{"id":331,"date":"2015-08-27T16:43:28","date_gmt":"2015-08-27T16:43:28","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=331"},"modified":"2015-08-27T16:43:28","modified_gmt":"2015-08-27T16:43:28","slug":"30-lunasa-2015-b-an-dara-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=331","title":{"rendered":"30 L\u00fanasa 2015 (B) An Dara Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">30 L&uacute;nasa 2015 (B) An Dara Domhnach Fichead Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><em><span style=\"color: blue;\">Cad a tharla don aisling Chr&iacute;osta&iacute;? An Eaglais i saol an phobail.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>&nbsp;<strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Deotranaim&iacute; 4:1-2, 6-8). <em>N&aacute; cuirig&iacute; aon bhreis lena n-orda&iacute;m daoibh; coime&aacute;daig&iacute; aitheanta an Tiarna. <\/em>I Leabhar Deotranaim&iacute; tagann an l&eacute;acht seo ag deireadh na ch&eacute;ad choda (Deotranaim&iacute; caibidil 1-4) de thr&iacute; aitheasc a dh&eacute;anann Maois do phobal Iosrael sul a raibh siad le dul isteach go T&iacute;r Tairngire tar &eacute;is bheith ag f&aacute;na&iacute;ocht san fh&aacute;sach. Beidh siad ansin <\/span><span style=\"font-size: 13pt; color: black;\">i <\/span><span style=\"color: black;\"> measc pobal pag&aacute;nacha agus n&iacute; m&oacute;r d&oacute;ibh bheith ullamh go maith d&oacute; sin tr&iacute; bheith feasach de na pribhil&eacute;id&iacute; at&aacute; acu mar phobal at&aacute; roghnaithe faoi leith ag Dia, Dia a raibh caidreamh acu leis agus Dl&iacute; agus treoracha don bheatha uaidh. Bheadh comhth&aacute;th&uacute; eatorthu f&eacute;in uathu, le nach nd&eacute;anfa&iacute; iad a athshamhl&uacute; ag an pobal pag&aacute;nach sin. Bheadh tuiscint acu gur cine faoi leith iad le misean do dhaoine eile ar an fhi&uacute;ntas a bh&iacute; i gcreideamh san aon fh&iacute;or-Dhia amh&aacute;in, Dia Iosrael, bheadh sin acu tr&iacute; chreideamh daingean agus chleachtadh ag teacht leis na dl&iacute;the don sl&iacute; bheatha a tugadh d&oacute;ibh. Bh&iacute; eagna dhiaga sna dl&iacute;the sin agus sa tsl&iacute; bheatha sin, eagna a bheadh ag dul i bhfeidhm orthu si&uacute;d taobh amuigh de chlann Iosrael. Na dl&iacute;the sin, agus sl&iacute; bheatha sin Iosrael, ba chumasc iad de aitheanta D&eacute; a mhairfeadh do gach tr&aacute;th (mar shampla na cinn ar a dtugaimid na Deich nAitheanta) agus dl&iacute;the agus n&oacute;sanna eile a raibh bunadh &eacute;ags&uacute;il leo ach a chothaigh t&aacute;th&uacute; phobal Iosrael ina dtr&aacute;th f&eacute;in, agus mar &ldquo;mharc&oacute;ir&iacute;&rdquo; ag d&eacute;anamh <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">soil&eacute;ir gurbh &eacute;ags&uacute;il Iosrael &oacute; chin&iacute;ocha eile. D&rsquo;fheidhmigh siad sin go maith d&rsquo;Iosrael thar na c&eacute;adta bliain, agus fi&uacute; sa domhan pag&aacute;nach i dtr&eacute;imhse an Tiomna Nua, agus roimhe sin, bh&iacute; meas ar shionag&oacute;ig&iacute; agus ar phobal na nGi&uacute;dach de bharr