{"id":316,"date":"2015-06-29T05:56:07","date_gmt":"2015-06-29T05:56:07","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=316"},"modified":"2015-06-29T05:56:07","modified_gmt":"2015-06-29T05:56:07","slug":"5-iuil-2015-b-an-ceathru-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=316","title":{"rendered":"5 I\u00fail 2015 (B) An Ceathr\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">5 I&uacute;il 2015 (B) An Ceathr&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Ezic&eacute;al 2:2-5). <em>Is sotalach an pobal iad; tabharfar le fios d&oacute;ibh go raibh f&aacute;idh ina measc.<\/em> T&oacute;gadh an f&aacute;idh Ezic&eacute;al i mbraighdeanas nuair a ch&eacute;ad t&oacute;gadh Gi&uacute;daigh i ndeora&iacute;ocht sa bhlain 597 roimh Chr&iacute;ost. Bh&iacute; treascairt ioml&aacute;n r&iacute;ocht I&uacute;da agus Iar&uacute;sail&eacute;im ag f&oacute;rsa&iacute; na Baibeal&oacute;ine agus an deora&iacute;ocht mh&oacute;r chun na Baibeal&oacute;ine le teacht deich mbliana n&iacute;os d&eacute;anai. Thug comharbacht f&aacute;ithe &oacute;n mbliain 740 roimh Chr&iacute;ost i leith (&Iacute;se&aacute;ia, H&oacute;is&eacute;, Am&oacute;s, M&iacute;oca, Irimia) rabhadh do Iosrael go raibh a neamhaird ar theachtaireacht D&eacute; le tubaiste a thabhairt orthu. Bh&iacute;, agus bheadh, guth f&aacute;idhi&uacute;il D&eacute; ann d&oacute;ibh, cuma an &eacute;istid&iacute;s n&oacute; n&aacute; h&eacute;istid&iacute;s. Leis an gc&eacute;ad braighdeanas seo chun na Baibeal&oacute;ine ba shoil&eacute;ir go raibh an ceart ag na f&aacute;ithe. N&iacute;orbh fhol&aacute;ir seo a mheabhr&uacute; d&rsquo;Iosrael, de bhr&iacute; go raibh guth na bhf&aacute;ithe le hathr&uacute; anois &oacute; fh&oacute;gairt l&eacute;irscriosta go teachtaireacht mhuin&iacute;ne san r&eacute; le teacht. Dealra&iacute;onn s&eacute; go raibh na Gi&uacute;daigh i mbraighdeanas na Baibeal&oacute;ine chomh d&aacute;igh leis an cluas bhodhar a thabhairt do bhriathar D&eacute; agus a bh&iacute; a sinsir sna gl&uacute;inte rompu. I l&eacute;acht an lae inniu tugtar ord&uacute; &oacute; Dhia do Ezic&eacute;al labhairt amach go neamhbhalbh lena chomhth&iacute;righ. Tugann spiorad D&eacute; ag labhairt tr&iacute; Ezic&eacute;al &ldquo;mac an duine&rdquo; air. N&iacute; teideal meisiasach at&aacute; anseo (murab ionann agus sna soisc&eacute;il), ach comhartha gur duine daonna at&aacute; sa bhf&aacute;idh, i gcodarsnacht le spiorad D&eacute; at&aacute; ag labhairt tr&iacute;d. Tugtar ceannarcaigh, gr&uacute;pa sotalach ceannd&aacute;na, ar na Ghiudaigh sa deora&iacute;ocht, agus orthu si&uacute;d f&oacute;s i dt&iacute;r I&uacute;da is d&oacute;cha. N&iacute; m&oacute;r do fh&aacute;idh D&eacute; teachtaireacht D&eacute; a fh&oacute;gairt d&oacute;ibh p&eacute; acu is mian leo glacadh leis n&oacute; nach mian. T&aacute; beart, plean, ag Dia d&aacute; phobal, agus n&iacute; f&eacute;idir lena theachtaire g&eacute;illeadh do aon bhr&uacute; reatha a bheadh ag feidhmi&uacute; ina &eacute;adan sin, le fios a thabhairt don