{"id":309,"date":"2015-06-10T11:34:22","date_gmt":"2015-06-10T11:34:22","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=309"},"modified":"2015-06-10T11:34:22","modified_gmt":"2015-06-10T11:34:22","slug":"14-meitheamh-2015-b-an-taonu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=309","title":{"rendered":"14 Meitheamh 2015 (B) An tAon\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt;\">14 Meitheamh 2015 (B) An tAon&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">: <em>B&iacute;g&iacute; l&aacute;n de mhisneach. T&aacute; r&iacute;ocht D&eacute; ag teacht, b&iacute;odh go mall f&eacute;in sin.<\/em><\/span>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(Ez&iacute;c&eacute;al 17:22-24). <em>T&oacute;gaim an crann &iacute;seal. <\/em>Bh&iacute; an f&aacute;idh Ez&iacute;c&eacute;al gn&iacute;omhach mar fh&aacute;idh i laethanta deiridh Iar&uacute;sail&eacute;im roimh an deora&iacute;ocht go Baibeal&oacute;in sna blianta 597 agus 585 roimh Chr&iacute;ost agus sa Bhaibeal&oacute;in ina dhiaidh sin. Rinne s&eacute; f&aacute;idhead&oacute;ireacht i gcoinne r&iacute;the agus prionsa&iacute; in Iar&uacute;sail&eacute;im agus thairngir s&eacute; go nd&eacute;anfa&iacute; iad a dh&iacute;birt chun na Baibeal&oacute;ine. Caibideal seo 17, as a t&oacute;gtar l&eacute;acht an lae inniu, tosa&iacute;onn s&eacute; le allag&oacute;ire faoi theacht r&iacute; na Baibeal&oacute;ine go dti &ldquo;an Liob&aacute;in&rdquo;, ainm f&aacute;thchiallach do Iar&uacute;sail&eacute;im, agus deir s&eacute; gur rug an ri sin ar bharr an ch&eacute;adrais agus gur bhris s&eacute; an beang&aacute;n &uacute;r ar bharr agus gur thug s&eacute; leis &eacute; go t&iacute;r thr&aacute;cht&aacute;la, briathra a chialla&iacute;onn deora&iacute;ocht do r&iacute; Dh&aacute;iv&iacute; go dt&iacute; an Bhaibeal&oacute;in. Cuireann Ez&iacute;c&eacute;al s&iacute;os ar threascairt Iar&uacute;sail&eacute;im. Rinneadh an slad seo ag gn&iacute;omhaithe daonna, den saol seo, ach cuirfeadh Dia malairt sc&eacute;ala air. Bh&iacute; s&eacute; le maoth&aacute;n, buinne&aacute;n maoth, a bhaint &oacute;n gh&eacute;ag is airde den ch&eacute;adras (sa bhf&aacute;thchiall seo r&iacute;theaghlach Dh&aacute;ivi) agus &eacute; a chur ar shliabh ard beannach (Iar&uacute;sail&eacute;im), r&iacute; le teacht ar theaghlach Dh&aacute;iv&iacute; tar &eacute;is filleadh &oacute;n deoraiocht. Ionada&iacute; a bheadh ann don Iosrael nua a bh&iacute; an Tiarna f&eacute;in le bun&uacute; ar a fh&oacute;d d&uacute;chais. Bheadh borradh air amhail an c&eacute;adras. Taispeanfaidh seo cumhacht De, a &iacute;sl&iacute;onn a bhfuil uasal agus a arda&iacute;onn a bhfuil &iacute;seal. Na h&eacute;in a ch&oacute;na&iacute;onn faoin gc&eacute;adras seo, samhail iad, b&rsquo;fh&eacute;idir, ar na n&aacute;isi&uacute;in thart timpeall ar Iosrael. Roghna&iacute;odh an l&eacute;acht seo, ar nd&oacute;igh, le dul leis na parabail sa Soisc&eacute;al.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(Salm 91[92]). <em>Is maith an rud &eacute; th&uacute; a cheili&uacute;radh, a Thiarna.