{"id":307,"date":"2015-06-01T15:52:43","date_gmt":"2015-06-01T15:52:43","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=307"},"modified":"2015-06-01T15:52:43","modified_gmt":"2015-06-01T15:52:43","slug":"7-meitheamh-2015-solluntas-chorp-chriost-b","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=307","title":{"rendered":"7 Meitheamh 2015 Soll\u00fantas Chorp Chr\u00edost (B)"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"color: blue;\">7 Meitheamh 2015 Soll&uacute;ntas Chorp Chr&iacute;ost (B)<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">B. <strong><em>An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>Teachtaireacht na hEocairiste d&uacute;inn inniu<\/em><\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Exodus 24:3-8). <em>Seo fuil an Chonartha a rinne an Tiarna libh. <\/em>An l&eacute;acht seo faoi chlabhs&uacute;r an chonartha, is cr&iacute;och &iacute; ar chuntas fada ar dh&eacute;anamh an chonartha idir Dhia agus a phobal Iosrael ag Cnoc Sinai. Thosaigh an cuntas i gcaibideal 19 de Leabhar Exodus in &aacute;it ina deir Dia le Iosrael roimh an chonradh: &ldquo;M&aacute; gh&eacute;illeann sibh do mo ghl&oacute;r agus clo&iacute; le mo chonradh beidh sibhse, thar na cion&iacute;ocha go l&eacute;ir, i mo sheilbhse ar leithrigh, &oacute;ir is liomnsa an domhan ar fad. Beidh sibh agamsa in bhur r&iacute;ocht sagart, in bhur n&aacute;isi&uacute;n coisricthe&rdquo; (Exodus 19:5-6). Bheadh guth, gl&oacute;r, D&eacute; agus a bhriathra curtha in i&uacute;l tr&iacute;d na Deich nAitheanta, na dl&iacute;the agus na cinnte eile a tugadh leis an bpobal a choime&aacute;d aontaithe le cheile. Bh&iacute; dh&aacute; thaobh ag baint le conradh, sa ch&aacute;s seo Dia agus pobal a bh&iacute; tiomanta maireacht&aacute;il de r&eacute;ir thoil D&eacute;. D&eacute;antar seo soil&eacute;ir sa chuntas ar chlabhs&uacute;r an chonartha. Deir pobal Iosrael go bhfuil siad r&eacute;idh aitheanta uile Dh&eacute; a chomhl&iacute;onadh. Bh&iacute; gn&aacute;s &aacute;rsa ann conradh a dhaingni&uacute; le &iacute;obairt (feic Genesis 15:7) ach n&iacute;l a mhacsamhail de iobairt chonartha mar an cheann at&aacute; i l&eacute;acht an lae inniu le f&aacute;il sa tSeantiomna. Glacadh leis go raibh fuil &eacute;ifeacht&uacute;il le gaol a bhun&uacute; idir Dhia agus an duine daonna. In aimsir &Iacute;osa, agus d&aacute;ir&iacute;re tr&iacute; stair Iosrael, bh&iacute; conradh an phobail le Dia, n&oacute; ba chirte a r&aacute;, conradh D&eacute; lena phobal, l&aacute;rnach i gcreideamh na nGi&uacute;dach agus bheadh na briathra deiridh faoi dhaingni&uacute; an chonartha mar cheol ina gcluasa: &ldquo;Seo fuil an Chonartha a rinne an Tiarna libh, agus t&aacute; na dl&iacute;the seo go l&eacute;ir ann&rdquo;. Tugtar briathra sin dhaingni&uacute; an Chonartha chun cuimhne sa bheannacht os cionn chupa an fh&iacute;ona a thug &Iacute;osa ag an Suip&eacute;ar D&eacute;anach: &ldquo;Is &iacute; seo m&rsquo;fhuil, fuil an Chonartha&rdquo;, fuil an tiomna.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 115[116]). <em>Glacfaidh m&eacute; cup&aacute;n an tsl&aacute;nathe; agus gairfidh m&eacute; ar an Tiarna,<\/em><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm;\"><em> Dara L&eacute;acht <\/em>(Eabhraigh 9:11-15). <em>Glanfaidh fuil Chr&iacute;ost &aacute;r n-anam &oacute; pheaca&iacute; marfacha.