{"id":324,"date":"2015-07-24T23:06:14","date_gmt":"2015-07-24T23:06:14","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=324"},"modified":"2015-07-24T23:06:14","modified_gmt":"2015-07-24T23:06:14","slug":"2-lunasa-2015-b-an-tochtu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=324","title":{"rendered":"2 L\u00fanasa 2015 (B) An tOcht\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">2 L&uacute;nasa 2015 (B) An tOcht&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><em>B.<\/em><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><em><span style=\"color: blue;\">Treoir cheart agus mh&iacute;cheart don bheatha.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Exodus 16:2-4, 12-15). <em>Fearfaidh m&eacute; ar&aacute;n anuas &oacute; neamh daoibh.<\/em> Cuireann an l&eacute;acht seo s&iacute;os ar na hiontais a rinne an Tiarna d&aacute; phobal Iosrael le linn a dturais &oacute;n &Eacute;igipt go T&iacute;r Tairngire. Bonn m&oacute;r l&uacute;ch&aacute;ire d&oacute;ibh an tsaoirse &oacute; dhaorbhroid na h&Eacute;igipte. Ach bh&iacute;odar anois san &ldquo;fh&aacute;sach&rdquo;. N&iacute; gaineamhlach, gan ann ach gaineamh, a bh&iacute; i gceist ach sort steip, gan ann ach f&aacute;sra gann. An tr&eacute;imhse seo san fh&aacute;sach &oacute;c&aacute;id a bh&iacute; ann le hIosrael a phromhadh lena fh&aacute;il amach an mbeidis d&iacute;lis don Tiarna a rinne iad a shaoradh &oacute;n &Eacute;igipt agus a bh&iacute; leis f&eacute;in a fhoilsi&uacute; d&oacute;ibh i sl&iacute; n&iacute;os doimhne f&oacute;s. Deir an sliocht seo gur chrom siad ag &ldquo;monabhar&rdquo;, ag canr&aacute;n go cantalach. Bh&iacute;odar ag casaoid faoin easpa bia chirt, a mhalairt d&aacute; raibh acu san &Eacute;igipt. Shol&aacute;thair Dia dh&aacute; mh&iacute;or&uacute;ilt d&oacute;ibh, na gearga um tr&aacute;thn&oacute;na agus an ceann eile, an manna, ar maidin. Is &eacute;an imirce an ghearga, a bhfuil aithne mhaith uirthi mar &eacute;an agus a dh&eacute;anann eitilt go m&oacute;r m&oacute;r san o&iacute;che. Maidir le manna de, is t&aacute;l &eacute; a thagann i gcoda beaga m&iacute;lse &oacute;n gcrann tamaraisc i m&iacute;onna an Mheithimh agus na Bealtaine, agus is f&eacute;idir &eacute; a ithe. Nuair a chonnaic na hEabhraigh &eacute; chuireadar an cheist: &ldquo;Cad &eacute; seo?&rdquo;, as Eabhrais <em>man hu<\/em>, agus as sin tagann an t-ainm manna. An mh&iacute;or&uacute;ilt d&rsquo;Iosrael n&aacute; an m&eacute;id de a bh&iacute; ar f&aacute;il agus toisc go raibh teacht air an bhliain go l&eacute;ir. Cruth&uacute;nas na mior&uacute;ilt&iacute; ar ch&uacute;ram D&eacute; ar a phobal canr&aacute;nach sa tsl&iacute; d&oacute;ibh i dtrialacha an fh&aacute;saigh. T&aacute; an cuntas seo mar ch&uacute;lra d&rsquo;aitheasc &Iacute;osa faoi f&eacute;in mar ar&aacute;n na beatha, agus a lucht lean&uacute;ina &ldquo;ag monabhar&rdquo; (Eoin 6:41, 43, 52, 61) agus &Iacute;osa &aacute; chuir f&eacute;in i l&aacute;thair mar ar&aacute;n f&iacute;rinnach na beatha a thagann anuas &oacute; neamh.