{"id":325,"date":"2015-08-06T16:03:52","date_gmt":"2015-08-06T16:03:52","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=325"},"modified":"2015-08-06T16:03:52","modified_gmt":"2015-08-06T16:03:52","slug":"9-lunasa-2015-b-an-naou-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=325","title":{"rendered":"9 L\u00fanasa 2015 (B) An Nao\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p>9 L&uacute;nasa 2015 (B) An Nao&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor<br \/>Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<br \/>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<br \/>A.&nbsp;&nbsp; &nbsp;L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<br \/>B. An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Tr&eacute;dhearcacht sa saol pr&iacute;obh&aacute;ideach agus poibl&iacute;.<\/p>\n<p>A.&nbsp;&nbsp; &nbsp;L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;. <br \/>C&eacute;ad L&eacute;acht (1 R&iacute;the 19:4-8). Neartaigh an bia chomh m&oacute;r sin &eacute; gur shi&uacute;il s&eacute; gur shroich s&eacute; sliabh D&eacute;. <br \/>T&oacute;gtar an l&eacute;acht seo &oacute;n chuid sin de Ch&eacute;ad Leabhar na R&iacute;the sa Bh&iacute;obla ar a dtugtar &ldquo;Sraith &Eacute;ilias&rdquo;, sraith eachtra&iacute; faoin bhf&aacute;idh teasa&iacute; &Eacute;ilias. Bh&iacute; an f&aacute;idh seo an-ghn&iacute;omhach i R&iacute;ocht an Tuaiscirt (Iosrael), go h&aacute;irithe ag cur i&nbsp; gcoinne na n-iarrachta&iacute; a rinne an bhanr&iacute;on phag&aacute;nach Iesaib&eacute;il creideamh i nDia Iosrael a chur den fh&oacute;d agus cultas a d&eacute; phag&aacute;naigh f&eacute;in B&aacute;l a chur ina ait. Tar &eacute;is do &Eacute;ilias f&aacute;ithe B&aacute;l a chlo&iacute; bhagair Iesaib&eacute;il cr&iacute;och a chur le beatha &Eacute;ilias agus theich s&eacute; don deisceart, go I&uacute;da. T&aacute; &Eacute;ilias tuirseach den bheatha, agus iarrann s&eacute; ar Dhia an bheatha a th&oacute;gaint uaidh. Thug aingeal s&oacute;l&aacute;s d&oacute; agus bia le hithe. Le neart an bhia sin shi&uacute;il s&eacute; daichead l&aacute; agus daichead o&iacute;che go sliabh H&oacute;r&eacute;b, ainm an tsl&eacute;ibhe inar ar fhoilsigh Dia &eacute; f&eacute;in do Mhaois agus Iosrael de r&eacute;ir thraidisi&uacute;n Iosrael an Tuaiscirt, Cnoc Sinai sa traidisi&uacute;n eile is fearr ar eol d&uacute;inn. C&eacute; nach deirtear i l&eacute;acht an lae inniu &eacute;, d&rsquo;fhoilsigh Dia &eacute; f&eacute;in d&rsquo;&Eacute;ilias ansin; n&iacute; bhaineann sin le h&aacute;bhar. Roghna&iacute;odh an l&eacute;acht seo do liot&uacute;irge an lae inniu toisc an tagairt inti don neart a thug bronntanas an bhia agus an uisce don fh&aacute;idh ina thuras fada &#8212; f&iacute;or de ar&aacute;n na beatha ar a mbeidh tr&aacute;cht i Soisc&eacute;al an lae inniu.<br \/>Salm le Freagra (Salm 33[34]). Blaisig&iacute; agus f&eacute;achaig&iacute; a fheabas at&aacute; an Tiarna.