{"id":328,"date":"2015-08-12T14:30:17","date_gmt":"2015-08-12T14:30:17","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=328"},"modified":"2015-08-12T14:30:17","modified_gmt":"2015-08-12T14:30:17","slug":"16-lunasa-2015-b-an-fichiu-deag-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=328","title":{"rendered":"16 L\u00fanasa 2015 (B) An Fichi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>16 L&uacute;nasa 2015 (B) An Fichi&uacute; Domhnach Saor<\/strong><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/strong><\/span><br \/><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/strong><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/strong><\/span><br \/><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>B.An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: &Iacute;osa Cr&iacute;ost Ar&aacute;n na Beatha. Sl&aacute;n&uacute;. Monabhar. Comhartha a sh&eacute;anfar.<\/strong><\/span><br \/><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>A.L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;. <\/strong><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>C&eacute;ad L&eacute;acht&nbsp; (Seanfhocail 9:1-6). Ithig&iacute; mo chuid ar&aacute;in agus &oacute;laig&iacute; an f&iacute;on at&aacute; ullamh agam.<\/strong><\/span><\/p>\n<p>Glactar leis go coitianta go bhfuil aitheasc &Iacute;osa faoi f&eacute;in mar ar&aacute;n na beatha le tuiscint i gcoinne ch&uacute;lra thraidisi&uacute;n an Bh&iacute;obla agus an traidisi&uacute;in Ghi&uacute;daigh ar an manna. T&aacute; roinnt scol&aacute;ir&iacute; den tuairim go bhfuil traidisi&uacute;n na heagna in Iosrael mar ch&uacute;lra ar chuid d&aacute; bhfuil san aitheasc seo.&nbsp; Sa traidisi&uacute;n seo faoin Eagna, mar at&aacute; s&eacute; againn i l&eacute;acht an lae inniu,&nbsp; t&aacute; Bean Uasal dhiaga na hEagna pearsantaithe,&nbsp; agus cuireann s&iacute; &iacute; f&eacute;in i l&aacute;thair mar neach a bhi taobh le Dia ag cruth&uacute; an domhain, agus at&aacute; sa domhan i gc&oacute;na&iacute; ag tabhairt cuireadh don chine daonna, go h&aacute;irithe don aon &oacute;g&nbsp; ar f&eacute;idir a mhealladh chun a n-aimhleasa go h&eacute;asca,&nbsp; teacht chuici le teagasc a fh&aacute;il (mar sin at&aacute; i Leabhar na Seanfhocal caibideal 8). I l&eacute;acht an lae inniu (Seanfhocail caibideal 9) leanann an Eagna Phearsantaithe lei leis an gcuireadh, cuireadh do fhle&aacute; mh&oacute;r. T&aacute; a teach m&oacute;r togtha aici le seacht gcol&uacute;in (a thug an teideal B&eacute;arla do leabhar cl&uacute;iteach), agus b&rsquo;fh&eacute;idir gur siombal iad do&nbsp; dhomhan at&aacute; m&uacute;nlaithe ag eagna, teampall cosmach na hEagna, n&oacute; b&rsquo;fh&eacute;idir gurb &eacute; at&aacute; i gceist teach m&oacute;r ina bhfuil sp&aacute;s do gach aoinne a thagann. Chuir Bean Uasal Eagna a bansheirbh&iacute;sigh amach lena&nbsp; teachtaireacht a thabhairt in ardghuth d&oacute;ibh si&uacute;d a bh&iacute; i mbaol dul ar strae go mor&aacute;lta (na daoine simpl&iacute;, lucht na d&iacute;ch&eacute;ille), ag tabhairt cuireadh teacht chuig an fhle&aacute; a bh&iacute; ullamh aici d&oacute;ibh, agus gan ligean d&oacute;ibh f&eacute;in bheith curtha am&uacute; &oacute; ghuth mn&aacute; eile, Bean na D&iacute;ch&eacute;ille, ach sl&iacute; na baoise a thr&eacute;igean agus si&uacute;il ar bhealach na tuisceana &ndash; is &eacute; sin le r&aacute; clo&iacute; le traidisi&uacute;n eitici&uacute;il a muintire.