<\/em> Tuigfear an l&eacute;acht seo n&iacute;os &eacute;asca m&aacute; tabharfar chun cuimhne an t&eacute;acs d&iacute;reach roimhe, gur lean&uacute;int air t&eacute;acs an lae inniu. Sa dh&aacute; shliocht t&aacute; an t-&uacute;dar ag d&eacute;anamh codarsnacht idir liot&uacute;irge Gi&uacute;dach an Leorghn&iacute;mh agus leorghn&iacute;omh Chr&iacute;ost. Sa phubal a bh&iacute; ag na Gi&uacute;daigh sa bhf&aacute;na&iacute;ocht sa d&iacute;threabh agus i dTeampall Iasr&uacute;sail&eacute;im, bh&iacute; sanct&oacute;ir sheachtrach agus sanmct&oacute;ir inmhe&aacute;nach, ar a dtugann &uacute;dar na litreach seo both (n&oacute; puball). T&aacute; dearcadh di&uacute;ltach ag an &uacute;dar ar an sanct&oacute;ir &ldquo;shaolta&rdquo; Ghi&uacute;dach seo. Tugann s&eacute; &ldquo;an &Aacute;it Naofa&rdquo; ar an sanct&oacute;ir sheachtrach. Taobh thiar de seo bhi sanct&oacute;ir eile ar a dtugadh &ldquo;An &Aacute;it R&oacute;naofa&rdquo;. N&iacute; fh&eacute;adfadh aoinne ach an t&Aacute;rdsagart dul isteach sa sanct&oacute;ir inmhe&aacute;nach, agus sin aon l&aacute; amh&aacute;in sa bhliain, L&aacute; M&oacute;r an Leorghn&iacute;mh, le &ldquo;cathaoir na tr&oacute;caire&rdquo;, cl&uacute;dach &Aacute;irc an Chonartha, a chroithi&uacute; le fuil ainmh&iacute;the, le leorghn&iacute;omh a dh&eacute;anamh in &eacute;iric a pheaca&iacute; f&eacute;in agus pheaca&iacute; a phobail. De r&eacute;ir Exodus 25:9 bh&iacute; an taibearnacal d&eacute;anta de r&eacute;ir an phatr&uacute;in neamha&iacute;, an samhail, an cuspa, a taispe&aacute;nadh do Mhaois ar an sliabh. D&eacute;antar an coincheap den fh&iacute;or-taibearnacal neamha&iacute;, nach den saol seo n&oacute; l&aacute;mhdh&eacute;anta &eacute;, a fhorbairt sa l&eacute;acht seo le staid Chriost mar an fh&iacute;or-&aacute;rdsagart a l&eacute;iri&uacute;. De r&eacute;ir dealraimh is &eacute; at&aacute; ina aigne ag an &uacute;dar leis an bhf&iacute;or-taibearnacal a th&eacute;ann Cr&iacute;ost isteach ann n&aacute; b&aacute;s Chr&iacute;ost a dh&eacute;anann leorghn&iacute;omh, a dheascabh&aacute;il go deasl&aacute;imh an Athar, agus &eacute; ansin mar &aacute;rdsagart ar &aacute;r son. Murab ionann agus &iacute;obairt&iacute; na nGi&uacute;dach n&aacute;r ndeacha i bhfeidhm go hinmhe&aacute;nach ar an duine, glanann &iacute;obairt Chr&iacute;ost go hinmhe&aacute;nach sinn &oacute;n&aacute;r bpeaca&iacute; (oibreacha marbha) le go mbeadh ar &aacute;r gcumas an bheatha Chr&iacute;osta&iacute; a mhaireacht&aacute;il (seirbh&iacute;s a dh&eacute;anamh don Dia beo). Ag deireadh an tsleachta seo t&aacute; b&eacute;im ar an gConradh Nua tr&iacute; bh&aacute;s Chr&iacute;ost, teagasc at&aacute; l&aacute;rnach don fh&eacute;ile at&aacute; &aacute; com&oacute;radh againn &ndash; F&eacute;ile Chorp Chr&iacute;ost.