an aondiachais shoil&eacute;ir agus an iompair mhor&aacute;lta a bhi acu de ghn&aacute;th. Ach bh&iacute; an cath&uacute; ann i gcodanna &aacute;irithe den Ghi&uacute;dachas (i measc na bhFairis&iacute;neach mar shampla) an prionsabal gan aon bhreis a chur le Dl&iacute; Mhaois dul r&oacute;-fhada agus dl&iacute;the agus n&oacute;sanna nua a chumadh faoi sc&aacute;th bheith ag cosaint an Dl&iacute; sin. Roinnt mhaith de na &ldquo;marc&oacute;ir&iacute;&rdquo; sin a raibh mar aidhm acu f&eacute;ini&uacute;lacht an chine Ghi&uacute;daigh a chosaint agus iad a dheighilt &oacute; n&aacute;isi&uacute;in eile, n&iacute; raibh siad inghlactha ag an luath-Eaglais Chr&iacute;osta&iacute; nuair a thuigeadh gur chuir b&aacute;s Chr&iacute;ost deireadh le deighilt idir chin&iacute;ocha. Bh&iacute; sl&aacute;n&uacute; ar f&aacute;il do gach duine tr&iacute; chreideamh i gCr&iacute;ost, gan deighilt ann a thuilleadh idir Ghi&uacute;dach agus Gintl&iacute;.<\/span><\/p>\n<p>Salm le Freagra <span style=\"color: black;\">(Salm 14[15]). <em>A Thiarna, c&eacute; a dh&eacute;anfaidh c&oacute;na&iacute; i do phoball?<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(S&eacute;amas 1:17-18, 21-22, 27). <em>Caithfidh sibh an briathar a chur i ngn&iacute;omh. <\/em>I rith na seacht nDomhna&iacute; a ghabh tharainn bh&iacute; sleachta &aacute;ille againn as an Litir chuig na hEifisigh. Inniu, sa dara l&eacute;acht, cuirimid t&uacute;s le c&uacute;ig l&eacute;acht, i rith na gc&uacute;ig Domhnach seo romhainn, &oacute; litir eile, Litir Sh&eacute;amais. Is &iacute; an ch&eacute;ad litir &eacute; seo de sheacht litreacha den Tiomna Nua ar a dtugtar Na Litreacha Caitliceacha, caitliceach sa chiall go meastar gur d&iacute;r&iacute;odh iad dt&iacute; an Eaglais uil&iacute;och, chomhchoitianta, seachas go eaglais aonair, n&oacute; go daoine aonair, mar is c&aacute;s do litreacha Ph&oacute;il. T&aacute; Litir Sheamais caitliceach sa chiall sin. Tosa&iacute;onn s&iacute; go simpl&iacute;, ag lua ainm na scribhneora agus na bhfaighteoir&iacute;, iad si&uacute;d ar dir&iacute;odh chucu &iacute;: &ldquo;S&eacute;amas seirbh&iacute;seach D&eacute; agus anTiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost chuig an d&aacute; threibh dh&eacute;ag at&aacute; ar dheora&iacute;ocht&rdquo;. N&iacute; fios go beacht c&eacute; h&eacute; an S&eacute;amas i gceist. Measann daoine &aacute;irithe gurbh &eacute; S&eacute;amas br&aacute;thair an Tiarna &eacute;, ceannaire na hEaglaise &oacute;ige in Iar&uacute;sail&eacute;im a cuireadh chun b&aacute;is sa bhliain 62 A.D. Ach t&aacute; togha na Gr&eacute;igise sa litir, agus gaol aici le scr&iacute;bhinn n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa ch&eacute;ad c&eacute;anna. Agus tugann sin ar a l&aacute;n scol&aacute;iri a mheas gur scr&iacute;obhadh &eacute; go d&eacute;anach in aois tosaigh na Cr&iacute;osta&iacute;ochta. Is d&oacute;cha gurbh iad &ldquo;dh&aacute; threibh dh&eacute;ag na deora&iacute;ochta&rdquo; Cr&iacute;ostaithe Gi&uacute;dacha taobh amuigh den Phailist&iacute;n (T&iacute;r Iosrael), ar fud impireacht na R&oacute;imhe, go m&oacute;r m&oacute;r sna t&iacute;ortha maguaird, an tSiria, an &Aacute;is (i dTuirc an lae inniu), an &Eacute;igipt. Ach d&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; bheith gur teideal &ldquo;an d&aacute; threibh d&eacute;ag&rdquo; don Eaglais Chr&iacute;osta&iacute; i gcoitinne, an Iosrael Nua.