{"id":303,"date":"2015-05-20T15:59:34","date_gmt":"2015-05-20T15:59:34","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=303"},"modified":"2015-05-20T15:59:34","modified_gmt":"2015-05-20T15:59:34","slug":"24-bealtaine-2015-b-domhnach-cincise","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=303","title":{"rendered":"24 Bealtaine 2015 (B) Domhnach Cinc\u00edse"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: blue;\">24 Bealtaine 2015 (B) Domhnach Cinc&iacute;se <\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">An Spiorad Naomh, F&eacute;ini&uacute;lacht chine agus chreidimh<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm;\"><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Gn&iacute;omhartha na nAspal 2:1-11). <em>L&iacute;onadh leis an Spiorad Naomh iad uile, agus thosaigh siad uile ag labhairt. <\/em>T&aacute; cur s&iacute;os sa l&eacute;acht seo ar eachtra&iacute; a th&aacute;rla sa l&aacute; a dtugaimid Domhnach Cinc&iacute;se air. Whitsunday a thugtar air as B&eacute;arla, sin le r&aacute; White Sunday toisc na h&eacute;ada&iacute; a bh&iacute;odh &aacute; n-iompar acu si&uacute;d a bh&iacute; tar &eacute;is a mbaisteadh an l&aacute; sin. Is sa Ghr&eacute;igis a scr&iacute;obhadh Gn&iacute;omhartha na nAspal agus is <em>pentecostes<\/em>. &ldquo;an caogad&uacute;&rdquo; a tugadh ar an l&aacute; ansin, is &eacute; sin le r&aacute; an caogad&uacute; l&aacute; tar &eacute;is na C&aacute;sca. An Laidin a bheadh ar an bhfocal &ldquo;caogad&uacute;&rdquo; n&aacute; <em>Quinquagesima<\/em>, agus bh&iacute; sin mar theideal ar an bhf&eacute;ile in amanta in Eaglais an Iarthair. As an bhfocal Laidine sin a th&aacute;inig ainm na f&eacute;ile seo isteach sa Ghaeilge &ndash; sa Sean-Ghaeilge &ldquo;cingciges&rdquo;, a athraigh tr&iacute; sh&eacute;imhi&uacute; agus chailli&uacute;int an &ldquo;g&rdquo; deiridh go dt&iacute; Cinc&iacute;s na Nua-Ghaeilge. Ceann &eacute; de thr&iacute; fh&eacute;ile na nGi&uacute;dach an Pentecostes, an Chinc&iacute;s, a bh&iacute; le ceili&uacute;radh le soll&uacute;ntas faoi leith. An ch&eacute;ad cheann d&iacute;obh n&aacute; an Ch&aacute;isc. F&eacute;ile na Cinc&iacute;se ag na Gi&uacute;daigh i dt&uacute;s b&aacute;ire is d&oacute;cha gur f&eacute;ile an fhomhair a bh&iacute; ann, agus an t-arbhar aib&iacute;. In aimsir Chr&iacute;ost is cos&uacute;il go raibh bronntanas an Dl&iacute; &oacute; Dhia do Mhaois &aacute; cheili&uacute;radh ann.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Teacht an Spioraid Naoimh ar na hAspail agus ar an eaglais, amhail deascabh&aacute;il Chriost go deasl&aacute;mh an Athar (a cheili&uacute;ramar an Domhnach seo caite) is f&iacute;rinne, r&uacute;ndiamhair, &eacute; ar f&eacute;idir a l&eacute;iri&uacute; mar sin, mar r&uacute;ndiamhair, n&oacute; a r&iacute;omhadh mar eachtra le h-aireacht&aacute;il le c&eacute;adfa&iacute; na colainne. De r&eacute;ir shoisc&eacute;al Naomh Eoin (Eoin 20:22) bhronn &Iacute;osa an Spiorad Naomh ar na hAspail (aon aspal d&eacute;ag) Domhnach C&aacute;sca f&eacute;in, sa seomra uachtarach agus na doirse faoi ghlas. Sa l&eacute;acht seo inniu t&aacute; L&uacute;c&aacute;s ag cur s&iacute;os ar thosach na hEaglaise agus an mhisin Chr&iacute;osta&iacute; do na Gi&uacute;daigh agus don domhan m&oacute;r.