<\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al <\/em>(Marcas 14:12-16, 22-26). <em>Is &eacute; mo chorp. Is &iacute; seo m&rsquo;fhuil. <\/em>&Oacute; thaobh na f&eacute;ile at&aacute; &aacute; com&oacute;radh againn, an rud is suntasa&iacute; faoin l&eacute;acht seo n&aacute; ord&uacute; na hEocairiste ag an Suip&eacute;ar D&eacute;anach. Ia mian le Marcas an beile seo a chur i l&aacute;thair mar bh&eacute;ile Ch&aacute;isc na nGi&uacute;dach agus t&aacute; roinnt de chodanna a leith&eacute;id de bh&eacute;ile ina chuntas (itear an b&eacute;ile isto&iacute;che, &oacute;ltar f&iacute;on, bh&iacute;odar ina su&iacute; chun boird, tugann &Iacute;osa mini&uacute; ar chuid de chodanna an bh&eacute;ile, cantar iomna). Ach t&aacute; codanna eile de bh&eacute;ile Ch&aacute;isc na nGi&uacute;dach in easnamh, an ceann is t&aacute;bhachta&iacute; d&iacute;obh n&aacute; Uan na C&aacute;sca. P&eacute; ar bith nasc n&oacute; baint a bh&iacute; ag an Suip&eacute;ar D&eacute;anach le b&eacute;ile Ch&aacute;isc na nGi&uacute;dach, mar a seachadadh an cuntas san Eaglais ba &iacute; an phr&iacute;omh-sp&eacute;is a bh&iacute; inar tharla sa Suip&eacute;ar D&eacute;anach n&aacute; an Eocairist agus an Conradh Nua, an Ch&aacute;isc nua, seachas an ceann a rinne cuimhneach&aacute;n ar theacht phobal Iosrael &oacute;n &Eacute;igipt.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Cuireann Marcas b&eacute;im ar r&eacute;amheolas agus chumacht &Iacute;osa maidir leis an &aacute;it a roghnaigh s&eacute; don bh&eacute;ile, nuair a sheol s&eacute; uaidh an bheirt deisceabal leis an ullmh&uacute;ch&aacute;n a dh&eacute;anamh. Ach d&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; bheith go raibh tuiscint idir &Iacute;osa agus &uacute;naer an t&iacute; cheana. Pr&iacute;omhsp&eacute;is Marcais sa chuntas n&aacute; ord&uacute;, bun&uacute;, na hEocairiste, leis na beannachta&iacute; ar an ar&aacute;n agus ar an gcupa leis an bhf&iacute;on. Is &iacute; fuil Chr&iacute;ost an f&iacute;on, fuil an chonartha, le dortadh ar son a l&aacute;n. T&aacute; nasc soil&eacute;ir anseo leis an gcuntas faoi dhaingniu an ch&eacute;ad chonradh, a bh&iacute; againn sa ch&eacute;ad l&eacute;acht inniu. Cuireann b&aacute;s &Iacute;osa t&uacute;s le conradh nua. Le macalla d&aacute; ndeirtear faoi fhulaingt ghiolla an Tiarna in<span style=\"color: black;\"> &Iacute;se&aacute;ia 53:12, deirtear go bhfuil fuil &Iacute;osa &ldquo;le dortadh ar son a lan&rdquo;. N&iacute; chuireann na briathra sin teorainn le l&iacute;on ar bith; macalla de r&aacute;iteas coisricthe at&aacute; ann, coime&aacute;dta faoi mar at&aacute; i Marcas 10:45: th&aacute;inig Mac an Duine chun a anam a thabhairt mar ceannach ar mh&oacute;r&aacute;n (n&oacute;: a l&aacute;n). T&aacute; na tearma&iacute; c&eacute;anna beagn&aacute;ch in ord&uacute; na hEocariste i Matha 26:28 agus sna paidreacha eocairisteacha go l&eacute;ir. Ar eagla na mithuisceana, deirfidh t&eacute;acsanna b&iacute;obalta n&iacute;os d&eacute;anai gur dhoirt &Iacute;osa a chuid fola ar son c&aacute;ch.