{"id":318,"date":"2015-07-10T06:00:14","date_gmt":"2015-07-10T06:00:14","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=318"},"modified":"2015-07-10T06:00:14","modified_gmt":"2015-07-10T06:00:14","slug":"12-iuil-2015-b-an-cuigiu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=318","title":{"rendered":"12 I\u00fail 2015 (B) An C\u00faigi\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>12 I&uacute;il 2015 (B) An C&uacute;igi&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor<\/strong><\/span><br \/><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/strong><\/span><br \/><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/strong><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/strong><\/span><br \/><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>B. An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Eaglais mar phobal f&aacute;idhi&uacute;il. <\/strong><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;. <\/strong><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>C&eacute;ad L&eacute;acht&nbsp; (Am&oacute;s 7:12-15). T&eacute;igh agus tairngir do mo phobal.<\/strong><\/span><\/p>\n<p>Nuair a dh&eacute;antar f&aacute;ithe a lua is gn&aacute;thach le l&eacute;itheoir&iacute; Cr&iacute;osta&iacute; f&eacute;achaint orthu mar fhir labhartha ar son D&eacute;, agus ar dhaoine a rinne an tsl&iacute; a ullmh&uacute; do Chr&iacute;ost, n&oacute; fi&uacute; a rinne a theacht a thairngir. Ach n&iacute; hamhlaidh at&aacute; maidir le t&uacute;s agus f&aacute;s ghluaiseacht na f&aacute;idhead&oacute;ireachta in Iosrael. Ba chuid de shaol soisialta agus reiligi&uacute;nda luath-Iosrael agus de na t&iacute;ortha m&aacute;guaird f&aacute;ithe, gr&uacute;pa agus daoine eile ar a dtugta&iacute; &ldquo;f&iacute;sithe&rdquo;, daoine a fh&eacute;achann,&nbsp; a bhfuil &eacute;agsulacht aistri&uacute;ch&aacute;n Gaeilge ar an bhfocal Eabhraise, amhail, &ldquo;f&eacute;achad&oacute;ir(&iacute;)&rdquo;, fir feasa, lucht feasa agus mar sin de. Ba dhaoine na f&iacute;sithe sin, amhail na f&aacute;ithe f&eacute;in, a measadh go raibh fios, eolas, acu ar ruda&iacute; diamhaire, an saol eile, n&oacute; cad&nbsp; a bh&iacute; i&nbsp; nd&aacute;n do r&iacute;the agus a leith&eacute;id. Cuireann s&eacute; an nath Gaeilge, agus an domhan a bhain leis, in gcuimhne d&uacute;inn: N&iacute;or gh&eacute;illeas riamh do r&aacute;iteas file, f&aacute;idh n&oacute; draoi. Ag r&iacute;the agus na teampaill bh&iacute; f&aacute;ithe aonair n&oacute; gr&uacute;pa&iacute; f&aacute;ithe, gr&uacute;pa ar a dtugadh &ldquo;mic f&aacute;ithe&rdquo;, a aistr&iacute;tear go minic go Gaeilge mar &ldquo;br&aacute;ithreas&rdquo;, n&oacute; &ldquo;br&aacute;ithreachas f&aacute;ithe&rdquo;. Bh&iacute; a leith&eacute;id de bhr&aacute;ithreachas f&aacute;ithe in Iosrael chomh maith gan baint le r&iacute;the n&oacute; teampall. F&aacute;ithe le creideamh i nDia Iosrael a bh&iacute; iontu sin. Ach bh&iacute; f&aacute;ithe ag d&eacute;ithe br&eacute;ige, cos&uacute;il le B&aacute;l, ann chomh maith. Feinim&eacute;in socheola&iacute;ochta a bh&iacute; sa bhf&aacute;idhead&oacute;ireacht sin. Bheadh luach a saothair ag dul d&oacute;ibh. N&iacute; raibh glaoch pearsanta &oacute;&nbsp; Dhia ag na f&aacute;ithe aonair. Th&aacute;inig athr&uacute; bun&uacute;sach i stair na f&aacute;idhead&oacute;ireachta nuair a ghlaoigh Dia Iosrael ar dhaoine aonair labhairt ina ainm lena phobal. Bh&iacute; eisp&eacute;ireas faoi leith ag na daoine sin ar Dhia. Seasann Am&oacute;s ag t&uacute;s na gluaiseachta nua seo in