{"id":312,"date":"2015-06-19T16:36:33","date_gmt":"2015-06-19T16:36:33","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=312"},"modified":"2015-06-19T16:36:33","modified_gmt":"2015-06-19T16:36:33","slug":"21-meitheamh-2015-b-an-dara-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=312","title":{"rendered":"21 Meitheamh 2015 (B) An Dara Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">21 Meitheamh 2015 (B) An Dara Domhnach D&eacute;ag Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <em>Athghairm phr&aacute;inneach le filleadh ar bheatha spiorad&aacute;lta inmhe&aacute;nach agus ar aithne phearsanta ar Chr&iacute;ost<\/em><\/span>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht (I&oacute;b 38:1, 8-12). Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais. Sa l&eacute;acht &aacute;lainn seo, i measc na mbriathra a dh&iacute;righ Dia ar I&oacute;b t&aacute; an m&eacute;id seo a d&uacute;irt an Dia uilechumhachtach sin leis an mhuir nuair a shocraigh s&eacute; teorainn di i dt&uacute;s ama: &ldquo;An fad seo a thiocfaidh t&uacute; agus n&iacute; thiocfaidh t&uacute; thairis sin&rdquo;. Bh&iacute; na scriopt&uacute;ir ar eolas ag Charles Stewart Parnell agus beidh an sliocht seo &oacute; leabhar I&oacute;b ar eolas ag lucht an Bh&eacute;arla in Eirinn go m&oacute;r m&oacute;r &oacute;n &uacute;s&aacute;id a bhain Parnell as i bhfeachtas toghch&aacute;na&iacute;ochta i gCorcaigh sa bhliain 1885, nuair a d&uacute;irt s&eacute; (as B&eacute;arla): &ldquo;N&iacute;l de cheart ag aoinne teorainn a shocr&uacute; do n&aacute;isi&uacute;n. N&iacute;l de cheart ag aoinne a r&aacute; lena th&iacute;r dh&uacute;chais &lsquo;An fad seo a thiocfaidh t&uacute; agus n&iacute; thiocfaidh t&uacute; thairis sin&rsquo;, agus n&iacute;or dh&eacute;anamarna riamh iarracht an ne plus ultra le dul chun cinn na h&Eacute;ireann le bheith ina n&aacute;isi&uacute;n neamhsple&aacute;ch a chinneadh, agus n&iacute; dh&eacute;anfaimid sin go deo&rdquo;. N&iacute;l an &uacute;s&aacute;id a bhain Parnell as I&oacute;b 38:11 go d&iacute;reach mar a bh&iacute; ina intinn ag an gc&eacute;ad &uacute;dar. An su&iacute;omh tosaigh a bh&iacute; ag l&eacute;acht an lae inniu i leabhar I&oacute;b n&aacute; ag t&uacute;s fhreagra D&eacute; ar I&oacute;b. Tr&iacute; Leabhar I&oacute;b go l&eacute;ir bh&iacute; I&oacute;b ag ma&iacute;omh nach raibh s&eacute; ciontach de choir n&oacute; de pheaca ar bith san fhulaingt gh&eacute;ar a bh&iacute; aige, agus &eacute; ag casaoid faoin easpa tuisceana a bh&iacute; &aacute; fh&aacute;il aige &oacute;na thri&uacute;r cairde, sol&aacute;saithe dar leo f&eacute;in. Dhi&uacute;ltaigh s&eacute; a admh&aacute;il gurbh aon pheaca pearsanta d&aacute; chuid ba chionsiocair leis an m&iacute;-&aacute;dh a bhuail &eacute; &oacute; Dhia. Bh&iacute; freagra na ceiste &aacute; lorg aige &oacute; Dhia maraon le &eacute;isteacht le Dia. Th&aacute;inig sin ag deireadh an leabhair, agus t&uacute;s leis i l&eacute;acht an lae inniu. Ach n&iacute; dh&iacute;r&iacute;onn freagra D&eacute; ar cheist I&oacute;b, ach a mhalairt: leagann s&eacute; b&eacute;im ar uilechumhacht D&eacute;, at&aacute; i bhfad i gc&eacute;in &oacute; aon rud a raibh taith&iacute; ag I&oacute;b