{"id":337,"date":"2015-09-16T13:33:29","date_gmt":"2015-09-16T13:33:29","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=337"},"modified":"2015-09-16T13:33:29","modified_gmt":"2015-09-16T13:33:29","slug":"20-mean-fomhair-2015-b-an-cuigiu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=337","title":{"rendered":"20 Me\u00e1n Fomhair 2015 (B) An C\u00faigi\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">20 Me&aacute;n Fomhair 2015 (B) An C&uacute;igi&uacute; Domhnach Fichead Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <em>An Eaglais &#8212; Seirbh&iacute;seach<\/em><\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eagna 2:12, 17-20). <em>Daoraimis chun b&aacute;is n&aacute;ireach &eacute;.<\/em> T&aacute; an l&eacute;acht seo t&oacute;gtha as an leabhar ar a dtugtar <em>Eagna Sholaimh<\/em> (n&oacute; n&iacute;os com&oacute;nta in Eaglais an Iarthair <em>Leabhar Eagna Sholaimh<\/em> n&oacute; <em>Leabhar na hEagna<\/em>). Cumadh an leabhar as Gr&eacute;igis san &Eacute;igipt, is &eacute; is d&oacute;cha&iacute; sa dara leath den ch&eacute;ad aois roimh Chr&iacute;ost. Ba &iacute; ba aidhm leis n&aacute; creideamh na nGi&uacute;dach a neart&uacute; i gcreideamh a sinsear. Bh&iacute; a l&eacute;itheoir&iacute; anois san &Eacute;igipt, ag cur f&uacute;thu i bpobal a bh&iacute; thar a bheith sofaistici&uacute;il, le dul chun cinn suntasach d&eacute;anta san eola&iacute;ocht, sa litr&iacute;ocht agus i ghn&eacute;ithe &eacute;ags&uacute;la den fheals&uacute;nacht agus de religi&uacute;in. L&eacute;argas amh&aacute;in a bh&iacute; chun tosaigh n&aacute; nach raibh aon &aacute;it le bheith ag dearctha reiligi&uacute;in n&aacute; ag creideamh i nDia in&aacute;r mbeatha. An bheith ann at&aacute; againn is de thaisme &eacute;, agus n&iacute;l aon saol eile ann tar &eacute;is an chinn seo. T&aacute; an seasamh seo curtha go l&aacute;idir sa sliocht a thagann d&iacute;reach roimh l&eacute;acht an lae inniu (Eagna 2:1-5): &ldquo;De dheasca a gclaonmhachnaimh d&uacute;irt siad le ch&eacute;ile: &lsquo;Is gairid dobr&oacute;nach &eacute; &aacute;r saol; agus nuair a bh&iacute;onn an b&aacute;s ag teannadh leis an duine, n&iacute; bh&iacute;onn aon leigheas aige air; n&aacute; n&iacute; fios ar fhill aon duine &oacute; ifreann riamh. &Oacute;ir is de thaisme a rugadh sinn, agus san am at&aacute; le teacht beimid amhail is nach rabhamar ann riamh. Puth deataigh at&aacute; san an&aacute;il in&aacute;r bpoll&aacute;ir&iacute; agus n&iacute;l in&aacute;r r&eacute;as&uacute;n ach spr&eacute;ach a ghineann bualadh &aacute;r gcro&iacute;. Nuair a mh&uacute;chfar &eacute; d&eacute;anfar luaith d&aacute;r gcorp agus scaipfear an&aacute;il na beatha ar n&oacute;s an aeir neamhsheasmhaigh. Le himeacht aimsire ligfear ar n-ainm i ndearmad agus n&iacute; chuimhneofaidh aon duine ar &aacute;r ngn&iacute;omhartha. S&eacute;idfear &aacute;r mbeatha chun si&uacute;il ar n&oacute;s dhla&iacute;&oacute;g dheiridh scamaill agus scaipfear &iacute; mar cheobhr&aacute;n at&aacute; &aacute; th&oacute;ra&iacute;ocht ag gathanna na gr&eacute;ine agus &aacute; chlo&iacute; ag a teas. Go deimhin n&iacute;l in&aacute;r mbeatha ach sc&aacute;th a ghluaiseann thart; agus n&iacute; f&eacute;idir &aacute;r mb&aacute;s a chur ar gc&uacute;l mar t&aacute; s&eacute;ala curtha air; agus n&iacute;l aon duine a fhilleann ar ais&rsquo;&rdquo;. Leanann