<br \/>Dara L&eacute;acht (Eifisigh 4:30-5:2). Mairig&iacute; de r&eacute;ir an ghr&aacute; faoi mar ar ghr&aacute;igh Cr&iacute;ost sinne. <br \/>D&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; beatha cheart Chr&iacute;osta&iacute; a thuiscint mar bheatha ina bhfuil spiorad na Seanm&oacute;ire an an Sliabh ag leathadh tr&iacute;thi, na hOcht Bi&aacute;ide agus eile. &Oacute; th&uacute;s a beatha bh&iacute; maitheas agus naofacht D&eacute; agus &Iacute;osa mar eiseaml&aacute;ir l&aacute;rnach do theagasc agus do sheanm&oacute;ireacht na hEaglaise. Bhain an teagasc seo le bunphrionsabail an chreidimh agus gn&aacute;th-shaol na bhf&iacute;r&eacute;an. Bh&iacute; an pobal Cr&iacute;osta&iacute; naofa; Corp Chr&iacute;ost a bh&iacute; ann. agus ungtha ag an Spiorad Naomh. Nuair a thug Ananias a &eacute;itheach maidir leis an airgead a choime&aacute;d s&eacute; siar &oacute; phobal na luath-Eaglaise d&uacute;irt Peadar leis: &ldquo;N&iacute; do dhaoine a thug t&uacute; an t-&eacute;itheach ach do Dhia&rdquo; (Gn&iacute;omhartha 5:4). I spiorad an chreidimh sin tosa&iacute;onn l&eacute;acht an lae inniu le comhairle don chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute; gan bheith ag buaireamh Spiorad D&eacute; a bhfuil a stampa buailte orthu,&nbsp; agus leanann s&iacute; le molta&iacute; faoi ruda&iacute; at&aacute; in &eacute;adan beatha cheart i bpobal D&eacute; agus cad a chabhra&iacute;onn leis. Ar an dtaobh di&uacute;ltach de t&aacute; faltanas, goimh, fearg (seirbhe, f&iacute;och agus fearg) , call&aacute;n, achas&aacute;n agus mioscais (ardghl&oacute;r, c&uacute;lchaint, m&iacute;r&uacute;n). Ar an dtaobh dearfach de t&aacute; muintearas, atrua, bheith maothchro&iacute;ch, agus ag tabhairt maithi&uacute;nais d&aacute; cheile, faoi mar ar mhaith Cr&iacute;ost d&uacute;inn.<br \/>N&iacute; teagasc teib&iacute; at&aacute; anseo. Taobh thiar de, agus taobh thiar de gach a bhfuil sa chreideamh Criosta&iacute;, t&aacute; Dia agus Cr&iacute;ost: creidmhigh ag d&eacute;anamh aithris ar Dhia mar chlann dh&iacute;lis d&oacute; agus ag maireach&aacute;il de r&eacute;ir an ghr&aacute; a thaispe&aacute;in Cr&iacute;ost. Ofr&aacute;il a bh&iacute; in &iacute;obairt chumhra Chr&iacute;ost ar &aacute;r son &ndash; agus is ofr&aacute;il maille le h&Iacute;osa beatha Chr&iacute;osta&iacute; de r&eacute;ir theagasc na l&eacute;achta seo.<br \/>An Soisc&eacute;al (Eoin 6:41-51). Is mise an t-ar&aacute;n beo a th&aacute;inig anuas &oacute; neamh.<br \/>T&aacute;imid f&oacute;s san aitheasc a thug &Iacute;osa faoi f&eacute;in mar ar&aacute;n na beatha, agus sa mh&iacute;r seo den aitheasc deireann &Iacute;osa sin go soil&eacute;ir, ag cur b&eacute;im ar seo gur eisean an t-ar&aacute;n a th&aacute;inig anuas &oacute; neamh. Ag t&uacute;s na l&eacute;achta seo t&aacute; an radharc agus an t-aitheasc suite i gcoinne ch&uacute;lra an turais san fh&aacute;sach, eachtra an manna agus pobal Iosrael ag &ldquo;monabhar&rdquo;, ag cn&aacute;imhse&aacute;il. I dt&eacute;acs an Bh&iacute;obla, ba &eacute; an toradh a bh&iacute; leis an &ldquo;monabhar&rdquo; in aimsir Mhaois n&aacute; bronntanas an uisce (Exodus 15:24) agus an manna (Exodus 16:2, 7, 12). F&eacute;achadh ar an monabhar mar easpa