{"id":313,"date":"2015-06-23T15:39:34","date_gmt":"2015-06-23T15:39:34","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=313"},"modified":"2015-06-23T15:39:34","modified_gmt":"2015-06-23T15:39:34","slug":"28-meitheamh-2015-b-an-triu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=313","title":{"rendered":"28 Meitheamh 2015 (B) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">28 Meitheamh 2015 (B) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\"> Tionchar na hEaglaise Caitlic&iacute; i saol an phobail?N&iacute; fol&aacute;ir go gcloisf&iacute; guth na hEaglaise.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eagna 1:13-15; 2:23-24). <em>Tr&iacute; &eacute;ad an diabhail th&aacute;inig an b&aacute;s isteach sa saol.<\/em> D&eacute;anfar an l&eacute;acht seo a thuiscint n&iacute;os fearr m&aacute; shu&iacute;otar &iacute; taobh istigh dena chomhth&eacute;acs agus d&rsquo;aidhm Leabhar na hEagna go hioml&aacute;n, agus ina chomhth&eacute;acs f&eacute;in sa Leabhar seo. Cumadh Leabhar na hEagna i nGr&eacute;igis i gCathair Alastair na h&Eacute;igipte, agus sa dara cuid den ch&eacute;ad aois roimh Chr&iacute;ost, cumtha ag Gi&uacute;dach a bh&iacute; tumtha i gcreideamh agus i l&eacute;ann na hEagna a phobail f&eacute;in. Bh&iacute; pobal l&aacute;idir Gi&uacute;dach i gCathair Alastair. Bh&iacute; &uacute;dar an tsaothair seo ag scriobh go pr&iacute;omh&uacute;il d&aacute; chomhGhi&uacute;daigh a raibh a gcreideamh suaite go m&oacute;r ag an tarraingt a bh&iacute; ag ardchult&uacute;r Chathair Alastair, a raibh iomr&aacute; uirthi faoi na c&oacute;rais taibhseacha feals&uacute;nachta a bh&iacute; aici, mar aon leis an dul chun cinn in eola&iacute;ochta&iacute; an n&aacute;d&uacute;ir as a raibh s&eacute; an-mh&oacute;rtasach, aithne mhaith uirthi faoina reiligi&uacute;in mhist&eacute;ire agus na cultais mhealtacha ar a raibh t&oacute;ir orthu. Leis an dul chun cinn seo san eola&iacute;ocht agus sa chult&uacute;r chuaigh s&eacute;anadh f&oacute;irleatach go raibh aon r&eacute;altacht ann thar a fh&eacute;adfadh na c&eacute;adfa&iacute; a bhraithstint. T&aacute; briathra na bpag&aacute;nach a chuireann an creideamh sin naimhdeach do Gi&uacute;dachas ar aghaidh le f&aacute;il go soil&eacute;ir i sliocht sa leabhar seo a thagann go d&iacute;reach tar &eacute;is l&eacute;acht an lae inniu (Eagna 1:16-2:5). Seo iad a gcuid tuairm&iacute;: <\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 1px;\"><span style=\"color: black;\">Ach ghlaoigh daoine aindiaga an b&aacute;s chucu lena ngn&iacute;omhartha agus lena mbriathra araon. Cheap siad gurbh &eacute; a gcara &eacute; agus bh&iacute;odh siad ag meath le cumha ina dhiaidh; rinne siad conradh leis, ar is iad at&aacute; oiri&uacute;nach le bheith i bp&aacute;irt leis. De dheasca a gclaonmhachnaimh d&uacute;irt siad le ch&eacute;ile: &ldquo;Is gairid dobr&oacute;nach &eacute; &aacute;r saol; agus nuair a bh&iacute;onn an b&aacute;s ag teannadh leis an duine n&iacute; bh&iacute;onn aon leigheas aige air; n&aacute; n&iacute; fios ar fhill aon