an t&eacute;acs ar agaidh lena r&aacute; gur ch&oacute;ir aoibhneas a bhaint as na maitheasa&iacute; at&aacute; ann agus gur ionann neart agus ceart (2:8-12). Ba scannal agus ceap tuisle do na saoithe leis an l&eacute;argas sin go raibh i l&aacute;thair ina bpobal, n&oacute; ann in aon chor, daoine le creideamh i nDia, i nDia a bh&iacute; ag f&oacute;namh orthu, daoine le c&oacute;d mor&aacute;lta foighde agus m&aacute;nlachta acu. Ba ch&oacute;ir duine c&oacute;ir lena leith&eacute;id de chreideamh a chur den fh&oacute;d. Cuireann l&eacute;acht an lae inniu s&iacute;os ar an bplean at&aacute; acu. Roghna&iacute;tear an sliocht seo do liot&uacute;irge an lae inniu le dul leis an soisc&eacute;al ina chuireann an fear c&oacute;ir eile, &Iacute;osa, sios ar an bhfon&oacute;id agus ar an mb&aacute;s at&aacute; amach roimhe.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 180px; text-indent: -207.65pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 53[54]). <em>T&aacute; an Tiarna ag cosaint mo bheatha.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(S&eacute;amas 3:16-4:3). <em>Lucht deanta na s&iacute;och&aacute;na, nuair a oibr&iacute;onn siad ar son na s&iacute;och&aacute;na, cuirfidh siad an s&iacute;ol a bheidh an naofacht mar thoradh air. <\/em>I gceann de na Bi&aacute;ide deir &Iacute;osa: &ldquo;Is m&eacute;aner do lucht s&iacute;och&aacute;na a dh&eacute;anamh, &oacute;ir glaofar clann D&eacute; orthu&rdquo;. N&iacute; m&oacute;r do lucht d&eacute;anta na s&iacute;och&aacute;na a fhios a bheith acu c&eacute;ard iad na fr&eacute;amhacha a cuireann t&uacute;s le himreas agus le heaspa s&iacute;och&aacute;na.Thug &Iacute;osa aghaidh ar an gceist seo nuair a ch&aacute;in s&eacute; gr&uacute;pa&iacute; Gi&uacute;dacha &aacute;irithe de bharr na b&eacute;ime a leag siad ar ghn&eacute;ithe seachtracha amhail n&iacute;och&aacute;n soith&iacute; agus l&aacute;mha. Leagann &Iacute;osa an bh&eacute;im ar ghlaine chro&iacute;, m&aacute;thair an ghn&iacute;mh. &ldquo;D&uacute;irt s&eacute; (&Iacute;osa): &lsquo;An rud a thagann amach as an duine, sin &eacute; a dh&eacute;anann neamhghlan an duine. &Oacute;ir is &oacute;n taobh istigh, amach as cro&iacute; na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta dr&uacute;ise, gada&iacute;ochta&iacute;, d&uacute;nmharaithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachta&iacute;, cealg, ainriantacht, formad, ithiomr&aacute;, d&iacute;omas, amad&aacute;ntacht. Is &oacute;n taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus d&eacute;anann siad neamhghlan an duine&rsquo;&rdquo; (Marcas 7:20-23). T&aacute; beagnach an teachtaireacht ch&eacute;anna ag S&eacute;amas i l&eacute;acht an lae inniu. Ach n&iacute; teagasc eitici&uacute;il amh&aacute;in at&aacute; aige. Cuireann s&eacute; b&eacute;im ar an eagna at&aacute; &oacute; lastuas, at&aacute; mar fhoinse do na su&aacute;ilc&iacute; at&aacute; glan contr&aacute;rtha do na du&aacute;ilc&iacute; seo. Mhol s&eacute; lena l&eacute;itheoir&iacute; cheana (S&eacute;amas 1:5) gu&iacute; a dh&eacute;anamh ar an eagna sin. Sa l&eacute;acht seo t&eacute;ann s&eacute; ar aghaidh leis an bhunch&uacute;is at&aacute; leis na fadhbanna is tromch&uacute;is&iacute; taobh istigh den tion&oacute;l a ch&iacute;oradh: cathanna, troid le ch&eacute;ile, fi&uacute; d&uacute;nmhar&uacute;. Lu&iacute;onn fr&eacute;amh na bpeaca&iacute; seo go l&eacute;ir, deir s&eacute;, i gcro&iacute; an duine: uaillmhian gan teorainn agus ainmhianta a dh&eacute;anfadh aon rud lena bhfuil uaidh a fh&aacute;il. Mar fhoirceann tugann s&eacute; r&eacute;iteach d&oacute;ibh: gu&iacute; le mianta a gcro&iacute;the a fh&aacute;il, ach gu&iacute; le intinn ghlan, seachas lena n-ainmhianta a sh&aacute;samh.