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;Murab ionann agus an Litir chuig na hEifisigh, n&iacute; shaothra&iacute;onn S&eacute;amas t&eacute;ama&iacute; ar feadh i bhfad. T&aacute; s&eacute; faoi thionchar thraidisi&uacute;n Eabraise na heagna agus theagasc &Iacute;osa, go h&aacute;irithe mar at&aacute; sin le fail sa tSeanm&oacute;ir ar an Sliabh. Ar uairibh deireann s&eacute; a bhfuil le r&aacute; aige &iacute; r&aacute;itis ghearra (ar uairibh d&uacute;thomhais, deacair le tuiscint), agus fi&uacute; le h&iacute;omh&aacute;nna neamhghn&aacute;thacha. Bheadh ar chumas a ch&eacute;ad-l&eacute;itheoir&iacute; iad a thuiscint, n&oacute; na nodanna, leathfocail, a l&iacute;onadh isteach &oacute;n dteagasc Cr&iacute;osta&iacute; bh&iacute; acu, teagasc a ghlacann S&eacute;amas leis a bheith ar eolas acu. I l&eacute;acht an lae inniu tosa&iacute;onn s&eacute; lena r&aacute; go dtagann gach rud f&oacute;nta sa bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &oacute; Dhia at&aacute; maith agus foirfe, Athair na soilse. Thug Dia na Cr&iacute;ostaithe ar an saol, ghin s&eacute; iad mar a chlann, &ldquo;tr&iacute; bhriathar na firinne&rdquo;, tr&iacute;d an tSoisc&eacute;al, le go mbeidis mar ch&eacute;adtoradh d&aacute; chruthaigh s&eacute; le fianaise a thabhairt d&oacute; &ndash; comhartha ar an ngr&aacute; m&oacute;r at&aacute; aige d&oacute;ibh.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Leanann S&eacute;amas ar aghaidh faoi bhriathar D&eacute; at&aacute; curtha mar sh&iacute;ol i gCr&iacute;ostaithe, briathar at&aacute; in ann a n-anam a shlan&uacute;. Mar sin, t&aacute; cumhacht sa bhriathar seo. Is f&eacute;idir an m&eacute;id a deir s&eacute; a chur i gcompar&aacute;id lena deir P&oacute;l ag scr&iacute;obh chuig na Teasal&oacute;naigh (1 Teas 2:13) nach briathar daonna at&aacute; sa Soisc&eacute;al, ach d&aacute;ir&iacute;re briathar D&eacute; at&aacute; gn&iacute;omhach, ag feidhmi&uacute;, i gcreidmhigh. D&rsquo;fh&eacute;adfaimis labhairt air mar bhronntanas an Spioraid Naoimh istigh sna creidmhigh &aacute; spreagadh chun gn&iacute;mh. Tagann an chumhacht inmhe&aacute;nach seo, an briathar &ldquo;in-churtha&rdquo;, chun beatha tr&iacute; bheatha fh&iacute;rinneach Chr&iacute;osta&iacute;. N&iacute; m&oacute;r &eacute;isteacht leis an mbriathar seo agus feidhmi&uacute; d&aacute; r&eacute;ir.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;Ag deireadh na l&eacute;achta seo t&aacute; sainmh&iacute;ni&uacute; &aacute;lainn ar &eacute;irim na Cr&iacute;osta&iacute;ochta in aois ar bith: gr&aacute; an chomharsa, go h&aacute;irithe iad sin in am an gh&aacute;tair (dilleachta&iacute; agus baintreacha) agus gr&aacute; D&eacute; le seirbh&iacute;s d&oacute; amh&aacute;in, gan ligean do n&oacute;sanna saolta creidmhigh a thruailli&uacute;.