duine &oacute; ifreann riamh. &Oacute;ir is de thaisme a rugadh sinn, agus san am at&aacute; le teacht beimid amhail is nach rabhamar ann riamh. Puth deataigh is ea an an&aacute;il at&aacute; in &aacute;r bpoll&aacute;ir&iacute; agus n&iacute;l in&aacute;r r&eacute;as&uacute;n ach spr&eacute;ach a ghineann bualadh &aacute;r gcro&iacute;. Nuair a mh&uacute;chfar &iacute;, d&eacute;anfar luaith d&aacute;r gcorp agus scaipfear an&aacute;il na beatha ar n&oacute;s an aeir neamhsheasmhaigh. Le himeacht aimsire ligfear &aacute;r n-ainm i ndearmad agus n&iacute; chuimhneoidh aon duine ar &aacute;r ngn&iacute;omhartha. S&eacute;idfear &aacute;r mbeatha chun si&uacute;il ar n&oacute;s dhla&iacute;&oacute;g dheiridh scamaill, agus scaipfear &iacute; mar cheobhr&aacute;n at&aacute; &aacute; th&oacute;ra&iacute;ocht ag gathanna na gr&eacute;ine agus &aacute; chlo&iacute; ag an teas. Go deimhin n&iacute;l in&aacute;r mbeatha ach sc&aacute;th a ghluaiseann thart; agus n&iacute; f&eacute;idir &aacute;r mb&aacute;s a chur ar gc&uacute;l, mar t&aacute; s&eacute;ala curtha air; agus n&iacute;l aon duine a fhilleann ar ais&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Scr&iacute;obh &uacute;dar an leabhair seo, agus s&uacute;il aige chomh maith ar l&eacute;itheoir&iacute; pag&aacute;nacha, lena chomhchreidmhigh Ghi&uacute;dacha a neart&uacute; ina gcreideamh. Ba mhian leis a chur in i&uacute;l d&oacute;ibh nach raibh aon ch&uacute;is acu eagla a bheith orthu ag eascair &oacute;na tuairm&iacute; nua eola&iacute;ochta agus creidimh, n&oacute; easpa creidimh, den chult&uacute;r m&aacute;guaird. D&rsquo;fh&eacute;adfadh a dtraidisi&uacute;n Gi&uacute;dach f&eacute;in, agus a gcreideamh i nDia Beo Iosrael, aghaidh a thabhairt ar aon bholscaireacht fhrithchreidimh. Bh&iacute; l&eacute;argas den saol seo agus de shaol eile ag an creideamh i nDia Beo Iosrael, cruthaitheoir na cruinne agus gach a bhfuil inti. Crutha&iacute;odh gach a bhfuil ar domhan ag Dia agus t&aacute; siad go han-mhaith. Ni f&eacute;idir an bua a bheith ag cumhacht an oilc, n&oacute; ag aon fh&oacute;rsai at&aacute; in &eacute;adan D&eacute;, agus n&iacute; bheidh an bua acu. Agus mar bhuaic agus mar l&aacute;rphointe ar gach a chruthaigh Dia t&aacute; an duine daonna, gur d&aacute;n d&oacute; an bheatha go hioml&aacute;n, abhus agus sa saol eile. Sa deireadh thiar n&iacute; bheidh an ceann is fearr ag aon ghluaiseacht in &eacute;adan D&eacute;, ag an olc; is &oacute; &eacute;ad Sh&aacute;tain, &oacute; &eacute;ad an diabhail, iad.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 29[30]). <em>Molfaidh m&eacute; th&uacute;, a Thiarna, de bhr&iacute; gur shaor t&uacute; m&eacute;;<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(2 Coirinthigh 8:7,9, 13-15). <em>An fu&iacute;lleach at&aacute; anois agaibhse, coinneoidh s&eacute; riar a gc&aacute;is leis na br&aacute;ithre bochta. <\/em>T&oacute;gtha leis f&eacute;in amh&aacute;in, d&rsquo;fh&eacute;adfadh l&eacute;acht seo an lae inniu bheith deacair le tuiscint do roinnt &aacute;irithe den lucht &eacute;isteachta. A mhalairt at&aacute; ann m&aacute; l&eacute;itear &iacute; ina a comhth&eacute;acs sa litir seo. Tagann sliocht an lae inniu taobh istigh de chomhth&eacute;acs n&iacute;os leithne na litreach seo 2 Coirintigh 8:1-9:15 ina bhfuil P&oacute;l ag labhairt ar bhaili&uacute;ch&aacute;n airgid at&aacute; &aacute; dh&eacute;anamh aige ina cuid eaglais&iacute; sa Ghr&eacute;ig le cabhair a thabairt don phobal Cr&iacute;osta&iacute; in Ia&uacute;saiul&eacute;im, at&aacute; beo bocht. Leag s&eacute; b&eacute;im mh&oacute;r ar an mbaili&uacute;ch&aacute;n seo. I gCoirint d&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; go raibh an baili&uacute;ch&aacute;n curtha ar fionra&iacute; ar feadh tamaill de bharr easaontas &eacute;igin idir baill na heaglaise sin agus P&oacute;l f&eacute;in, ach bh&iacute; s&eacute; tosaithe ar&iacute;s nuair a scr&iacute;obhann s&eacute;. I sliocht an lae inniu spreagann P&oacute;l iad tabhairt chomh fial agus is f&eacute;idir leo. Molann s&eacute; a su&aacute;ilc&iacute; iomad&uacute;la, &aacute; r&aacute; gur f&eacute;idir leo cur leo sin anois le saothar carthanachta le cabhair airgid a thabhairt don bhaili&uacute;ch&aacute;n. Meabhra&iacute;onn s&eacute; sampla Chr&iacute;ost d&oacute;ibh, a rinneadh bocht tr&iacute;na ioncoll&uacute;, le bheith cos&uacute;il linn f&eacute;in, agus sinn a dh&eacute;anamh saibhir tr&iacute;na bhochtanas. N&iacute;l P&oacute;l ag iarraidh orthu tabhairt thar is achmainn d&oacute;ibh, ach bronnadh as an bhfl&uacute;irse at&aacute; acu (&ldquo;an fu&iacute;lleach at&aacute; anois agaibh&rdquo;). De r&eacute;ir dealraimh bh&iacute; c&uacute;rsa&iacute; airgid n&iacute;os fearr san eaglais i gCoirint n&aacute; in eaglaisi eile Ph&oacute;il.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 5:21-43). <em>A chail&iacute;n bhig, deirim leat &eacute;irigh! <\/em>Sa l&eacute;acht seo tugann Marcas cuntas ar dh&aacute; mhior&uacute;ilt de chuid &Iacute;osa, ceann maidir le in&iacute;on I&aacute;ras agus an ceann eile faoi bhean a raibh rith fola aici ar feadh i bhfad. T&aacute; cuntas na ch&eacute;ad mh&iacute;or&uacute;ilte roinnte ina dh&aacute; chuid agus idir an d&aacute; chuid su&iacute;onn Marcas isteach, mar a dh&eacute;anann s&eacute; in &aacute;iteanna eile (teicn&iacute;c an cheapaire mar a thugtar air), an dara m&iacute;or&uacute;ilt. Tosa&iacute;onn Marcas lena mheabhr&uacute; d&uacute;inn gur tharla na heachtra&iacute; seo tar &eacute;is do &Iacute;osa filleadh &oacute;n dtaobh eile den loch, is &eacute; sin le r&aacute; &oacute;n dtaobh thoir, an chr&iacute;och phag&aacute;nach, go dt&iacute; an taobh thiar agus Gi&uacute;dach. Ina chuntas faoin d&aacute; mh&iacute;or&uacute;ilt luann Marcas go raibh creideamh i gceist, roimh an mh&iacute;or&uacute;ilt, agus n&iacute; d&aacute; barr. Is n&oacute;s le Marcas a lua n&aacute;r rinne &Iacute;osa m&iacute;or&uacute;ilt&iacute; ach mar a raibh creideamh. Faoi mar at&aacute; i gclaochl&uacute; &Iacute;osa, t&oacute;gann &Iacute;osa an tri&uacute;r deisceabal Peadar, S&eacute;amas