Iosrael. B&iacute;odh gur &oacute; stat an deiscirt, I&uacute;da, d&oacute; glaodh air dul &oacute; thuaidh go dt&iacute; sanct&oacute;ir r&iacute;oga r&iacute;the an tuaiscirt le f&oacute;gairt i sanct&oacute;ir r&iacute;oga B&eacute;it&eacute;il go raibh Dia le pion&oacute;s dian a ghearradh ar r&iacute;ocht an tuaiscirt de bharr a neamhaird ar dhl&iacute; D&eacute;. Duirt an sagart Amasia, a bh&iacute; i bhfeighil an teampaill, le Am&oacute;s filleadh ar I&uacute;da (ar son a shabh&aacute;ltacta f&eacute;in, b&rsquo;fh&eacute;idir). De bhr&iacute; go raibh an t&eacute;arma f&aacute;idh d&eacute;bhr&iacute;och, sh&eacute;an Am&oacute;s gurbh fh&aacute;idh gairmi&uacute;il, n&oacute; mac f&aacute;idh mar bhall de bhr&aacute;ithreas f&aacute;ithe, &eacute;, le ceart aige &iacute;oca&iacute;ocht a fh&aacute;il d&aacute; sheirbh&iacute;s&iacute;. Bh&iacute; s&eacute; deimhin de go raibh glaoch &oacute; Dhia aige le briathar D&eacute; a fh&oacute;gairt gan sc&aacute;th, gan eagla, agus chun tairngir le pobal Iosrael. Seasann Am&oacute;s ag&nbsp; t&uacute;s ghluaiseacht f&iacute;or-fh&aacute;idhead&oacute;ireachta a mbeidh buaic aici ag Eoin Baiste (&ldquo;n&iacute;os m&oacute; na f&aacute;idh&rdquo;) agus ag &Iacute;osa, misean f&aacute;idhead&oacute;ireacta leanfaidh ar aghaidh san Eaglais.<\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>Salm le Freagra (Salm 84[85]). Taispe&aacute;in d&uacute;inn, a Thiarna, do thr&oacute;caire agus tabhair d&uacute;inn do shl&aacute;n&uacute;.<\/strong><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>Dara L&eacute;acht (Eifisigh 1:3-14). Roimh th&uacute;s&uacute; an domhain roghnaigh Dia sinn.<\/strong><\/span><\/p>\n<p>Seo &iacute; an ch&eacute;ad cheann i sraith l&eacute;achta&iacute; don Domhnach as an Litir chuig na hEifisigh. Scr&iacute;obhadh an litir seo go pearsanta ag P&oacute;l, n&oacute; ar a laghad t&aacute; a mhisean agus a theagasc ag sn&iacute; tr&iacute;thi. Labhra&iacute;onn an t-&uacute;dar mar Ghi&uacute;dach a fh&eacute;achann an d&aacute; phobal Gi&uacute;dach agus neamh-Ghi&uacute;dach agus Gintl&iacute; aontaithe le ch&eacute;ile mar aon chlann amh&aacute;in i gCr&iacute;ost. I bhf&iacute;or-thosach na litreach &aacute;ille seo tugann an scr&iacute;bhneoir chun cuimhne d&iacute;nit na gairme at&aacute; ag Cr&iacute;ostaithe, gairm a fh&eacute;actar uirthi mar chur i ngn&iacute;omh don phlean a bh&iacute; ag Dia sul ar crutha&iacute;odh an&nbsp; domhan. Cuirtear plean D&eacute; seo i l&aacute;thair mar r&uacute;ndiamhair, folaithe tr&iacute;d an stair s&iacute;os, agus eolas le cur uirthi tr&iacute; fhoilsi&uacute; amh&aacute;in. D&uacute;irt &Iacute;osa lena dheisceabail gur raibh r&uacute;ndiamhair r&iacute;ocht D&eacute; tugtha d&oacute;ibh (Marcas 4:11; L&uacute;c&aacute;s 8:18), nithe a bh&iacute; ceilte ar lucht&nbsp; eagna agus &eacute;irime agus foilsithe do chreidmhigh shimpli (Matha 11:25; L&uacute;c&aacute;s 10:21). T&aacute; &eacute;irim na r&uacute;ndiamhaire seo soil&eacute;irithe i dt&eacute;acs &aacute;lainn an lae inniu: Nocht Dia d&uacute;inn r&uacute;n a thola &ndash; an sc&eacute;im a bh&iacute; leagtha amach aige &oacute; th&uacute;s lena chur in gcr&iacute;ch i gCriost nuair&nbsp; bheadh an t-ion&uacute;, an t-am cu&iacute;, tagtha &ndash; mar at&aacute;, gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt faoi cheannas Chr&iacute;ost. De bharr na h&aacute;ite at&aacute; aici mar sheirbh&iacute;seach don r&uacute;ndiamhair seo, agus de thoisc a misin f&eacute;in, n&iacute; m&oacute;r don Eaglais idir &uacute;dar&aacute;is agus creidmhigh uile, l&aacute;nmhuin&iacute;n a bheith acu faoi chomhl&iacute;onadh sc&eacute;ime seo D&eacute; in am tr&aacute; D&eacute;.