{"id":336,"date":"2015-09-11T10:47:58","date_gmt":"2015-09-11T10:47:58","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=336"},"modified":"2015-09-11T10:47:58","modified_gmt":"2015-09-11T10:47:58","slug":"13-mean-fomhair-2015-b-an-ceathru-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=336","title":{"rendered":"13 Me\u00e1n Fomhair 2015 (B) An Ceathr\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">13 Me&aacute;n Fomhair 2015 (B) An Ceathr&uacute; Domhnach Fichead Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><em><span style=\"color: blue;\">Nuair is lag an Eaglais is ea is l&aacute;idir &iacute;.<\/span><\/em>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><\/li>\n<\/ol>\n<\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(&Iacute;se&aacute;ia 50:5-9). <em>Lig m&eacute; mo dhroim le lucht a bhuailte. <\/em>Seo &eacute; an tr&iacute;&uacute; hamhr&aacute;n de chuid Ghiolla (n&oacute; Sheirbh&iacute;seach) an Tiarna de roinn Leabhar &Iacute;se&aacute;ia ar a dtugtar An Dara h&Iacute;se&aacute;ia. Seo iad ceithre amhr&aacute;in Ghiolla an Tiarna: &Iacute;se&aacute;ia 42:1-7; 49:1-7; 50:4-9; 52:13-53:12. Labhra&iacute;onn na hamhr&aacute;in faoi Ghiolla an Tiarna at&aacute; tofa ag Dia le misean do phobal Iosrael a bh&iacute; faoi domheanmna agus don domhan m&oacute;r chomh maith. N&iacute;l s&eacute; cinnte c&eacute;rbh &eacute; an Giolla a bh&iacute; i gceist ag an f&aacute;idh c&eacute;aduair agus &eacute; ag d&iacute;ri&uacute; a dh&aacute;in do Iosrael, faoi dhrochmhisneach, i ndeora&iacute;ocht na Baibeal&oacute;ine n&oacute; in Iar&uacute;sail&eacute;im tamall gearr tar &eacute;is filleadh abhaile d&oacute;ibh. Measann daoine &aacute;irithe gurb&eacute; &eacute; Iosrael pearsantaithe an Giolla, n&oacute; den Iosrael uir&iacute;slithe agus athnuaite d&aacute; mhisean don domhan. Measann daoine eile gur duine aonair at&aacute; i gceist, mar shampla an f&aacute;idh f&eacute;in, n&oacute; chomhcheangal d&iacute;obh, de dhuine aonair agus de phobal. Ach is cuma c&eacute; a bh&iacute; in aigne faoin Ghiolla c&eacute;aduair, sa Tiomna Nua dearctar ar na hamhr&aacute;in sin mar fh&aacute;ist&iacute;n&iacute; faoi Chr&iacute;ost. San amhr&aacute;n &aacute;irithe seo labhra&iacute;onn na Giolla faoina chaidreamh le Dia, faoi mar ar oscail Dia a chluas le tuiscint a bhaint as an m&eacute;id ar fhulaing s&eacute;. Cuireann s&eacute; s&iacute;os orthu sin agus ar a mhuin&iacute;n gan teorann as Dia a dh&eacute;anfaidh deimhin de go mbeidh toradh f&oacute;nta ar a mhisean tr&iacute;d ar fhulaing s&eacute; agus an n&aacute;iri&uacute; a tugadh d&oacute;.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 114[115]). <em>Si&uacute;lfaidh m&eacute; i bhfianaise an Tiarna i nd&uacute;iche na mbeo.