dream ceannairceach sin go raibh, agus go bhfuil, f&aacute;idh ina measc. N&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa deora&iacute;ocht sin, tar &eacute;is na tubaiste uaf&aacute;sa&iacute; a bhuail iad agus a dt&iacute;r dh&uacute;chais, thuig na Gi&uacute;daigh an dul am&uacute; a bh&iacute; orthu, agus rinneadaar aithr&iacute;, ag ullmh&uacute; don teachtaireacht a bh&iacute; le teacht roinnt de bhlianta ina dhiaidh sin tr&iacute;d an Dara &Iacute;se&aacute;ia agus a chuid f&aacute;istin&iacute; faoin r&eacute; nua, an chrutha&iacute;ocht nua, an todhcha&iacute; ghl&oacute;rmhar a bh&iacute; i nd&aacute;n do phobal De, agus don chine daonna.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 122[123]). <em>Faireann &aacute;r s&uacute;ile an Tiarna n&oacute; go nd&eacute;ana s&eacute; tr&oacute;caire.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(2 Coirinthigh 12:7-19). <\/span><em><span style=\"color: black;\">Ma&iacute;fidh m&eacute; go fonnmhar as mo laig&iacute;, ionas go lonn&oacute;dh cumhacht Chr&iacute;ost orm.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> Sa chuid deiridh seo den litir chuig na Coirintigh (caibidil 10-13), a scr&iacute;obhadh sa bhliain 56-57, t&aacute; P&oacute;l ag pl&eacute; le fadhbanna a bh&iacute; ag cur as don eaglais a bhunaigh s&eacute; c&uacute;ig bhliain n&oacute; mar sin roimhe sin. Bh&iacute; naimhde agus freas&uacute;ra de shaghasanna &eacute;ags&uacute;la ann d&oacute;, nach fios d&uacute;inn go beacht c&eacute;rbh iad. Mar fhreas&uacute;ra bh&iacute; gr&uacute;pa amh&aacute;in, ar f&eacute;idir a r&aacute; &oacute;n litir, a thug le fios gurbh Eabhraigh, Iosraeligh, de shliocht Abrah&aacute;m iad, is &eacute; sin le r&aacute; Gi&uacute;daigh, ach chomh maith sin searbh&oacute;nta&iacute; do Chr&iacute;ost, is &eacute; sin le r&aacute; Cr&iacute;ostaithe. Sna blianta sin bh&iacute; an Phailist&iacute;n agus I&uacute;da corraithe go maith in &eacute;adan r&eacute;imeas na R&oacute;imhe, agus na <\/span><span style=\"color: black;\">D&iacute;ograiseoir&iacute;, na Zeil&oacute;itigh, i mbun oibre le for&eacute;igean. Seans go raibh D&iacute;ograiseoir&iacute; Gi&uacute;dacha den chreideamh Cr&iacute;osta&iacute; ann chomh maith ag iarraidh d&iacute;lse do dhl&iacute; Mhaois a chur i bhfeidhm ar lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost abhaile agus thar lear, agus gurbh iad a bh&iacute; mar fhreas&uacute;ra ag P&oacute;l i gCoirint. Ach ar easpa fianaise n&iacute;l anseo ach tuairm&iacute;ocht. Ar aon chuma bh&iacute; na daoine seo &aacute; gcur fein i l&aacute;thair mar iomaitheoir&iacute; do Ph&oacute;l, agus bh&iacute; cuid eile ag caitheamh amhrais ar a dhintiuir&iacute; mar aspal (n&iacute;orbh duine den Dar&eacute;ag &eacute; mar shampla). D&eacute;anann P&oacute;l a st&aacute;das mar aspal a chosaint, agus r&iacute;omhann s&eacute; ar fhulaing s&eacute; ina mhinistreacht mar aspal. Luann s&eacute; chomh maith aisling&iacute; (f&iacute;seanna) agus foillsithe an Tiarna a fuair s&eacute;, agus gur