<\/span><\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 7:1-8, 14-15, 21-23). <em>F&aacute;gann sibh aithne D&eacute; agus coinn&iacute;onn sibh traidisi&uacute;n na ndaoine. <\/em>Ba chuid t&aacute;bhachtach de shaol na nGi&uacute;dach i laethanta &Iacute;osa na Fairis&iacute;nigh agus ar feadh ch&eacute;ad bhliain go leith roimhe sin. Ba ghr&uacute;pa de thuata&iacute; iad a bh&iacute; tugtha ar aithris a dh&eacute;anamh ar na sagairt sa Teampall. Bh&iacute; iomr&aacute; orthu de bharr cleachta&iacute; faoi leith a bh&iacute; acu amhail n&iacute;och&aacute;n deasghn&aacute;thach (seachas sl&aacute;inteach), mar n&iacute; l&aacute;mh, corc&aacute;n agus soith&iacute; pr&aacute;is agus mar sin de. B&iacute;odh n&aacute;rbh l&iacute;onmhar iad (thart ar cheithre mh&iacute;le) bh&iacute; tionchar an-mh&oacute;r acu ar an bpobal go coitianta. Saineolaithe ar Dhl&iacute; Mhaois ab ea na scr&iacute;obhaithe ach bheadh b&aacute;idh ag a l&aacute;n d&iacute;obh le tuairm&iacute; agus modh beatha na bhFairis&iacute;neach. Ba ch&oacute;ir tabhairt faoi deara faoi mar a th&eacute;ann &Iacute;osa go cro&iacute;l&aacute;r na ceiste: glaine chro&iacute;, reiligi&uacute;n inmhe&aacute;nach seachas rud&aacute;i seachtracha gan t&aacute;bhacht amhail n&iacute;och&aacute;n. Sa dara cuid den l&eacute;acht, ina labhra&iacute;onn &Iacute;osa leis &ldquo;an pobal&rdquo; i gcoitinne, seachas na Fairis&iacute;nigh, scr&iacute;obhaithe n&oacute; na haspail, m&iacute;n&iacute;onn &Iacute;osa ruda&iacute; n&iacute;os soil&eacute;ire: glaineacht agus glaine chro&iacute;. T&oacute;gtar an cro&iacute; mar fhoinse den ghn&iacute;omha&iacute;ocht dhaonna.<\/span><\/p>\n<p style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae. <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Cad a tharla don aisling Chr&iacute;osta&iacute;? An Eaglais i saol an phobail.<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\"> Anois is ar&iacute;s cloistear r&aacute;itis &oacute; phoiliteoir&iacute;, &oacute; iriseoir&iacute; agus i litreacha chuig p&aacute;ipeir&iacute; n&aacute;r choir go mbeadh &aacute;it ar bith ag an Eaglais i saol an phobail, amhail is go mba baol &iacute; an Eaglais do riarach&aacute;n c&uacute;rsai pobail. I measc lucht acad&uacute;il is f&eacute;idir frith-chl&eacute;ireachas &aacute;irithe a bhrath, n&oacute; fi&uacute; meon frith-Chr&iacute;osta&iacute;, le mian agus iarracht diagacht Chr&iacute;osta&iacute; agus ministr&iacute; creidimh a choinne&aacute;il amach &oacute;n saol acad&uacute;il. T&aacute; feachtas agus treall&uacute;s chuige seo ag dul ar aghaidh le fada anois. T&aacute; an meon taobh thiar curtha in i&uacute;l mar seo leanas ag an Dara Comhairle Vatac&aacute;ineach ina Bunreacht Tr&eacute;adach ar an Eaglais i saol an lae inniu (7 Nollaig 1965): &ldquo;Deallra&iacute;onn s&eacute; go bhfuil fait&iacute;os ann inniu go bhfuil baol ann do fh&eacute;inriar na pearsan daonna, do fh&eacute;inriar eagras agus