air. Cuid de fhreagra seo D&eacute; n&aacute; cumhacht D&eacute; ar an duibheag&aacute;n uisce anord&uacute;il a bh&iacute; ann nuair a chruthaigh Dia an domhan agus gur chuir s&eacute; ord air. I miotaseolsa&iacute;ocht an Mhe&aacute;n-Oirthir samhla&iacute;odh an mhuir phr&iacute;omhord&uacute;il mar ollph&eacute;ist as ar th&aacute;inig an domhan amach in am tr&aacute;th. Seo &eacute; an c&uacute;lra chomh maith at&aacute; ag l&eacute;acht an lae inniu ina chuirtear bun&uacute;s na cruinne i l&aacute;thair mar a bheadh breith, saol&uacute;, &oacute; bhroinn an duibheag&aacute;in, agus Dia f&eacute;in ag feidhmi&uacute; mar bhean chabhrach, ag tabhairt ord&uacute; don mhuir phr&iacute;omhord&uacute;il fanacht taobh thiar den teorainn a bh&iacute; ceaptha ag Dia di, agus gan an domhan a shlogadh siar, domhan a bh&iacute; cruthaithe le gr&aacute; m&oacute;r ag Dia. Taispe&aacute;ntar neart D&eacute; ag an chumhacht at&aacute; aige ar an muir thr&eacute;an. Sa traidisi&uacute;n Gi&uacute;dach d&rsquo;fhan an mhuir mar shiombal de chumhacht mhillteach, fi&uacute; in aimsir an Tiomna Nua. Roghna&iacute;odh l&eacute;acht an lae inniu le dul leis an soisc&eacute;al, ina bhfuil cur s&iacute;os ar faoi mar ar chi&uacute;naigh &Iacute;osa cuaifeach m&oacute;r gaoithe Mhuir na Gail&iacute;le.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra (Salm 106[107]). Ceili&uacute;raig&iacute; an Tiarna, &oacute;ir maireann a ghr&aacute; go s&iacute;ora&iacute;.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht (2 Coirinthigh 5:14-17). T&aacute; gach rud cruthaithe as an nua. L&eacute;acht seo an <\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">lae inniu is cuid de roinn l&aacute;rnach de litir seo Naomh P&oacute;l chuig na Coirintigh &iacute;. Tr&iacute;d an gcreideamh, tugadh do Chr&iacute;ostaithe an bronntanas m&oacute;r eolas ghl&oacute;ir D&eacute; ar chuntan&oacute;s Chr&iacute;ost a fh&aacute;il (2 Coirintigh 4:6). D&rsquo;fh&eacute;adfadh an t-eolas seo a bheith ina ch&uacute;is mh&oacute;rtais, agus is d&aacute; bharr sin a mheabhra&iacute;onn P&oacute;l go bhfuil an tseoid seo again i bpr&oacute;ca&iacute; cr&eacute;, le bheith deimhin de go dtagann d&iacute;lse di &oacute; mh&oacute;rchumhacht D&eacute; seachas &oacute; shaothar daonna. An tagairt seo do laige, tugann s&eacute; P&oacute;l le machnamh a dh&eacute;anamh ar a anbhainne f&eacute;in agus ar r&uacute;ndiamhair bhais agus ais&eacute;ir&iacute; Christ ag obair ann, agus an neart a thagann as. Is tr&iacute; bh&aacute;s a fh&aacute;il don rud at&aacute; saolta, den domhan seo, ionainn, le b&aacute;s a fh&aacute;il d&uacute;inn f&eacute;in, ar f&eacute;idir linn maireacht&aacute;il i gceart mar Chr&iacute;ostaithe. Maireann P&oacute;l tr&iacute; chreideamh. Agus tugann smaoineamh an bh&aacute;is air machnamh a dh&eacute;anamh ar an saol neamhbhuan seo agus, i gcodarsnacht leis, an ghl&oacute;ir sh&iacute;ora&iacute;. Mar a chuireann P&oacute;l f&eacute;in &eacute;: &ldquo;N&iacute; ar na nithe infheicthe at&aacute; &aacute;r n-aire againn ach ar na nithe dofheicthe, mar n&iacute;l sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go br&aacute;th&rdquo; (2 Coirintigh 4:18). Spreagann sin mian na beatha