{"id":306,"date":"2015-05-28T18:09:46","date_gmt":"2015-05-28T18:09:46","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=306"},"modified":"2015-05-28T18:09:46","modified_gmt":"2015-05-28T18:09:46","slug":"bealtaine-31-2015-solluntas-na-trionoide-ronaofa-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=306","title":{"rendered":"Bealtaine 31 2015 Soll\u00fantas na Trionoide R\u00f3naofa (B)"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Bealtaine 31 2015 Soll&uacute;ntas na Trionoide R&oacute;naofa (B)<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. <strong><em>An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Deotranaim&iacute; 4:32-34, 39-40). <em>Is &eacute; an Tiarna is Dia d&aacute;ir&iacute;re ar neamh thuas agus ar talamh th&iacute;os; n&iacute;l ann ach &eacute;.<\/em> I Leabhar Deotranaim&iacute; is cuid de aitheasc Mhaois do na hIosrael&iacute;tigh sul a ngabhann siad isteach sa t&iacute;r tairmngire l&eacute;acht an lae inniu. Meabhra&iacute;onn s&eacute; d&oacute;ibh faoi mar ba ch&oacute;ir d&oacute;ibh bheith d&iacute;lis don fhoilsi&uacute; a fuaireadar &oacute;n Aon Fh&iacute;or-Dhia i Horeb (Sinai), agus an ildiachas n&aacute;ireach ann a sheachaint maraon leis an iompar m&iacute;mhor&aacute;lach a ghabh leis. Ba ch&oacute;ir d&oacute;ibh tabhairt chun cuimhne, &oacute;n dtraidisi&uacute;n a bh&iacute; acu, na nithe m&oacute;ra a rinne an Tiarna d&oacute;ibh. Ba eiseann an tAon Dia amh&aacute;in ar neamh thuas, ach chomh maith leis sin ar talamh, lena phobal. Ba Dhia beo gn&iacute;omhach &eacute;, a roghnaigh a phobal f&eacute;in Iosrael, a labhair leo tr&iacute;na bhriathar, b&iacute;odh gur Dia dofheicthe &eacute;. Thogh s&eacute; iad le go mbeidis ina bhfinn&eacute;ithe d&oacute; ar talamh, le maireacht&aacute;il mar a phobal agus ag coime&aacute;d a aitheanta. <\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Salm 32[33]). <em>Is m&eacute;aner don phobal a roghnaigh an Tiarna d&oacute; f&eacute;in.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\"> Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(R&oacute;mh&aacute;naigh 8:14-17). <em>Fuair sibh spiorad na clainne tr&iacute;na glaoimid Abba n&oacute; Athair ar Dhia. <\/em>Roghna&iacute;odh an t&eacute;acs seo do liot&uacute;irge an lae inniu, Soll&uacute;ntas na Trion&oacute;ide R&oacute;naofa, de bhr&iacute; go l&eacute;ir&iacute;onn s&eacute; c&eacute; chomh gafa is at&aacute; gach ceann de thr&iacute; phearsa na Trion&oacute;ide i mbeatha gach creidmhigh aonair, gach Cr&iacute;osta&iacute; aonair, agus i mbeatha an phobail Chr&iacute;osta&iacute;. T&aacute; an Trion&oacute;id Naofa, agus gach pearsa faoi leith den Trion&oacute;id, gn&iacute;omhach, ag tabhairt gach creidmheach faoi leith agus an Eaglais Chr&iacute;osta&iacute; chun tuisceana den d&iacute;nit at&aacute; acu agus den aontacht at&aacute; ann eatorthu mar chlann mhac agus chlann in&iacute;onacha D&eacute;. Tosa&iacute;onn an t&eacute;acs le f&iacute;rinne bhun&uacute;sach: n&iacute; ann do fh&iacute;or-bheatha Chr&iacute;osta&iacute; muna bhfuil s&iacute; faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh. Tugann seilbh an Spioraid Naoimh &oacute;n bhaisteadh i leith don Chr&iacute;osta&iacute; f&eacute;intuiscint agus d&aacute;sacht Chr&iacute;osta&iacute;, tuiscint