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Le linn a mhinistreacht phoibl&iacute; ar talamh, bh&iacute; &aacute;it th&aacute;bhachtach ag b&eacute;ili ag &Iacute;osa lena dheisceabail agus le daoine eile. Ag an Suip&eacute;ar D&eacute;anach d&uacute;irt &Iacute;osa go soileir gurbh &eacute; sin an b&eacute;ile deiridh aige lena chuid f&eacute;in sa saol seo. &Oacute;lfadh s&eacute; an f&iacute;on nua leo i r&iacute;ocht D&eacute; (Matha: r&iacute;ocht a Athar), le tagairt, b&rsquo;fh&eacute;idir, don ch&oacute;isir, an fhle&aacute;, Fle&aacute; an Mheisias, a bhfuil tagairt di i bhf&aacute;istine &Iacute;se&aacute;ia 25:6. <\/span><span style=\"color: black;\">R&uacute;n an Athar a bh&iacute; ann cathain a bheadh an choisir, an fhle&aacute;, sin ann. I ngach Eocairist, tar &eacute;is an coisreacan, d&eacute;antar b&aacute;s, aiseir&iacute; agus ateacht Chr&iacute;ost a chom&oacute;radh, n&oacute; go dtaga s&eacute; (feic 1 Coirintigh 11:26).<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"color: blue;\">B. <em>An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Teachtaireacht na hEocairiste d&uacute;inn inniu<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Ba &iacute; an Eocairist foinse agus ceartl&aacute;r na Cr&iacute;osta&iacute;ochta tr&iacute;d na haoiseanna s&iacute;os, agus f&oacute;s is mar sin at&aacute;. Tugann machnamh ar an r&uacute;ndiamhair chun cuimhnimh an t-&eacute;ileamh a dh&eacute;anann s&iacute; beatha Chr&iacute;osta&iacute; d&aacute; r&eacute;ir a chaitheamh, mar a dh&eacute;anann machnamh ar &Iacute;osa Cr&iacute;ost f&eacute;in. Mar a luadh thuas, ba &eacute; an Suip&eacute;ar D&eacute;anach an b&eacute;ile deiridh a ith &Iacute;osa lena mhuintir f&eacute;in, agus tugann s&eacute; chun cuimhne intinn &Iacute;osa sna b&eacute;il&iacute; sin, ag ithe leo si&uacute;d a bh&iacute; san imeall agus a leith&eacute;id. Tugann &Iacute;osa i Soisc&eacute;al Marcas cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar bhr&iacute;onna iomad&uacute;la na hEocairiste. Tar &eacute;is mhior&uacute;ilt iolr&uacute; an ar&aacute;in, in aistear farraige trasna Mhuir na Gail&iacute;le luann Marcas go raibh dearmad d&eacute;anta ag na hAspail ar&aacute;n a thabhairt leo, seachas aon bhuil&iacute;n amh&aacute;in. Tugann &Iacute;osa fol&aacute;ireamh d&oacute;ibh bheith aireach faoi ghabh&aacute;il, giosta, &eacute;ags&uacute;la. Mheas na hAspail gur ag tagairt a bh&iacute; s&eacute; don easba ar&aacute;in a bh&iacute; acu, ach meabhra&iacute;onn &Iacute;osa d&oacute;ibh an mhior&uacute;ilt ar iolr&uacute; an ar&aacute;in, agus tugann le cuimhne d&oacute;ibh an easpa tuisceana at&aacute; acu ar an mhior&uacute;ilt sin (Marcas 8:14-21). T&eacute;acs deacair le tuiscint &eacute; sin, ach dealra&iacute;onn s&eacute; go bhfuil &Iacute;osa ag tabhairt cuireadh don Eaglais agus d&uacute;inn uile machnamh a dh&eacute;anamh ar a bheatha agus a shaol faoi mar ar thug s&eacute; bia don chorp leis an ar&aacute;n a iolraigh s&eacute;, bia don anam san Eocairist, a ch&uacute;ram orthu si&uacute;d at&aacute; sna himill agus faoi mh&iacute;chumas de shaghas ar bith. Tugann an Eocairist na f&iacute;rinn&iacute; sin go l&eacute;ir chun cuimhne.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An t&eacute;ama a bh&iacute; ann don Chomhdh&aacute;il Eocairisteach Idirn&aacute;isi&uacute;nta i mBaile &Aacute;tha Cliath i 2012 n&aacute; &ldquo;An Eocairist: Comaoin le Cr&iacute;ost agus lena ch&eacute;ile&rdquo;. T&aacute; sin ag teacht go h&aacute;lainn le liot&uacute;irge Aifreann an lae inniu. T&aacute; Cr&iacute;ost beo san Eocairist mar fhoinse do chaidreamh, chomaoin, phearsanta le Dia agus lena ch&eacute;ile, mar chlann mhac agus chlann in&iacute;onacha D&eacute;, br&aacute;ithre agus deirfi&uacute;racha &Iacute;osa.