{"id":330,"date":"2015-08-20T16:21:40","date_gmt":"2015-08-20T16:21:40","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=330"},"modified":"2015-08-20T16:21:40","modified_gmt":"2015-08-20T16:21:40","slug":"23-lunasa-2015-b-an-taonu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=330","title":{"rendered":"23 L\u00fanasa 2015 (B) An tAon\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">23 L&uacute;nasa 2015 (B) An tAon&uacute; Domhnach Fichead Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">A L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><em><span style=\"color: blue;\">Inspior&aacute;id &oacute;n mB&iacute;obla do theaghlaigh Chr&iacute;osta&iacute; inniu<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(I&oacute;sua 24:1-2, 15-18). <em>D&eacute;anfaimid f&oacute;namh don Tiarna &oacute;ir is &eacute; &aacute;r nDia &eacute;.<\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">T&aacute; Leabhar Ios&uacute;a ag r&iacute;omh ghabh&aacute;il Th&iacute;r Tairngire, Th&iacute;r Can&aacute;n, ag na hEabhraigh faoi cheannasa&iacute;ocht I&oacute;sua, comharba Mhaois. Nuair a measadh go raibh an concas cr&iacute;ochnaithhe bheartaigh I&oacute;sua go nd&eacute;anfadh an pobal buach conradh le Dia cos&uacute;il leis an gceann a rinne a sinsir ag Sinai faoi Mhaois. Ina aitheasc tugann I&oacute;sua chun cuimhne do threibheanna Iosrael agus d&aacute; sean&oacute;ir&iacute; luathstair a gcine agus adhradh &ldquo;taobh thall den Abhainn&rdquo; (An Eofrait), sa Mheaspat&aacute;im, agus na d&eacute;ithe br&eacute;ige at&aacute; m&oacute;r timpeall orthu anois sa Phailist&iacute;n, &ldquo;d&eacute;ithe na nAm&oacute;r&iacute;teach&rdquo;. Iarrtar ar phobal Iosrael rogha a dh&eacute;anamh faoin fh&oacute;namh creidimh is toil leo d&eacute;anamh, do na d&eacute;ithe sin n&oacute; do Dhia Iosrael. D&eacute;anann I&oacute;sua f&eacute;in admh&aacute;il chreidimh don Tiarna, Dia Iosrael. Bh&iacute; t&uacute;s le r&eacute; nua ann anois sa T&iacute;r Tairngire, toisc a ghlaoigh ar adhm&aacute;il chreidimh &uacute;r. D&rsquo;fhreagair an pobal mar a rinne I&oacute;sua: &ldquo;D&eacute;anfaimidne mar an gc&eacute;anna f&oacute;namh don Tiarna &oacute;ir is &eacute; &aacute;r nDia &eacute;&rdquo;. Roghna&iacute;odh an sliocht gairid seo do liot&uacute;irge an Domhnaigh seo le dul leis an Soisc&eacute;al ina dh&eacute;anann Peadar admh&aacute;il chreidimh in &Iacute;osa thar cheann an Dar&eacute;ag.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 180px; text-indent: -207.65pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 33[34]). <em>Blaisig&iacute; agus f&eacute;achaig&iacute; a fheabas at&aacute; an Tiarna.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eifisigh 5:21-32). <em>Is m&oacute;r an r&uacute;ndiamhair &eacute; seo, ach is &aacute; thagairt at&aacute;imse do Chr&iacute;ost agus don Eaglais. <\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">An t&eacute;acs seo is t&uacute;s &eacute; do shliocht fada (Eifisigh 5:21-6:9) faoi rialacha teaghlaigh, a bhfuil mar chusp&oacute;ir acu an teaghlach Cr&iacute;osta&iacute; a riaradh. Cuireadh an t&eacute;acs seo le ch&eacute;ile de r&eacute;ir mar a bh&iacute; an Eaglais ag dul i m&eacute;id sa dara n&oacute; sa tr&iacute;&uacute; gl&uacute;in d&aacute; saol, agus a bh&iacute; anois mar chuid den tsocha&iacute; Ghr&eacute;ag-R&oacute;mh&aacute;nach. Dealra&iacute;onn s&eacute; go bhfuil an t&eacute;acs bunaidh den ch&oacute;d seo le f&aacute;il sa litir chuig na Colasaigh 3:8-4:2, t&eacute;acs a bhfuil tionchar aige ar an sliocht seo agus ar 1 Peadar 2:18-3:7 (feic chomh