arda&iacute;odh &eacute; uair amh&aacute;in go hairde na bhflaitheas (&ldquo;go dt&iacute; an tr&iacute;&uacute; neamh&rdquo;). Nuair a ch&eacute;ad-chraobhscaoil P&oacute;l an dea-sc&eacute;al do na Coirintigh mheabhraigh s&eacute; d&oacute;ibh gur de bhr&iacute; n&aacute;r &eacute;irigh leis an saol, tr&iacute;na chuid eagna, aithne a chur ar Dhia, a thograigh Dia an saol a shl&aacute;n&uacute; n&iacute; tr&iacute; mh&iacute;or&uacute;ilti, ar ghean le Gi&uacute;daigh, n&aacute; leis an eagna dhaonna a bh&iacute; faoi ardmheas ag Gr&eacute;igigh, ach le d&iacute;th c&eacute;ille na croise. Thuig P&oacute;l chomh maith go raibh b&aacute;s (na croise) agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost ag feidmhi&uacute; ina mhinistreacht agus i mbeatha na hEaglaise. Bh&iacute; an baol ann go gcuirfeadh na heisp&eacute;arais mhisti&uacute;ila sin a bh&iacute; ag P&oacute;l &eacute;ir&iacute; in airde air, ach le cosc a chur air sin thug Dia &ldquo;bior sa bheo&rdquo;, &ldquo;sa cholainn&rdquo; d&oacute;, fadhb &eacute;igin sa mhinistreacht, n&oacute; &eacute;alang &eacute;igin nach f&iacute;os d&uacute;inn. An freagra a fuair s&eacute; ar a achain&iacute; ar Dhia &eacute; a shaoradh &uacute;aidh seo n&aacute; go dtaispe&aacute;ntar cumhacht D&eacute; i mhinistreacht Ph&oacute;il tr&iacute; laige dhaonna an aspail. Tagann an bua agus an rath &oacute; Dhia, seachas &oacute;n saothar daonna. Tugann seo go l&eacute;ir P&oacute;l go bunphrionsabal a chuid ministreachta: bheith l&uacute;ch&aacute;ireach faoina laig&iacute;, faoi na tarcaisn&iacute;, g&eacute;arlean&uacute;int&iacute; agus eile a fhulanga&iacute;onn s&eacute; ar son Chr&iacute;ost, mar nuair a bh&iacute;onn s&eacute; lag sin &eacute; an uair a bh&iacute;onn s&eacute; l&aacute;idir.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 6:1-6).<em> N&iacute; bh&iacute;onn f&aacute;idh faoi neamhchion ach amh&aacute;in ina dh&uacute;iche f&eacute;in.<\/em> Sa chuntas gairid seo cuireann Marcas chun suntais aris ar a th&aacute;bhachta&iacute;, n&oacute; fi&uacute; a riachtana&iacute;, is at&aacute; an creideamh le &Iacute;osa agus a theachtaireacht a thuiscint. Ina bhaile d&uacute;chais (Nazarat, b&iacute;odh nach dtugann Marcas a ainm d&uacute;inn) bheadh tuairiosc faighte ar na m&iacute;or&uacute;ilt&iacute; agus ar an teagasc a rinne &Iacute;osa i gCafarn&aacute;um agus thart timpeall ar Mhuir na Gail&iacute;le. I dtosach bh&iacute; dub-iontas orthu faoina theagasc agus na cuntais a chualadar faoi. Ansin chuireadar an cheist bhun&uacute;sach: Cad as a th&aacute;inig sin go l&eacute;ir? Bh&iacute; aithne acu air ar an leibh&eacute;al daonna: mac le Muire.