gur clann D&eacute; iad agus misneach agus easpa eagla a thugann orthu a thuiscint gur Athair d&oacute;ibh Dia agus chun glaoch air mar Athair, &ldquo;Abba, a Athair&rdquo;&mdash;<em>Abba<\/em> an focal Airimise ar &ldquo;athair&rdquo;, focal ar bhain &Iacute;osa f&eacute;in &uacute;s&aacute;id as i Geits&eacute;amaini (Marcas 14:36). Ag an Aifreann, roimh an &Aacute;r nAthair deirimid gur de bharr an tsampla agus teagaisc D&eacute; &eacute; go bhfuil de mhisneach againn glaoch ar Dhia mar &ldquo;&Aacute;r nAthair&rdquo; . D&eacute;anann an Spiorad Naomh, mar sin, feasach sinn go bhfuil Dia mar athair gr&aacute;mhar againn, agus &Iacute;osa Cr&iacute;ost, Dara Pearsa na Trion&oacute;id Naofa, againn mar bhr&aacute;thair. Mar chlann mhac agus chlann in&iacute;onacha D&eacute; is oidhr&iacute; sinn do ghealltanais uile D&eacute; agus don r&iacute;ocht, agus mar bhr&aacute;ithre agus mar shi&uacute;raca Chr&iacute;ost. T&aacute; s&eacute; i nd&aacute;n d&uacute;inn bheith p&aacute;irteach i ngl&oacute;ir Chr&iacute;ost, ach ionann sin is a r&aacute; beatha aontaithe le Cr&iacute;ost a chaitheamh, bheith p&aacute;irteach leis sna deacrachta&iacute; a ghabhann le fianaise a thabhairt d&oacute; &ndash; amanta i saol naimhdeach d&oacute;.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Matha 28:16-20). <em>D&eacute;anaig&iacute; iad a bhaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">an Spioraid Naoimh. <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">Seo &eacute; an radharc deiridh i Soisc&eacute;al Mhatha, agus sa Ghail&iacute;l. Su&iacute;onn soisc&eacute;al c&eacute;anna seo Mhatha t&uacute;s sheanm&oacute;ireacht &Iacute;osa i &ldquo;Gail&iacute;l na gCin&iacute;ocha&rdquo; (Matha 4:12-16). Sa tsli &oacute;n Suip&eacute;ar D&eacute;anach go Geits&eacute;amaini d&uacute;irt &Iacute;osa lena dheisceabail go raibh s&eacute; le dul rompu go dt&iacute; an Ghail&iacute;l tar &eacute;is &eacute;iri d&oacute; &oacute; mhairbh (Matha 26:32; Marcas 14:28). Tar &eacute;is an ais&eacute;iri d&uacute;irt an t-aingeal ag an dtuama le M&aacute;ire Mhaigdil&eacute;ana agus leis an mn&aacute; eile go raibh &Iacute;osa &eacute;irithe &oacute; na mairbh agus go rachadh s&eacute; rompu go dt&iacute; an Ghailil, &aacute;it a bhfeicidis &eacute; (Matha 28:7; Marcas 16:7; feic freisin L&uacute;c&aacute;s 24:8). Cr&iacute;ochn&iacute;onn Soisc&eacute;al Mhatha le taispe&aacute;int &Iacute;osa d&aacute; dheisceabail sa Ghail&iacute;l agus leis an &uacute;dar&uacute; a thug s&eacute; d&oacute;ibh deisceabail a dh&eacute;anamh de na n&aacute;isi&uacute;in uile. Roghna&iacute;odh an l&eacute;acht seo do liot&uacute;irge an lae inniu, Soll&uacute;ntas na Trion&oacute;ide R&oacute;naofa, toisc an tagairt at&aacute; ann na deisceabail nua a bhaisteadh in ainm na Trion&oacute;ide R&oacute;naofa, Athair, Mac agus Spiorad Naomh. An tr&eacute;idhe seo Athair, Mac agus Spiorad, ag baint leis an mbaisteadh, tugann s&eacute; chun cuimhne an radharc ag baisteadh &Iacute;osa f&eacute;in (Matha 3:3-17) mar a thagann guth &oacute;na flaithis (Athair), ag caint maidir lena Mhac Ion&uacute;in (Mac) agus an Spiorad a thuirling (Matha 3:16-17; Marcas 1:9-19).