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sa l&eacute;acht &aacute;irithe seo inniu t&aacute; dh&aacute; radharc. Sa ch&eacute;ad cheann deirtear go raibh &ldquo;siad go l&eacute;ir le ch&eacute;ile ar aon l&aacute;thair&rdquo;. Is d&oacute;cha gurb iad na hAspail, na mn&aacute; &aacute;irithe, maraon le Muire m&aacute;thair &Iacute;osa agus br&aacute;ithre &Iacute;osa, at&aacute; i gceist agus iad f&oacute;s sa seomra uachtarach, faoi ghlas, ar eagla na nG&iacute;&uacute;dach, agus iad ag gu&iacute; gan staonadh le teacht an Spioraid a gheall &Iacute;osa d&oacute;ibh roimh imeacht uathu d&oacute;. Athraigh c&uacute;rsa&iacute; go tobann le teacht an Spioraid orthu. Baineann L&uacute;c&aacute;s feidhm as &iacute;omh&aacute;nna traidisi&uacute;nta le seo a l&eacute;iri&uacute;: s&eacute;ide&aacute;n gaoithe m&oacute;ire agus tine. Siombal at&aacute; an labhairt i dteangacha difri&uacute;la, b&rsquo;fh&eacute;idir, ar an chumhacht nua chun an dea-sc&eacute;al a fh&oacute;gairt. Tabharfaidh an Spiorad deimhni&uacute; inmhe&aacute;nach d&oacute;ibh faoi Chr&iacute;ost agus an dualgas a leag s&eacute; orthu.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&oacute;gann an dara radharc taobh amuigh den seomra uachtarach sinn. C&eacute;ad seanm&oacute;ireacht an tsoisc&eacute;il at&aacute; ann agus bun&uacute; na hEaglaise. Don fh&eacute;ile sin bheadh Gi&uacute;daigh chr&aacute;ifeacha &oacute; gach cearn den impireacht R&oacute;mh&aacute;nach in Iar&uacute;sail&eacute;im. Tugann L&uacute;c&aacute;s liosta d&iacute;obh ar threo tuathail, &oacute;n oirthear siar: Pairtigh agus eile (&oacute;n Iar&aacute;in agus Iar&aacute;ic an lae inniu), an tuaisceart (Tuirc an lae inniu), an tIarthar, an &Eacute;igipt agus c&oacute;sta thuaisceart na hAifrice, chomh maith leis an R&oacute;imh. B&rsquo;fh&eacute;idir go bhfuil L&uacute;c&aacute;s ag f&eacute;achaint ar an Chinc&iacute;s sin mar fhreascur ar Th&uacute;r Bhaib&eacute;il. Ar aon chuma, le teacht sin an Spioraid t&aacute; t&uacute;s curtha le misean na hEaglaise don domhan m&oacute;r,<\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm;\">Salm le Freagra (Salm 103[104]. <em>Cuir amach do Spiorad, a Thiarna, agus d&eacute;an aghaidh na tal&uacute;n a athnuachan.<\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm;\"><em>Dara L&eacute;acht <\/em>(1 Coirintigh 12:3-7, 12-13). <em>San aon Spiorad amh&aacute;in is ea a baisteadh isteach in aon chorp amh&aacute;in sinn go l&eacute;ir. <\/em> Cuireann t&eacute;acsanna an Tiomna Nua s&iacute;os i sl&iacute;te &eacute;ags&uacute;la ar r&oacute;l l&aacute;rnach an Spioraid Naoimh i mbeatha an duine aonair agus i mbeatha na hEaglaise ina hioml&aacute;ine. Tugtar ainmneacha &eacute;ags&uacute;la ar an bpearsa dhiaga sin chomh maith, ina measc i Soisc&eacute;al Naomh Eoin an S&oacute;l&aacute;sa&iacute;, an Paracl&eacute;id, an t-abhc&oacute;ide a thugann deimhne inmhe&aacute;nach faoina gcreideamh do na f&iacute;r&eacute;in i gcoinne freas&uacute;ra agus g&eacute;arlean&uacute;na. I scr&iacute;bhin&iacute; eile den Tiomna Nua tugtar air Spiorad &Iacute;osa, Spiorad an Chr&iacute;ost ais&eacute;irithe agus ghl&oacute;irithe, a thugann t&iacute;olactha&iacute; &eacute;ags&uacute;la agus carasma&iacute; faoin Eaglais d&aacute; baill. I l&eacute;acht an lae inniu tugann P&oacute;l liosta de roinnt de na t&iacute;olactha&iacute; sin. Ar t&uacute;s t&aacute; t&iacute;olacadh an chreidimh, is &eacute; sin le r&aacute; a admh&aacute;ileann gurbh &eacute; &ldquo;&Iacute;osa an Tiarna&rdquo;. Admh&aacute;il chreidimh an-luath &iacute; seo, ceann at&aacute; tr&eacute;an le br&iacute;. Ionann &iacute; agus a admh&aacute;il go bhfuil &Iacute;osa &eacute;irithe &oacute; na mairbh, ina shu&iacute; ar dheasl&aacute;imh an Athar agus go dtugann s&eacute; bronntanas an Spioraid Naoimh ar an Eaglais. Ardbhronntanas an Spioraid Naoimh &eacute; an creideamh. Ansin tugann P&oacute;l le fios go bhfuil r&oacute;lanna &eacute;agsula le l&iacute;onadh sa chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute; agus tugann an Spiorad Naomh t&iacute;olactha&iacute; &eacute;ags&uacute;la le sin a thabhairt chun cr&iacute;che. Leagann s&eacute; b&eacute;im ar seo, nach do leas an duine aonair amh&aacute;in iad seo, ach do leas an chomhluadair ina ioml&aacute;ine, leas na hEaglaise. Ag r&aacute; sin d&oacute; d&eacute;anann s&eacute; compar&aacute;id idir an phobal Cr&iacute;osta&iacute; agus an corp daonna, ina chomhl&aacute;na&iacute;onn baill &eacute;ags&uacute;la an choirp a ch&eacute;ile. Cuireann an baisteadh Cr&iacute;osta&iacute; b&eacute;im ar an aontacht seo, ina ghlacann gach aoinne an Spiorad c&eacute;anna, nach bhfuil &aacute;it ann do difr&iacute;ochta&iacute; maidir le st&aacute;das soisialta, daor n&oacute; saor, scl&aacute;bha&iacute; n&oacute; cathr&oacute;ir.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm;\"><em>Malairt Dara L&eacute;achta <\/em>(Galataigh 5:16-25). <em>Toradh an Spioraid. <\/em>Roghna&iacute;odh an l&eacute;acht seo go deas do fh&eacute;ile na Cinc&iacute;se de bhr&iacute; go bhfuil s&iacute; ag cur s&iacute;os ar an Spiorad Naomh sa bheatha Chr&iacute;osta&iacute; agus ar thoradh, n&oacute; ar thortha&iacute;, an Spioraid Naoimh sa bheatha sin. Is fi&uacute; a mheabhr&uacute; an m&eacute;id a scr&iacute;obh P&oacute;l c&uacute;pla v&eacute;arsa roimh th&uacute;s na l&eacute;achta seo: &ldquo;Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhr&aacute;ithre agus a shi&uacute;racha. Ach n&aacute; b&iacute;odh an tsaoirse sin ina leithsc&eacute;al agaibh mar chaoi don cholainn; n&iacute; hea ach b&iacute;g&iacute; ag d&eacute;anamh seirbh&iacute;se (&ldquo;bheith mar scl&aacute;bhaithe&rdquo;) d&aacute; ch&eacute;ile le teann gr&aacute;&rdquo;. T&aacute; cur sios sa l&eacute;acht go l&eacute;ir ar an gcoimhlint at&aacute; ann, taobh istigh de na creidmhigh aonair, de dh&aacute; fh&oacute;rsa, forsa&iacute; ar a ghlaonn P&oacute;l &ldquo;an cholainn&rdquo; agus &ldquo;an Spiorad&rdquo;. Is &iacute; is br&iacute; le &ldquo;colainn&rdquo; anseo n&aacute; na hainmhianta leithleasacha, s&aacute;ile, agus d&eacute;antar an t&eacute;arma &ldquo;colainn&rdquo; a aistri&uacute; go minic sa tsl&iacute; sin. An &ldquo;cholainn&rdquo; agus an &ldquo;Spiorad&rdquo; so chiall seo, n&iacute; dh&aacute; ph&aacute;irt den duine aonair iad, ach ba bheaichte a r&aacute; dh&aacute; ainm ar dh&aacute; threoshu&iacute;omh difr&iacute;ula taobh istigh den phearsa ioml&aacute;n. De bharr chumhacht na &ldquo;colainne&rdquo;, an fuinneamh chun s&aacute;ile, chun a leasa f&eacute;in amh&aacute;in, n&iacute;l ar chumas an chreidmhigh beart de r&eacute;ir a dhea-mhianta a d&eacute;anamh. Gar do dheireadh na l&eacute;achta deir P&oacute;l gurb ionann seirbh&iacute;s a dh&eacute;anamh do Chr&iacute;ost agus na hainmhianta chun a leasa f&eacute;in amh&aacute;in a chur chun b&aacute;is (&ldquo;b&aacute;s ar an gcrois&rdquo;; &ldquo;paisin agus mianta a ch&eacute;asadh ar an gcrois&rdquo;). Tugann s&eacute; liosta de ghn&iacute;omartha na colainne (&ldquo;s&aacute;ile&rdquo;), mar at&aacute; dr&uacute;is, g&aacute;irsiulacht agus graostacht, eascairdeas, achrann agus formad, fearg, bru&iacute;onta, clampar agus f&aacute;icsin, &eacute;ad, meisce, ragairne agus a leith&eacute;id eile. In &aacute;iteanna eile deir P&oacute;l gurbh iad sin at&aacute; faoi threoir Spiorad D&eacute; at&aacute; ina gclann mhac agus ina gclann in&iacute;onacha D&eacute;. Is contr&aacute;rtha ar fad iad tiortha&iacute; an Spioraid (mar a thugann P&oacute;l orthu) do ghn&iacute;omhartha na colainne, na s&aacute;ile. Tugann P&oacute;l liosta de naoi gcinn de na torthai seo i l&eacute;acht seo an lae inniu. Mar a luadh thuas, roimhe seo mheabhraigh P&oacute;l do Eaglais na Gal&aacute;ite: &ldquo;Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhr&aacute;ithre agus a shi&uacute;racha. Ach n&aacute; b&iacute;odh an tsaoirse sin ina leithsc&eacute;al agaibh mar chaoi don cholainn; n&iacute; hea ach b&iacute;g&iacute; ag d&eacute;anamh seirbh&iacute;se (&ldquo;bheith mar scl&aacute;bhaithe&rdquo;) d&aacute; ch&eacute;ile le teann gr&aacute;&rdquo;. D&eacute;antar sin tr&iacute; bhronntanais, thorthai, an Spioraid Naoimh. Ba choir go mbeadh an Spiorad Naomh ag lonn&uacute; istigh sna Cr&iacute;ostaithe (&ldquo;ag maireacht&aacute;il sa Spiorad&rdquo;) mar threoir acu sa bheatha, &aacute; dtabhairt chun maireacht&aacute;il le tortha&iacute; an Spioraid, sa dl&iacute; a deir leo gr&aacute; a thabhairt d&aacute; ch&eacute;ile.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em>Soisc&eacute;al <\/em> (Eoin 20:19-23). <em>Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, t&aacute;imse do bhur gcursa uiaim freisin. Glacaig&iacute; an Spiorad Naomh. <\/em>Tharla an eachtra seo tr&aacute;thn&oacute;na Dhomhnach C&aacute;sca, an l&aacute; f&eacute;in inar &eacute;irigh &Iacute;osa &oacute; na mairbh. D&iacute;reach roimh an sliocht seo bh&iacute; cuntas ag Eoin faoi mar a theaspe&aacute;in &Iacute;osa ais&eacute;irithe &eacute; f&eacute;in do <span style=\"color: black;\">Mh&aacute;ire Mhaigdil&eacute;ana go luath maidin C&aacute;sca, &aacute; r&aacute; lei an sc&eacute;al sin a thabhairt d&aacute; bhr&aacute;ithre, agus rinne M&aacute;ire sin do na deisceabail. Ansin tr&aacute;thn&oacute;na an lae sin thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in d&aacute; dheisceabail, agus iad taobh istigh de dhoirse iata, ar eagla d&aacute; naimhde. Ag teacht tr&iacute;d na doirse iata l&eacute;irigh &Iacute;osa go raibh corp ais&eacute;irithe aige, ach an corp inar cuireadh chun b&aacute;is &eacute; ar an gcrois, leis na cr&eacute;achta ina l&aacute;mha agus a cliath&aacute;n. &Oacute;c&aacute;id shol&uacute;nta &iacute; seo ina thugann &Iacute;osa &uacute;dar&aacute;s do na dheisceabail a bh&iacute; rognaithe aige lean&uacute;int lena mhisean ar talamh. Bh&iacute; lean&uacute;nachas le bheith ann idir an misean a bh&iacute; faighte ag &Iacute;osa &oacute;na Athair agus a misean si&uacute;d tugtha d&oacute;ibh ag &Iacute;osa f&eacute;in. D&rsquo;an&aacute;laigh &Iacute;osa orthu, agus t&aacute;id anois amhail a bheith baiste sa Spiorad Naomh mar bhar&aacute;ntas go bhfuil siad ag lean&uacute;int le misean &Iacute;osa f&eacute;in. Fuair &Iacute;osa b&aacute;s ar son maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute;. Mar a d&uacute;irt s&eacute; sna briathra againn i gcoisreacan an Aifrinn: bh&iacute; a chuid fola le dortadh chun maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute;. Anois, an tr&aacute;thn&oacute;na sin Domhnach C&aacute;sca, le bronntanas an Spioraid Naoimh leanfar ar aghaidh leis an obair shl&aacute;naithe sin tr&iacute;na dheisceabail agus an Eaglais.