s&iacute;ora&iacute; i bP&oacute;l, ach tuigeann s&eacute; go mbeidh air, mar a bheidh ar gach aoinne &ldquo;teacht os comhair su&iacute; breithimh Chr&iacute;ost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh d&eacute;anta aige, b&iacute;odh s&eacute; olc n&oacute; maith&rdquo; (2 Coirintigh 5:10). T&aacute; P&oacute;l &aacute; spreagadh ag dh&aacute; fh&iacute;rinne &ndash; eagla an Tiarna toisc an fhreagracht is dual, agus a ghr&aacute; do Chr&iacute;ost a fuair b&aacute;s ar &aacute;r son. Cuireann a thuiscint ar an bhfreagracht seo ar Ph&oacute;l labhairt go foscailte lena eaglais i gCoirint gan sc&aacute;th gan eagla maidir leis an bhf&iacute;rinne go mbaineann an bheatha Chr&iacute;osta&iacute; leis an mbeatha inmhe&aacute;nach, seachas le ruda&iacute; seachtracha. Bh&iacute; c&uacute;rsa&iacute; a tharla i gCoirint ina aigne ag P&oacute;l, is d&oacute;cha, eagla go raibh sp&eacute;is r&oacute;mh&oacute;r ag roinnt daoine i ruda&iacute; seachtracha, mar a chuireann P&oacute;l &eacute;: br&oacute;d&uacute;il as dreach (dealramh; c&eacute;im mh&oacute;r) an duine, seachas as a chro&iacute;, a mheon; i rudai seachtracha amhail seasamh soisialta, solabharthacht, labhairt go carasmatach i dteangacha. Spreagann gr&aacute; Chr&iacute;ost P&oacute;l lean&uacute;int ar aghaidh, gr&aacute; Chr&iacute;ost agus leis sin an creideamh faoi mar ar fuair an t-aon duine amh&aacute;in, Cr&iacute;ost, b&aacute;s ar son gach aoinne, go bhfuair gach aoinne b&aacute;s in &eacute;ineacht leis, is &eacute; sin le r&aacute; go bhfuil na Cr&iacute;ostaithe baiste isteach i mb&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost, rud a thugann le f&iacute;os go bhfuair siad b&aacute;s do gach saghas peaca agus don dealramh seachtrach, leis an mbeatha nua inmhe&aacute;nach a mhaireacht&aacute;il sa Tiarna ais&eacute;irithe.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; dh&aacute; mh&iacute;r i l&eacute;acht an lae inniu, agus is f&eacute;idir an ch&eacute;ad mh&iacute;r d&iacute;obh a l&eacute;amh i gcoinne an ch&uacute;lra sin a thugamar thuas. N&iacute;l an mh&iacute;r dheiridh go hioml&aacute;n soil&eacute;ir. Ar dt&uacute;s tugann P&oacute;l prionsabal ginear&aacute;lta: n&iacute; dh&eacute;anann s&eacute; aon duine a mheas de r&eacute;ir chaighde&aacute;n an tsaoil (n&oacute; an bunt&eacute;acs go litri&uacute;il: &ldquo;N&iacute; aithnim&iacute;d aon duine feasta de r&eacute;ir na colainne&rdquo;), go seachtrach. B&rsquo;fh&eacute;idir go raibh aithne ag P&oacute;l ar Chr&iacute;ost &ldquo;de r&eacute;ir na colainne&rdquo;, is &eacute; sin le r&aacute; i mbeatha shaolta Chr&iacute;ost, n&oacute; n&iacute;os d&oacute;cha&iacute; ag a bh&aacute;s, b&aacute;s coirpigh ar chrois dar le P&oacute;l an tr&aacute;th sin. D&rsquo;athraigh c&uacute;rsa&iacute; ar fad do Ph&oacute;l maidir le Cr&iacute;ost lena chreideamh in ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus gach a lean as. Leis an ais&eacute;ir&iacute; sin, do aoinne at&aacute; aontaithe le Cr&iacute;ost is cruth&uacute; nua &eacute;, duine cruthaithe as an nua. Agus n&iacute; h&eacute; an duine Cr&iacute;osta&iacute; aonair at&aacute; i gceist ach an chrutha&iacute;ocht f&eacute;in; t&aacute; an seanr&eacute; imithe, agus r&eacute; nua ann.