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 9:30-37). <em>Bh&eacute;arfar Mac an Duine ar l&aacute;imh do dhaoine. M&aacute;s mian le haon duine a bheith ar tosach, ni folair d&oacute; bheith ar deireadh c&aacute;ch. <\/em>Ba &eacute; an sliocht a l&eacute;adh i soisc&eacute;al an Domhnaigh seo caite n&aacute; admh&aacute;il chreidimh i gCr&iacute;ost i gceantar <\/span>Caesairia<em> <\/em>Philib. Ina dhiaidh sin t&eacute;ann cuntas Shoisc&eacute;al Mharcais ar aghaidh le labhairt ar chlaochl&uacute; Chr&iacute;ost &ldquo;i sliabh ard ar leithlgh&rdquo;, ar a leanann c&uacute;pla eachtra eile, chun teacht go l&eacute;acht an lae inniu. Briathra tosaigh na l&eacute;achta seo &ldquo;ag imeacht as an &aacute;it sin d&rsquo;&Iacute;osa agus d&aacute; dheisceabail&rdquo; n&iacute;l siad i dt&eacute;acs an Bh&iacute;obla f&eacute;in ach curtha isteach le t&uacute;s a chur leis an l&eacute;acht. <em><\/em><\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; dh&aacute; mh&iacute;r sa l&eacute;acht seo. An ch&eacute;ad cheann d&iacute;obh n&aacute; an dara r&eacute;amhinsint a dh&eacute;anann &Iacute;osa ar a ph&aacute;is &ndash; d&iacute;rithe anseo ar a dheisceabail. (Is iad an d&aacute; r&eacute;amhinsint eile n&aacute; Marcas 8:31, d&iacute;rithe ar na deisceabail uile, agus 10:32-34, don D&aacute;r&eacute;ag). Sa tr&iacute; r&eacute;amhinsint d&eacute;anann &Iacute;osa tagairt d&oacute; f&eacute;in mar &ldquo;Mac an Duine&rdquo;. T&aacute; an sliocht seo ag t&uacute;s ranna faoi aistear &Iacute;osa &oacute;n admh&aacute;il chreidimh ann f&eacute;in sin ag Caesairia<em> <\/em>Philib go dt&iacute; a ph&aacute;is n&aacute;ireach f&eacute;in agus a bh&aacute;s, lena ais&eacute;ir&iacute; le teacht ina dhiaidh. I rith an aistir seo t&aacute; &Iacute;osa ag teagasc a dheisceabal &ndash; n&iacute; hamh&aacute;in an D&aacute;r&eacute;ag ach gach aoinne ar mhian leo &eacute; a lean&uacute;int, agus t&aacute; an teagasc sin d&iacute;rithe ar a ph&aacute;is. Ionann &eacute; a lean&uacute;int agus an masla a tugadh d&oacute; agus a ph&aacute;is a bhrath. Tugann Marcas le fios n&aacute;r thuig na deisceabail a duirt s&eacute; faoina uir&iacute;sli&uacute; agus a ph&aacute;is, ag tuar staid a bheadh ag creidmhigh tr&iacute;d na haoiseanna s&iacute;os. Ba choir go mbeadh mar thr&eacute;ith ag an Eaglais, ag na creidmhigh uile, lean&uacute;int uir&iacute;seal Chr&iacute;ost mh&aacute;nla agus ch&eacute;asta seachas caithr&eacute;imeachas. Seo &iacute; an ch&eacute;ad mh&iacute;r.