maith T&iacute;teas 2:1-10). T&aacute; sp&eacute;is d&aacute; leith&eacute;id i gc&oacute;danna teaghlacha le sonr&uacute; i scr&iacute;bhinn&iacute; lucht l&eacute;annta teorice poiliti&uacute;la agus in aos l&eacute;inn eitice den tsean-r&eacute; sin. Is mar sin a bh&iacute; toisc gur fh&eacute;acadh ar an dteaghlach mar bhunchloch do leas na socha&iacute; agus an phobail. T&aacute; noirm do shaoil agus shocha&iacute; na tr&eacute;imhse sin le braith ar th&eacute;acsanna seo an Tiomna Nua, ach d&eacute;antar iad sin a shu&iacute;omh anois taobh istigh de chreatlach na f&iacute;se nua Cr&iacute;osta&iacute;. Leanann as seo go l&eacute;ir go bhfuil cuid &aacute;irithe d&aacute; bhfuil sna rialacha, na noirm, teaghlaigh seo den Tiomna Nua le meas de r&eacute;ir mheon agus chult&uacute;ir na haoise inar cumadh iad agus anois as d&aacute;ta, ach go bhfuil br&iacute; bhuan leis an chuid is m&oacute; d&iacute;obh leis an teaghlach agus an pobal Cr&iacute;osta&iacute; a thuiscint. Ag teacht le d&aacute;ta agus cult&uacute;r a gcumtha t&aacute; &aacute;it agus r&oacute;l an fhir l&aacute;rnach, agus moladh ann na mn&aacute; bheith faoi smacht a gcuid fear i gach n&iacute;. Ach san &aacute;bhar seo n&iacute; dochar a mheabhr&uacute; gur fhan st&aacute;das an fhir ch&eacute;ile mar cheannasa&iacute; i r&eacute;im i dhl&iacute; an ph&oacute;sta in dt&iacute;ortha in aice linn go dt&iacute; an nao&uacute; c&eacute;ad d&eacute;ag. Ag teacht leis an aois inar cumadh t&eacute;acs an Tiomna Nua t&aacute; tagairt ann do scl&aacute;bhaithe chomh maith. Ach b&iacute;odh go bhfuil gaol ag an t&eacute;acs seo le c&oacute;danna teaghlaigh na haoise inar cumadh &eacute;, t&aacute; s&eacute; suite taobh istigh de bhunphrionsabail an tSoisc&eacute;il, agus tosa&iacute;onn leis an ceann is bun&uacute;sa&iacute; ar fad: &ldquo;A bhr&aacute;ithre agus a shi&uacute;racha, b&iacute;g&iacute; g&eacute;illi&uacute;il d&aacute; ch&eacute;ile le hom&oacute;s do Chr&iacute;ost&rdquo;, agus ag cur b&eacute;ime ag deireadh ar naofacht an phosta idir fhear agus bhean agus ar a ngr&aacute; d&aacute; ch&eacute;ile, samhail &eacute; seo den ghr&aacute; idir Chr&iacute;ost agus an Eaglais, a bhr&iacute;deach. R&uacute;ndiamhair dhomhain an p&oacute;sadh Cr&iacute;osta&iacute;, ag tagairt do Chr&iacute;ost agus don Eaglais.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Eoin 6:60-69). <em>C&eacute; chuige a rachaimid? Is agatsa at&aacute; briathra na beatha s&iacute;ora&iacute;.<\/em> <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Seo &iacute; an c&uacute;igi&uacute; agus an l&eacute;acht Dhomhnaigh dheiridh faoi &Iacute;osa mar ar&aacute;n na beatha, l&eacute;achta&iacute; a t&oacute;gadh as soisc&eacute;al Eoin i mbliain seo Mharcais. Thosaigh na l&eacute;achta&iacute; le m&iacute;or&uacute;ilt iolr&uacute; na mbuil&iacute;n&iacute;, agus ina dhiaidh sin tagann compar&aacute;id idir &Iacute;osa mar ar&aacute;n na beatha leis an manna sa traidisiun Gi&uacute;dach. Ina dhiaidh sin bh&iacute; aitheasc &Iacute;osa faoi f&eacute;in mar an t-ar&aacute;n beo, r&aacute;iteas a chuir t&uacute;s le ceisti&uacute;ch&aacute;n ag na Gi&uacute;daigh (i l&eacute;acht an Domhnaigh seo caite) faoi conas a fh&eacute;adfadh &Iacute;osa a fheoil f&eacute;in a thabhairt le hithe. Deir l&eacute;acht an lae inniu linn go ndeacha an ceisti&uacute;ch&aacute;n agus an t-amhras seo ar aghaidh chomh fada le deisceabail &Iacute;osa f&eacute;in, faoi fheoil &Iacute;osa a ithe agus a chuid fola a &oacute;l, agus cuid acu &aacute; r&aacute;: &ldquo;Is crua an chaint &iacute; seo, agus c&eacute; a fh&eacute;adfadh &eacute;isteacht leis?