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is r&uacute;ndiamhair dhomhain &iacute; l&aacute;ithreacht r&eacute;alta Chr&iacute;ost faoi ghn&eacute;ithe ar&aacute;in agus f&iacute;ona, nach glactar lei ach tr&iacute; chreideamh. N&iacute; inn&eacute; n&aacute; inniu a thosaigh an t-amhras faoi. Tar &eacute;is a sheanm&oacute;ra i gCafarn&aacute;um air f&eacute;in mar ar&aacute;n na beatha, bh&iacute; na Gi&uacute;daigh (n&aacute;r chreid ann) ag aighneas le ch&eacute;ile &aacute; r&aacute;: &lsquo;Conas is f&eacute;idir don duine seo a fheoil a thabhairt d&uacute;inn le hithe?&rsquo; Lean &Iacute;osa ar aghaidh lena th&eacute;ama faoi f&eacute;in agus ar gclos na cainte d&aacute; l&aacute;n d&aacute; dheisceabail d&uacute;irt siad: &lsquo;Is crua an chaint &iacute; seo, agus c&eacute; a d&rsquo;fh&eacute;adfadh &eacute;isteacht lei?&rsquo; Mar fhreagra d&uacute;irt &Iacute;osa: &lsquo;An bhfuil an m&eacute;id seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad &eacute; m&aacute; fheiceann sibh Mac an Duine (&Iacute;osa f&eacute;in) ag dul suas mar a raibh s&eacute; cheana?&rsquo; Tharraing a l&aacute;n d&aacute; dheisceabail siar, agus n&iacute;or leanadar &eacute; a thuilleadh (Eoin 6:52-65). Tuigimid r&uacute;ndiamhair na hEocraiste n&iacute;os fearr m&aacute; dh&eacute;anaimid machnamh uirthi i gcomth&eacute;acs &Iacute;osa fior-Dhia agus f&iacute;or-dhuine, a dheascabh&aacute;il chun na bhflaitheas agus &eacute; ar dheasl&aacute;imh D&eacute;. Tr&iacute;d na haoiseanna s&iacute;os ghlac an Eaglais le briathra &Iacute;osa ar an ar&aacute;n agus an f&iacute;on, tar &eacute;is a gcoisreacan, bheith go f&iacute;or, go r&eacute;alta, mar a chorp agus a fhuil, agus as sin lean an deabh&oacute;id don sacraimint r&oacute;-naofa. Sl&iacute;te a ba iad ina chuir na f&iacute;r&eacute;in in i&uacute;l a gcreideamh do l&aacute;ithreacht r&eacute;alta &Iacute;osa san Eocairist. Nuair a sh&eacute;anadh an creideamh sin faoi l&aacute;ithreacht Chr&iacute;ost ag Berengarius, dhearbhaigh an Eaglais sa bhliain 1079 go nd&eacute;antar an t-ar&aacute;n agus f&iacute;on a athr&uacute; go substaint&iacute;ul go Corp and Fuil Cr&iacute;ost, a dhearbha&iacute;odh ar&iacute;s i gComhairle Trionta, teagasc at&aacute; le f&aacute;il i g<em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute; <\/em>(alt 1413):<em> &lsquo;<\/em>Tr&iacute;d an choisreacan cuirtear i gcr&iacute;ch tras-substainti&uacute; an ar&aacute;in agus an fh&iacute;ona i gCorp agus i bhFuil Chr&iacute;ost&rsquo;.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>7 Meitheamh 2015 Soll&uacute;ntas Chorp Chr&iacute;ost (B) Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-307","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/307","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=307"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/307\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=307"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=307"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=307"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}