<\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>Salm le Freagra (Salm 33[34]). Blaisig&iacute; agus f&eacute;achaig&iacute; a fheabas at&aacute; an Tarna.<\/strong><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: #0000ff;\"><strong>Dara L&eacute;acht (Eifisigh 5:15-20). Tuigig&iacute; go cruinn cad is toil don Tiarna.<\/strong><\/span><\/p>\n<p>T&aacute; a bhfuil sa l&eacute;acht seo ag teacht go m&oacute;r lena bhfuil sa sliocht as Leabhar na Seanfhocal a l&eacute;adh mar ch&eacute;ad l&eacute;acht inniu. I ngach aon aois n&iacute; m&oacute;r don Eaglais comhairle a thabhairt d&aacute; baill gan ligean d&oacute;ibh f&eacute;in bheith asamhlaithe n&oacute; curtha ar strae ag timpeallacht ar bith neamh-Chr&iacute;ostai n&oacute; saolta, gan a bheith m&iacute;stuama ach san airdeall do gach baol a bheadh ann sa saol ina mhaireann siad. In aois tosaigh na Cr&iacute;osta&iacute;ochta, nuair a scr&iacute;obhadh an litir chuig na hEifisigh, agus len&aacute;r linn f&eacute;in, t&aacute; an misean f&aacute;idhi&uacute;il ag lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost n&iacute; hamh&aacute;in gan ligean d&oacute;ibh f&eacute;in bheith asamhlaithe ag domhan neamh-Chr&iacute;osta&iacute;, ach an domhan sin a &ldquo;shl&aacute;n&uacute;&rdquo;, tr&iacute; theachtaireacht sl&aacute;naithe Chr&iacute;ost a thabhairt chuige. Iarrtar orthu gan a bheith m&iacute;stuama, ach ciallmhar, agus a thuiscint cad is toil D&eacute; ann d&oacute;ibh. Maidir le bunphrionsabail an chreidimh agus na mor&aacute;ltachta de ghn&aacute;th t&aacute; s&eacute; &eacute;asca go leor a thuiscint cad is toil D&eacute; ann. Ach n&iacute; hamhlaidh maidir lena l&aacute;n c&uacute;rsa&iacute; eile. An tsli is fearr le toil De a aithint n&aacute; tri shaol umhail Cr&iacute;osta&iacute; a chaitheamh. Tugann P&oacute;l aspal a mhachnamh d&uacute;inn ar seo ag scr&iacute;obh do na R&oacute;mh&aacute;naigh d&oacute; (R&oacute;mh&aacute;naigh 12:1-2): &ldquo;A bhr&aacute;ithre agus agus shi&uacute;racha, t&aacute;im ag iarraidh oraibh as ucht tr&oacute;caire D&eacute;,&nbsp; bhur gcorp a thoirbhirt ina n-&iacute;obairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin &eacute; bhur n-adhradh spiorad&aacute;lta. N&aacute; leanaig&iacute; patr&uacute;n an tsaoil seo ach cuirig&iacute; malairt meoin oraibh f&eacute;in tri anuachan aigne ar shl&iacute; go n-aithneodh sibh cad &eacute; is toil le Dia, cad &eacute; at&aacute; maith agus taitneamhach agus foirfe&rdquo;. In am amhrais ba ch&oacute;ir go mbeadh cabhair an Spioraid Naoimh ann, an S&oacute;l&aacute;sa&iacute;, an tAbhc&oacute;ide.<\/p>\n<p><strong><span style=\"color: #0000ff;\">An Soisc&eacute;al (Eoin 6:51-58).