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 180px; text-indent: -207.65pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 77[78]). <em>Thug an Tiarna d&oacute;ibh ar&aacute;n &oacute; neamh.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eifisigh 4:17, 20-24). <em>Gabhaig&iacute; chugaibh meon &uacute;rnua a crutha&iacute;odh in &iacute;omh&aacute; D&eacute;. <\/em>An l&eacute;acht seo is m&iacute;r thosaigh &iacute; de roinn fhada (Eifisigh 4:17-5:20) de aitheasc ina spreagann an t-&uacute;dar iad si&uacute;d a chreideann i gCr&iacute;ost beatha a chaitheamh de r&eacute;ir na gairme a fuair siad uaidh. Sa l&eacute;acht seo d&eacute;anann P&oacute;l, n&oacute; scr&iacute;bhneoir n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; faoi spiorad Ph&oacute;il, codarsnacht idir an ghairm Chriosta&iacute; agus an l&eacute;argas pag&aacute;nach faoin bheatha (n&oacute; easpa l&eacute;arghais) m&oacute;r timpeall orthu agus roinnt n&oacute;sanna agus cleachta&iacute; pag&aacute;nacha. Molann s&eacute; d&aacute; l&eacute;itheoir&iacute; gan ligint d&oacute;ibh f&eacute;in bheith s&uacute;ite isteach ag an timpeallacht phaganach, ach a mhalairt: bheith deimhin de go bhfuil teachtaireacht acu don timpeallacht phag&aacute;nach sin. Luachanna agus cleachta&iacute; pag&aacute;nacha, n&iacute;orbh iad sin an teagasc a fuair siad &oacute; Chr&iacute;ost &ndash; n&oacute; de r&eacute;ir na litre: n&iacute; hamhlaidh a d&rsquo;fhoglaim siad Cr&iacute;ost. <\/span><span style=\"color: black;\">&ldquo;Cr&iacute;ost a fhoghlaim&rdquo; ait an tsl&iacute; lena chur, ach &iacute; l&aacute;n de bhr&iacute;. Is &eacute; Cr&iacute;ost eisesaml&aacute;r na beatha Cr&iacute;osta&iacute;. Ionann &ldquo;Cr&iacute;ost a fhoghlaim&rdquo; agus a thuiscint c&eacute; h&eacute; Cr&iacute;ost d&aacute;irire sa bheatha Chr&iacute;osta&iacute;, bheith mar Chr&iacute;ost. Rinneadar &ldquo;Criost a fhoghlaim&rdquo; sa teagasc a fuair siad faoi Chr&iacute;ost ag ullmh&uacute; don bhaisteadh d&oacute;ibh, Cr&iacute;ost mar eiseaml&aacute;ir agus foinse don bheatha Chr&iacute;osta&iacute;, agus t&aacute; an tesagasc sin &aacute; thabhairt chun cuimhne anois ag P&oacute;l d&aacute; l&eacute;itheoir&iacute;. Measann &uacute;dar na litreach seo go raibh an fh&eacute;inthuiscint agus na mianta pag&aacute;nacha ar strae, mearbhlach agus contrartha don l&eacute;argas Cr&iacute;osta&iacute;. Feictear ar an mbeatha Chr&iacute;osta&iacute;, a bhfuil an baisteadh in uisce mar shiombal di, mar dhuine nua, mar phearsa nua inmhe&aacute;nach in &iacute;omh&aacute; Chr&iacute;ost, beatha nua nach m&oacute;r maireacht&aacute;il i naofacht. Is athnuacan inmhe&aacute;nach &iacute; ina cumhacht agus sna aidhmeanna at&aacute; aici.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Bh&iacute; br&iacute; agus &eacute;ifeacht faoi leith ag na briathra seo do l&eacute;itheoir&iacute; tosaigh na litreach seo sa timpeallacht neamh-Chr&iacute;osta&iacute;, phag&aacute;nachh, ina raibh siad, ach is f&eacute;idir feidhm a bhaint astu go f&oacute;ill le teachtaireacht do lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost in&aacute;r laethanta f&eacute;in mar a bhfuil go minic timpeallacht at&aacute; naimhdeach do Chr&iacute;ost agus don l&eacute;argas Cr&iacute;osta&iacute; faoin saol abhus agus thall.