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(S&eacute;amas 2:14-18). <em>T&aacute; creideamh marbh gan dea-oibreacha. <\/em>N&iacute; m&oacute;r an t&eacute;acs &aacute;irithe seo a l&eacute;amh taobh istigh de chomhth&eacute;acs ginear&aacute;lta litir seo Sh&eacute;amais, agus n&iacute; leis f&eacute;in amh&aacute;in. Tr&iacute;d an litir seo s&iacute;os caitheann S&eacute;amas dua lena dh&eacute;anamh soil&eacute;ir nach m&oacute;r do chreideamh i nDia, le bheith ionraic, toradh a thabhairt i ndea-oibreacha. B&iacute;odh nach mbaineann s&eacute; &uacute;s&aacute;id as na t&eacute;arma&iacute;, dealra&iacute;onn s&eacute; go leagann s&eacute; b&eacute;im ar an d&aacute; aithne gr&aacute; D&eacute; agus gr&aacute; an chomharsa. N&iacute; f&eacute;idir le aon ghr&aacute; D&eacute; a bheith ann d&aacute;ir&iacute;re, n&oacute; creideamh i nDia na gloire, gan na dea-oibreacha de cabhair a thabhairt don chomharsa. N&iacute;l dearcadh Sh&eacute;amais dleatha&iacute;och, le b&eacute;im ar an dl&iacute; amh&aacute;in. An eagna Chr&iacute;osta&iacute; faoi conas toil D&eacute; a thuiscint agus a dh&eacute;anamh, is bronntanas &oacute; Dhia &eacute;, nach m&oacute;r &iacute; a iarraidh ar Dhia, agus sin le creideamh (S&eacute;amas 1:5-6). Dearcadh inmhe&aacute;nach an chreidimh, mar a thuigfe&aacute; &oacute; Sh&eacute;amas, is briathar in-s&iacute;olaithe, s&iacute;olaithe istigh i gcreidmhigh, &eacute;, at&aacute; in ann &aacute;r n-anam a shl&aacute;n&uacute; (S&eacute;amas 1:21). Ba ch&oacute;ir do chreidmheach dearcadh air amhail is d&aacute; mba sc&aacute;th&aacute;n &eacute; leis an bhf&iacute;or-fh&iacute;s Chr&iacute;osta&iacute; a fheice&aacute;il, ach at&aacute; gan mhaith mura chuirtear i bhfeidhm &eacute; le dea-oibreacha (S&eacute;amas 1:22-25). Is &eacute; is f&iacute;or-chreideamh i l&aacute;thair D&eacute; agus an Athar, dar le S&eacute;amas, n&aacute; cuairt a thabhairt ar na d&iacute;leachta&iacute; agus na baintreacha in am a ng&aacute;tair agus gan ligean don saol sinn f&eacute;in a thruaili&uacute; (S&eacute;amas 1:27). Iad sin a bhfuil creideamh &aacute;r dTiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost, Tiarna na gl&oacute;ire, acu n&iacute;or ch&oacute;ir d&oacute;ibh aon fhabhar a thaispe&aacute;int idir shaibhir agus daibhir, ag d&eacute;anamh leathchuma de na boicht agus umhl&uacute; go talamh roimh an duine saibhir (S&eacute;amas 2:1-7). Luann S&eacute;amas an &ldquo;dl&iacute; r&iacute;oga&rdquo;, dl&iacute; Mhaois a th&aacute;inig &oacute; Dhia R&iacute; na nUile, an dl&iacute; a bh&iacute; <\/span>i l&aacute;r baill ag &Iacute;osa ina sheanm&oacute;ireacht faoi r&iacute;ocht D&eacute;: &ldquo;Gr&aacute;&oacute;idh t&uacute; do chomharsa mar th&uacute; f&eacute;in&rdquo;. Soil&eacute;ir&iacute;onn S&eacute;amas &eacute; seo tr&iacute; shampla&iacute; a thaispe&aacute;nann go bhfuil &ldquo;creideamh&rdquo;, tuigthe mar &aacute;iti&uacute;s intleacht&uacute;il ar fh&iacute;rinn&iacute; an chreidimh, go bhfuil sin gan mhaith mura cuirtear i bhfeidhm &eacute; tr&iacute; ghn&iacute;omh. Mura th&eacute;ann dea-oibreacha leis is marbh an creideamh.