{"id":333,"date":"2015-08-31T08:21:34","date_gmt":"2015-08-31T08:21:34","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=333"},"modified":"2015-08-31T08:21:34","modified_gmt":"2015-08-31T08:21:34","slug":"6-mean-fomhair-2015-b-an-triu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=333","title":{"rendered":"6 Me\u00e1n Fomhair 2015 (B) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">6 Me&aacute;n Fomhair 2015 (B) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach Fichead Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><em><span style=\"color: blue;\">Glaoch d&rsquo;athnuachan Chr&iacute;ostai san Eaglais in &Eacute;irinn.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(<em>&Iacute;se&aacute;ia <\/em> 35:4-7). <em>Oscl&oacute;far s&uacute;ile na ndall agus ni bheidh moill ar cluasa na mbodhar. <\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">T&aacute; diantaighde agus staid&eacute;ar ann na laethanta seo faoi mar ar cuireadh Leabhar &Iacute;se&aacute;ia, caibidil 1 go 66, go m&oacute;r m&oacute;r caibidil 40-55, i dtoll a ch&eacute;ile, agus is cinnte go leanfaidh an c&iacute;oradh ar aghaidh. Is gn&aacute;thach, mar sin f&eacute;in, tr&iacute; chuid, tr&iacute; roinn, a fheice&aacute;il sa leabhar. A bhfuil ar eolas againn faoin bhf&aacute;idh f&eacute;in (a bh&iacute; gn&iacute;omhach sa dara cuid den ocht&uacute; c&eacute;ad roimh Chr&iacute;ost) t&aacute; sin ar f&aacute;il sa ch&eacute;ad roinn den Leabhar (caibidil 1-39), agus don chuid is m&oacute; de t&aacute; s&eacute; ag tabhairt rabhaidh don phobal faoina m&iacute;dh&iacute;lseacht don chonradh. Roinn n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; den Leabhar, caibidil 40-55 (n&oacute; 40-48), ar a dtugtar an Dara &Iacute;se&aacute;ia, cumadh &iacute; thart ar dheireadh na deora&iacute;ochta sa Bhaibeal&oacute;in, idir na blianta 550 agus 540 roimh Chr&iacute;ost, roinn a dtugtar mar theideal di &ldquo;Leabhar an tS&oacute;l&aacute;is&rdquo;. T&aacute; gealltanais ann faoin fhilleadh &oacute;n deora&iacute;ocht agus faoi thodhcha&iacute; ghl&oacute;rmhar. T&aacute; na caibidil eile n&iacute;os &oacute;ige n&aacute; sin f&oacute;s, &oacute; thr&eacute;imhse tar &eacute;is na deora&iacute;ochta. Caibideal 35, as a dt&oacute;gtar l&eacute;acht an lae inniu, b&iacute;odh gur &oacute; ch&eacute;ad roinn an leabhair &eacute; (caibidil 1-39), &oacute; thaobh an l&eacute;argais at&aacute; ann baineann s&eacute; le l&eacute;argas an Dara &Iacute;se&aacute;ia. D&iacute;r&iacute;odh an l&eacute;acht seo c&eacute;aduair ar na deoraithe sa Bhaibeal&oacute;in, nach raibh aon bhun&uacute;s daonna acu faoi shaoirse teacht chucu, agus spreagtar iad misneach a bheith acu. T&aacute; Dia le teacht ina gcabhair le malairt chinni&uacute;na agus le rath a thabhairt d&oacute;ibh. Faoin r&eacute; nua seo &oacute; Dhia d&rsquo;Iosrael deirtear leo gur &ldquo;bhur nd&iacute;oltas at&aacute; ag teacht, is &eacute; c&uacute;iteamh D&eacute; &eacute;&rdquo;, ach n&iacute; d&oacute;cha gur d&iacute;oltas i gcoinne naimhde Iosrael at&aacute; i gceist, mar d&iacute;reach ina dhiaidh sin labhartar faoi Dhia mar Shl&aacute;naitheoir: &ldquo;eisean (Dia) at&aacute; ag teacht do bhur slan&uacute;&rdquo;. Ionann &ldquo;d&iacute;oltas&rdquo; agus &ldquo;c&uacute;iteamh&rdquo; anseo agus d&iacute;ograis D&eacute; i leith shl&aacute;n&uacute; a phobail, pas beag mar a deir briathar gaolmhar leis in &Iacute;se&aacute;ia 9:6: &ldquo;D&iacute;ograis dh&iacute;lis an Tiarna a chuirfidh sin i gcr&iacute;ch&rdquo;. Tugann l&aacute;mh seo D&eacute; leigheas agus ioml&aacute;ine do thinnis n&iacute; hamh&aacute;in don phobal (Iosrael) agus don duine aonair (na daill, bodhair, bacaigh, balbh&aacute;in) ach don d&uacute;lra f&eacute;in (f&aacute;sach, gaineamhlach, talamh loiscthe, fearann spalta). Roghna&iacute;tear an sliocht seo &oacute; th&eacute;acs n&iacute;os faide in &Iacute;se&aacute;ia le dul leis an l&eacute;acht i Soisc&eacute;al an lae inniu ina fheictear ar an fh&aacute;istine seo bheith comhl&iacute;onta ag &Iacute;osa.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 145[146]). <em>Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(S&eacute;amas 2:1-5). <em>Nach iad bochta an tsaoil a thogh Cr&iacute;ost agus a ndearna s&eacute; oidhr&iacute; na r&iacute;ochta d&iacute;obh. <\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Leagann Litir Sh&eacute;amais b&eacute;im l&aacute;idir ar chreideamh in &Iacute;osa at&aacute; beo agus &aacute; chleachtadh. Glacann S&eacute;amas leis go bhfuil eolas ag a l&eacute;itheoir&iacute; ar theachtaireacht an tSoisc&eacute;il agus gur choir maireacht&aacute;il d&aacute; r&eacute;ir. Cuireann s&eacute; b&eacute;im air seo ar&iacute;s agus ar&iacute;s eile. N&iacute; rud teib&iacute; teachtaireacht an tSoisc&eacute;il, &ldquo;an briathar&rdquo; mar a thugann s&eacute; air. <\/span><span style=\"color: black;\">Is cumhacht &eacute; istigh i gcro&iacute;the na gcreidmheach, a bhfuil ar a chumas a n-anamacha a shabh&aacute;il. Tugann S&eacute;amas &ldquo;an briathar in-s&iacute;olaithe&rdquo;, curtha istigh, a s&iacute;oladh i gcreidmhigh, ar an mbriathar seo (S&eacute;amas 1:21). I dteanga an lae inniu b&rsquo;fh&eacute;idir go bhf&eacute;adfaimis labhairt faoi mar an Spiorad Naomh lonnaithe in&aacute;r n-anamacha. Tugann &ldquo;an briathar&rdquo;, teachtaireacht an tSoisc&eacute;il, an teagasc at&aacute; len&aacute;r mbeatha a threor&uacute;. Tugann S&eacute;amas Dl&iacute; na Saoirse air. Is f&eacute;idir dearcadh air mar sc&aacute;th&aacute;n. Ach mura cuirtear an teagasc i gcr&iacute;ch tr&iacute; ghn&iacute;omhartha t&aacute; sin cos&uacute;il le duine a fh&eacute;achann ar a &iacute;omh&aacute; f&eacute;in sa sc&aacute;th&aacute;n agus ansin im&iacute;onn agus d&eacute;anann dearmad ar a bhfuil feicthe aige (S&eacute;amas 1:22-25). Mar a mheabhra&iacute;onn S&eacute;amas d&uacute;inn, n&iacute;or ch&oacute;ir dallamull&oacute;g a chur orainn f&eacute;in: n&iacute; leor &eacute;isteacht leis an mbriathar amh&aacute;in; n&iacute; m&oacute;r &eacute; a chur i ngn&iacute;omh chomh maith (S&eacute;amas 1:22). I l&eacute;acht an lae inniu tugann S&eacute;amas sampla nithi&uacute;il de na h&eacute;ilimh a fh&eacute;adfadh an &ldquo;briathar&rdquo;, teachtaireacht an tSoisc&eacute;il, a