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(2 Coirinthigh 5:6-10). <em>B&iacute;mis i gc&oacute;na&iacute; leis an Tiarna n&oacute; ar deora&iacute;ocht uaidh, n&iacute;l d&rsquo;aidhm againn ach &eacute; a sh&aacute;samh. <\/em>An tsraith de l&eacute;achta&iacute; &oacute; Dhara litir Ph&oacute;il chuig na Coirintigh a thosaigh ar an Seacht&uacute; Domhnach saor leanann s&iacute; ar aghaidh inniu. Pas beag n&iacute;os t&uacute;isce sa litir seo faoina eisp&eacute;aras nuair a tionta&iacute;odh &eacute; don Tiarna ar an mb&oacute;thar chun na Damaisce nuair a lonraigh an Dia a d&uacute;irt, &ldquo;B&iacute;odh solas ag lonradh as an dorchadas&rdquo;, labhair P&oacute;l faoi mar a chuir an Dia sin solas ag lonradh ina chro&iacute; d&rsquo;fhonn eolas na gl&oacute;ire diaga ar chuntan&oacute;s Chr&iacute;ost a chur ar a sh&uacute;ile d&oacute;. Ba chuid l&aacute;rnach de mhinistreacht Ph&oacute;il &eacute; seo, ag tabhairt air machnamh a dh&eacute;anamh ar a laige dhaonna f&eacute;in. Ba i bpr&oacute;ca&iacute; cr&eacute; a bh&iacute; an tseoid seo i gcoime&aacute;d aige, d&rsquo;fhonn a chruth&uacute; gur le Dia an chumhacht as cuimse agus n&aacute;rbh uaidh f&eacute;in &eacute;. Agus b&rsquo;amhlaidh do gach creidmheach. D&rsquo;fh&oacute;gair P&oacute;l an soisc&eacute;al go d&aacute;na de bhr&iacute; gur chreid s&eacute; i gcumhacht bh&aacute;s agus aiseir&iacute; &Iacute;osa. Rinne machnamh ar laige a choirp treise a chur lena chreideamh, lena dh&oacute;chas agus lena chiocras bheith in &eacute;inacht le Cr&iacute;ost tar eis a bh&aacute;is. Ba urra den aontacht seo le Cr&iacute;ost bronntanas an Spioraid Naoimh istigh ann, urra den chlaochl&uacute; seo gur chuid de an bheatha Chr&iacute;osta&iacute; ar talamh. Sin iad na smaointe as bhi ag P&oacute;l sa litir seo d&iacute;reach roimh l&eacute;acht an lae inniu. Leanann s&eacute; ar aghaidh leo sa l&eacute;acht seo. L&iacute;onann bronntanas an Spioraid, mar urra, l&aacute;n de mhisneach &eacute; faoin ghl&oacute;ir sh&iacute;ora&iacute; at&aacute; i nd&aacute;n do lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost tar &eacute;is an corp saolta seo a chur d&iacute;obh. Ach, mar Chr&iacute;osta&iacute; agus mar aspal, tuigeann P&oacute;l go maith gurb &eacute; an r&uacute;d is t&aacute;bhachta&iacute; n&aacute; toil D&eacute; a dh&eacute;anamh abhus. <\/span><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Beidh ar ch&aacute;ch freagra a thabhairt ar Dhia sa deireadh thiar.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"> (Marcas 4:26-34). <em>T&aacute; s&eacute; ar an ngr&aacute;in&iacute;n s&iacute;l is l&uacute; ar bith de na s&iacute;olta, ach f&aacute;sann s&eacute; suas agus b&iacute;onn ar an gceann is m&oacute; de na glasrai go l&eacute;ir.<\/em> Sa l&eacute;acht seo t&aacute; dh&aacute; pharabal faoi fh&aacute;s suntasach r&iacute;ocht D&eacute; &oacute; th&uacute;s lag. Sa dh&aacute; pharabal cuirtear an t&uacute;s sin i gcompar&aacute;id le s&iacute;ol a chuirtear san ithir. Is &eacute; an s&iacute;olad&oacute;ir, ar nd&oacute;igh, n&aacute; Cr&iacute;ost. Sa ch&eacute;ad pharabal cuirtear s&iacute;os ar an r&iacute;ocht ag f&aacute;s uaithi f&eacute;in, go huathoibritheach mar a dh&eacute;arf&aacute;, gan cabhair dhaonna. T&aacute; an tuiscint sin faoin r&iacute;ocht le sonr&uacute; faoina deirtear faoi bhriathar D&eacute; ag P&oacute;l (1 Teasal&oacute;naigh 2:13), briathar nach glactar leis mar bhriathar (theachtaireacht) daonna, ach mar an briathar diaga at&aacute; ann i bhf&iacute;rinne, agus at&aacute; ag