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em>Malairt Shoisc&eacute;il <\/em>(Eoin 15:26-27; 16:12-15). <em>Spiorad na f&iacute;rinne a ghluaiseann &oacute;n Athair d&eacute;anfaidh s&eacute; fianaise orm.<\/em> An l&eacute;acht seo is sliocht &iacute; &oacute; na comhr&aacute;ite deiridh a bh&iacute; ag &Iacute;osa lena dheisceabail sul ar fh&aacute;g s&eacute; sl&aacute;n acu. Bh&iacute; &Iacute;osa le himeacht ach bh&iacute; a mhisean, a shaothar leo, le fan&uacute;int. Bheadh lean&uacute;nachas ann. Rud l&aacute;rnach i mbeatha agus i mbriathra &Iacute;osa n&aacute; an fh&iacute;rinne. Ag teacht isteach sa saol seo d&rsquo;&Iacute;osa, th&aacute;inig an gr&aacute;sta agus an fh&iacute;rinne tr&iacute;d (Eoin 1:17). Th&aacute;inig &Iacute;osa chun fianaise a thabhairt don fh&iacute;rinne (Eoin 5:33). Ina phearsa f&eacute;in ba &eacute; &ldquo;an tsl&iacute;, an fh&iacute;rinne, agus an bheatha&rdquo; &eacute;, n&iacute; f&iacute;rinne theib&iacute;, ach f&iacute;rinne gurb &eacute; &Iacute;osa f&eacute;in agus a Athair &iacute;. I l&aacute;thair Phiol&aacute;it d&oacute; d&uacute;irt &Iacute;osa gur rugadh &eacute; le fianaise a thabhairt don fh&iacute;rinne, focal n&aacute;r thuig Piol&aacute;it a d&uacute;irt leis: &ldquo;Cad is f&iacute;rinne ann?&rdquo; (Eoin 18:37-38). Ionann an fh&iacute;rinne d&rsquo;&Iacute;osa agus a shoisc&eacute;al faoi r&iacute;ocht D&eacute;, agus faoi ghr&aacute;sta D&eacute; le beatha r&eacute;adach a dh&eacute;anamh den fh&iacute;rinne sin. Nuair a rinnedh feoil den Bhriathar san Ioncoll&uacute; bh&iacute; &Iacute;osa l&aacute;n de ghr&aacute;sta agus d&rsquo;fh&iacute;rinne (Eoin 1:14). Tar &eacute;is imeacht d&rsquo;&Iacute;osa bheadh lean&uacute;nachas ann san Eaglais tr&iacute;d an Spiorad Naomh, ar a dtugann &Iacute;osa sa t&eacute;acs seo an Paracl&eacute;id, focal Gr&eacute;igise a bhfuil &eacute;ags&uacute;lacht br&iacute;onna ag gabh&aacute;il leis, mar a l&eacute;ir&iacute;odh sa n&oacute;ta ar Shoisc&eacute;al an S&eacute;&uacute; Domhnaigh den Ch&aacute;isc. Br&iacute; amh&aacute;in diobh san n&aacute; &ldquo;Abhc&oacute;ide&rdquo; a oireann go bre&aacute; don chomhth&eacute;acs seo. Cosna&iacute;onn abhc&oacute;id agus cuireann s&eacute; c&aacute;s an t&eacute; a sheol &eacute; os comhair an phobail. Beidh an Spiorad Naomh, an tAbhc&oacute;id, ina fhinn&eacute; d&rsquo;&Iacute;osa i gcro&iacute;the na bhf&iacute;r&eacute;an, agus faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh beidh na hAspail agus na creidmhigh ina bhfinn&eacute;ithe chomh maith. N&iacute; m&oacute;r d&rsquo;abhc&oacute;id agus do fhinn&eacute; an c&aacute;s at&aacute; le pl&eacute; a thuiscint. Ba mh&oacute;r idir &ldquo;&Iacute;osa na staire&rdquo;, an t&eacute; a chonnaic na hAspail lena s&uacute;la cinn ag teagasc, ag d&eacute;anamh mior&uacute;ilti agus a fuair b&aacute;s faoi eason&oacute;ir ar an gcrois, agus &Iacute;osa ais&eacute;irithe agus ar dheis an