(N&iacute; luaitear I&oacute;sef; c&eacute;n f&aacute;th sin h&iacute; heol d&uacute;inn. B&rsquo;fh&eacute;idir go raibh s&eacute; marbh.) Luaitear br&aacute;ithre agus si&uacute;racha &Iacute;osa, agus tugtar ainmneacha na mbr&aacute;ithre. Sa traidisi&uacute;n Protast&uacute;nach clann mhac agus clann in&iacute;onacha Mhuire iad sin, tuairim nach glactar lei ag Caitlicigh, n&aacute; ag Ceartchreidmhigh, de bharr a dtuiscint ar &oacute;ghacht bhuan Mhuire. D&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; bheith gur clann le I&oacute;sef iad &oacute; chleamhnas n&iacute;os luaithe, traidisi&uacute;n a bh&iacute; le f&aacute;il cheana sa dara c&eacute;ad. Bheadh a fhios ag l&eacute;itheoir&iacute; Mharcais faoi &uacute;dar theagasc agus mh&iacute;or&uacute;ilt&iacute; &Iacute;osa: ungadh &oacute;n Spiorad Naomh. De bharr easpa creidimh n&iacute;or glacadh le h&Iacute;osa ina bhaile d&uacute;chais f&eacute;in, agus ba mhar sin tr&iacute;d an stair s&iacute;os. Tr&iacute; chreideamh d&eacute;antar &ldquo;comhartha&iacute;&rdquo; de mh&iacute;or&uacute;ilt&iacute;, comhartha&iacute; de phearsa agus de shaothar &Iacute;osa, agus in &eacute;agmais an chreidimh seo n&iacute;l aon bhr&iacute; leo. Mar sin, deir Marcas nach bhf&eacute;adfadh &Iacute;osa aon mh&iacute;or&uacute;ilt a dh&eacute;anamh ansi&uacute;d.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">: T&aacute; guth, glor, f&aacute;idhi&uacute;il, D&eacute; i l&aacute;thair sa domhan i gc&oacute;na&iacute;, is cuma an gean le daoine sin n&oacute; nach gean. <\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Tugadh ord&uacute; &oacute; Dhia don fh&aacute;idh Ezic&eacute;al teachtaireacht D&eacute; a fh&oacute;gairt don phobal, d&aacute; phobal, ba chuma an &eacute;istid&iacute;s n&oacute; nach &eacute;istid&iacute;s, le go mbeadh a fhios acu go raibh&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; f&aacute;idh ina measc. T&aacute; guth f&aacute;idhi&uacute;il D&eacute; i l&aacute;thair san Eaglais agus sa domhan i gc&oacute;nai, b&iacute;odh gur mian le roinnt &aacute;irithe nach amhlaidh a bheadh. T&aacute; s&eacute; i l&aacute;thair san Eaglais ach go h&aacute;irithe sa cheili&uacute;radh liot&uacute;irgeach, go m&oacute;r m&oacute;r rith an Aifrinn, mar is &eacute; &Iacute;osa f&eacute;in at&aacute; ag f&oacute;gairt a Shoisc&eacute;il nuair a bh&iacute;onn na Scriopt&uacute;ir &aacute; l&eacute;amh san Eaglais. I Leabhar Ezic&eacute;il tugtar ceannarcaigh orthu si&uacute;d a dhi&uacute;ltaigh &eacute;isteacht le guth D&eacute; a th&aacute;inig chucu trid an fh&aacute;idh. In aois ar bith, agus go m&oacute;rm m&oacute;r san aois seo againne, t&aacute; a l&aacute;n ann a dhi&uacute;lta&iacute;onn glacadh le aon ghuth &oacute; thaobh amuigh de seo gur feidir brath le is c&eacute;adta&iacute;. <\/span><span style=\"color: black;\">Feictear ar a leith&eacute;id mar cur isteach nach f&eacute;idir glacadh leis. Ach leanfaidh guth D&eacute; ag teacht, n&iacute; mar bhuanna&iacute;ocht &aacute; himirt ar dhaoine &oacute;n dtaobh amuigh, ach mar ghuth caoin shl&aacute;naithe D&eacute;. Leanfaidh an t-agallamh idir Dhia agus an domhan agn&oacute;is&iacute; n&oacute; neamhchreidmheach leis na creidmhigh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Taobh istigh den Eaglais f&eacute;in beidh scoilt ann maidir le c&eacute; chomh fada ar f&eacute;idir, n&oacute; ar choir, leis an Eaglais dul ina