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Mar at&aacute; s&eacute; sa leicsean&aacute;ir, n&iacute;l an mh&iacute;r dheiridh soil&eacute;ir, agus t&aacute; s&eacute; m&aacute;chaileach sa mh&eacute;id nach leanann s&eacute; teacs an Bh&iacute;obla go dl&uacute;th. Is soil&eacute;ir gur freagra at&aacute; sa r&aacute;iteas: &ldquo;S&eacute;ard a ba cheart a r&aacute; lena leith&eacute;id sin&rdquo;, ach f&aacute;gann s&eacute; ar l&aacute;r t&eacute;acs an Bh&iacute;obla d&iacute;reach roimhe a l&eacute;ann mar seo: &ldquo;Ach d&eacute;arfadh duine &eacute;igin&rdquo;. Agus t&aacute; an m&eacute;id a deireann an duine sin n&iacute;os soil&eacute;ire i dt&eacute;acs seo an Bh&iacute;obla n&aacute; sa leicsean&aacute;ir: &ldquo;T&aacute; creideamh agatsa and dea-oibreacha agamsa&rdquo;. Agus leanann t&eacute;acs an Bh&iacute;obla ar aghaidh (ag tabhairt freagra Sh&eacute;amais): &ldquo;Taispe&aacute;in dom do chreideamh in &eacute;agmais do dhea-oibreacha, agus taispe&aacute;nfaidh mise mo chreideamh duitse tr&iacute; mo dhea-oibreacha&rdquo;. Dealra&iacute;onn s&eacute; gurb &iacute; staid an duine a labhair n&aacute; go bhfuil dh&aacute; ghr&uacute;pa de chreidmhigh san Eaglais, daoine le creideamh gan dea-oibreacha, agus agus daoine le dea-oibreacha, amhail agus go mba t&iacute;olacadh &oacute; Dhia iad araon. D&aacute; mba ann &eacute; dair&iacute;re an chead ghr&uacute;pa, n&iacute; fios c&eacute;rbh iad: daoine a bhain m&iacute;thuiscint as teagasc Ph&oacute;il faoi chreideamh? Ar aon chuma cuireann S&eacute;amas dua ar f&eacute;in anseo ar&iacute;s lena thaispe&aacute;int go bhfuil dul am&uacute; bun&uacute;sach ar a leith&eacute;id&iacute;: is marbh creideamh gan dea-oibreacha, agus ina litir, i dt&eacute;acs nach bhfuil i l&eacute;acht an lae inniu, leanann s&eacute; air ag tabhairt freagra ar an gceist.<\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 8:27-35). <em>Is t&uacute; an Cr&iacute;ost. Ni fol&aacute;ir do Mhac an Duine m&oacute;r&aacute;n a fhulaingt. <\/em>T&aacute; tr&iacute; roinn t&aacute;bhachtacha sa l&eacute;acht seo: admh&aacute;il chreidimh in &Iacute;osa mar an Cr&iacute;ost (an Meisias); r&eacute;amhinsint &Iacute;osa ar an masla le tabhairt d&oacute; agus ar a ph&aacute;is; agus ansin &Iacute;osa ag cur seo go l&eacute;ir i l&aacute;thair mar eiseaml&aacute;ir do gach aoinne ar mhaith leo &eacute; a lean&uacute;int. I gcuntas Mharcais t&aacute;im&iacute;d f&oacute;s i gcr&iacute;ocha pag&aacute;nacha, i gceantar <\/span>Chaesairia Philib, an ard-chathair nua a bhunaigh an teatrarc H&eacute;ar&oacute;d Pilib d&oacute; f&eacute;in. Bh&iacute; cloiste cheana f&eacute;in ag teatrarc na Gail&iacute;le H&eacute;ar&oacute;d Antipas ar iomr&aacute; &Iacute;osa, agus bh&iacute; tuairm&iacute; &eacute;ags&uacute;la ag an bpobal maidir leis, cuid acu &aacute; r&aacute; gurbh &eacute; Eoin Baiste &eacute; (a d&iacute;cheannadh tamall roimhe sin) a bh&iacute; ais&eacute;irithe &oacute; na mairbh; cuid eile &aacute; r&aacute; gurbh &eacute; an f&aacute;idh &Eacute;ilias &eacute;; cuid eile gurbh &eacute; duine de na sean-fh&aacute;ithe &eacute; (feic Marcas 6:14-16). Cuireann &Iacute;osa anois ceist ar a dheisceabail faoi c&eacute;n tuairim at&aacute; i measc an phobail faoi c&eacute;ard &eacute; f&eacute;in, agus faigheann s&eacute; an freagra c&eacute;anna agus a fuair H&eacute;ar&oacute;d Antipas. Ansin cuireann &Iacute;osa an cheist ar a dheisceabail faoina dtuairm&iacute; f&eacute;in faoi. Thar cheann na ndeisceabal d&eacute;anann Peadar admh&aacute;il chreidimh in &Iacute;osa mar an Cr&iacute;ost (an Meisias), an t&eacute; a gealladh agus go rabhthas ag feitheamh leis. N&iacute;or sh&eacute;an &Iacute;osa an admh&aacute;il chreidimh seo, ach toisc an baol a a bhi ann d&aacute; nd&eacute;anfa&iacute; poibl&iacute; &eacute; thug s&eacute; ord&uacute; l&aacute;idir &eacute; a choime&aacute;d faoi r&uacute;n. Ba &eacute; r&oacute;l an Mheisiais a rabhthas ag feitheamh leis n&aacute; iomr&aacute; agus gl&oacute;ir. Rinne &Iacute;osa soil&eacute;ir d&aacute; dheisceabail gurbh &eacute; a mhalairt ar fad a bh&iacute; i nd&aacute;n d&oacute; f&eacute;in, uir&iacute;sliu agus an b&aacute;s. Tar &eacute;is ar tharla do Eoin Baiste tamall gearr roimhe sin, bheadh s&eacute; soil&eacute;ir d&rsquo;&Iacute;osa n&aacute;rbh fhada gurbh amhlaidh a bheadh i nd&aacute;n d&oacute; f&eacute;in. N&iacute; raibh ar chumas Pheadair glacadh leis seo. San fh&aacute;sach chuir S&aacute;tan cath&uacute; ar &Iacute;osa sl&iacute; an iomr&aacute; agus na gl&oacute;ire a ghlacadh. Dhi&uacute;ltaigh &Iacute;osa d&oacute; sin. Anois d&eacute;anann &Iacute;osa compar&aacute;id idir bhriathra Pheadair agus chath&uacute; Sh&aacute;tain. Smaointe saolta a bh&iacute; ag Peadar. B&rsquo;&eacute;ags&uacute;il ar fad smaointe agus plean D&eacute;. Ina dhiaidh sin casann Marcas ar th&eacute;ama gaolmhar, le Cr&iacute;ost ag caint leis an slua maraon lena dheisceabail, agus le gach aoinne ar mhian leo &Iacute;osa a lean&uacute;int, n&oacute; a bh&iacute; &aacute; lean&uacute;int cheana f&eacute;in. N&iacute; m&oacute;r d&oacute;ibh bheith r&eacute;idh d&rsquo;aon deacracht a eascr&oacute;dh as an chinneadh sin, agus &ldquo;a chros a th&oacute;gaint&rdquo;, &aacute;it a bhfuil feidhm bainte as an bfocal &ldquo;cros&rdquo; go meafarach. N&iacute; m&oacute;r d&oacute;ibh bheith r&eacute;idh fulaingt ar son &Iacute;osa agus an tSoisc&eacute;il, is &eacute; sin le gach ar sheasann teachtaireacht an tSoisc&eacute;il d&oacute;.<\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae. <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Nuair is lag an Eaglais is ea is l&aacute;idir &iacute;.