eola&iacute;ochta&iacute; &oacute; bhaint dhl&uacute;th idir ghn&iacute;omha&iacute;ocht dhaonna agus reiligi&uacute;n&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">Nuair a bh&iacute;onn dearcadh coitianta d&aacute; leith&eacute;id ann, is glaoch &eacute; do chreidmhigh machnamh a dh&eacute;anamh ar na saincheisteanna at&aacute; faoi chaibideal agus iad f&eacute;in a chur ar an eolas faoi na bunphrionsabail a bhaineann le h&aacute;bhar. Ba choir gur glaoch &eacute; leis an aisling, an fh&iacute;s, Chr&iacute;osta&iacute; faoin bheatha a athmh&uacute;scailt agus iarracht a dh&eacute;anamh f&iacute;s sin na Cr&iacute;osta&iacute;ochta agus na hEaglaise a choime&aacute;d beo agus gn&iacute;omhach sa diosc&uacute;rsa poibl&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">Mar bhunchloch don chreideamh agus don chleachtadh Cr&iacute;osta&iacute; t&aacute; an d&aacute; aithne, gr&aacute; D&eacute; agus gr&aacute; an chomharsa. Mar a d&uacute;irt &Iacute;osa, ar an d&aacute; aithne sin t&aacute; an Dl&iacute; go hioml&aacute;n agus na F&aacute;ithe ag brath. <\/span><span style=\"color: black;\">N&iacute; f&eacute;idir iad a scaradh &oacute;na ch&eacute;ile. N&oacute; mar a chuireann Litir Sh&eacute;amais i dara l&eacute;acht an lae inniu &eacute;: &ldquo;Seo &eacute; f&iacute;orchleachtadh an chreidimh at&aacute; glan agus gan sm&aacute;l: cuairt a thabhairt ar na d&iacute;lleachta&iacute; agus na baintreachta in am a ng&aacute;tair agus sinn f&eacute;in a choime&aacute;d saor &oacute; thruailli&uacute;&rdquo;. I rith a staire, agus go m&oacute;r m&oacute;r in&aacute;r dt&iacute;r f&eacute;in, bh&iacute; an Eaglais gafa i gc&uacute;rsa&iacute; soisialta agus i seirbh&iacute;s&iacute; soisialta, i gc&uacute;ram na lag agus iad si&uacute;d ar an imeall, san oideachas, sna heala&iacute;ona, sa litriocht agus sna heola&iacute;ochta&iacute;. Is iad creidmhigh, an eaglais, a thug d&uacute;inn an saol mar at&aacute; s&eacute; againn inniu, b&iacute;odh go bhfuil a l&aacute;n ann ar mhaith leo dearmad a dh&eacute;anamh de sin. Luachanna soisialta an lae inniu, amhail c&uacute;ram na lag agus iad si&uacute;d faoi mh&iacute;chumas, athmhuintearas seachas d&iacute;oltas, agus m&oacute;r&aacute;n luachanna eile, is cuid den oidhreacht shaibhir Crr&iacute;osta&iacute; iad.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">Glaonn an oidhreacht Chriosta&iacute; seo orainn go l&eacute;ir aithne a chur uirthi, eolas a chur ar a t&aacute;bhacht agus bheith r&eacute;idh lena cosaint.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>30 L&uacute;nasa 2015 (B) An Dara Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-331","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/331","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=331"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/331\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=331"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=331"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=331"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}