teachtaireacht agus ina cleachtadh le tuiscint a bheith aici le c&uacute;ins&iacute; agus l&eacute;argas athraithe. D&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; guth f&aacute;idhi&uacute;il a bheith in &uacute;dar&aacute;s na hEaglaise ag f&oacute;gairt teachtaireacht l&aacute;rnach an tSoisc&eacute;il di, fi&uacute; muna bhfuil daoine &aacute;irithe r&eacute;idh glacadh leis. Ar uairibh d&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; bheith deacair a thuiscint an bhfuil staid oifigi&uacute;il ma hEaglaise d&aacute;ir&iacute;re f&aacute;idhi&uacute;il i dtraidisi&uacute;n th&eacute;acs Ezic&eacute;il, n&oacute; nach bhfuil ann ach diult&uacute; stuacach do athr&uacute; ar bith.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; l&aacute;ithreacht fh&aacute;idhi&uacute;il i staid l&aacute;rnach na hEaglaise i leith na croise agus &iacute; ag f&oacute;gairt teachtairesacht an tSoisc&eacute;il, d&iacute;th ceille do dhaoine &aacute;irithe ach cumhacht D&eacute; do na creidmhigh (feic 1 Coirintigh 1:18). Is &eacute; cumhacht D&eacute; agus eagna D&eacute; &eacute; Cr&iacute;ost, ach glactar leis sin amh&aacute;in tr&iacute; chreideamh, seachas tr&iacute;d an aigne dhaonna. Is &eacute; Dia tobar &aacute;r mbeatha in &Iacute;osa Cr&iacute;ost, agus mar adeir P&oacute;l. Is &eacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost an t&eacute; ma ndearna Dia eagna de d&uacute;inne, agus f&iacute;r&eacute;antacht agus naofacht agus fuascailt. Agus d&aacute; r&eacute;ir sin, mar at&aacute; scr&iacute;ofa: &ldquo;An t&eacute; a bhfuil m&oacute;rtas air, b&iacute;odh a mh&oacute;rtas as an Tiarna aige&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; l&aacute;ithreacht fhaidhi&uacute;il D&eacute; a fheice&aacute;il chomh maith san imreas agus san ceisti&uacute;ch&aacute;n a tharla&iacute;onn taobh istigh den Eaglais. Bh&iacute; taith&iacute; ar a leith&eacute;id ag P&oacute;l san Eaglais i gCoirint, agus thug sin tuiscint d&oacute; ar r&uacute;ndiamhair na fulaingthe agus na laige pearsanta, uair amh&aacute;in gur thuig s&eacute; tr&iacute; chreideamh go dtaispe&aacute;ntar cumhacht D&eacute; tr&iacute; laige dhaonna. Thug comhcathraitheor&iacute; &Iacute;osa i Nazarat na gn&eacute;ithe seachtracha maidir le h&Iacute;osa faoi deara, gan creideamh a bheith acu ann mar theachtaire D&eacute;. Feiceann an creidreamh na ruda&iacute; seachtracha agus mar aon leis sin cumhacht D&eacute; ag feidhmi&uacute; tr&iacute;na Mhac &Iacute;osa.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>5 I&uacute;il 2015 (B) An Ceathr&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-316","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/316","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=316"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/316\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=316"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=316"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=316"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}