<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <em>R&uacute;ndiamhair na Tr&iacute;on&oacute;ide agus r&uacute;ndiamhair na hEaglaise<\/em><\/span><\/p>\n<p>Ceili&uacute;raimid inniu f&eacute;ile na Tr&iacute;on&oacute;ide Naofa n&oacute; mar a thugtar uirthi go hoifigi&uacute;il Sol&uacute;ntas na Tr&iacute;on&oacute;ide R&oacute;naofa. I sl&iacute; is rud teib&iacute; an Tr&iacute;on&oacute;id. Ar &eacute;igin go gcloisimid riamh faoi dheabh&oacute;id don Tr&iacute;on&oacute;id Naofa. Ach d&aacute;ir&iacute;re is &iacute; an r&uacute;ndiamhair is m&oacute; agus is doimhne de na r&uacute;ndiamhra Cr&iacute;osta&iacute; &iacute; an Tr&iacute;on&oacute;id. Th&oacute;g s&eacute; na c&eacute;adta bliain, le earr&aacute;id&iacute;, eiriceachta&iacute; agus leis an teagasc a chur i ndroch-fhoirml&iacute;, le go dtiocfadh an Eaglais ar na foirml&iacute; faoin r&uacute;ndiamhair seo at&aacute; againn inniu. An creideamh sa Tr&iacute;on&oacute;id is creideamh &eacute; in aon Dia amh&aacute;in i dtr&iacute; phearsa. Mar a cuirtear an teagasc i <em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute;<\/em> (altanna 253-260), is Aon an Tr&iacute;on&oacute;id. &ldquo;N&iacute; admhaimid tr&iacute; d&eacute;ithe ach aon Dia amh&aacute;in i dtr&iacute; phearsa, an &lsquo;Tr&iacute;on&oacute;id chomhshubstainteach&rsquo;&rdquo;. N&iacute; roinneann na pearsana diaga an aon diagacht amh&aacute;in eatorthu, ach is Dia go hioml&aacute;n gach ceann d&iacute;obh. T&aacute; na pearsana diaga sin go hioml&aacute;n idirdhealaithe &oacute;na ch&eacute;ile.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; sin go l&eacute;ir s&aacute;thach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste tuiscint n&iacute;os fearr d&uacute;inn faoi cad t&aacute; i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt t&aacute;rlu taobh istigh den chreideamh Gi&uacute;dach ar an aondiachas, monodiachas, is &eacute; sin le r&aacute; n&iacute;l ann ach an t-aon Dia amh&aacute;in. Sa Tiomna Nua, agus sa Ghi&uacute;dachas chomh maith, d&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; &ldquo;Athair&rdquo; a thabhairt ar an Dia sin. Ansin th&aacute;inig &Iacute;osa agus d&rsquo;fh&oacute;gair s&eacute; teacht r&iacute;ocht D&eacute;. Uair amh&aacute;in chuir s&eacute; ceist ar a dheisceabail faoi thuairim an phobail faoi, agus fao&iacute;na dtuairim f&eacute;in. Thar cheann an D&aacute;r&eacute;ag d&rsquo;fhreagair Peadar gur mheasadar gurb &eacute; an Meisias (an Cr&iacute;ost) &eacute; (Marcas; L&uacute;c&aacute;s, &ldquo;Cr&iacute;ost D&eacute;&rdquo;; Matha, &ldquo;Cr&iacute;ost Mac D&eacute; Bheo&rdquo;). D&rsquo;oscail an t-ais&eacute;ir&iacute; agus a lean &eacute; r&eacute; nua i gcreideamh na gCr&iacute;osta&iacute;the. Ba mh&oacute; n&aacute; duine daonna &Iacute;osa anois d&oacute;ibh. Bh&iacute; s&eacute; ina shu&iacute; ar dheis D&eacute; mar Thiarna, is &eacute; sin le r&aacute; an t&eacute; a sheolann an Spiorad Naomh ar an Eaglais. Faoi dheireadh ch&eacute;ad thosaigh na Cr&iacute;osta&iacute;ochta bh&iacute; adhradh &aacute; thabhairt do Chr&iacute;ost mar Dhia, mar is soil&eacute;ir &oacute; chaibideal tosaigh shoisc&eacute;al Eoin: &ldquo;Ar dt&uacute;s bh&iacute; an Briathar ann &#8230; agus ba &eacute; Dia an Briathar &#8230; Agus ghlac an Briathar colainn dhaonna agus ch&oacute;naigh s&eacute; in&aacute;r measc&rdquo;.