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Len&aacute;r linn f&eacute;in, go h&aacute;irithe san Eoraip agus i ndomhan an Bh&eacute;arla, t&aacute; g&eacute;arch&eacute;imanna de shaghasanna &eacute;ags&uacute;la san Eaglais. T&aacute; n&iacute;os m&oacute; n&aacute; bun&uacute;s amh&aacute;in leo seo, ceann d&iacute;obh an ghluaisesacht fh&oacute;irleathan i leith di-ealaisi&uacute; agus fi&uacute; aindiachais. Ach baineann roinnt d&iacute;obh le saol na hEaglaise f&eacute;in, amhail riarach&aacute;n lochtach, l&iacute;omhaint&iacute; gn&eacute;is in gcoinne na cl&eacute;ire agus c&aacute;sanna c&uacute;irte a leanann astu. C&uacute;is dh&iacute;om&aacute; agus imn&iacute; do a l&aacute;n iad sin, a thugann ar dhaoine &aacute;irithe cleachtadh an chreidimh n&oacute; fi&uacute; an creideamh f&eacute;in a thr&eacute;igean. Is d&eacute;ine a mhotha&iacute;tear an fhadhb i dt&iacute;ortha ina raibh an Eaglais agus an chl&eacute;ir faoi ardmheas, agus nach smaoineofa&iacute; ar an chl&eacute;ir a ch&aacute;ineadh. Cailleann an Eaglais a st&aacute;das mor&aacute;lta d&aacute; bharr agus t&aacute;thar ann a mheasann nach bhfaighfidh s&iacute; thar nais riamh &eacute;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D&aacute; bharr seo, agus ar ch&uacute;iseanna eile, d&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; a r&aacute; go bhfuil g&eacute;arlean&uacute;int &aacute; himirt ar an Eaglais, ar a laghad go bhfuil s&iacute; faoi bhr&uacute;. D&rsquo;fh&eacute;adfadh seo a bheith ar son leas na hEaglaise. San Aifric sa cheathr&uacute; c&eacute;ad mar a raibh an Eaglais faoi sh&iacute;och&aacute;in tar &eacute;is blianta fada de gh&eacute;arlean&uacute;int, agus beatha bheo spiorad&aacute;lta aici anois, d&uacute;irt an scol&aacute;ire iomr&aacute;iteach Ticonius nach bhf&eacute;adfadh s&eacute; glacadh gurbh &iacute; Eaglais Chr&iacute;ost &iacute; toisc nach raibh s&iacute; faoi gh&eacute;arleanuint! D&rsquo;fh&eacute;adfadh g&eacute;arch&eacute;im san Eaglais, inniu n&oacute; am ar bith eile, bheith ag tabhairt cuireadh d&uacute;inn dearcadh ar an Eaglais mar at&aacute; s&iacute; d&aacute;ir&iacute;re &ndash; mar Chorp Chr&iacute;ost, mar r&uacute;ndiamhair. Tuigeann s&iacute; &iacute; f&eacute;in n&iacute;os fearr nuair a th&eacute;ann s&iacute; thar n-ais go dt&iacute; na Soisc&eacute;il agus teagasc Naomh P&oacute;l.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><span style=\"color: black;\">Is gean d&uacute;inn go l&eacute;ir st&aacute;das; lu&iacute;onn s&eacute; le n&aacute;d&uacute;r an duine bheith faoi mheas agus on&oacute;ir. Ach d&eacute;anaimis machnamh ar shampla agus ar theachtaireacht &Iacute;osa. Tar &eacute;is a bhaiste agus tar eis don Athair glaoch &oacute; neamh gurbh &eacute; a Mhac muirneach &eacute; d&aacute;r thug s&eacute; gnaoi, d&rsquo;fh&eacute;adfaimis a shamhl&uacute; gur rith s&eacute; leis leas a bhaint as an st&aacute;das sin. Agus sin d&iacute;reach a rinne S&aacute;tan iarracht air a dh&eacute;anamh sa phromhadh san fh&aacute;sach. Ina ionad sin, deir an luath-iomann Criosta&iacute; at&aacute; againn sa Litir chuig na Filipigh 2:5-11 gur &iacute;sligh &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in go b&aacute;s fi&uacute; na