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Anseo cuireann P&oacute;l s&iacute;os an athuair ar a fh&iacute;s den bheatha nua, beatha &uacute;r, don duine aonair agus don chine daonna, agus sin i gCr&iacute;ost ais&eacute;irithe. Ach anseo ar&iacute;s, mar a mheabhraigh P&oacute;l n&iacute;os luaithe sa litir seo, is baolach an rud f&iacute;s gan an duine daonna lag bheith fr&eacute;amhaithe go daingean in eolas faoina laige f&eacute;in, le seoid i bpr&oacute;ca&iacute; cr&eacute;, ag cur b&eacute;im i ruda&iacute; seachtracha seachas sa bheatha inmhe&aacute;nach i gCr&iacute;ost.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al (Marcas 4:35-41). C&eacute; h&eacute; an duine seo a r&aacute; go nd&eacute;anann gaoth agus farraig&iacute; rud air? D&iacute;reach roimh an l&eacute;acht seo, i soisc&eacute;al Mharcais bh&iacute; cur s&iacute;os ar &Iacute;osa ag m&uacute;ineadh i bparabail sa Ghail&iacute;l, ar an dtaobh thiar de Mhuir na Gail&iacute;le. Ar an dtaobh eile de, ar an dtaobh thoir, bh&iacute; an Decapolis, cr&iacute;och phag&aacute;nach, ina dh&eacute;anfaidh &Iacute;osa mior&uacute;ilt i leigheas ar an nDeamhna&iacute;och i dt&iacute;r na nGeiris&eacute;anach. Tar &eacute;is bheith ag seanm&oacute;ireacht ar feadh an lae, agus b&rsquo;fh&eacute;idir tuirseach, thug &Iacute;osa leid do na deisceabail dul ar bh&aacute;d go dt&iacute; an taobh eile den loch. N&iacute; thugtar aon mh&iacute;ni&uacute; faoi c&eacute;n f&aacute;th go raibh b&aacute;id eile leo. T&aacute; Muir na Gail&iacute;le i scoilt na Iord&aacute;ine agus t&aacute; sl&eacute;ibhte c&oacute;ngarach di agus d&rsquo;fh&eacute;adfadh stoirmeacha teacht gan coinne. An aidhm at&aacute; ag an eachtra seo i Soisc&eacute;al Mharcais n&aacute; cumhacht &Iacute;osa a l&eacute;iri&uacute; in gci&uacute;ini&uacute; na stoirme, cumhacht beagnach dhiaga. Bheadh eolas ag na deisceabail ar chumhacht shiombalach na mara &oacute;n mB&iacute;obla (mar shampla leabhar I&oacute;b, sa ch&eacute;ad l&eacute;acht inniu) agus &oacute;na dtraidisi&uacute;n Gi&uacute;dach f&eacute;in. Pas beag n&iacute;os luaithe n&aacute; an Tiomna nua (i 2 Macabaech 9:8) rinneadh machnamh ar bh&aacute;s an t&iacute;or&aacute;naigh Antiochus mar seo: &ldquo;Ansin an t&eacute; a mheas le barr d&iacute;omais mh&iacute;dhaonna tamall gearr roimhe sin go bhf&eacute;adfadh s&eacute; ord&uacute; a chur ar thonnta na farraige &hellip;leagadh chun l&aacute;ir agus l&aacute;ntal&uacute;n &eacute; agus bh&iacute; s&eacute; &aacute; iompar ar eileatrom, rud a d&rsquo;fh&oacute;gair cumhacht D&eacute; go soil&eacute;ir do ch&aacute;ch&rdquo;. &ldquo;Bhagair&rdquo; &Iacute;osa ar an ghaoth, mar a dheanfai i nd&iacute;birt deamhan, agus bh&iacute; s&eacute; ina th&eacute;igle (chi&uacute;nas) m&oacute;r. C&aacute;ineann &Iacute;osa na deisceabail as a n-easpa creidimh, gn&eacute; at&aacute; le fail minic go leor i Soisc&eacute;al Mharcais. N&iacute; croinic ar eachtra&iacute; at&aacute; &aacute; tabhairt d&uacute;inn ag Marcas. Scr&iacute;obhann s&eacute; le fortacht a thabhairt do chreideamh eaglaise at&aacute; suaite ag stoirmeacha g&eacute;arlean&uacute;na, agus ag iarraidh ar chreidmhigh creideamh a bheith acu in &Iacute;osa at&aacute; i l&aacute;thair, fi&uacute; nuair a mheasann daoine go bhfuil s&eacute; ina chodladh.