chreidimh (&Iacute;se&aacute;ia 10:12; Sam 106:24-35). T&aacute; b&eacute;im i l&eacute;acht an lae inniu ar riachtanas an chreidimh le h&Iacute;osa agus a theachtaireacht a thuiscint, creideamh at&aacute; riachtanach do phobal Iosrael, na Gi&uacute;daigh, b&iacute;odh go raibh creideamh domhain acu i nDia. Bh&iacute; an ch&eacute;ad &ldquo;mhonabhar&rdquo;, chlamhs&aacute;n, chn&aacute;imhse&aacute;il, a rinneadar faoi bhriathra &Iacute;osa gur th&aacute;inig s&eacute; anuas &oacute; neamh, agus eolas maith acu faoin bhunadh daonna a bh&iacute; aige, aithne acu ar a athair I&oacute;saef agus a mh&aacute;thair.<br \/>Ba &eacute; an freagra a thug &Iacute;osa orthu n&aacute; riachtanas ioml&aacute;n an chreidimh, bronntanas &oacute; Dhia, creideamh ina phearsa f&eacute;in agus ina mhisean. Tugann s&eacute; r&aacute;iteas faoi seo, lena shoil&eacute;iri&uacute; b&rsquo;fh&eacute;idir, go bhfuil s&eacute; scr&iacute;ofa sna F&aacute;ithe: &ldquo;Beidh siad go l&eacute;ir &aacute; dteagasc &oacute; Dhia&rdquo;. B&rsquo;fh&eacute;idir gur tagairt at&aacute; anseo d&rsquo;&Iacute;se&aacute;ia 54:13 (&ldquo;Do chlann go l&eacute;ir beidh siad &aacute; dteagasc ag an Tiarna&rdquo;), agus b&rsquo;fheidir le tionchar &oacute; Irimia 31:34 (&ldquo;N&iacute; bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mh&uacute;ineadh, n&aacute; dearth&aacute;ir a r&aacute; lena dhearth&aacute;ir: &lsquo;B&iacute;odh aithne ar an Tiarna agat!&rsquo; N&iacute; hea, beidh aithne acu go l&eacute;ir orm, &oacute;n t&eacute; is l&uacute; d&iacute;obh go dt&iacute; an t&eacute; is m&oacute;, an Tiarna a labhra&iacute;onn&rdquo;). Is cuma faoi &eacute;irim na dt&eacute;acsanna sin ina mbun-su&iacute;omh sa s&eacute;&uacute; haois roimh Chr&iacute;ost, baineann an Ceathr&uacute; Soisc&eacute;ala&iacute; &uacute;s&aacute;id astu ag tagairt don r&eacute; nua ina chomhl&iacute;ontar iad ag &Iacute;osa.<br \/>N&iacute;orb rud &eacute;asca riamh &eacute;, agus n&iacute; h&eacute;asca f&oacute;s, an t-aondiachas, creideamh i nDia dofheicthe, ach go h&aacute;irithe &iacute; nDia a chuireann a thoil in i&uacute;l d&aacute; phobal agus don chine daonna. N&iacute; fol&aacute;ir creideamh. Meabhra&iacute;onn &Iacute;osa an fh&iacute;rinne l&aacute;rnach n&aacute;r fhaca aon duine riamh Dia, Dia an tAthair. Bh&iacute; an Dia dofheicthe seo &aacute; fhoilsiu ag &Iacute;osa, a Mhac a th&aacute;inig ar an saol seo &oacute;n Athair. I gcoinne ch&uacute;lra bh&iacute;obalta an manna tugann &Iacute;osa teagasc anseo a dh&eacute;anfaidh s&eacute; a fhorbairt n&iacute;os doimhne in &aacute;iteanna eile sa soisc&eacute;al seo. Th&aacute;inig &Iacute;osa &oacute;n Athair le beatha a thabhairt don domhan, beatha an Athar d&oacute;ibh si&uacute;d a chreideann ann agus don chine daonna, le iad a aont&uacute; leis an mbeatha at&aacute; aige leis an Athair. Is &iacute; an bheatha sh&iacute;ora&iacute; an bheatha a thugann s&eacute;, beatha nua le Dia cheana f&eacute;in sa saol seo, beatha a mhairfidh i sl&iacute; nua le Dia tar &eacute;is bh&aacute;is. Aontacht le Cr&iacute;ost, &eacute; a ithe mar