agus Eoin mar fhinn&eacute;ithe don mh&iacute;or&uacute;ilt. Coime&aacute;dann Marcas, a scr&iacute;obhann as Gr&eacute;igis, na focail Araimise ar bhain &Iacute;osa &uacute;s&aacute;id astu: <em>Talita c&uacute;m, &ldquo;<\/em>A chail&iacute;n bhig, deirim leat &eacute;irigh&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 68.05pt;\"><span style=\"color: black;\">Maidir leis an mh&iacute;or&uacute;ilt eile den bhean a raibh rith fola aici, de r&eacute;ir Dhl&iacute; Mhaois (Leiviticus 15:25-27) bh&iacute; s&iacute; neamhghlan agus bheadh aoinne a mbeadh teagmh&aacute;il aici leo, n&oacute; si&uacute;d lei (&Iacute;osa ina measc), neamhghlan chomh maith. Comh maith leis an leigheas a thugann an mh&iacute;or&uacute;ilt, briseann an eachtra seo s&iacute;os na bacanna soisialta a eascra&iacute;onn &oacute;n dl&iacute; sin. <\/span><span style=\"color: black;\">Bh&iacute; na sluaite thart agus ag cimilt le h&Iacute;osa ach n&iacute;or leigheasadh ach an bhean amh&aacute;in. Leagtar b&eacute;im ar a creideamh. Deir t&eacute;acs Mharcais gur bhain an bhean le brat &Iacute;osa. Bheadh eolas n&iacute;os fearr ag a l&aacute;n againn ar an mh&iacute;oruilt seo &oacute; chuntas Mhatha (Matha 9:20; mar an gc&eacute;anna L&uacute;c&aacute;s 8:44; feic freisin Matha 14:36), &aacute;it a deirtear gur chuir si a l&aacute;mh le scoth&oacute;g bhrat &Iacute;osa. Mar Ghi&uacute;dach d&iacute;lis do dhl&iacute; Mhaois (Uimhreacha 15:37-39; Deotranaim&iacute; 22:12; &ldquo;le haitheanta uile an Tiarna a chur i gchuimhne daoibh&rdquo;) chaith &Iacute;osa scoth&oacute;ga ar a bhrat, sn&aacute;thanna gorma ar na ceithre c&uacute;inn&iacute; den bhrat droneilleogach seactrach. Is &eacute; an rud a ch&aacute;in &Iacute;osa n&aacute; na Fairis&iacute;nigh a chuir fad lena scoth&oacute;ga le go dtabharfa&iacute; faoi deara iad (Matha 23:5).<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">: Tionchar na hEaglaise Caitlic&iacute; i saol an phobail?N&iacute; fol&aacute;ir go gcloisf&iacute; guth na hEaglaise.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Machnamh. Coimhlint bhuan idir bh&aacute;s agus beatha<\/span><\/em><span style=\"color: black;\">. Mheas saoithe Chathair Alastair, de bharr an dul chun cinn a bh&iacute; d&eacute;anta i gc&uacute;rsai eola&iacute;ochta agus a n-ard-ghradam f&eacute;in maidir le litr&iacute;ocht, feals&uacute;nacht agus sa&iacute;ocht dhaonna i gcoitinne, go raibh deireadh r&eacute; le sean-chreideamh i nDia n&oacute; na d&eacute;ithe agus na n&oacute;sanna a lean as sin agus n&aacute;rbh ann do Dhia n&aacute; do aon rud ach ruda&iacute; tadhail agus den aigne. Conradh leis an mb&aacute;s a thug creideamh Iosrael air sin. Is Dia beo Dia Iosrael, agus is &iacute; an bheatha a fh&oacute;gra&iacute;onn s&eacute;. N&iacute; uaidh an b&aacute;s. B&rsquo;ionann teachtaireacht &Iacute;osa a thug cail&iacute;n &oacute;g thar nais &oacute;n mb&aacute;s, agus sl&aacute;inte do bhean faoi bhr&oacute;n. Ach n&iacute; beatha amh&aacute;in is c&uacute;ram do lucht lean&uacute;na &Iacute;osa, ach cabhair airgid agus eile do na bochta, mar is leir &oacute;n dara l&eacute;acht. Conradh leis an mbeatha an Soisc&eacute;al agus beatha na hEaglaise, agus mairfidh an Eaglais &oacute;n fh&iacute;s agus leis an gcoimhlint sin.