{"id":322,"date":"2015-07-21T11:28:22","date_gmt":"2015-07-21T11:28:22","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=322"},"modified":"2015-07-21T11:28:22","modified_gmt":"2015-07-21T11:28:22","slug":"26-iuil-2015-b-an-seachtu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=322","title":{"rendered":"26 I\u00fail 2015 (B) An Seacht\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"color: #0000ff;\">26 I&uacute;il 2015 (B) An Seacht&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor<\/span><\/strong><br \/><span style=\"color: #0000ff;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><br \/><span style=\"color: #0000ff;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><br \/><span style=\"color: #0000ff;\">A.&nbsp;&nbsp; &nbsp;L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><br \/><span style=\"color: #0000ff;\">B.&nbsp;&nbsp; &nbsp;An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>A.&nbsp;&nbsp; &nbsp;L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/strong> <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\">C&eacute;ad L&eacute;acht (2 R&iacute;the 4:42-44). &Iacute;osfaidh siad agus beidh fu&iacute;oll f&aacute;gtha acu.<\/span> <br \/>Ins&iacute;onn an t&eacute;acs gairid seo faoi mar ar thug an f&aacute;idh Elisea (comharba don fh&aacute;idh &Eacute;ilias) bia le hithe go m&iacute;or&uacute;ilteach do ch&eacute;ad fear as ar&aacute;n as fiche buil&iacute;n eorna agus arbhar &uacute;r i ndias, a rinneadh de na ch&eacute;adthortha&iacute;. Roghna&iacute;tear an l&eacute;acht &aacute;irithe seo do liot&uacute;irge an Domhnaigh seo le dul leis an soisc&eacute;al in a dh&eacute;anann &Iacute;osa c&uacute;ig bhuil&iacute;n eorna a <br \/>iolr&uacute; le bia a thabhairt do thimpeall c&uacute;ig mh&iacute;le duine. Ina shu&iacute;omh bunaidh sa tSeantiomna is cuid an l&eacute;acht seo den mh&iacute;r ar a dtugtar &ldquo;Sraith Elisea&rdquo; (2 R&iacute;the2:19-8:15). Baili&uacute;chan de sc&eacute;alta agus de sheanchas at&aacute; sa tsraith seo a chuireann s&iacute;os ar an mbaint a bh&iacute; ag Elisea le c&uacute;rsa&iacute; polit&iacute;ochta (nach raibh i gc&oacute;na&iacute; thar moladh beirte) agus na m&iacute;or&uacute;ilt&iacute; a rinne s&eacute;. An tSraith seo Elisea, mar an ceann eile a bhain le &Eacute;ilia (1 Rithe 17-19; 21; 2 R&iacute;the 1:1-2:18) is cos&uacute;il go rabhadar ag dul timpeall mar aonaid neamhsple&aacute;cha sul ar chuir eagarth&oacute;ir&iacute; isteach iad sna h&aacute;iteanna ina bhfuil siad anois i Leabhair na R&iacute;the. Bh&iacute; &Eacute;ilias agus Elisea gn&iacute;omhach den chuid is m&oacute; de i R&iacute;ocht an Tuaiscirt (Iosrael), seachas R&iacute;ocht D&aacute;iv&iacute;deach an Deiscirt (I&uacute;da). An logainm B&aacute;l-sealise&aacute; a luaitear i dt&uacute;s na l&eacute;achta bh&iacute; s&eacute; thart ar dheich m&iacute;le (s&eacute; d&eacute;ag cilim&eacute;adar) &oacute;n tSam&aacute;ir, an phr&iacute;omhchathair (l&aacute;mh le Nablus an lae inniu).<\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\">Salm le Freagra (Salm 144[145]). Oscla&iacute;onn t&uacute; do l&aacute;mh, a Thiarna, agus s&aacute;sa&iacute;onn t&uacute; sinn.<\/span><br \/><span style=\"color: #0000ff;\">Dara L&eacute;acht (Eifisigh 4:1-6). Aon chorp amh&aacute;in, aon Tiarna amh&aacute;in, aon chreideamh amh&aacute;in ahus aon bhaisteadh amh&aacute;in.