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp; T&aacute; an chead eachtra eile sa &ldquo;teach&rdquo; i gCafarn&aacute;um, teach Pheadair is d&oacute;cha. Bh&iacute; an D&aacute;r&eacute;ag, gr&uacute;pa l&aacute;rnach &Iacute;osa, ag arag&oacute;int eatorthu f&eacute;in faoi c&eacute; d&iacute;obh ba mh&oacute;, ba th&aacute;bhachta&iacute;, sa r&iacute;ocht (pholaiti&uacute;il le teacht) is d&oacute;cha. Tugann &Iacute;osa mar oide, mar mh&uacute;inteoir (in shu&iacute; mar a oireann) treoir cheart san &aacute;bhar: ina r&iacute;ocht si&uacute;d t&aacute; luachanna daonna, polaiti&uacute;la agus st&aacute;das curtha droim ar ais: an t&eacute; ar mhian leis bheith ar tosach n&iacute; fol&aacute;ir d&oacute; bheith ar deireadh, agus ina sheirbh&iacute;seach ag c&aacute;ch. T&aacute; l&aacute;rionad glactha ag seirbh&iacute;s. D&iacute;reach tar&eacute;is tagairt &Iacute;osa do sheirbh&iacute;seach agus don seirbh&iacute;s t&aacute; an eachtra agus r&aacute;iteas &Iacute;osa faoin leanbh. N&iacute; d&oacute;cha gur siombal do neamhurch&oacute;ideacht n&oacute; uir&iacute;sle at&aacute; sa leanbh anseo ach do dhuine gan st&aacute;das os comhsir an dl&iacute;, agus mar sin gan taca. Bheadh glaoch ar an D&aacute;r&eacute;ag agus an Eaglais glacadh in ainm &Iacute;osa le daoine gan taca. Ionann d&eacute;anamh amhlaidh agus glacadh le h&Iacute;osa f&eacute;in agus leis an Athair a sheol amach &eacute;. Nuair a dh&eacute;anann an Eaglais (an D&aacute;r&eacute;ag) sin in ainm &Iacute;osa is admh&aacute;il &eacute; go bhfuil s&iacute; ag feidhmi&uacute; mar a ghlaoigh &Iacute;osa uirthi a dh&eacute;anamh, mar sheirbh&iacute;seach do Dhia an tAthair.<\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">An Eaglais &#8212; Seirbh&iacute;seach<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Leagann cuntais eags&uacute;la na Soisc&eacute;al b&eacute;im throm air seo: gurbh ionann deisceablacht, Cr&iacute;ost a lean&uacute;int, agus p&aacute;irt a ghlacadh ina ph&aacute;is agus a ais&eacute;ir&iacute;. Is f&iacute;or seo do gach ball d&aacute; lucht lean&uacute;na, agus n&iacute; don D&aacute;r&eacute;ag amh&aacute;in, n&oacute; do cheannair&iacute; na Eaglaise amh&aacute;in. Ar a shl&iacute; chun a bh&aacute;is rinne &Iacute;osa soil&eacute;ir don D&aacute;r&eacute;ag aspal n&aacute;rbh ionann a r&oacute;l sa r&iacute;ocht agus ceannaireacht pholaiti&uacute;il le st&aacute;das, ach mar sheirbhisigh don Chr&iacute;ost c&eacute;asta, iad tiomanta d&oacute;ibh sin a bh&iacute; lag agus leochaileach, agus daoine eile d&aacute; leith&eacute;id. Is fi&uacute; machnamh a dh&eacute;anamh ar cad a chialla&iacute;onn s&eacute; Cr&iacute;ost c&eacute;asta a lean&uacute;int. T&aacute; s&eacute; curtha soil&eacute;ir go leor ag &Iacute;osa f&eacute;in i gc&eacute;ad r&eacute;amhinsint a ph&aacute;ise i soisc&eacute;al seo Mharcais (Marcas 8:34-38): &ldquo;Ghlaoigh s&eacute; (&Iacute;osa) chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus d&uacute;irt s&eacute; eo: &lsquo;M&aacute;s &aacute;il le haon duine bheith ar mo bhu&iacute;on, s&eacute;anadh s&eacute; &eacute; f&eacute;in, t&oacute;gadh suas a chros agus leanadh m&eacute;. &Oacute;ir cibe arb &aacute;il leis a anam a shaoradh, caillfidh s&eacute; &eacute;; agus cib&eacute; a chaillfidh a anam mar gheall ormsa agus ar an soisc&eacute;al, saorfaidh s&eacute; &eacute;. &Oacute;ir c&aacute; fearrde duine an domhan go l&eacute;ir a ghn&oacute;th&uacute; agus a anam f&eacute;in a ligean ar ceal? &Oacute;ir cad a d&rsquo;fh&eacute;adfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? &Oacute;ir cib&eacute; ar n&aacute;ir leis mise agus mo bhriathra sa ghl&uacute;in adhaltrach pheac&uacute;il seo, is n&aacute;ir le Mac an Duine eisean mar an gc&eacute;anna nuair a thiocfaidh s&eacute; i ngl&oacute;ir a Athar in eineacht leis na haingil naofa&rsquo;&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is seirbh&iacute;seach an Eaglais le muinin diaga. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Ar a sl&iacute; le Cr&iacute;ost go dt&iacute; a ph&aacute;is agus Cailbhire, t&aacute; creidmhigh deimhin de go leanann an t-ais&eacute;ir&iacute; ar sin, gur ardaigh Dia Criost agus gur thug s&eacute; d&oacute; ainm uasal an Tiarna, go gcromfaidh gach neach d&aacute; bhfuil ar neamh agus ar talamh d&oacute;. N&iacute; m&oacute;r don Eaglais caithr&eacute;im seo Chriost a fh&oacute;gairt.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <em>Seirbh&iacute;s na hEaglaise agus cosaint an tSoisc&eacute;il.<\/em> Rinne &Iacute;osa soil&eacute;ir tr&iacute;d an D&aacute;r&eacute;ag do riarach&aacute;n na hEaglaise a bh&iacute; le teacht, gur choir don riarach&aacute;n sin a bheith umhal, mar sheirbh&iacute;sigh seachas a bheith ag lorg on&oacute;ra n&oacute; gradaim. An D&aacute;r&eacute;ag c&eacute;anna, agus a gcomharba&iacute;, seoladh amach iad leis an Dea-Sc&eacute;al a fh&oacute;gairt, agus mar a bheadh g&aacute; leis &eacute; a chosaint go hionraic agus m&iacute;ni&uacute; cu&iacute; a thabhairt air. T&aacute; seo thar a bheith soil&eacute;ir i gc&aacute;s Ph&oacute;il aspal, a d&uacute;irt leis na Galataigh d&aacute; mbeadh duine ar bith, n&oacute; fi&uacute; aingeal &oacute; neamh, ag f&oacute;gairt dea-sc&eacute;il a bh&iacute; bunoscionn leis an dea-sc&eacute;al a fh&oacute;gair s&eacute; f&eacute;in, n&aacute;r choir glacadh leis.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Fulaingt fhoighdeach Chr&iacute;ost mar eiseaml&aacute;ir do Chr&iacute;ostaithe.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\">T&aacute; sampla luath de sin againn cheana i 1 Peadar 2:21-24: &ldquo;Oir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Cr&iacute;ost f&eacute;in ar bhur son, agus gur fh&aacute;g s&eacute; sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg&hellip;&rdquo;. T&aacute; teagasc saibhir ag P&oacute;l faoi &aacute;it fhulaingt, bh&aacute;s agus aiseir&iacute; Chr&iacute;ost ina a bheatha phearsanta f&eacute;in agus i mbeatha na gcreidmheach. Fuair s&eacute; f&eacute;in fl&uacute;irse de pheannaid&iacute; Chr&iacute;ost agus fl&uacute;irse de shol&aacute;is &oacute; Chr&iacute;ost chomh maith (2 Corantaigh 1:2-7). Chabhraigh seo leis peannaid&iacute; agus fulaingt daoine eile a thuiscint chomh maith. T&aacute; an prionsabal c&eacute;anna de fheidhmi&uacute; ghr&aacute;sta D&eacute; le brath i muintir na h&Eacute;ireann nuair a dh&eacute;anann cuimhne a ngorta mh&oacute;ir f&eacute;in agus ar fhulaing siad ann, nuair a dh&eacute;anann sin iad teacht i gcabhair ar thiortha a bhfuil gorta ann, seachas ligean d&oacute;ibh f&eacute;in dul ar bh&oacute;thar smaointe an d&iacute;oltais.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>20 Me&aacute;n Fomhair 2015 (B) An C&uacute;igi&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-337","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/337","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=337"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/337\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=337"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=337"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=337"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}