|&rdquo; T&aacute; freagra &Iacute;osa pas beag dorcha, d&uacute;fhoclach: &ldquo;Agus cad &eacute; m&aacute; fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh s&eacute; cheana?&rdquo;, cl&aacute;sal coinn&iacute;olach gan pr&iacute;omhabairt. <\/span><span style=\"color: black;\">D&rsquo;fheadfa&iacute; an phr&iacute;omhabairt a l&iacute;onadh isteach i sl&iacute;te &eacute;ags&uacute;la: beidh an coir, an cion, n&iacute;os troime, n&oacute; n&iacute;os &eacute;adroime, n&oacute; an d&aacute; rud le ch&eacute;ile &#8212; beidh deascabh&aacute;il Mhic an Duine chomh mist&eacute;ireach lena theacht anuas &oacute; neamh agus le t&oacute;gaint a fheoil agus a chuid fola mar bhia. Sa chomhth&eacute;acs Eocaristeach seo dealra&iacute;onn s&eacute; gurbh &iacute; an bhr&iacute; ata leis an t&eacute;acs n&aacute; seo: Mar a d&uacute;irt s&eacute; cheana, is &eacute; &Iacute;osa an tAr&aacute;n Beo a seoladh &oacute; neamh ag an Athair. Nuair a ghleoireofar &eacute; tr&iacute;na bh&aacute;s agus a ais&eacute;ir&iacute; rachaidh s&eacute; suas mar a raibh s&eacute; cheana agus cuirfidh s&eacute; uaidh an Spiorad Naomh. N&iacute; fol&aacute;ir an m&eacute;id a d&uacute;irt s&eacute; faoin Eocairist a thuiscint in &eacute;ineacht le r&uacute;ndiamhair an ioncollaithe, tr&iacute; chreideamh, tr&iacute;d an Spiorad a thugann an bheatha; n&iacute;l aon &eacute;ifeacht san &aacute;bhar seo ag an r&eacute;as&uacute;na&iacute;ocht dhaonna (&ldquo;an fheoil&rdquo;). N&iacute; thagann creideamh i l&aacute;ithreacht &Iacute;osa sa Eocairist ach tr&iacute; bhronntanas &oacute;n Athair. (&ldquo;N&iacute; f&eacute;idir d&rsquo;aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha d&oacute; ag m&rsquo;Athair&rdquo;). Bh&iacute; an m&eacute;id a d&uacute;irt &Iacute;osa faoina l&aacute;ithreacht san Eocairist r&oacute;-chrua do a l&aacute;n d&aacute; lucht lean&uacute;na agus thr&eacute;ig roinnt acu &eacute;. Ach n&iacute;orbh amhlaidh don D&aacute;r&eacute;ag (Aspal). Thar a gceann, faoi mar a rinne s&eacute; ag <\/span>Caesairia Philib, d&eacute;anann Peadar admh&aacute;il chreidimh in &Iacute;osa.T&aacute; teachtaireacht, briathra, na beatha s&iacute;ora&iacute; ag Iosa. Tuigeann an D&aacute;r&eacute;ag gurbh &eacute; &Iacute;osa Aon Naofa D&eacute; &ndash; an tAr&aacute;n Beo a th&aacute;inig anuas &oacute; neamh le beatha a thabhairt don domhan.<\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\"> Inspior&aacute;id &oacute;n mB&iacute;obla do theaghlaigh Chr&iacute;osta&iacute; inniu.<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">1.&Oacute; reifreann agus &oacute; ch&uacute;rsa&iacute; polait&iacute;ochta t&aacute; a fhios againn go maith inniu go bhfuil n&iacute;os m&oacute; n&aacute; sainmh&iacute;ni&uacute; amh&aacute;in ar cad is teaghlach agus p&oacute;sadh ann. Ach ag an Eaglais Chr&iacute;osta&iacute; t&aacute; an tuiscint ch&eacute;anna den teaghlach aici agus a bh&iacute; ann trid na haoiseanna s&iacute;os. Agus sa tuiscint sin dearcadh ar an dteaghlach mar bhunchloch den tsocha&iacute;, den phobal, reiligi&uacute;nda agus sibhialta, agus d&aacute; bharr sin &oacute;n chianaimsir bh&iacute; rialacha agus c&oacute;danna iompair priobh&aacute;ideacha ann ina thaobh. De r&eacute;ir mar a bh&iacute; an Eaglais ag dul i dtreise agus ag t&aacute;th&uacute;, &oacute; chreidmhigh aonair go teaghlaigh ioml&aacute;na, chuir s&iacute; c&oacute;danna d&aacute; leith&eacute;id le ch&eacute;ile d&aacute; baill f&eacute;in. T&aacute; sampla&iacute; de roinnt d&iacute;obh i litreacha an Tiomna Nua a fh&eacute;adfadh bheith f&oacute;s mar threoir agus mar inspior&aacute;id do theaglaigh Chr&iacute;osta&iacute; inniu, ag tabhairt airde cu&iacute; ar na tosca at&aacute; athraithe go m&oacute;r tr&iacute;d an d&aacute; mh&iacute;le bliain idir an l&aacute; inniu agus an tr&aacute;th inar cumadh na scr&iacute;bhinn&iacute; sin.