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Eoin 6:24-35). <em>An t&eacute; a thagann chugamsa, n&iacute; bheidh ocras air cho&iacute;che, agus an t&eacute; a chreideann ionamsa, n&iacute; bheidh tart air cho&iacute;che.<\/em> Leanann an l&eacute;acht seo ar aghaidh leis an teachtaireacht &oacute; mh&iacute;or&uacute;ilt &Iacute;osa in iolr&uacute; na mbuil&iacute;ni agus na n-iasc a l&eacute;adh san Aifreann an Domhnach seo caite. N&iacute;l an v&eacute;arsa tosaigh ar fad soil&eacute;ir maidir leis an &aacute;it, taobh an locha n&oacute; Mhuir na Gail&iacute;le at&aacute; i gceist. Ar aon chuma is &eacute; Cafarn&aacute;um an t-ard&aacute;n l&aacute;ir anois d&rsquo;aitheasc &Iacute;osa. B&iacute;odh nach nd&eacute;antar tagairt d&oacute; i dt&eacute;acs seo Shoisc&eacute;al Eoin bh&iacute; iomr&aacute; ar Cafarn&aacute;um mar an l&aacute;thair ina a rinne &Iacute;osa an chuid is m&oacute; d&aacute; mh&iacute;or&uacute;ilti, agus bheadh breith dhian le tabhairt uirthi de bharr a heaspa creidimh (feic Matha 11:25; L&uacute;c&aacute;s 10:15). Mar fhreagra ar an gceist faoi cathain a th&aacute;inig s&eacute; go Cafarn&aacute;um, ba &eacute; freagra &Iacute;osa n&aacute; go raibh siad &aacute; lorg n&iacute; de bhr&iacute; go bhfaca siad comhartha&iacute; (m&iacute;or&uacute;ilt na mbuil&iacute;n&iacute;) ach go raibh a s&aacute;th acu. Ba sp&eacute;is leo an rud tadhail, &aacute;bhartha, corportha, seachas an bhr&iacute; spiorad&aacute;lta a bh&iacute; sa mh&iacute;or&uacute;ilt, sa chomhartha. Ansin d&eacute;anann &Iacute;osa an bhr&iacute; a bhaineann le traidisi&uacute;n b&iacute;obalta an mhanna a mh&iacute;ni&uacute; d&oacute;ibh sa r&eacute; nua, sna tosca nua a bh&iacute; tagaithe, is &eacute; sin le r&aacute; a mhisean f&eacute;in &oacute;n Athair. Sa t&eacute;acs seo t&aacute; imirt focal ar th&eacute;arma amh&aacute;in a aistr&iacute;tear mar &ldquo;saothar, saothraigh, obair, d&eacute;anamh&rdquo;: gan an bia a th&eacute;ann am&uacute; a shaothr&uacute;, ach an bia a mhaireann chun na beatha s&iacute;ora&iacute;, a thugann Mac an Duine (&Iacute;osa f&eacute;in). Chuir an tAthair a sh&eacute;ala air tr&iacute;d a mh&iacute;or&uacute;ilti, agus cheana ina bhaisteadh. Leanann an imirt focal ar an dt&eacute;arma &ldquo;saothar, obair&rdquo; ar aghaidh. Iarrann a lucht &eacute;isteachta air cad t&aacute; le d&eacute;anamh acu ionas go nd&eacute;anfadh siad oibreacha D&eacute;. Is &eacute; freagra &Iacute;osa n&aacute; gurbh &eacute; seo &ldquo;obair D&eacute;&rdquo; creidi&uacute;int in &Iacute;osa a sheol an tAthair uaidh. T&aacute; codarsnacht anseo anois idir &ldquo;obair&rdquo;, &ldquo;saothar&rdquo; agus creideamh, glacadh le bronntanas D&eacute; tr&iacute; &Iacute;osa. Ionann &ldquo;obair D&eacute;&rdquo;, agus saothr&uacute; D&eacute; tr&iacute;na bhronntanas. N&iacute; obair dhaonna, saothar daonna at&aacute; i gceist ach saothr&uacute; D&eacute; a ghlactar tr&iacute; chreideamh in &Iacute;osa foinse na beatha. Bronntanas &oacute; Dhia, agus n&iacute; &oacute; Mhaois, ab