<\/span><\/p>\n<p>An litir seo chuig na hEifisigh scr&iacute;obhadh &iacute; ag P&oacute;l f&eacute;in, n&oacute; ag duine &eacute;igin eile le spiorad an aspail sin go tr&eacute;an istigh ann. Cuireann s&eacute; t&uacute;s leis an litir ag meabhr&uacute; d&aacute; l&eacute;itheoir&iacute; an d&iacute;nit at&aacute; acu mar chreidmhigh i gCr&iacute;ost. Rinneadh r&uacute;ndiamhra na r&iacute;ochta a nochtadh d&oacute;ibh. Is &iacute; &eacute;irim na r&uacute;ndiamhaire seo n&aacute; sc&eacute;im D&eacute; gach rud a thabhairt le ch&eacute;ile faoi cheannas Chr&iacute;ost, gach a bhfuil ar neamh agus gach a bhfuil ar talamh. Tr&iacute; bh&aacute;s Chr&iacute;ost chuir Dia deireadh leis an deighilt idir Ghi&uacute;dach agus Gintl&iacute;, neamh-Ghi&uacute;dach, leis an cine daonna go l&eacute;ir a thabhairt le ch&eacute;ile sa chreideamh i gCr&iacute;ost agus san Eaglais. An litir seo chuig na hEifisigh a scr&iacute;obhadh faoi ainm Ph&oacute;il, seoladh &iacute; go dt&iacute; an Eaglais tr&aacute;th nuair a bhain an deighilt idir Gh&iacute;udach agus neamh-Ghi&uacute;dach le r&eacute; a bh&iacute; thart, agus go raibh an Eaglais ag tabhairt aghaidh ar r&eacute; &uacute;r ina raibh aontacht sna buntr&eacute;ithe riachtanach, sa chreideamh agus i gcleachtadh an chreidimh. Bh&iacute; tuiscint anois ag an Eaglais ar an misean domhanda a bh&iacute; aici, gurbh &iacute; sacraimint uilechoiteann an tsl&aacute;naithe agus r&uacute;ndiamhair aontacht an chine dhaonna le Dia. Ach n&iacute; f&eacute;idir gn&iacute;omh sl&aacute;naithe Chr&iacute;ost agus foilsi&uacute; mh&oacute;r-r&uacute;ndiamhair D&eacute; a chur chun cinn ach le freagra lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost tr&iacute; bheatha ag teacht leis an r&uacute;ndiamhair sin. I sliocht an lae inniu baineann P&oacute;l feidhm as a ghairm agus a &uacute;dar&aacute;s mar aspal, agus as a bhfuil fulaingthe aige ar son Chr&iacute;ost, le imp&iacute; ar a l&eacute;itheoir&iacute; agus ar an Eaglais in gcoitinne maireacht&aacute;il d&aacute; r&eacute;ir sin, i dtosach b&aacute;ire ag &aacute;ireamh na tr&eacute;ithe at&aacute; inmhianaithe, n&oacute; riachtanach b&aacute; ch&oacute;ra a r&aacute;, do phobal Cr&iacute;osta&iacute; leis an aontacht sa Spiorad, faoi cheangal na s&iacute;och&aacute;na, a bheith acu. T&aacute; gach a bhfuil san Eaglais ag gairm chun na haontachta: n&iacute;l ann ach aon Tiarna amh&aacute;in, &Iacute;osa Cr&iacute;ost, aon chreideamh amh&aacute;in, aon bhaisteadh amh&aacute;in. N&iacute; su&aacute;ilce diagachta an chreidimh at&aacute; i gceist anseo, ach dearbh&uacute; an chreidimh, mar a dh&eacute;antar sa bhaisteadh. Pas beag n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa litir beidh tr&aacute;cht ar chorp Chr&iacute;ost a th&oacute;g&aacute;il mar theach, go dt&iacute; go mbeimid go l&eacute;ir tagtha chun aontacht chreidimh agus gan a bheith d&aacute;r gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc d&aacute; s&eacute;ideann (4:13-14).<\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\">An Soisc&eacute;al (Eoin 6:1-15). Roinn &Iacute;osa oiread agus ab &aacute;il leo ar na daoine agus iad ina su&iacute;.