dh&eacute;anamh. Tugann s&eacute; sampla de thion&oacute;l liot&uacute;irgeach Cr&iacute;osta&iacute; in &aacute;it chruinnithe (ar a dtugann s&eacute; sionag&oacute;g), mar a bhfuil an pobal suite in ord agus in eagar, le uachtar&aacute;n i gceannas. Tagann fear uasal le &eacute;ad&aacute;i maithe agus f&aacute;inn&iacute; air isteach agus tugtar cuireadh d&uacute; su&iacute; in &aacute;it on&oacute;rach. Ansin tagann fear bocht le droch&eacute;adach air agus deirtear leis su&iacute; in &aacute;it n&iacute;os &iacute;sle. De r&eacute;ir dealraimh ba &oacute;n &iacute;sealaicme an pobal Cr&iacute;osta&iacute; i gceist ag S&eacute;amas, agus meabhra&iacute;onn S&eacute;amas d&aacute; l&eacute;itheoir&iacute; gur beannaithe na boicht. Is m&eacute;anar d&oacute;ibh. Is saibhir iad de bharr na gairme chun an chreidimh at&aacute; faighte acu &oacute; Dhia; is oidhr&iacute; na r&iacute;ochta iad. T&aacute; briathra Sh&eacute;amais an-ch&oacute;ngarach do r&aacute;iteas tosaigh na mBi&aacute;ide i Soisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is: &ldquo;Is m&eacute;anar daoibhse at&aacute; bocht, &oacute;ir is libh r&iacute;ocht D&eacute;&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 7:31-37). <em>Thug s&eacute; &eacute;isteacht do bhodhra agus caint do bhalbha. <\/em> <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">N&iacute; dochar anseo a mheabhr&uacute; an sliocht a chuaigh d&iacute;reach roimhe seo i Soisc&eacute;al Mharcais. Chuaigh &Iacute;osa &oacute;n Ghail&iacute;l, mar a raibh diosp&oacute;ireacht aige leis na Fairis&iacute;nigh agus na scr&iacute;obhaithe, siar go cr&iacute;ocha pag&aacute;nacha na Tu&iacute;re agus na Siod&oacute;ine. Ansin bhuail bean leis, bean phag&aacute;nach a mheabhra&iacute;onn Marcas linn, bean Ghr&eacute;igeach &iacute;, Su&iacute;rif&eacute;iniceach &oacute; dh&uacute;chas, a iarann ar &Iacute;osa a hin&iacute;on a leigheas. Ba &eacute; freagra &Iacute;osa n&aacute; gur ch&oacute;ir t&uacute;s &aacute;ite a thabhairt d&aacute; phobal f&eacute;in, pobal tofa D&eacute;, ach molann s&eacute; creideamh na mn&aacute; agus leigheasann s&eacute; a hin&iacute;on mar a d&rsquo;iarr s&iacute;. Is &eacute; is mian le Marcas a l&eacute;iriu n&aacute; n&aacute;r rinne &Iacute;osa dearmad de na pag&aacute;naigh, na gintlithe, na neamh-Ghi&uacute;daigh, b&iacute;odh gur rinne s&eacute; a chuid seanm&oacute;ireachta go pr&iacute;omha d&rsquo;Iosrael. Th&aacute;inig &Iacute;osa thar nais &oacute;n Tu&iacute;r go Muir na Gail&iacute;le tr&iacute; chamchuairt: &oacute; thuaidh &oacute;n T&uacute;ir go cr&iacute;ocha pag&aacute;nacha na Siod&oacute;ine, ansin anoir aneas agus don taobh thoir de Mhuir na Gail&iacute;le tr&iacute; cheantar pag&aacute;nach an Decapolis. Baineann l&eacute;acht an lae inniu le m&iacute;or&uacute;ilt, ach n&iacute; deirtear linn go folas c&aacute; h&aacute;it ar iarradh an mh&iacute;or&uacute;ilt sin, c&eacute; acu i gceantar pag&aacute;nach n&oacute; nach hea, agus c&eacute; acu Gi&uacute;dach n&oacute; pag&aacute;nach an fear i gceist &ndash; ach n&iacute;l aon leid ann gur c&uacute;lra gintl&iacute;, pag&aacute;nach a bh&iacute; i gceist.