<\/span><\/em><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><em>B.<\/em><em><span style=\"color: #0070c0;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Athghairm phr&aacute;inneach le filleadh ar bheatha spiorad&aacute;lta inmhe&aacute;nach agus ar aithne phearsanta ar Chr&iacute;ost.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Meabhra&iacute;onn an l&eacute;acht &oacute;n soisc&eacute;al don l&aacute; inniu d&uacute;inn go bhfuil &Iacute;osa leis an Eaglais, agus le gach duine go pearsanta, &iacute; bp&eacute; ar bith stoirm a thagann, agus go nglaonn s&eacute; ar a lucht lean&uacute;na deimhin a bheith acu de go bhfuil s&eacute; i l&aacute;thair agus go gc&aacute;ineann s&eacute; iad, fi&uacute;, de bharr laige a gcreidimh. Tugann an t-aspal P&oacute;l d&uacute;inn l&eacute;argas ar luatheaglais Choirint, &aacute;it ar chraobhscaoil s&eacute; Cr&iacute;ost c&eacute;asta ar an gcrois, ach ar iompaigh roinnt de bhaill na heaglaise sin go luath ar th&oacute;ir gl&oacute;ire seachtra&iacute;. D&eacute;anann P&oacute;l a dh&iacute;cheall iad sin a ghlaoch thar nais go dt&iacute; l&aacute;r-phoint&iacute; an chreidimh, go heolas pearsanta ar Chr&iacute;ost, c&eacute;asta agus ais&eacute;irithe, gn&iacute;omhach tr&iacute;na ghr&aacute;sta ina gcro&iacute;the istigh, go beatha Chr&iacute;osta&iacute; inmhe&aacute;nach seachas bheith caillte ar th&oacute;ir dealraimh sheachtraigh. T&aacute; a leith&eacute;id de ghairm do aithne phearsanta ar Chr&iacute;ost ag teacht go m&oacute;r le ceacht an d&aacute;in Ghailge at&aacute; againn &oacute;n bh&eacute;aloideas agus i scr&iacute;bhinn. T&aacute; s&eacute; i bhfoirm teagaisc do dhuine &oacute;g ag cur t&uacute;s le lena shaol, agus ritheann s&eacute; mar eo: &ldquo;A dhuine at&aacute; i dt&uacute;is do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat &#8212; N&aacute; santaigh r&aacute;ite baois&rsquo; n&aacute; an dream go mb&iacute;d acu; sara dtiocfaidh iomad ded aois, b&iacute;odh aithne ar Chr&iacute;ost agat&rdquo;.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Aithne ar Chr&iacute;ost at&aacute; i gceist, aithne phearsanta air mar &aacute;r sl&aacute;naitheoir, beo f&oacute;s in&aacute;r measc, n&iacute; hamh&aacute;in eolas air n&oacute; faoi. Tugann l&eacute;achta&iacute; liot&uacute;irgeacha an lae inniu, agus an cuireadh sa dara l&eacute;acht bheith san airdeall gan bheith caillte i ruda&iacute; seachtracha, cuireadh d&uacute;inn tabhairt chun cuimhne an m&eacute;id a d&uacute;irt an P&aacute;pa Benedict XVI ina a&iacute;theasc don Chomhdh&aacute;il Eocairisteach i mBaile &Aacute;tha Cliath tr&iacute; bhliain &oacute; shin, i 2012. T&aacute; caoga bliain ann i mbliana &oacute; chuireadh clabhs&uacute;r le Comhairle Vatac&aacute;in II, agus ag tagairt do dhoicim&eacute;id&iacute; na Comhairle sin mheabhraigh an P&aacute;pa c&eacute;anna d&uacute;inn gurbh &iacute; b&eacute;im sa bheatha inmhe&aacute;nach Chr&iacute;osta&iacute; ba phr&iacute;omhch&uacute;ram d&oacute;ibh.