ea an manna. Is &eacute; ar&aacute;n f&iacute;rinneach D&eacute; n&aacute; an t-aran, n&oacute; an T&eacute; (&Iacute;osa, Mac an Duine), a thagann anuas &oacute; neamh agus a thugann beatha don domhan. Is &iacute; &eacute;irim an aithisc, mar sin, n&aacute; gur th&aacute;inig &Iacute;osa anuas &oacute; neamh le treo sa bheatha a thabhairt don chine daonna, tr&iacute;na theagasc, a phearsa, an Eocairist, agus leis an neart a thabhairt d&oacute;ibh maireacht&aacute;il de r&eacute;ir phlean an Athar in &Iacute;osa.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><em>B.<\/em><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an lae.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Treoir cheart agus mh&iacute;cheart don bheatha.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">In aon cheist faoin mB&iacute;obla bheith in agallamh le ceisteanna an lae is fi&uacute; d&uacute;inn aird a thabhairt ar a bhfuil le r&aacute; ag an mB&iacute;obla f&eacute;in faoi agallamh ar a leith&eacute;id de cheisteanna agus faoi na prionsabail Chr&iacute;osta&iacute; a ba ch&oacute;ir a bheith in aon agallamh d&aacute; leith&eacute;id. T&aacute; sampla &aacute;lainn againn de sin in aitheasc &Iacute;osa faoi f&eacute;in mar ar&aacute;n na beatha (Eoin caibideal 6) agus i mbriathra Ph&oacute;il ag moladh do chreidmhigh conas iad f&eacute;in a iompar i dtimpeallacht phag&aacute;nach, neamh-Chr&iacute;osta&iacute; (Eifisigh 4:17, 20-24). T&aacute; &Iacute;osa in agallamh lena chomhmhuintir Ghi&uacute;dach f&eacute;in agus baineann aitheasc Ph&oacute;il le cult&uacute;r na Gr&eacute;ige. T&aacute; siad araon ar aon aigne faoi seo, go mbaineann an teachtaireacht Chriosta&iacute; (p&eacute; acu i mb&eacute;al &Iacute;osa n&oacute; sa litir chuig na hEifisigh) le treoir, treoshu&iacute;omh, le glacadh ag an phearsa dhaonna go hioml&aacute;n, agus &iacute; d&iacute;rithe ar Chr&iacute;ost agus Cr&iacute;ost mar l&aacute;rphointe aici, agus a bheith r&eacute;idh do na himpleachta&iacute; go l&eacute;ir a leanann as sin. Le feidhm a bhaint as t&eacute;arma&iacute; r&iacute;omhaireachta, tugann creideamh i gCr&iacute;ost, mar a d&eacute;arf&aacute;, c&oacute;ras r&eacute;amhshocruithe nua; tugann s&eacute; soil&eacute;ireacht agus deimhne maidir le faoi mar is choir &aacute;r mbeatha Chr&iacute;osta&iacute; a chaitheamh. Agus mar is l&eacute;ir uaidh sin, tugann s&eacute; breith ar luachanna &aacute;irithe den chult&uacute;r agus den tsocha&iacute; ina mhaireann na creidmhigh.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">D&eacute;anann s&eacute; sin gan drom l&aacute;imhe a thabhairt do aon chult&uacute;r faoi leith, ach amh&aacute;in do na codanna de nach bhfuil ag teacht leis an gcreideamh i gCr&iacute;ost, lena mhisean agus lena theachtaireacht. N&iacute; raibh &Iacute;osa frith-Ghi&uacute;dach. Fuair s&eacute; mar oidhreacht agus mhair s&eacute; cult&uacute;r agus tradisi&uacute;n a phobail, ach th&aacute;inig s&eacute; leis an oidhreacht agus traidisi&uacute;n sin a chlaochl&uacute;, lena athr&uacute; chun feabhais, mar theachtaire a seoladh amach ag Dia a