Athar. N&iacute; fh&eacute;adfadh na hAspail na r&uacute;ndiamhra sin, agus cinn eile f&oacute;s, a thuiscint ag an suip&eacute;ar deiridh, ach m&uacute;infeadh an Spiorad Naomh an uile fhirinne faoi &Iacute;osa agus faoina ghl&oacute;ir d&oacute;ibh. Leagann &Iacute;osa b&eacute;im ar an aontas idir &eacute; f&eacute;in, an Spiorad, agus an Athair. An m&eacute;id a deirtear anseo faoi ghealltanas an Spioraid do na hAspail is f&iacute;or &eacute; faoin Eaglais, Corp Chr&iacute;ost, tr&iacute;d an stair agus len&aacute;r linn f&eacute;in. Faoi ghr&aacute;sta an Spioraid Naoimh tagann an Eaglais ar thuiscint n&iacute;os doimhne ar &Iacute;osa, ar a ghr&aacute; don chine daonna, agus ar mhisean na hEaglaise do shaol &aacute;r linne.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><em><span style=\"color: black;\">An Spiorad Naomh, F&eacute;ini&uacute;lacht chine agus chreidimh<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Crutha&iacute;onn an Spiorad Naomh muintearas idir na creidmhigh in &Iacute;osa, &Iacute;osa f&eacute;in agus an Athair s&iacute;os tr&iacute;d an stair. Tugann s&eacute; le tuiscint d&oacute;ibh gur clann don Athair iad. Foils&iacute;onn s&eacute; d&oacute;ibh gl&oacute;ir &Iacute;osa, f&iacute;s den bheatha is dual don duine daonna, agus spreagann s&eacute; an Eaglais bheith deimhin de sin, bheith bunaithe sa chreideamh, bheith deimhin den bhf&eacute;ini&uacute;lacht Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; f&eacute;ini&uacute;lacht chine ann leis agus ar uairibh ionann &iacute; agus f&eacute;ini&uacute;lacht chreidimh, nuair a bh&iacute;onn an creideamh c&eacute;anna ag an cine go l&eacute;ir agus an cine faoi bhr&uacute; &oacute;n taobh amuigh. I gc&aacute;s mar sin t&oacute;gtar an creideamh mar chuid den chine agus n&iacute; bhionn aon teannas idir Eaglais agus an st&aacute;t. Is mar sin a bh&iacute; in &Eacute;irinn roimh neamhsple&aacute;chas di agus i mblianta tosaigh an st&aacute;it nua. Is mar sin at&aacute; f&oacute;s sa Ghr&eacute;ig. Baol m&oacute;r at&aacute; ag gabh&aacute;il leis seo n&aacute; go ligtear i ndearmad gur r&uacute;ndiamhair go bun&uacute;sach &iacute; an Eaglais agus nach eagras cine, agus nach bhfuil daoine r&eacute;idh teacht i ngleic le athraithe i meon daoine n&oacute; sa tsocha&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; In &Eacute;irinn anois t&aacute; an r&eacute; sin thart agus n&iacute; m&oacute;r do phobal na hEaglaise abhus f&eacute;ini&uacute;lacht chreidimh a choth&uacute;, eolas n&iacute;os fearr a chur ar a n-oidhreacht chreidimh agus meas a bheith acu uirthi, faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh, an tAbhc&oacute;id, Spiorad na f&iacute;rinne a thabharfaidh gl&oacute;ir do Chr&iacute;ost tr&iacute; chreideamh beo na hEaglaise.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>24 Bealtaine 2015 (B) Domhnach Cinc&iacute;se Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B. An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-303","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/303","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=303"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/303\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=303"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=303"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=303"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}