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">An t-easl&aacute;n in gceist t&aacute; s&eacute; bodhar agus t&aacute; &ldquo;bascadh (bacadh) ar a chaint&rdquo; (stad ina chaint); <em>mogilalos<\/em> an focal Gr&eacute;igise a bhaineann Marcas &uacute;s&aacute;id as d&oacute; sin, focal nach bhfuil le f&aacute;il ach in &aacute;it amh&aacute;in eile, &Iacute;se&aacute;ia 35:6 (&ldquo;balbh&aacute;in&rdquo; sa leagan Gaeilge de &Iacute;se&aacute;ia), a thugann le fios go bhfuil Marcas ag &uacute;s&aacute;id an leagan Gr&eacute;igise de Ise&aacute;ia agus ag d&eacute;anamh tagairt do. <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Modh leithleach sna Soisc&eacute;il an tsl&iacute; ina dh&eacute;anann &Iacute;osa an t-easl&aacute;n a leigheas. Nil aon cheist faoi seilbh a bheith ag deamhan san easl&aacute;n, n&oacute; faoin deamhan a chaitheamh amach. Roinnt de na modhanna a bhaineann &Iacute;osa &uacute;said astu, mar shampla &uacute;s&aacute;id na seile, bh&iacute;odar com&oacute;nta i measc lucht leighis Gi&uacute;dacha agus Gr&eacute;igeacha. Lig &Iacute;osa osna as, in urna&iacute; n&oacute; i mbr&oacute;n, agus thug s&eacute; ord&uacute; do chluasa an fhir in Airimis (<em>Ephphata<\/em>), &ldquo;Oscla&iacute;tear thu&rdquo;. Comhl&iacute;onadh fh&aacute;istine &Iacute;se&aacute;ia 35:3-7 (a l&eacute;adh sa ch&eacute;ad l&eacute;acht) ab ea an mh&iacute;or&uacute;ilt, b&iacute;odh go labhra&iacute;onn an t&eacute;acs sin faoi oscailt na s&uacute;l, seachas oscailt na gcluas. Bheadh br&iacute; shiomb&oacute;lach le m&iacute;or&uacute;ilt seo &Iacute;osa. Bheadh s&uacute;ile agus cluasa na nAspal oscailte le comhl&iacute;onadh an bhf&aacute;istin&iacute; ag &Iacute;osa a thuiscint, agus bheadh l&iacute;ofacht cainte acu si&uacute;d ar a raibh bac ar dteanga. Agus d&eacute;anfa&iacute; aithris ar gn&iacute;omhartha agus bhriathra &Iacute;osa i deasghn&aacute;tha an bhaiste<\/span><\/p>\n<p><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Glaoch d&rsquo;athnuachan Chr&iacute;ostai san Eaglais in &Eacute;irinn.<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&Oacute;n gComhdh&aacute;il Eocairisteach Idirn&aacute;isi&uacute;nta i mBaile &Aacute;tha Cliath sa bhlaian 2012 i leith bh&iacute; glaonna &eacute;ags&uacute;la ann do athnuachan na hEaglaise in &Eacute;irinn, athnuachan ar an eolas ar an Soisc&eacute;al agus an teagasc Cr&iacute;osta&iacute; agus athnuachan ar chleachtadh ioml&aacute;n an chreidimh. Tugann na l&eacute;achta&iacute; as Litir Sh&eacute;amais san Aifreann cuireadh sin a dh&eacute;anamh agus l&eacute;argas chomh maith faoi cad at&aacute; i gceist.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Is sc&aacute;th&aacute;n &eacute; an creideamh, an Soisc&eacute;al, inar f&eacute;idir leis an Eaglais &iacute;omh&aacute; cheart di f&eacute;in a fheice&aacute;il.