ar&aacute;n na beatha, tugann sin an bheatha sh&iacute;ora&iacute; seo; iad sin a itheaann &eacute;, n&iacute; gheobhaidh siad b&aacute;s cho&iacute;che, ach mairfidh siad go deo. Mar sin, t&aacute; difr&iacute;ocht idir an manna nua seo agus an sean-mhanna san fh&aacute;sach, n&aacute;r thug an bheatha sh&iacute;ora&iacute;. Is ar&aacute;n na beatha &eacute; &Iacute;osa tr&iacute;na phearsa, a theagasc, tr&iacute; bheatha dhiaga an Athar a chuireann s&eacute; ar f&aacute;il tr&iacute; ghr&aacute;sta.<br \/>Labhra&iacute;onn an sliocht seo faoi &Iacute;osa mar ar&aacute;n na beatha go meafarach. Cr&iacute;ochna&iacute;onn an l&eacute;acht le tagairt do &Iacute;osa mar ar&aacute;n na beatha tr&iacute;na bh&aacute;s ar an gcrois agus a fheoil ar son bheatha an domhain. T&aacute; a fheoil i l&aacute;thair san Eocairist. An ch&eacute;ad mh&iacute;r eile, a l&eacute;afar an Domhnach seo chugainn, beidh s&iacute; ag tr&aacute;cht ar &Iacute;osa mar ar&aacute;n na beatha i gciall r&eacute;ala&iacute;och, Eocairisteach.<br \/>B.&nbsp;&nbsp; &nbsp;An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae: Tr&eacute;dhearcacht sa saol pr&iacute;obh&aacute;ideach agus poibl&iacute;. <br \/>I diosc&uacute;rsa&iacute; maidir le c&uacute;rsa&iacute; an tsaoil phoiliti&uacute;l agus phoibl&iacute; b&iacute;onn tr&aacute;cht ann go minic ar a riachtana&iacute; is at&aacute; an tr&eacute;dhearcacht agus ar na modhanna nach fol&aacute;ir a bheith ann leis sin a thabhairt ar an bhf&oacute;d, agus a choime&aacute;d ar si&uacute;il. &Oacute; &eacute;isteachta&iacute; i mbins&iacute; breithimnh agus i sl&iacute;te eile tagann an gn&aacute;thphobal ar an eolas ar an gcaimil&eacute;ireacht a bh&iacute;onn ann i gcursa&iacute; airgeadais agus eile agus ar uairibh b&iacute;onn admh&aacute;il phoibl&iacute; thr&eacute;dhearcachta againn a thaispe&aacute;ntar ar uairibh a bheith gan bun&uacute;s. I riarach&aacute;n eaglasta anois agus ar&iacute;s bionn forcheilt maidir le droch&uacute;s&aacute;id ghn&eacute;asach sagart ar leanna&iacute; agus og&aacute;naigh faoi aois agus sin le dea-ch&aacute;il na hinstiti&uacute;de a chosaint. Is aidhm do reachta&iacute;ocht an lae inniu tr&eacute;dhearcacht a thabhairt isteach agus a chosaint, agus sin, i sl&iacute;te eile, le reachta&iacute;ocht faoi shaor&aacute;il f&aacute;isn&eacute;ise.<br \/>Cuireann l&eacute;achta&iacute; &oacute;n litir chuig na hEifisigh i gcuimhne d&uacute;inn c&eacute; comh l&aacute;rnach is at&aacute; oscailteacht agus tr&eacute;dhearcacht don bheatha agus saol Cr&iacute;osta&iacute;, agus sin i ghn&aacute;th-chursa&iacute; an lae chomh maith le c&uacute;rsa&iacute; poibl&iacute;. Leagann P&oacute;l b&eacute;im ar seo gur choir go mbeadh an fh&iacute;rinne ag lonradh go poibl&iacute; i ngach gn&eacute; den bheatha Chriosta&iacute; agus go mbeadh seo mar shampla do na neamhchreidmhigh. Ba choir d&uacute;inn an t-&eacute;itheach a chur dinn agus an fh&iacute;rinne a labhairt lena ch&eacute;ile, mar is baill d&aacute; ch&eacute;ile sinn (Eifisigh 4:25). T&aacute; an pobal Criosta&iacute; ungtha leis an Spiorad