&nbsp; Is bia go f&iacute;or mo chuid feola agus is deoch go f&iacute;or mo chuid fola.<\/span> <\/strong><\/p>\n<p>Briathra tosaigfh na l&eacute;achta seo, &ldquo;San am sin d&uacute;irt &Iacute;osa leis na sluaite&rdquo; n&iacute; cuid de th&eacute;acs an Bh&iacute;obla iad, ach curtha isteach sa liot&uacute;irge le t&uacute;s cu&iacute; a chur leis an l&eacute;acht. Briathra &Iacute;osa ag t&uacute;s na l&eacute;achta is athinsint iad ar chr&iacute;och Shoisc&eacute;al an Domhnaigh seo caite faoi &Iacute;osa mar ar&aacute;n na beatha, agus faoina fheoil a ithe, a fheoil a bh&eacute;arfar ar son bheatha an domhain. Glactar leis gurbh &eacute; an sliocht seo lena r&aacute;iteas dearfa ar an Eocairist buaicphointe na d&iacute;osp&oacute;ireachta go l&eacute;ir agus leanann frithfhreagairt&iacute; as. Cuirtear t&uacute;s le &eacute;irim l&eacute;acht an lae inniu le ceisti&uacute;ch&aacute;n ag na Gi&uacute;daigh faoi conas ar f&eacute;idir le h&Iacute;osa a fheoil a thabhairt le hithe. N&iacute; thugann freagra &Iacute;osa aon mhaol&uacute; ar a d&uacute;irt s&eacute; ina theagasc. Cuireann s&eacute; b&eacute;im ar a chuid cainte (Amen, Amen), n&iacute; hamh&aacute;in faoina fheoil a ithe ach f&oacute;s lena chuid fola a &oacute;l le go bheadh an bheatha ag duine. D&oacute;ibh si&uacute;d a itheann a fheoil agus a &oacute;lann a chuid fola is &iacute; an bheatha sh&iacute;ora&iacute; an bheatha a thugann s&eacute; anseo ar talamh, agus ais&eacute;ir&iacute; &oacute; mhairbh ar an l&aacute; deireanach.&nbsp; T&eacute;ann &Iacute;osa ar aghaidh le cur i l&aacute;thair r&eacute;ad&uacute;il a thabhairt faoin a fheoil a ithe agus a chuid fola a &oacute;l, bia go f&iacute;or a chuid feola agus deoch go f&iacute;or a chuid fola. Tugann an rannph&aacute;irt&iacute;ocht Eocairisteach seo c&oacute;na&iacute; c&oacute;mhalartach idir &Iacute;osa agus an t&eacute; a ghlacann &eacute;, c&oacute;na&iacute;onn siad ann agus c&oacute;naionn s&eacute; iontu. Chomh maith leis sin nascann s&eacute; an creidmheach le h&Iacute;osa agus leis an Athair. Faoi mar a mhaireann &Iacute;osa tr&iacute;d an Athair (n&oacute;: toisc an Athar), mar an gc&eacute;anna iad sin a itheann &eacute; is beo iad tr&iacute;d (n&oacute;: toisc &eacute;). N&iacute;l s&eacute; soileir c&eacute; acu aistri&uacute; &ldquo;tr&iacute;d&rdquo; n&oacute; &ldquo;toisc&rdquo; is grinne, ach is cuma faoi sin; nascann a gcomaoin le corp Chr&iacute;ost na rannph&aacute;irtithe le h&Iacute;osa agus leis an Athair sa bheatha sh&iacute;ora&iacute; a thugann &Iacute;osa ar an talamh seo. Mar n&oacute;ta deiridh san aitheasc, meabhra&iacute;tear&nbsp; gur &eacute;ags&uacute;il an t-ar&aacute;n seo &oacute; neamh a thugann beatha sh&iacute;ora&iacute; &oacute;n manna san fh&aacute;sach, nach raibh ann ach f&iacute;or d&rsquo;ar&aacute;n f&iacute;rinneach na beatha.<br \/>T&aacute; seans ann go raibh d&rsquo;aidhm ag an teagasc l&aacute;idir Eocairisteach seo creideamh ch&eacute;adl&eacute;itheoir&iacute; Shoisc&eacute;al seo Eoin san Eocairist a neart&uacute;. Bheadh s&eacute; mar bhonn ag an Eaglais n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; agus &iacute; ag f&oacute;gairt l&aacute;ithreacht R&eacute;alta &Iacute;osa san Eocairist, agus don dheabh&oacute;id a bhaineann leis an gcreideamh sin.