croise. Ag <\/span>Caesairia Philib d&rsquo;airigh P&eacute;adar tagairt &Iacute;osa d&aacute; uirisli&uacute; f&eacute;in agus d&aacute; bh&aacute;s an iomad le glacadhh, ach mar dheisceabal Chr&iacute;ost ghlac s&eacute; leis an r&uacute;ndiamhair n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. Don Fhairis&iacute;neach S&oacute;l (P&oacute;l n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;) bheadh b&aacute;s ar chrois do dhuine a measadh mar Meisias d&eacute;istsanach, nach bhf&eacute;adfa&iacute; glacadh leis. Ach thug Dia le tuiscint d&oacute; gurbh &eacute; sin toil D&eacute; agus plean shl&aacute;naithe D&eacute;. I gCr&iacute;ost agus san eaglais feidhm&iacute;onn Dia tr&iacute; laige dhaonna. Th&aacute;inig P&oacute;l chun tuisceana air sin tri na contr&aacute;rachta&iacute; ina mhinistreacht agus ina bheatha pheasanta, a thug air scr&iacute;obh: &ldquo;Nuair a bh&iacute;m lag, sin &iacute; an uair a bh&iacute;m l&aacute;idir&rdquo; (2 Corantaigh 12:10). Ina chuid seanm&oacute;ireachta ar an Soisc&eacute;al is geal leis b&eacute;im a leagan ar ionad na croise agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost, le go mbeadh an creideamh Cr&iacute;osta&iacute; bunaithe ar ghr&aacute;sta agus chumhacht D&eacute;, seachas ar r&eacute;as&uacute;na&iacute;ocht agus an eagna dhaonna. Ba thoil le Dia an domhan a shl&aacute;n&uacute; tr&iacute; dhith ch&eacute;ille na croise seachas tr&iacute; eagna (mar ba mhaith le Gr&eacute;igigh) n&oacute; tr&iacute; m&iacute;or&uacute;ilti, chomharthai, ar gean le Gi&uacute;daigh. N&iacute; h&eacute; nach bhfuil meas ag an Eaglais ar an eagna agus intleachtacht dhaonna. Mar aon le P&oacute;l, glaotar ar chreidmhigh bheith l&uacute;ch&aacute;ireach i gc&oacute;na&iacute; agus a n-aire a dh&iacute;riu &ldquo;ar an rud f&iacute;or, ar an rud uasal, ar an rud c&oacute;ir, an rud naofa, ar an rud meas&uacute;il, ar an rud creidi&uacute;nach, ar an rud at&aacute; su&aacute;ilceach inmholta&rdquo; (Filipigh 4:8). Is lean&uacute;int ar bh&aacute;s agus ais&eacute;iri Chr&iacute;ost an creideamh Cr&iacute;osta&iacute;, r&uacute;ndiamhair le tuiscint tri chreideamh, agus tr&iacute; urna&iacute; leis an r&uacute;ndiamhair mh&oacute;r seo a thuiscint. T&aacute; Cr&iacute;ost in &eacute;ineacht leis an Eaglais, agus i gcro&iacute; gach creidmhigh, ag tabhairrt deimhne nuair is d&eacute;ine an t-amhras agus buaireamh an tsaoil.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>13 Me&aacute;n Fomhair 2015 (B) An Ceathr&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-336","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/336","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=336"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/336\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=336"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=336"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=336"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}