&nbsp;&nbsp; Gheall &Iacute;osa go gcuirfeadh s&eacute; an Spiorad Naomh, an Paraicl&eacute;id, an tAbhc&oacute;id, ar an Eaglais, agus le himeacht aimsire tugadh adhradh don Spiorad Naomh mar Dhia. Sa cheathr&uacute; c&eacute;ad cuireadh Cr&eacute; Nic&eacute; le ch&eacute;ile chun adhradh gach ceann de na tr&iacute; phearsa a l&eacute;iri&uacute;, taobh istigh den d&iacute;lseacht ba dhual don aondiachas docht nach bhfuil ann ach aon Dia amh&aacute;in. Theip ar Athracha na hEaglaise t&eacute;arma&iacute; cu&iacute; a fh&aacute;il sa Bh&iacute;obla lena gcreideamh in &Iacute;osa a l&eacute;iri&uacute; agus bhaineadar &uacute;s&aacute;id as t&eacute;arma&iacute; reatha i bhfeals&uacute;nacht na Gr&eacute;ige: &ldquo;comhshubstainteach leis an Athair&rdquo;. T&aacute; an Chr&eacute; sin againn i gc&oacute;na&iacute;.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sin an teagasc at&aacute; teib&iacute; go leor, agus b&rsquo;fh&eacute;idir do dhaoine &aacute;irithe leamh go leor chomh maith. Ach n&iacute; mar sin don r&uacute;ndiamhair f&eacute;in. L&eacute;iri&uacute; &iacute; sin gur fhoilsigh Dia d&uacute;inn tr&iacute; &Iacute;osa a bheatha inmhe&aacute;nach f&eacute;in, teist don ghr&aacute; at&aacute; aige d&uacute;inn. Agus t&aacute; an gr&aacute; sin le l&eacute;amh go soil&eacute;ir i leachta&iacute; an lae inniu. T&aacute; beatha inmhe&aacute;nach sin D&eacute; tugtha d&uacute;inn mar eiseaml&aacute;ir den bheatha Chr&iacute;osta&iacute; san Eaglais. Tugann sin chun cuimhne an m&eacute;id a d&uacute;irt &Iacute;osa agus &eacute; ag imp&iacute; ar a Athair roimh imeacht den saol seo d&oacute; (Eoin 17:20-24): &ldquo;N&iacute; ar a son sin amh&aacute;in at&aacute;im ag gu&iacute;, ach mar an gc&eacute;anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr&iacute;na mbriathar, ionas go mba aon iad go l&eacute;ir, faoi mar at&aacute; tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir t&uacute; uait mise &#8230; A Athair, an mhuintir a thug t&uacute; dom, is mian liom, an &aacute;it ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghl&oacute;ir, an ghl&oacute;ir a thug t&uacute; dom, mar gur thug t&uacute; gr&aacute; dom roimh chruth&uacute; an domhain&rdquo;. D&eacute;anann an Spiorad Naomh i gcro&iacute;the na bhf&iacute;r&eacute;an feasach sinn gur clann mhac agus clann in&iacute;onacha sinn le Dia, glaoite chun maireacht&aacute;il de r&eacute;ir na h-on&oacute;ra sin i r&uacute;ndiamh&aacute;ir na hEaglaise. N&iacute; thuigtear an Eaglais i gceart muna fheictear uirthi mar r&uacute;ndiamhair, Corp Chr&iacute;ost, a bhfuil an Spiorad Naofa &aacute; sti&uacute;radh. T&aacute; glaoch uirthi bheith aontaithe leis an Trion&oacute;id Naofa, le fianaise a thabhairt don domhan do ghr&aacute; D&eacute;, tobar na beatha.<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Bealtaine 31 2015 Soll&uacute;ntas na Trionoide R&oacute;naofa (B) Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-306","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/306","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=306"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/306\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=306"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=306"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=306"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}