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> Le go mbeadh an creideamh ina sc&aacute;th&aacute;n den s&oacute;rt seo n&iacute; m&oacute;r do dhaoine eolas maith a bheith acu ar &Iacute;osa agus ar an mbeatha Chr&iacute;osta&iacute; faoi mar a chuirtear sin in&aacute;r l&aacute;thair sna Soisc&eacute;il, go h&aacute;irithe sa tSeanm&oacute;ir ar an Sliabh, i Litreacha an Tiomna Nua a l&eacute;itear gach Domhnach san Aifreann, agus sa teagasc Cr&iacute;osta&iacute;. Is ansin a fh&eacute;achaimid an &iacute;omh&aacute; cheart den Eaglais faoi mar ba ch&oacute;ir di bheith. Mar dhaoine a chreideann i gCr&iacute;ost, agus i ndomhan at&aacute; go minic naimhdeach do luachanna Cr&iacute;osta&iacute;, ba choir do chreidmhigh dearcadh ar an oidhreacht seo n&iacute; mar ualach ach (i mbriathra Sh&eacute;amais) mar dhl&iacute; na saoirse, oidhreacht a thugann treo in&aacute;r mbeatha agus treoir faoin &aacute;r mbeatha a thabhairt as i sl&iacute; at&aacute; go f&iacute;or daonna agus Cr&iacute;osta&iacute;. N&iacute; creideamh den intleacht amh&aacute;in an bheatha Chr&iacute;osta&iacute;. Is bronntanas &oacute; Dhia an creideamh, i mbriathra Sh&eacute;amais, briathar in-s&iacute;olaithe in&aacute;r n-anamacha, a spreagann chun gn&iacute;mh i deabh&oacute;id Chr&iacute;osta&iacute;. <\/span><span style=\"color: black;\">Is briathar &eacute; ar f&eacute;idir leis &aacute;r n-anamacha a shabh&aacute;il.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">D&eacute;antar an f&iacute;orchreideamh beo tr&iacute; chleachtadh. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Mar adeir S&eacute;amas n&iacute; leor &eacute;isteacht leis an briathar; caithfear &eacute; a chur i ngn&iacute;omh chomh maith. I mbriathar Sh&eacute;amais ar&iacute;s is cos&uacute;il &eacute;isteacht gan gn&iacute;omh agus duine ag dearcadh ar a cheannaithe, a &iacute;omh&aacute; (Chr&iacute;osta&iacute;) sa sc&aacute;th&aacute;n ach dearmad a dh&eacute;anamh go luath faoi c&eacute; s&oacute;rt &eacute;. Le sampla praictici&uacute;il a th&oacute;gaint, ligfeadh dearcadh mar sin gan gn&iacute;omh do dhuine ainm a chur s&iacute;os i bhfoirm dhaon&aacute;irimh mar &ldquo;Caitliceach R&oacute;mh&aacute;nach&rdquo; gan aon chaidreamh ar &eacute;igin, a bheith aige n&oacute; aici leis an gcreideamh Caitliceach seachas sin, Caitlicigh &oacute; thaobh cultuir n&oacute; cine seachas gn&iacute;mh.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Br&iacute; agus &eacute;ilimh athnuachan Chreidimh in &Eacute;irinn inniu.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> An ch&eacute;ad rud nach m&oacute;r tabhairt faoi deara sa cheist seo n&aacute; a fh&aacute;il amach conas at&aacute; c&uacute;rsa&iacute; d&aacute;ir&iacute;re. In &aacute;ireamh a rinneadh i 2013 faoi fhreastal ar Aifreann an Domhnaigh in &Eacute;irinn fuarathas amach go bhfreastala&iacute;onn 34% air, b&iacute;odh go bhfuil s&eacute; i bhfad n&iacute;os l&uacute; mar sin i roinnt cathracha, Baile &Aacute;tha Cliath mar shampla. Is figi&uacute;r an-ard an 34% sin don Iarthar Domhan inniu, b&iacute;odh go bhfuil s&eacute; i bhfad n&iacute;os isle n&aacute; an 91% in 1972-1973 agus an 87% in 1981, a chuaigh s&iacute;os go suntasach go 56% in 2006. Ach bh&iacute; pobal Caitliceach na h&Eacute;ireann thar a bheith deabh&oacute;ideach go dt&iacute; na blianta deiridh seo. Agus in &aacute;ireamh eile a rinneadh sa bhliain 2011 fuarathas amach go dt&eacute;ann pas beag n&iacute;os