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">2.Cuireadh roinnt de ch&oacute;danna sin an Tiomna Nua le ch&eacute;ile do theaghlaigh a bh&iacute; s&iacute;nte agus measctha, leis an athair agus an mh&aacute;thair i l&aacute;rbhaill, agus chomh maith le sin, mar a bh&iacute; sa tsocha&iacute; phag&aacute;nach R&oacute;mh&aacute;nach, scl&aacute;bhaithe agus a m&aacute;istr&iacute; ann chomh maith.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">3. Sa sean-r&eacute; sin, maidir leis an teaghlach, san Eaglais Chr&iacute;osta&iacute;, ba chuma faoin ghaol a bh&iacute; ann taobh istigh den ghr&uacute;pa, agus faoi c&eacute; a bh&iacute; umhal agus ag tabhairt om&oacute;is do c&eacute; h&eacute; (bean ch&eacute;ile don fhear c&eacute;ile, scl&aacute;bha do mh&aacute;istir), do gach aoinne bh&iacute; pearsa Chr&iacute;ost agus a theagasc faoi ghr&aacute; an chomharsa l&aacute;rnach. Bheadh cuimhne ag baill an teaghlaigh ar a d&uacute;irt &Iacute;osa leis na sluaite agus lena dheisceabail i Matha (Matha 23:8-12): &ldquo;N&aacute; b&iacute;odh &lsquo;raib&iacute;&rsquo; &aacute; thabhairt oraibhse; &oacute;ir n&iacute;l ach an t-aon Mh&aacute;istir oraibh, agus is br&aacute;ithre sibhse uile. Agus n&aacute; glaoig&iacute; bhur &lsquo;n-athair&rsquo; ar aon duine ar an talamh, &oacute;ir n&iacute;l agaibh ach an t-aon Athair, an t&eacute; at&aacute; ar neamh. Agus f&oacute;s n&aacute; b&iacute;odh m&uacute;inteoir&iacute; &aacute; thabhairt oraibh, &oacute;ir n&iacute;l agaibh ach an t-aon Mh&uacute;inteoir, an Cr&iacute;ost. An t&eacute; agaibh is uaisle, beidh s&eacute; na sheirbh&iacute;seach daoibh. Agus cib&eacute; duine a ard&oacute;iodh &eacute; f&eacute;in, isleofar &eacute;, agus cib&eacute; duine a isleoidh &eacute; f&eacute;in ard&oacute;far e&rdquo;. Agus n&iacute; bheadh dearmad d&eacute;anta ach an oiread ar chomhairle Ph&oacute;il chuig na Filipigh (Filipigh 2:2-4): &ldquo;Cuirig&iacute; barr ar mo chuid &aacute;thais tr&iacute; bheith ar aon aigne le ch&eacute;ile. N&aacute; d&eacute;anaig&iacute; aon n&iacute; le teann ioma&iacute;ochta n&aacute; le teann gaisce, ach sibh a mheas go huir&iacute;seal gur fearr daoine eile n&aacute; sibh f&eacute;in. N&aacute; b&iacute;odh aon duine ag cuimhneamh ar a leas f&eacute;in amh&aacute;in ach ar leas na gcomharsana chomh maith&rdquo;. Bheadh treoir le fail &oacute;na leith&eacute;id de th&eacute;acsanna nuair a bh&iacute; na c&oacute;danna teaghlaigh &aacute; gcur le ch&eacute;ile de r&eacute;ir prionsabal a raibh glactha leo san am maidir le mn&aacute; ch&eacute;ile agus p&aacute;ist&iacute; a bheith umhal agus om&oacute;sach, ach an c&oacute;d anois sa chomhth&eacute;acs Cr&iacute;osta&iacute; bheadh spiorad nua ag gabh&aacute;il leo, mar ina dt&uacute;s deirtear le gach aoinne (Eifisigh 5:21): &ldquo;B&iacute;g&iacute; g&eacute;illi&uacute;il d&aacute; ch&eacute;ile le hom&oacute;s do Chr&iacute;ost&rdquo;. Tugann an t-om&oacute;s seo do Chr&iacute;ost gn&eacute; nua ar fad isteach sna caidrimh seo sa teaghlach. Tugann an t-om&oacute;s meas don duine eile, ag tabhairt airde le f&aacute;s agus dul chun cinn an duine sin sa bheatha Chr&iacute;osta&iacute; agus ina mbeatha phearsanta. T&aacute; m&iacute;r sna c&oacute;danna &aacute;rsa sin (nach mbaineann leis an l&aacute; inniu) ar