<\/p>\n<p><strong><span style=\"color: #0000ff;\">B. An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae. &Iacute;osa Cr&iacute;ost Ar&aacute;n na Beatha. Sl&aacute;n&uacute;. Monabhar. Comhartha a sh&eacute;anfar.<\/span><\/strong><\/p>\n<p>1.B&iacute;odh go bhf&eacute;adfadh s&eacute; bheith go bhfuil c&uacute;lra de thraidisi&uacute;n an manna, traidisi&uacute;n Eagna an Bh&iacute;obla agus traidisi&uacute;n faoi &Iacute;osa, taobh thiar den aitheasc faoi &Iacute;osa mar ar&aacute;n na beatha, is deimhin nach ceapad&oacute;ireacht ar na t&eacute;ama&iacute; sin &eacute;. Is soil&eacute;ir go gcuireann s&eacute; i&nbsp; l&aacute;thair gurbh &eacute; &Iacute;osa an tsl&iacute; chun D&eacute;. Dearbha&iacute;onn s&eacute; go labhra&iacute;onn Dia, an tAthair, tr&iacute;d leis an saol faoi mar a rinne s&eacute; ag baisteadh &Iacute;osa agus ag an Chlaochl&uacute;: &ldquo;Is &eacute; seo mo Mhac Muirneach&rdquo;. Labhra&iacute;onn s&eacute; faoi &Iacute;osa mar Sh&aacute;naitheoir an chine dhaonna. An t-ar&aacute;n a thugann s&eacute; is &eacute; a fheoil f&eacute;in &eacute;, agus sin ar son bheatha an domhain. Labhra&iacute;onn s&eacute; faoi fh&iacute;or-bheatha tr&iacute; aontacht le Cr&iacute;ost agus leis an Athair.<br \/>2. T&aacute; cur s&iacute;os san aitheasc ar mhonabhar, chanr&aacute;n,&nbsp; fao&iacute;nar dhearbhaigh agus ar&nbsp; mha&iacute;gh &Iacute;osa faoi f&eacute;in. Na Gi&uacute;daigh i measc a lucht &eacute;isteachta agus m&oacute;r&aacute;n d&aacute; lucht lean&uacute;na Gi&uacute;dacha, n&iacute;orbh bhf&eacute;idir leo glacadh lena d&uacute;irt s&eacute;, agus tharraing a l&aacute;n d&aacute; dheisceabail siar agus n&iacute;or shiuladar lena chois a thuilleadh. I measc ruda&iacute; eile n&iacute; raibh an m&eacute;id a d&uacute;irt &Iacute;osa faoi shl&aacute;n&uacute; ag r&eacute;iteach lena dtuiscint f&eacute;in air sin.<br \/>3.T&aacute; monabhar, canr&aacute;n agus di&uacute;lt&uacute; glan den m&eacute;id a deirtear&nbsp; san aitheasc faoi &Iacute;osa mar Ar&aacute;n na Beatha le sonr&uacute; in&aacute;r linn f&eacute;in. Mar chuid de, mairim&iacute;d i r&eacute; ina bhfuil t&oacute;ir ar shl&aacute;n&uacute; i&nbsp; measc aos eagna agus lucht intleachta ar shl&aacute;n&uacute;&nbsp; gan Chr&iacute;ost n&oacute; Dia. Mar shampla de seo i m&iacute;r, gan ainm &uacute;dair, sa su&iacute;omh idirl&iacute;n Wikipedia, faoin dramad&oacute;ir &Eacute;ireannach cl&uacute;iteach Tom Murphy, luaitear faoi go bhfuil i measc t&eacute;ama&iacute; athfhillteacha ina dhr&aacute;ma&iacute; t&oacute;ir ar shl&aacute;n&uacute; agus ar an d&oacute;chas i ndomhan at&aacute;, de r&eacute;ir dealraimh, tr&eacute;igthe ag Dia agus l&aacute;n den fhulaingt. D&eacute;antar an t&eacute;ama seo a ch&iacute;oradh sa drama The Sanctuary Lamp, Lampa an tSanct&oacute;ra (ar lasadh os comhair an Naomh-Shacraimint mar&nbsp; &iacute;omh&aacute; de l&aacute;ithreacht