Naomh. Cuireann an t-&eacute;itheach br&oacute;n ar an Spiorad Naomh (Eifisigh 4:30). Uair amh&aacute;in nuair a chuir an Eaglais i gCoraint l&uacute;baireacht i leith Ph&oacute;il, gur dubl&aacute;la&iacute; de shaghas &eacute;igin &eacute;, ag r&aacute; rud amh&aacute;in agus a d&eacute;anamh rud eile, d&rsquo;fhreagair s&eacute; go l&aacute;idir. Thiocfadh&nbsp; a leith&eacute;id d&rsquo;iompar salach go hioml&aacute;n lena mhisean &oacute; Chr&iacute;ost. Labhra&iacute;onn s&eacute; go tr&eacute;an faoi na prionsabail i gceist (2 Corantaigh 1:12-13): &ldquo;Is &eacute; &aacute;r gc&uacute;is mh&oacute;r&aacute;la: fianaise ar gcoinsiasa go raibh &aacute;r n-iompar de r&eacute;ir naofacht agus ionracas (n&oacute;: tr&eacute;dhearcacht) D&eacute; os comhair an tsaoil, go h&aacute;irithe in&aacute;r gcaidreamh libhse agus n&iacute; ar eagna dhaonna a bh&iacute;omar ag braith ach ar ghr&aacute;sta D&eacute;. N&iacute; chuirimid aon rud s&iacute;os in&aacute;r litreacha chugaibh thar an m&eacute;id a l&eacute;ann sibh iontu n&oacute; a thuigeann sibh astu&rdquo;.<br \/>Leag &Iacute;osa b&eacute;im ar th&aacute;bhacht na tr&eacute;dhearcachta i mbeatha a lucht lean&uacute;na. Ba ch&oacute;ir go mbeadh a ngn&iacute;omhartha ag teacht lena mbeatha inmhe&aacute;nach, intinn ghlan taobh thiar de gach gn&iacute;omh, gan a bheith ag d&eacute;anamh taibhsimh as a ndea-oibreacha, ag cleachtadh a gcraifeachta, os comhair daoine chun go dtabhfairidis faoi deara iad. Glaonn s&eacute; ar a lucht lean&uacute;na bheith ina salann na tal&uacute;n agus ina solas an domhain. Tr&iacute;na ndea-oibreacha beidh a solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicdidis a ndea-oibreacha agus go ngl&oacute;ireoidis a n Athair at&aacute; ar neamh.<br \/>Tr&iacute;d a mbeatha shimpl&iacute;, l&aacute; i ndiaidh lae, tugann lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost fianaise inniu faoi mar a rinneadar tr&iacute;d na haoiseanna s&iacute;os, agus iad ag lean&uacute;int teagasc shoil&eacute;ir Chr&iacute;ost sna Soisc&eacute;il, chomh maith le briathra Ph&oacute;il agus a dheisceabail, faoi mar at&aacute; sin againn sa dara l&eacute;acht in Aifreann an lae inniu ag f&oacute;gairt f&iacute;rinne an tSoisceil agus an tr&eacute;dhearcacht a oireann di i mbriathra agus i ngn&iacute;omh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>9 L&uacute;nasa 2015 (B) An Nao&uacute; Domhnach D&eacute;ag SaorFreagra don Chreideamh leis an mB&iacute;oblaleis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSCA.&nbsp;&nbsp; &nbsp;L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;B. An B&iacute;obla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-325","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/325","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=325"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/325\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=325"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=325"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=325"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}