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Bh&iacute; an-eolas ag Benedict XVI ar shaothar na manach &Eacute;ireannacha san Eoraip agus an-mheas aige orthu. L&eacute;irigh s&eacute; sin i bhf&iacute;stheachtaireacht don Chomhdh&aacute;il. Bh&iacute; s&eacute; corraitheach bheith ag f&eacute;achaint ar an bP&aacute;pa aosta agus lag ag labhairt go paiseanta ar th&aacute;bhacht na hEocairiste in&aacute;r mbeatha agus ag glaoch ar chreidmhigh aithne phearsanta a chur ar Chr&iacute;ost. Chuaigh s&eacute; ar aghaidh le b&eacute;im a leagan ar th&aacute;bhacht bhuan Chomhairle na Vatac&aacute;ine agus ar a cuid doicim&eacute;id&iacute;. Ag caitheamh s&uacute;ile ar an tr&eacute;imhse idir dheireadh na Comhairle (1965) agus an l&aacute; sin i 2012 luaigh s&eacute; go raibh roinnt mhaith athnuachana d&eacute;anta maidir le intinn Athracha na Comhairle, ach san am c&eacute;anna bh&iacute; s&eacute; soil&eacute;ir go raibh m&iacute;thuiscint&iacute; agus m&iacute;rialtachta&iacute; ann. An athnuachaint ar na foirmeacha, na gn&eacute;ithe, seachtracha a bh&iacute; &oacute; Athtracha na Comhairle ba &iacute; a ba aidhm d&oacute;ibh n&aacute; &eacute; a dh&eacute;anamh n&iacute;os &eacute;asca dul isteach i ndoimhne na r&uacute;ndiamhaire. Ba &iacute; f&iacute;oraidhm d&oacute;ibh n&aacute; daoine a theor&uacute; go teagmh&aacute;il phearsanta leis an Tiarna at&aacute; i l&aacute;thair sa Eocairist, agus mar sin le Dia Beo, le go leanfadh as an gcaidreamh seo le gr&aacute; Cr&iacute;ost, gr&aacute; don chomharsa. I saol at&aacute; athraithe, ceann ina bhfuil intinn daoine greamaithe n&iacute;os m&oacute; &iacute; gc&oacute;na&iacute; ar ruda&iacute; seachtracha, n&iacute; m&oacute;r d&uacute;inn foghlaim as an nua go bhfuil an Tiarna ais&eacute;irithe i l&aacute;thair go r&uacute;ndiamhrach, r&uacute;ndiamhair gurbh &iacute; amh&aacute;in a thugann leithne agus doimhne d&aacute;r mbeatha. Adhradh na hEaglaise uile &iacute; an Eocairist, ach &eacute;il&iacute;onn s&iacute; rannph&aacute;irt&iacute;ocht &oacute; gach uile chreidmheach, ag glaoch chucu bheith feasach de mhisean na hEaglaise. San Eocairist t&aacute; glaoch ag gach duine aonair chun naofachta. D&eacute;ananan s&iacute; sinn a cheangail le ch&eacute;ile mar bhr&aacute;ithre agus shi&uacute;racha sa Spiorad, agus sa Spiorad c&eacute;anna spreagann s&iacute; sinn le dea-sc&eacute;al an tsl&aacute;naithe a fh&oacute;gairt do dhaoine eile.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; briathra sin an Ph&aacute;pa faoin Eocairist d&iacute;rithe ar an Eaglais i gcoitinne, agus ag caint faoin &aacute;bhar baineann s&eacute; &uacute;s&aacute;id as an t&eacute;arma &ldquo;Eocairist&rdquo;, faoi ch&uacute;ig. N&iacute; focal &eacute; seo at&aacute; i ngnath-&uacute;s&aacute;id ag muintir na h&Eacute;ireann. Domhnach n&oacute; d&aacute;lach n&iacute; th&eacute;ann siad go dt&iacute; an Eocairist, ach go dt&iacute; an tAifreann, to Mass. De r&eacute;ir dealraimh thuig Benedict XVI sin mar direach tar &eacute;is labhairt leis an Eaglais i gcoitinne d&iacute;r&iacute;onn s&eacute; a bhriathra ar mhuintir na h&Eacute;ireann gan an t&eacute;arma Eocairist, ach ina ionad &ldquo;an tAifreann&rdquo;, the Mass, a &uacute;s&aacute;id. Mar a deir s&eacute;: &ldquo;Is cuimhneach&aacute;n ar &iacute;obairt Chr&iacute;ost