<\/span><\/p>\n<p>I liot&uacute;irge Aifreann an Domhnaigh seo &iacute; bliain B, bliain Mharcais. Seachas eisceacht amh&aacute;in, t&aacute; na l&eacute;achta&iacute; don Soisc&eacute;al t&oacute;gtha as Soisc&eacute;al Mharcais. L&eacute;acht an Domhnaigh seo caite as Marcas (Marcas 6:30-34) d&rsquo;inis s&eacute; faoi mar ar ghlac &Iacute;osa trua don slua mar go raibh siad mar a bheadh caoraigh gan aoire agus thosaigh s&eacute; ag m&uacute;ineadh m&oacute;r&aacute;n nithe d&oacute;ibh. I soisc&eacute;al Mharcais, seo &eacute; an su&iacute;omh don chuntas faoi mh&iacute;or&uacute;ilt &Iacute;osa ag iolr&uacute; an ar&aacute;in (Marcas 6:35-44): m&iacute;or&uacute;ilt a rinneadh i gcr&iacute;ocha Gi&uacute;dacha ar an dtaobh thiar den Iord&aacute;in. I soisc&eacute;al Mharcais beidh an dara cuntas ann faoi iolr&uacute; buil&iacute;n&iacute; (Marcas 8:1-10), ach i gcr&iacute;ch neamh-Gh&iacute;udach, Ghintl&iacute;, agus go luath ina dhiaidh sin i Soisceal Mharcais (8:14-21) t&aacute; sliocht craptha, le leideanna agus sliocht deacair le tuiscint do l&eacute;itheoir&iacute; an lae inniu. T&aacute; tr&aacute;cht sa sliocht seo ar m&iacute;thuiscint&iacute; dheisceabal &Iacute;osa faoin gciall cheart a bhaint as an ar&aacute;n agus na buil&iacute;n&iacute; sna cuntais faoi iolr&uacute; an ar&aacute;in agus na mbuil&iacute;n&iacute;. C&aacute;ineann &Iacute;osa na deisceabail go g&eacute;ar faoin easpa tuisceana at&aacute; acu faoin ar&aacute;n agus na buil&iacute;n&iacute;. Is &iacute; seo an t-aon &aacute;it i Marcas ina mbaintear &uacute;s&aacute;id as an t&eacute;arma &ldquo;ar&aacute;n&rdquo; taobh amuigh de Marcas 14:22, in ord&uacute; na hEocairiste, mar a deir &Iacute;osa gurbh &eacute; an t-ar&aacute;n a chorp. Nuair a luaitear ar&aacute;n agus buil&iacute;n&iacute; sa sliocht seo, seans gur tagairt d&rsquo;aon ghn&oacute; at&aacute; ann don Eocairist, agus b&rsquo;fh&eacute;idir go dtugann s&eacute; le f&iacute;os go raibh machnamh agus diosp&oacute;ireacht taobh istigh den eaglais inar cumadh Marcas agus c&aacute;ineadh ann ar roinnt bhall den phobal sin n&aacute;r thug suntas do bhr&iacute;onna iomad&uacute;la mh&iacute;or&uacute;ilt&iacute; iolr&uacute; an ar&aacute;in agus gurb &eacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost an f&iacute;or-ar&aacute;n a bh&iacute; le Gi&uacute;daigh agus Gintlithe a aont&uacute; in aon phobal amh&aacute;in. D&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; bheith gur fh&eacute;achadh ar an Eocairist i bpobal sin Mharcais go pr&iacute;omha mar cheili&uacute;radh chumhacht agus l&aacute;ithreacht D&eacute; seachas com&oacute;radh ph&aacute;is, bh&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; &Iacute;osa. Ar aon chuma taispe&aacute;nann t&eacute;acs seo Mharcais, de r&eacute;ir dealraimh, go raibh ciall agus br&iacute; na hEocairiste, an ar&aacute;in, mar &aacute;bhar machnaimh ann go han-luath san Eaglais, machnamh a thugann &Iacute;osa cuireadh d&uacute;inn a dh&eacute;anamh.<br \/>Baineann an m&eacute;id seo le cuntais Shoisc&eacute;al Marcais faoi mh&iacute;or&uacute;ilt iolr&uacute; an ar&aacute;in. I liot&uacute;irge na bliana seo tugann an Eaglais cuireadh d&uacute;inn machnamh den d&oacute;igh ch&eacute;anna a dh&eacute;anamh. In ionad t&eacute;acs Mharcais den mh&iacute;or&uacute;ilt, le c&uacute;ig v&eacute;arsa d&eacute;ag, san Aifreann don ch&uacute;ig Dhomhnach seo chugainn beidh malairt Shoisc&eacute;il againn, leis na l&eacute;achta&iacute; t&oacute;gtha a Soisc&eacute;al Eoin (Eoin 6:1-71), le seacht&oacute; a haon v&eacute;arsa. Tabharfaidh na l&eacute;achtai sin cuntas ar an m&iacute;or&uacute;ilt f&eacute;in agus aitheasc &Iacute;osa air f&eacute;in mar ar&aacute;n na beatha. Tabharfaidh &Iacute;osa aird n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; ar na c&uacute;iseanna a spreag an slua m&oacute;r (na m&iacute;or&uacute;ilt&iacute;, &ldquo;comhartha&iacute;&rdquo;) &eacute; a lean&uacute;int.