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Agallamh. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Ar uairibh, agus b&rsquo;fheidir na laethanta seo go minic, deirtear n&aacute;r choir go mbeadh aon tionchar ag an Eaglais Chaitliceach (n&oacute; ag eaglais ar bith) ar an saol poibl&iacute;, n&oacute; ar aon rud a bhaineann leis. D&rsquo;fh&eacute;adfadh a leith&eacute;id de r&aacute;iteas teacht &oacute; phoiliteoir&iacute; n&oacute; &oacute; <\/span>d&iacute;-eaglais&iacute;the at&aacute; ag saothr&uacute; don rud ina gcreideann siad ann, pobal go hioml&aacute;n tuata, d&iacute;-eaglais&iacute;och. Sa cheist seo n&iacute; m&oacute;r na t&eacute;arma&iacute; a &uacute;s&aacute;idtear a shoil&eacute;iri&uacute;, ar a laghad do ghn&aacute;th-bhaill na hEaglaise f&eacute;in. Rud amh&aacute;in &eacute; m&aacute; tuigtear leis an &ldquo;eaglais&rdquo; ministr&iacute; na hEaglaise, easbaig, sagairt, agus daoine eile at&aacute; bainteach leis an &ldquo;institi&uacute;id&rdquo;. Ach go bun&uacute;sach is &eacute; at&aacute; san Eaglais n&aacute; pobal na gcreidmheach, at&aacute; ar thaobh amh&aacute;in ina lucht adhartha D&eacute; agus san am c&eacute;anna an pobal a thoghann na poiliteoir&iacute; a riarann an st&aacute;t de r&eacute;ir na dl&iacute;the agus a gcoinsiasa&iacute; f&eacute;in.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; misean agus teachtaireacht &oacute; Dhia ag an Eaglais. T&aacute; muin&iacute;n aici, a thagann chuici &oacute; Dhia, an teachtaireacht sin a fh&oacute;gairt. Agus is &eacute; an teachtaireacht agus an deimhne sin aici n&aacute; si&uacute;d mar at&aacute; siad i Leabhar na hEagna sa Bh&iacute;obla, is &eacute; sin le r&aacute; go bhfuil gach ar chruthaigh Dia go maith, agus go mbaineann sin le beatha abhus agus sa saol eile. T&aacute; deimhne chreidimh aici go bhfuil a teachtaireacht agus a misean amhlaidh go bhfuil ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar aon fhadhb intleacht&uacute;il n&oacute; soisialta in aois ar bith.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Baineann riarach&aacute;n poibl&iacute; den chuid is m&oacute; de le leas an phobail agus na fadhbanna a bhaineann leis i sl&iacute;te iomad&uacute;la, &oacute; shaol&uacute; i leith &#8212; leas leana&iacute;, socraithe i gc&oacute;ir p&oacute;sta, foir&eacute;igean, d&uacute;nmharaithe, anheasarthacht ghn&eacute;is, striapachas san &aacute;ireamh, agus go leor ruda&iacute; eile. Baineann siad sin go l&eacute;ir le iompar daonna. Baineann misean agus teachtaireacht na hEaglaise chomh maith le hiompar daonna. Is &eacute; seo, agus dea-oibreacha agus an dea-shampla i mbeatha na gcreidmheach, a thugann fianaise do Chr&iacute;ost, agus an ghl&oacute;ir d&aacute; Athair ar neamh, ar a labhair Cr&iacute;ost f&eacute;in. Ach t&aacute; buntomhas eile do theachtaireacht na hEaglaise faoin Soisc&eacute;al, is &eacute; sin go bhfuil s&eacute; d&iacute;rithe ar an duine inmhe&aacute;nach, ar chro&iacute; an duine, tobar gach ghn&iacute;mh, d&iacute;rithe ar anam na gcreidmheach.