oibri&uacute; sna creidmhigh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D&eacute;anann an dara parabal compar&aacute;id idir r&iacute;ocht D&eacute; agus gr&aacute;inne de sh&iacute;ol mustaird beag b&iacute;deach, a chuirtear i l&aacute;thair d&uacute;inn mar an gr&aacute;inn&iacute;n s&iacute;l is l&uacute; ar bith, ach a fh&aacute;sann le bheith ar an gceann is m&oacute; de na glasra&iacute; go l&eacute;ir agus a chuireann amach craobhacha le d&iacute;dean a thabhairt do &eacute;anlaithe an aeir. Seans go nd&eacute;anann an parabal tagairt do th&eacute;acs Ez&iacute;c&eacute;il (faoi r&iacute;ocht Dh&aacute;iv&iacute; le teacht) a bh&iacute; againn sa ch&eacute;ad l&eacute;acht. Labhra&iacute;onn an parabal faoi r&iacute;ocht D&eacute; a fh&aacute;sann &oacute; th&uacute;s lag le m&eacute;ad&uacute; ar fud an domhain.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">: B&iacute;g&iacute; l&aacute;n de mhisneach. T&aacute; r&iacute;ocht D&eacute; ag teacht, b&iacute;odh go mall f&eacute;in sin.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Athra&iacute;onn c&uacute;rsa&iacute; an tsaoil go pras sna saolta seo, agus b&iacute;onn al&aacute;n daoine m&iacute;fhoighneach nach dtagann athraithe luath go leor &ndash; agus go minic sin i gc&uacute;rsa&iacute; eaglasta agus i gc&uacute;rsa&iacute; creidimh. &Oacute; thaobh an Bh&iacute;obla de is r&iacute;-mhall go minic a th&aacute;inig na hathraithe agus an r&eacute; nua a gealladh sna f&aacute;istin&iacute;, rud as ar eascair g&eacute;arch&eacute;im chreidimh sa luatheaglais. Inniu is mian le roinnt &aacute;irithe daoine aithrithe a theacht isteach de r&eacute;ir mar is rogha leo f&eacute;in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D&rsquo;f&eacute;adfadh l&eacute;achta&iacute; an lae inniu ceacht n&oacute; a thuilleadh d&iacute;obh a thabhairt d&uacute;inn maidir le seo. Ceann d&iacute;obh n&aacute; nach bhfuil ionainn i gc&uacute;rsa&iacute; a bhaineann le r&iacute;ocht D&eacute; ach comhoibrithe le Dia. T&aacute; Dia f&eacute;in ag obair ann go ci&uacute;in, tostach. D&rsquo;fh&eacute;adfadh an s&iacute;ol a cuireadh le creideamh bheith ag obair leis go ci&uacute;in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ceacht eile a fh&eacute;adfadh cabhair a thabhairt d&uacute;inn, agus a bh&iacute; l&aacute;rnach ag P&oacute;l ina chuid misin&eacute;ireachta agus &eacute; c&iacute;ocrach an domhan m&oacute;r a thabhairt chun chreidimh i gCr&iacute;ost. Is &eacute; an ceacht seo n&aacute; is cuma c&eacute;n c&uacute;inse ina bhfuilimid, ba ch&oacute;ir bheith r&eacute;idh &ldquo;an Tiarna a sh&aacute;samh&rdquo;, ag obair taobh istigh den eaglais agus leis an eaglais.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ceacht eile n&aacute; gur ch&oacute;ir d&uacute;inn bheith l&aacute;n de mhisneach i gc&oacute;na&iacute;, misneach a bhfuil de bhun&uacute;s aige bronntanas an Spioraid Naoimh i gcro&iacute;the na bhf&iacute;r&eacute;an agus taobh istigh den eaglais, agus at&aacute; mar bhunchloch don eaglais f&eacute;in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus ceacht deiridh, agus n&iacute; h&eacute; an ceacht is l&uacute; &eacute;: &aacute;it l&aacute;rnach bhriathar D&eacute; sa creideamh agus sa chleachtadh Cr&iacute;osta&iacute; a aithint. Go minic tugtar briathar