<br \/>T&aacute; cuma r&eacute;amhr&aacute; d&oacute; sin i l&eacute;acht an lae inniu ina dtugtar an su&iacute;omh don aitheasc a bheidh ann sna l&eacute;achta&iacute; a leanann &eacute;. N&iacute;l s&eacute; soil&eacute;ir cad is br&iacute; le &ldquo;anonn thar farraige na Gail&iacute;le&rdquo; (&ldquo;an taobh thall den Mhuir&rdquo;), go dt&iacute; an taobh thoir n&oacute; taobh thiar, mar n&iacute; luaitear an &aacute;it in a raibh &Iacute;osa roimhe sin. Togfaidh &Iacute;osa aird n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; ar na c&uacute;iseanna a spreag an slua m&oacute;r &eacute; a lean&uacute;int (na m&iacute;or&uacute;ilt&iacute;, &ldquo;comharthai&rdquo;, a bh&iacute; d&eacute;anta aige). An tagairt don sliabh agus &Iacute;osa agus na deisceabail ina su&iacute;, t&aacute; siad sin ag teacht lena bhfuil in &aacute;iteanna eile sna soisc&eacute;il faoi &Iacute;osa ag teagasc. N&iacute; de thaisme &eacute; go bhfuil an tagairt do &ldquo;fh&eacute;ile na nGi&uacute;dach&rdquo; a bheith in achmaireacht ann, n&aacute; n&iacute; cl&aacute;r ama is c&uacute;is leis. Is cuid de phlean an tsoisc&eacute;il seo &eacute; go bhfuil &Iacute;osa le athmhini&uacute; ar fh&eacute;ilte agus laethanta beannaithe na nGi&uacute;dach a thabhairt: n&iacute;os luaithe an tSab&oacute;id (5:1-18); anseo, an Ch&aacute;isc, sa ch&eacute;ad mh&iacute; Ghi&uacute;dach; n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; F&eacute;ile na dTaibearnacal (Eoin 7:1-8:59) sa seacht&uacute; m&iacute;, ansin F&eacute;ile na Toirbhearta (Eoin 10:22-42) sa nao&uacute; m&iacute;. Chom&oacute;ir an Ch&aacute;isc an t-imeacht &oacute;n &Eacute;igipt, an fh&aacute;na&iacute;ocht san fh&aacute;sach, an mana, brontannas an Dl&iacute;, iad sin go l&eacute;ir mar aon le cuimhne Mhaois, an ceannaire agus an reacht&oacute;ir a thug d&oacute;ibh an Dl&iacute;. T&aacute; macalla&iacute; l&aacute;idre den Suip&eacute;ar D&eacute;anach agus de ord&uacute; na hEocairiste le moth&uacute; i gcuntas Eoin ar mh&iacute;or&uacute;ilt iolr&uacute; na mbuil&iacute;n&iacute;: t&oacute;gaint na mbuil&iacute;n&iacute; ina l&aacute;mh ag &Iacute;osa, alt&uacute; (gabh&aacute;il bu&iacute;ochais), &Iacute;osa f&eacute;in ag roinnt an bhia ar an tslua. (Sna cuntais sna Soisc&eacute;il eile is iad na deisceabail a dh&eacute;anann an roinnt.)<\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>B.&nbsp;&nbsp; &nbsp;An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae. An Eocairist: Cuimhneach&aacute;n ilghn&eacute;itheach ar &Iacute;osa agus d&aacute; sheasann s&eacute;.