scl&aacute;bhaithe agus a m&aacute;istr&iacute;. Cuireann na t&eacute;acsanna Cr&iacute;osta&iacute; cl&aacute;sal isteach go bhfuil siad araon freagrach do Dhia, agus beidh luach saothair n&oacute; pion&oacute;s acu &oacute; Dhia mar a oireann. Deirtear leis na m&aacute;istr&iacute; gan bheith ag bagairt ar na scl&aacute;bhaithe, agus a fhios a bheith acu go bhfuil an M&aacute;istir c&eacute;anna acu agus acusan ar neamh agus gur cuma leis si&uacute;d duine seachas a ch&eacute;ile (Eifisigh 6:9)<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">4.Ceist eile n&aacute; conas inspior&aacute;id a bhaint as na l&eacute;achta&iacute; sin i gc&oacute;ir teaghlaigh an lae inniu. N&iacute; fol&aacute;ir do phearsa Chriost agus gach a leanann as a bheith i l&aacute;r baill. Inniu t&aacute; a l&aacute;n p&aacute;ist&iacute; a rachaidh ar Aifreann an Domhnaigh lena dtuismitheoir&iacute; fad is mion&uacute;ir iad, ach nach dt&eacute;ann a thuilleadh ina dhiaidh sin, b&iacute;odh nach ionann sin agus an creideamh a sh&eacute;anadh. Bheadh gairm ag tuismitheoir&iacute; a nd&iacute;cheall a dh&eacute;anamh lena gclann a ullmh&uacute; lean&uacute;int leis an urna&iacute; nuair nach p&aacute;ist&iacute; n&oacute; mion&uacute;ir iad a thuilleadh, fi&uacute; muna dt&eacute;ann siad ar an Aifreann. N&iacute; bheadh &uacute;s&aacute;id leabhar bhig urna&iacute; as an &aacute;ireamh. N&iacute; m&oacute;r aghaidh a thabhairt ar an gceist faoi conas eolas ar an gcreideamh a thabhairt do dhaoine &oacute;ga f&aacute;sta thar mar is f&eacute;idir a thabhairt ag Aifreann an Domhnaigh. D&rsquo;fh&eacute;adfadh tuismitheoir&iacute; iarracht a dh&eacute;anamh sl&iacute;te a aimsi&uacute; conas sin a dh&eacute;anamh. <\/span><span style=\"color: black;\">Is f&eacute;idir le leabhair agus eagrais a phl&eacute;ann leis an fhadhb seo cabhair a thabhairt. Ach fanann r&oacute;l an teaghlaigh Chriosta&iacute; l&aacute;rnach i gc&oacute;na&iacute;, tuismitheoir&iacute; agus p&aacute;ist&iacute; mar aonad amh&aacute;in, le teacht ar eolas n&iacute;os doimhne ar an gcreideamh agus &eacute; a sheachadadh &ndash; an creideamh i gCr&iacute;ost agus san Eaglais.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">(I gc&oacute;ir machnamh ar Shoisc&eacute;al an lae inniu agus an Eocairist feic faoin Domhnach seo caite<\/span><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">An 20&uacute; Domhnach den Bhlian (B), 16 L&uacute;nasa 2015: <em>An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/em><\/span><em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\"> &Iacute;osa Cr&iacute;ost Ar&aacute;n na Beatha. Sl&aacute;n&uacute;. Monabhar. Comhartha a sh&eacute;anfar; <\/span><\/em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">agus freisin: <\/span><em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae, <\/span><\/em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">17&uacute; Domhnach Saor(B) , 26 I&uacute;il 2015:<em> An Eocairist: Cuimhneach&aacute;n ilghn&eacute;itheach ar &Iacute;osa agus d&aacute; sheasann s&eacute;. <\/em><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>23 L&uacute;nasa 2015 (B) An tAon&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-330","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/330","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=330"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/330\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=330"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=330"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=330"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}