D&eacute; ar an Scriopt&uacute;r, agus iarrtar orainn eolas n&iacute;os fearr a chur ar an Scriopt&uacute;r, ar an mB&iacute;obla. N&iacute; gn&aacute;th-leabhar at&aacute; anseo. Mar a deir naomh P&oacute;l, n&iacute; briathar daonna at&aacute; ann, ach briathar D&eacute; f&eacute;in at&aacute; gn&iacute;omhach i gcro&iacute;the na bhf&iacute;r&eacute;an, &aacute; spreagadh beart d&aacute; r&eacute;ir a dh&eacute;anamh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Go dtaga do r&iacute;ocht. Go nd&eacute;antar do thoil ar an talamh. Saothr&uacute; le teacht r&iacute;ocht D&eacute;.<\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"> Is gn&eacute; amh&aacute;in de r&iacute;ocht D&eacute; an m&eacute;id at&aacute; curtha in&aacute;r l&aacute;thair sna parabail &eacute;ags&uacute;la faoi r&iacute;ocht D&eacute; sna soisc&eacute;il, agus is amhlaidh do na parabail faoin ts&iacute;ol ag f&aacute;s uaidh f&eacute;in in bparabail an lae inniu. N&iacute; h&eacute; nach bhfuil g&aacute; le saothar daonna ar theacht na r&iacute;ochta. Gu&iacute;mid go laeth&uacute;il go dtiocfaidh r&iacute;ocht D&eacute;, rud is ionann sa Ghi&uacute;dachas agus sa Chr&iacute;osta&iacute;ocht agus go nd&eacute;anfar toil D&eacute; anseo ar an talamh. Shaothraigh &Iacute;osa f&eacute;in go tr&eacute;an do theacht na r&iacute;ochta lena chuid teagaisc agus mior&uacute;ilti. B&rsquo;amhlaidh sin chomh maith do Ph&oacute;l. Leagadh de dhualgas air an soisc&eacute;al a fh&oacute;gairt, agus ba mhar sin don Eaglais tr&iacute;d na haoiseanna s&iacute;os. N&iacute; m&oacute;r don Eaglais f&eacute;in, agus do na creidmhigh, sin a dh&eacute;anamh in aois ar bith, &aacute;r laethanta f&eacute;in san &aacute;ireamh. N&iacute; fol&aacute;ir d&rsquo;&uacute;dar&aacute;is na hEaglaise bheith i gcaidreamh lena baill le freagra a thabhairt do na ceisteanna agus do aon imn&iacute; at&aacute; acu faoi ch&uacute;rsa&iacute; creidimh, teagaisc, n&oacute; cleachtadh creidimh agus deimhin a dh&eacute;anamh de go bhfuiltear &aacute; gcloisint ina n-imn&iacute;, fi&uacute; nuair nach bhfuil sin ag teacht le teagasc n&oacute; le seasamh an hEaglaise. Ach sin r&aacute;ite, n&iacute; m&oacute;r don Eaglais an Soisc&eacute;al a fh&oacute;gairt ina ioml&aacute;ine agus dul i ngleic le cult&uacute;r saolta nach aonta&iacute;onn leis i gc&uacute;rsa&iacute; ar bith, maidir le gn&eacute;as, p&oacute;sadh n&oacute; le aon cheist eile. Agus san &aacute;bhar seo is treise guth na dtuata&iacute; n&aacute; na cl&eacute;ire, b&iacute;odh nach gean le m&oacute;ran tuata&iacute; seasamh mar sin a th&oacute;gaint. Ach is mar sin do r&iacute;ocht D&eacute;, s&iacute;ol ag f&aacute;s go ci&uacute;in uaidh f&eacute;in, ach r&iacute;ocht a &eacute;ileann f&oacute;gairt, forbairt agus cosaint.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>14 Meitheamh 2015 (B) An tAon&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-309","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/309","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=309"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/309\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=309"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=309"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=309"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}