<\/strong><\/span><\/p>\n<p>I gcuntas Ph&oacute;il ar ord&uacute; na hEocariste, tar &eacute;is choisreacan an ar&aacute;in agus an fh&iacute;ona d&uacute;irt &Iacute;osa: &ldquo;Is &eacute; seo mo chorp &hellip; Is &eacute; an cupa seo an nuachonradh i mo chuid fola. D&eacute;anaig&iacute; &eacute; seo mar chuimhne orm&rdquo; (1 Corantaigh 11:23-25). De bharr na mbriathra seo, ar an gc&eacute;ad dul s&iacute;os, maidir leis an gcuimhne i gceist, ba, agus is, ar bh&aacute;s, aiseir&iacute; agus deascabh&aacute;il &Iacute;osa go deasl&aacute;mh an Athar &eacute;. Cuimhn&iacute;onn na f&iacute;r&eacute;in air seo, agus i ngach Aifreann tar &eacute;is an choisreacain tugann an ceili&uacute;ra&iacute; chun cuimhne iad in urna&iacute; go Dia an tAthair.<br \/>Ach mar sin f&eacute;in tugann an Eocairist chun cuimhne gach ar sheasann beatha agus b&aacute;s &Iacute;osa d&oacute;: na b&eacute;il&iacute; a ghlac s&eacute; leo si&uacute;d ar an imeall, iolr&uacute; na mbuil&iacute;n&iacute; chun bia a thabhairt do ocraigh, a ch&uacute;ram d&oacute;ibh si&uacute;d a bh&iacute; caillte agus faoi m&iacute;threoir sa saol; a theachtaireacht agus teagasc a raibh mar aidhm acu br&iacute; agus treoir a thabhairt do shaol duine abhus; a ch&uacute;ram go maireadh daoine le ch&eacute;ile go s&iacute;och&aacute;nta agus go mbeadh acu a bhfuil riachtanach chuige sin.<br \/>T&aacute; l&aacute;ithreacht Chr&iacute;ost l&aacute;rnach don Eocairist, a l&aacute;ithreacht r&eacute;alta. Cuireann Caitlicigh b&eacute;im ar L&aacute;ithreacht R&eacute;alta &Iacute;osa san Eocairist, i dtaisce sa taibearnacal. Ach tugann an Eocairist chun cuimhne go bhfuil &Iacute;osa i l&aacute;thair go f&iacute;or i ngach cor den saol agus i ngach g&eacute;arch&eacute;im, faoi mar a bh&iacute; s&eacute; leis na haspail, sa bh&aacute;d i rith na stoirme, in iolr&uacute; na mbuil&iacute;n&iacute;, agus in &oacute;c&aacute;id&iacute; eile.<br \/>Ionann an Eocairist, agus tugann s&eacute; chun cuimhne, gurbh &eacute; &Iacute;osa f&iacute;or-ar&aacute;n na beatha. Th&aacute;inig s&eacute; in&aacute;r measc mar ar&aacute;n na beatha, chun beatha a thabhairt agus chun &iacute; a thabhairt go fial.<br \/>Baineann an Eocairist le beatha a chaitheamh mar phobal, i gcomaoin le Cr&iacute;ost agus lena ch&eacute;ile &ndash; le t&eacute;ama na Comhdh&aacute;la Eocairist&iacute; i mBaile &Aacute;tha Cliath le deireanas a lua. <br \/>Cro&iacute;l&aacute;r beatha phobal na h&Eacute;ireann thar na blianta ab ea an tAifreann. Gurbh amhlaidh a bheidh s&eacute; amach romhainn, ag tabhairt deis d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar l&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh, ina bhfuil &Iacute;osa i l&aacute;thair ag labhairt linn faoi mar ar labhair s&eacute; fad&oacute; sa Ghail&iacute;l leis na sluaite a bh&iacute; mar chaoirigh gan aoire, ag m&uacute;ineadh m&oacute;r&aacute;n nithe d&oacute;ibh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>26 I&uacute;il 2015 (B) An Seacht&uacute; Domhnach D&eacute;ag SaorFreagra don Chreideamh leis an mB&iacute;oblaleis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSCA.&nbsp;&nbsp; &nbsp;L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;B.&nbsp;&nbsp; &nbsp;An B&iacute;obla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-322","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/322","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=322"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/322\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=322"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=322"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=322"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}