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N&iacute; m&oacute;r don Eaglais lean&uacute;int ar aghaidh ag f&oacute;gairt theachtaireach seo D&eacute;. Baineann an teachtaireacht seo, idir ruda&iacute; eile, leis an deimhneacht at&aacute; ag an duine aonair faoi prionsabail, faoi iompar daonna agus faoi c&uacute;rsa&iacute; an tsaoil phoibl&iacute;. T&aacute; d&rsquo;aidhm ag reachta&iacute;ocht leigheas a thabhairt ar fhadhbanna agus smachtanna a chur i bhfeidhm. Ach t&aacute; bun&uacute;dar ag roinnt de na fadhbanna sin i gcro&iacute; an duine. Cabhra&iacute;onn an teachtaireacht at&aacute; ag na hOcht mBeannnachta&iacute; agus an Seanm&oacute;ir ar an Sliabh le pobal, socha&iacute;, shocair a thabhairt ar an bhf&oacute;d agus &eacute; a choime&aacute;d ann, amhail maithi&uacute;nas naimhde, cairdeas a bhun&uacute;, agus go leor leor ruda&iacute; eile. B&iacute;onn siad sin go l&eacute;ir ag feidhmi&uacute; cheana sa saol poibl&iacute;, fianaise gur ann don Eaglais i saol an phobail. M&aacute; tugtar neamhaird ar an aithne &ldquo;N&aacute; d&eacute;an mar&uacute;&rdquo; leanann baol don bheatha dhaonna as. Mar an gc&eacute;anna maidir le mor&aacute;ltacht ghn&eacute;is. Labhra&iacute;onn diagair&iacute; faoi ch&eacute;imlathas f&iacute;rinn&iacute;, maidir leis an Chr&eacute; agus f&iacute;rinn&iacute; eile creidimh; n&iacute;l an t&aacute;bhacht ch&eacute;anna ag baint le gach ceann d&iacute;obh. Mar an gc&eacute;anna maidir le mor&aacute;ltacht ghn&eacute;is, a meastar ar uairibh a bheith ionann agus frithghini&uacute;int, homaighn&eacute;as agus coisc&iacute;n&iacute;, b&iacute;odh go mbaineann s&iacute; le gn&iacute;omhartha &oacute; &eacute;igni&uacute; go mion-ghn&iacute;omhartha gn&eacute;is. D&rsquo;fh&eacute;adfadh neamhaird den aithne &ldquo;N&aacute; d&eacute;an dr&uacute;is&rdquo; agus c&uacute;rsa&iacute; d&aacute; short an doras a oscailt do striapachas agus dr&uacute;thlanna, toisc an easpa f&eacute;insmachta. B&iacute;onn fadhbanna ag baint le aitheanta, ach tugann siad greim agus smacht ar f&eacute;in don duine aonair. Mar sin, toisc an teachtaireacht agus an misean at&aacute; aici, is cuid de bheatha an phobail &iacute; an eaglais, agus n&iacute; m&oacute;r di bheith in agallamh le saol pobail at&aacute; ag s&iacute;or athr&uacute;.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>28 Meitheamh 2015 (B) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-313","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/313","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=313"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/313\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=313"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=313"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=313"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}