ar an gcrois an Eocairist, a chorp agus a fhuil tugtha sa chonradh nua s&iacute;ora&iacute; ar son maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute; agus bunathr&uacute; an domhain chun feabhais. M&uacute;nla&iacute;odh &Eacute;ire ag an Aifreann (the Mass) ag an leibh&eacute;al is doimhne thar na gc&eacute;adta bliain, agus tr&iacute;na chumhacht agus a ghr&aacute;sta mhair na gl&uacute;nta de mhanaigh, de mhairt&iacute;righ, de mhisin&eacute;ir&iacute;, an creideamh go cr&oacute;ga ag baile agus agus rinneadar dea-sc&eacute;al ghr&aacute; agus maithi&uacute;nas D&eacute; a scaipeadh i bhfad thar lear, thar bhur dtir f&eacute;in. T&aacute; sibhse in bhur n-oidhr&iacute; ar Eaglais a bh&iacute; ina f&oacute;rsa l&aacute;idir chun leasa sa domhan agus a thug gr&aacute; domhain agus buan do Chr&iacute;ost agus d&aacute; Mh&aacute;thair do a l&aacute;n l&aacute;n daoine eile. Thuig bhur sinsir in &Eacute;irinn conas tabhairt faoi naofacht agus seasmhacht a bhaint amach ina saol pearsanta, conas an r&iacute;m&eacute;ad a thagann &oacute;n Soisceal a fh&oacute;gairt, conas an t&aacute;bhacht a bhaineann le bheith p&aacute;irteach san Eaglais Uil&iacute;och agus an chomaoin le Cathaoir Pheadair a chur chun cinn, agus conas gr&aacute; don chreideamh agus do na su&aacute;ilc&iacute; Cr&iacute;osta&iacute; a fh&aacute;gaint mar oidhreacht do ghl&uacute;nta eile. An creideamh Caitliceach at&aacute; againn, a bhfuil istigh ann tuiscint dhomhain de l&aacute;ithreacht D&eacute;, agus de &aacute;illeacht a bhfuil cruthaithe ag Dia thart timpeall orainn, agus glanta tr&iacute; aithr&iacute; phearsanta agus bheith feasach de mhaithi&uacute;nas D&eacute;, is oidhreacht &iacute; sin go deimhin a thugtar chun foirfeachta agus a chotha&iacute;tear nuair a leagtar go rialta &iacute; ar alt&oacute;ir an Tiarna in &iacute;obairt an Aifrinn&rdquo;.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Cuireann a P&aacute;pa Benedict clabhs&uacute;r lena aitheasc ag meabhr&uacute; an athuair gurbh &eacute; a bh&iacute; in aigne ag an Comhairle n&aacute; an creideamh a athaimsi&uacute; mar chairdeas pearsanta domhain le maitheas &Iacute;osa Cr&iacute;ost agus gu&iacute;onn s&eacute; go mbeadh spiorad&aacute;ltacht torth&uacute;il ag Cr&iacute;ostaithe le taith&iacute; &oacute; chomaoin le Cr&iacute;ost agus leis an Eaglais. T&aacute; seo go l&eacute;ir ag teacht go h&aacute;lainn le tuiscint &aacute;r sinsear ar cad is fior-chreideamh ann: aithne ar Chr&iacute;ost &oacute;n &oacute;ige i leith: sara dtiocfaidh iomad ded aois, b&iacute;odh aithne ar Chr&iacute;ost agat.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/em><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>21 Meitheamh 2015 (B) An Dara Domhnach D&eacute;ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-312","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/312","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=312"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/312\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=312"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=312"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=312"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}