Chriost). D&eacute;anann an dr&aacute;ma m&oacute;r-th&eacute;ama&iacute; an tsl&aacute;naithe a ch&iacute;oradh, gr&aacute;, ciontacht, spiorad&aacute;ltacht, bheith ann, &#8212; n&oacute; gan-a-bheith ann &#8212; do Dhia. Cuireann s&eacute; i l&aacute;thair iad si&uacute;d at&aacute; ag streachailt gan tada ag iarraidh br&iacute; &eacute;igin a fh&aacute;il ina saol. Mar aon le m&oacute;r&aacute;n eile i saothar Murphy, deir an mh&iacute;r seo i Wikipedia, pl&eacute;ann an dr&aacute;ma seo an cath i gcoinne nihileachais agus faigheann s&eacute; gn&eacute; den sl&aacute;n&uacute; agus den d&oacute;chas i gcumas an chine dhaonna tr&oacute;caire, atrua agus gr&aacute; a thaispe&aacute;int agus spiorad&aacute;ltacht indibhidi&uacute;il a aimsi&uacute;. Mar sin, d&eacute;antar den Lampa &iacute;omh&aacute; de sholas an anama dhaonna gan baint le dogma n&oacute; creideamh.<br \/>4. Thar na haoisenna, agus len&aacute;r linn f&eacute;in, bh&iacute; agus t&aacute; i gc&oacute;na&iacute; gear&aacute;in, casaoidi agus monabhar ann maidir leis an tsl&iacute; chun an teagasc Caitliceach faoi L&aacute;ithreacaht R&eacute;alta Chr&iacute;ost sa Naomh-Shacraimint a chur in i&uacute;l. Nuair a sh&eacute;an Berengarius as Tours (11&uacute; c&eacute;ad) go raibh aon athr&uacute; sna gn&eacute;ithe ar&aacute;in agus fiona riachtanach lena mh&iacute;ni&uacute; th&aacute;inig an t&eacute;arma tras-substainti&uacute; (athr&uacute; sna substaint&iacute;) isteach mar chuid den mh&iacute;ni&uacute;. Rinneadh sin oifigi&uacute;il i gCeathr&uacute; Comhairle an Latar&aacute;in (1215) agus i gComhairle Trionta&nbsp; (&ldquo;t&eacute;arma ceart agus cruinn&rdquo;). Leir&iacute;odh an creideamh caitliceach sa L&aacute;ithreacht R&eacute;alta trid na haoiseanna s&iacute;os tr&iacute; chleachtadh agus deabh&oacute;id (abhlainn&iacute; coiscricthe &aacute; dtabhairt do na heasl&aacute;in taobh amuigh den Aifreann; C&uacute;ltaisce Eocairisteach den Naomh-Shacraimint, agus i sl&iacute;te eile). N&iacute;or choir dearmad a dh&eacute;anamh de gur r&uacute;ndiamhair &iacute; L&aacute;ithreacht seo D&eacute;.<br \/>5. De bhr&iacute; gur r&uacute;ndiamhair chomh domhain sin &Iacute;osa mar Ar&aacute;n na Beatha agus mar Shl&aacute;naitheoir an domhain, agus toisc gur g&aacute; an gr&aacute;sta le teacht chuig&nbsp; Cr&iacute;ost, n&iacute; m&oacute;r urna&iacute; don chreideamh seo in &Iacute;osa.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>16 L&uacute;nasa 2015 (B) An Fichi&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;oblaleis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;B.An B&iacute;obla &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-328","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/328","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=328"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/328\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=328"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=328"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=328"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}