<\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>An Soisc&eacute;al (Marcas 6:7-13). Thosaigh s&eacute; &aacute; gcur amach.<\/strong><\/span><\/p>\n<p>Sa soisc&eacute;al f&eacute;in tagann an sliocht seo d&iacute;reach tar &eacute;is l&eacute;achta an Domhnaigh seo caite ina dhiultaigh muintir a bhaile f&eacute;in Nasarat glacadh le h&Iacute;osa agus inar thug &Iacute;osa mar fhreagra orthu nach mb&iacute;onn f&aacute;idh faoi neamhchion ach amh&aacute;in ina dh&uacute;iche f&eacute;in agus i measc a ghaolta f&eacute;in agus ina theaghlach f&eacute;in. Gan &eacute; a chur go foscailte, bh&iacute; &Iacute;osa &aacute; ghlacadh leis f&eacute;in mar fh&aacute;idh. Ach n&iacute; hionann di&uacute;lt&uacute; i Nasarat agus deireadh an sc&eacute;il. Leanfaidh misean f&aacute;idhi&uacute;il &Iacute;osa ar aghaidh agus i l&eacute;acht an lae inniu seolann &Iacute;osa an D&aacute;r&eacute;ag (aspal) amach don mhisean sin agus lena &uacute;daras f&eacute;in le heasl&aacute;in a leigheas agus aithr&iacute; a fh&oacute;gairt do mhaithi&uacute;nas na bpeaca&iacute;. Bh&iacute; sli bheatha na misin&eacute;ir&iacute; le bheith thar a bheith simpl&iacute;, ag teacht leis an misean a bh&iacute; acu. Na sonra&iacute; a tugtar sa l&eacute;acht&nbsp; maidir le &eacute;adach, l&oacute;ist&iacute;n, easpa airgid agus a leith&eacute;id&iacute;, d&rsquo;oirfeadh sin do roinnt seanm&oacute;irithe taistil sa Ghail&iacute;l ach n&iacute;or&nbsp; leanadh leis&nbsp; ag luath-seanm&oacute;irithe uile an tSoisc&eacute;il, b&iacute;odh gur spreag an&nbsp; tsimpl&iacute;ocht a bhain leis naoimh agus bunaitheoir&iacute; ord rialta n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;, amhail San Proinsias agus a lucht lean&uacute;na. Ach n&iacute; m&oacute;r a r&aacute; gur dleathach an tuiscint taobh thiar den t&eacute;acs seo do gach aois: n&iacute; fol&aacute;ir sl&iacute; mhaireacht&aacute;la chl&eacute;ir na hEaglaise a bheith&nbsp; simpl&iacute;, ag teacht le sampla agus teagasc Chr&iacute;ost &ndash; f&iacute;rinn&iacute; a leagann an P&aacute;pa Proinsias b&eacute;im orthu.<\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>A. An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:&nbsp; An Eaglais mar phobal f&aacute;idhi&uacute;il.<\/strong><\/span><\/p>\n<p>Faoi mar a bh&iacute; ag t&uacute;s ghluaiseacht na f&aacute;idhead&oacute;ireachta in Iosrael,&nbsp; deirtear&nbsp; faoi dhaoine aonair n&oacute; faoi ghr&uacute;pa&iacute; go bhfuil siad f&aacute;idhi&uacute;il, nuair is &eacute; a bh&iacute;onn i gceist go bhfuil siad fadbhreathnach n&oacute; le cumas plean&aacute;il chun tosaigh. T&aacute; r&oacute;l i gciall n&iacute;os doimhne n&aacute; sin ag an Eaglais, ag pobal D&eacute;, de bhr&iacute; go leanann s&iacute; ar aghaidh ag tabhairt fianaise sa domhan do fhoilsi&uacute; r&uacute;ndiamhair r&iacute;ocht D&eacute;. Cuireann Comhairle na Vatac&aacute;ine sin i gcuimne d&uacute;inn sa doicim&eacute;id ar an Eaglais (alt 12): &ldquo;T&aacute; pobal naofa D&eacute; p&aacute;irteach chomh maith i bhfeidhm fh&aacute;idhi&uacute;il Chr&iacute;ost: leathann s&iacute; amach fianaise bheo d&oacute;, go m&oacute;r m&oacute;r le beatha chreidimh agus ghr&aacute;, agus ag ofr&aacute;il &iacute;obairt bhuanmholta chun D&eacute; tr&iacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost, is &eacute; sin le r&aacute; briathtra&nbsp; a mb&eacute;il