, thuas, inairde, n&oacute; eile leis. N&iacute; h&eacute;asca d&aacute;r gc&eacute;adfa&iacute; labhairt faoi, n&aacute; faoi aon rud seachas ruda&iacute; tadhail. Ach le beocht a chur lena dheirimid n&iacute; m&oacute;r d&uacute;inn &uacute;s&aacute;id a bhaint as t&eacute;arma&iacute; d&aacute; leith&eacute;id, b&iacute;odh go dtuigimid an laige at&aacute; ag roinnt leo. Le urna&iacute; amh&aacute;in a thuigtear go bhfuil an Dia pearsanta seo, d&uacute;shraith &aacute;r mbeith ann, l&aacute;mh linn. Eisean a thugann an eagna agus an tuiscint ar ruda&iacute; diaga agus saolta.<\/span><\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Bealtaine 17 2015 Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna (B) Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-301","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/301","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=301"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/301\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=301"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=301"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=301"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}