Athair. N&iacute; raibh P&oacute;l in &eacute;adan chultur na Gr&eacute;ige n&aacute; n&iacute;or iarr s&eacute; ar a eaglais&iacute; di&uacute;lti&uacute; d&aacute; shaibhreas. Ag teacht go deireadh a litreach chuig na Filipigh scr&iacute;obh s&eacute; mar seo (Filipigh 4:8-9): &ldquo;Mar fhocal scoir, a bhr&aacute;ithre, b&iacute;odh bhur n-aire ar an rud f&iacute;or, ar an rud uasal, ar an rud c&oacute;ir, ar an rud naofa, ar an rud meas&uacute;il, ar an rud creidi&uacute;nach, ar an rud su&aacute;ilceach inmholta. M&aacute; chuireann sibh i bhfeidhm an teagasc a mh&uacute;in m&eacute; daoibh agus a ghlac sibh uaim agus na nithe a chuala sibh n&oacute; a chonaic sibh m&eacute; a dh&eacute;anamh, beidh Dia na s&iacute;och&aacute;na libh&rdquo;. Ach san am c&eacute;anna deir P&oacute;l agus scr&iacute;bhneoir&iacute; eile an Tiomna Nua go nd&eacute;anann iomp&uacute; chun Chr&iacute;ost agus an baisteadh briseadh glan leis an s&oacute;rt saoil a chaitheadh roimhe sin muna bhfuil sin ag teacht leis an gcreideamh i gCr&iacute;ost. I litreacha Ph&oacute;il, agus i scr&iacute;bhinn&iacute; eile faoina ionspior&aacute;id t&aacute; cur sios grinn ar chuid de na chleachta&iacute; n&aacute;rbh fh&eacute;idir glacadh leo, cuid acu ag baint le c&uacute;rsa&iacute; gn&eacute;is, t&eacute;acsanna at&aacute; f&aacute;gtha ar l&aacute;r ar uairibh sna l&eacute;achta&iacute; liot&uacute;irgeacha. T&aacute; n&oacute;sanna agus teagasc eile i gcult&uacute;r an lae inniu nach bhfuil ag teacht le teagasc Chriost, mar a bhfuil sin le f&aacute;il, mar shampla, sa tSeanm&oacute;ir ar an Sliabh.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Is &eacute; at&aacute; sna t&eacute;acsanna sin, ar nd&oacute;igh, n&aacute; frithfhreagairt na luatheaglaise do chult&uacute;r agus do shocha&iacute; na Gr&eacute;ige agus na R&oacute;imhe. Ach mar sin f&eacute;in t&aacute; na t&eacute;acsanna sin ag labhairt linn go f&oacute;ill inniu. In aois ar bith in gcro&iacute;l&aacute;r an chreidimh Chr&iacute;osta&iacute; agus na beatha Cr&iacute;osta&iacute; t&aacute; Cr&iacute;ost f&eacute;in. Mar a deir an litir chuig na hEifisigh, n&iacute; m&oacute;r do Chr&iacute;ostaithe &ldquo;Cr&iacute;ost a fhoghlaim&rdquo;, &eacute; a th&oacute;gaint mar eiseaml&aacute;ir, agus glacadh leis na himpleachtai a leanann as sin mar is soil&eacute;ir d&uacute;inn &oacute;n dtraidisi&uacute;n Cr&iacute;osta&iacute;. Tugann sin treoir agus treoshu&iacute;omh in aon agallamh le cult&uacute;r eile in aois ar bith ina bhfuil treoir agus treoshuiomh eile faoi ch&uacute;rsa&iacute; na beatha ar talamh.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>2 L&uacute;nasa 2015 (B) An tOcht&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-324","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/324","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=324"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/324\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=324"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=324"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=324"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}