ag moladh a ainm&rdquo;. T&aacute; athinsint ar sin i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute; (ailt 783, 785). &ldquo;T&aacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost ungtha ag an Athair leis an Spiorad Naomh agus ceaptha aige na &lsquo;shagart, f&aacute;&iacute;dh agus r&iacute;&rsquo;. T&aacute; pobal D&eacute; go hioml&aacute;n p&aacute;irteach sna tr&iacute; feidhmeanna seo de chuid Chr&iacute;ost agus t&aacute; orthu an fhreagracht ch&eacute;anna misi&uacute;na&iacute;ochta agus seirbh&iacute;se a eascra&iacute;onn uaidh sin. &hellip; T&aacute; pobal naofa D&eacute; p&aacute;irteach freisin i bhfeidhm fh&aacute;idhi&uacute;il Chr&iacute;ost. Is amhlaidh d&oacute; go h&aacute;irithe de bharr na tuisceana osn&aacute;d&uacute;rtha is toradh ar an chreideamh agus a ghabhann leis an Phobal uile, idir chl&eacute;ir agus thuath, nuair a &lsquo;chlo&iacute;onn s&eacute; go do-theipthe leis an chreideamh a seacadadh chuig na f&iacute;r&eacute;in den aon uair amh&aacute;in go deo&rsquo;, ag doimhni&uacute; na tuisceana at&aacute; acu air agus iad ina bhfinn&eacute;ithe ar son Chr&iacute;ost os comhair an domhain&rdquo;.<\/p>\n<p>Is f&eacute;idir leis an creidmheach aonair agus an Eaglais go l&eacute;ir, pobal D&eacute;, inspior&aacute;d a ghlacadh faoin misean f&aacute;idhi&uacute;il &oacute; na f&aacute;ithe amhail Am&oacute;s, le bheith deimhin de tr&iacute; bhronntanas an chreidimh go bhfuil siad glaoite ag Dia le fianaise a thabhairt do Chr&iacute;ost tr&iacute; bheatha Chriosta&iacute;. Is f&eacute;idir leo teacht ar fhoilsi&uacute; na r&uacute;ndiamhaire sin agus d&iacute;nit na beatha i gCr&iacute;ost faoi mar at&aacute; siad curtha chomh h&aacute;lainn sin in&aacute;r l&aacute;thair sa&nbsp; Litir chuig na hEifisigh. F&eacute;adann siad freisin tabhairt chun cuimhne faoi mar a rinne &Iacute;osa, tar &eacute;is d&aacute; mhuintir f&eacute;in an t-eiteachas a thabhairt d&oacute; i Nasarat, a chuid aspal a sheoladh amach le r&iacute;ocht D&eacute;, agus gach a bhaineann lei, a fh&oacute;gairt. &nbsp;<\/p>\n<p>Maidir le agallamh le ceisteanna &aacute;r lae f&eacute;in, n&iacute; dochar na f&iacute;rinn&iacute; seo thuas a thabhairt chun cuimhne. D&rsquo;fh&eacute;adfadh a leith&eacute;id&nbsp; d&rsquo;agallamh a bheith ag baint le c&uacute;rsa&iacute; saolta, tuata, i domhan at&aacute; ag s&iacute;or-&eacute;ir&iacute; n&iacute;os saolta, gan m&oacute;r&aacute;n &aacute;ite ann do ch&uacute;rsa&iacute; diaga n&oacute; creidimh n&aacute; na h&eacute;ilimh a&nbsp; dh&eacute;anann teachtaireacht Chr&iacute;ost faoi r&iacute;ocht D&eacute; agus faoi r&uacute;ndiamhair shl&aacute;n&uacute; an chine dhaonna lena mbaineann s&iacute;.&nbsp; D&rsquo;fh&eacute;adfadh an creideamh Cr&iacute;osta&iacute; seo cothtrama&iacute;ocht a thabhairt isteach in agallamh d&aacute; leith&eacute;id.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>12 I&uacute;il 2015 (B) An C&uacute;igi&uacute; Domhnach D&eacute;ag SaorFreagra don Chreideamh leis an mB&iacute;oblaleis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;B. An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-318","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/318","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=318"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/318\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=318"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=318"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=318"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}