l&uacute; na 50% de Chaitlicigh chuig an Aifreann uair sa tseachtain n&oacute; sa mh&iacute;. Sa daon&aacute;ireamh n&aacute;isi&uacute;nta is d&eacute;ana&iacute; (2011) sh&iacute;nigh 84% gur Caitlicigh R&oacute;mh&aacute;naigh iad, agus d&eacute;arfadh daoine &aacute;irithe gur beaiche 90% maidir le &Eacute;irinnigh an uimhir nuair a fh&aacute;gtar eachtrannaigh Chaitlicigh (&oacute;n Ph&oacute;lainn mar shampla) as an &aacute;ireamh. T&aacute; laghd&uacute; suntasach ar fhreastal ar na Sacraimint&iacute; i measc na n-&oacute;g, ach n&iacute; hionann sin agus a r&aacute; go bhfuil an creideamh caillte acu i nDia, i ndiagacht Chr&iacute;ost n&oacute; san Eaglais. <\/span><span style=\"color: black;\">Ach is fada idir an 84% san daon&aacute;ireamh agus an l&iacute;on a dh&eacute;anann freastal ar an Aifreann, rud a arda&iacute;onn an cheist an Caitlicigh de r&eacute;ir cine n&oacute; cult&uacute;ir sciar maith den 84% sin. Is cinnte go bhfuil athnuachan de dh&iacute;th, agus &eacute;il&iacute;onn athnuachan iarrachta&iacute; a dh&eacute;anamh teachtaireacht Chr&iacute;ost a chur trasna don aos &oacute;g le iad a dh&eacute;anamh deimhin go bhfuil glaoch &oacute; Chr&iacute;ost acu a gcreideamh a neart&uacute; tr&iacute;d na Sacraimint&iacute; agus freastal rialta ar an Aifreann.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">R&oacute;l l&aacute;rnach na hurna&iacute; agus na deabh&oacute;ide. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Chuir &Iacute;osa &eacute; fein i l&aacute;thair mar ar&aacute;n na beatha a th&aacute;inig anuas o neamh. Agus meabhra&iacute;onn s&eacute; d&uacute;inn nach dtagann aoinne chuige ach tr&iacute; ghr&aacute;sta D&eacute;, an tAthair (Eoin 6:65). Mar a deir S&eacute;amas (S&eacute;amas 1:5; 3:13-18) t&aacute; eagna ann, sl&iacute; le rudai s&iacute;orra&iacute; a mheas, a thagann &oacute; Dhia, agus eagna gur &oacute;n saol seo a bun&uacute;s, le sp&eacute;iseanna saolta aici. <\/span><span style=\"color: black;\">Is &eacute; an p&eacute;arla l&oacute;mhar &eacute; an Chr&iacute;osta&iacute;ocht, ar choir a mheas mar sin.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Urna&iacute; do ghairmeacha don sagartacht agus do mhinistr&iacute; creidimh.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> An athnuachan seo is tr&iacute; chreideamh beo an phobail a thiocfaidh s&iacute;, agus is mar an gc&eacute;anna le gairmeacha don sagartacht, don bheatha rialta, agus i gc&oacute;ir ministr&iacute; &eacute;ags&uacute;la na hEaglaise. Ba ch&oacute;ir urna&iacute; chur suas chun D&eacute; don athnuachan agus do na gairmeacha sin.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>6 Me&aacute;n Fomhair 2015 (B) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-333","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/333","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=333"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/333\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=333"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=333"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=333"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}