{"id":340,"date":"2015-09-23T06:18:37","date_gmt":"2015-09-23T06:18:37","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=340"},"modified":"2015-09-23T06:18:37","modified_gmt":"2015-09-23T06:18:37","slug":"27-mean-fomhair-2015-b-an-seu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=340","title":{"rendered":"27 Me\u00e1n Fomhair 2015 (B) An S\u00e9\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">27 Me&aacute;n Fomhair 2015 (B) An S&eacute;&uacute; Domhnach Fichead Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Uimhreacha 11:25-29). <em>An amhlaidh at&aacute; formad ort ar mo shonsa? Uch nach f&aacute;ithe iad pobal an Tiarna ar fad! <\/em>Is fearr i dtosach b&aacute;ire an l&eacute;acht seo a shu&iacute;omh ina chomhth&eacute;acs bunaidh sa Bh&iacute;obla i Leabhar na nUimhreacha. Bh&iacute; Maois ag gear&aacute;n le Dia go raibh an t-ualach a bh&iacute; air c&uacute;ram a thabhairt do shluaite chlann Iosrael r&oacute;-throm d&oacute; f&eacute;in amh&aacute;in. Molann Dia d&oacute; seacht&oacute; sean&oacute;ir&iacute; as phobal Iosrael a roghn&uacute; gurb eol d&oacute; gur sean&oacute;ir&iacute; iad agus oifigigh os cionn an phobail agus teacht &oacute;n champa go Both na Teagmh&aacute;la (s&oacute;rt r&eacute;amh-shampla de Teampall Iar&uacute;sail&eacute;im) leis an seacht&oacute;. D&eacute;anann Maois amhlaidh. Tagann Dia anuas ar an N&eacute;al agus labhair s&eacute; le Maois. Bh&iacute; spiorad D&eacute; i sl&iacute; faoi leith ag Maois, seirbh&iacute;seach D&eacute; agus f&aacute;idh. Deir an t&eacute;acs gur th&oacute;g Dia cuid den spiorad a bh&iacute; ar Mhaois agus chuir s&eacute; ar an seacht&oacute; sean&oacute;ir&iacute; &eacute;, ag tabhairt le fios gur rinne s&eacute; roinnt de charasma agus chumhacht Mhaois a leagan orthu, gan an t-ioml&aacute;n d&iacute;obh a thabhairt. Ar f&aacute;il an spioraid d&oacute;ibh rinne siad f&aacute;idhead&oacute;ireacht, ach an aon uair amh&aacute;in, agus n&iacute; go buan. N&iacute; m&oacute;r &ldquo;f&aacute;idhead&oacute;ireacht&rdquo; a thuiscint san &aacute;it seo agus in dt&eacute;acsanna luatha den tSeantiomna, n&iacute; mar a bheadh s&eacute; i gc&aacute;s f&aacute;ithe n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;, amhail &Iacute;se&aacute;ia agus cinn eile, mar labhairt in ainm D&eacute; agus ag tairngreacht faoin dtocha&iacute;, ach mar thitim isteach in eacstais fh&aacute;idhi&uacute;il, iompar eactaiseach, n&oacute; labhairt i dteangacha. An bheirt eile, Eldad agus Medad, bh&iacute;odar cl&aacute;raithe i sl&iacute; &eacute;igin, mar fhir ionaid an phobail b&rsquo;fh&eacute;idir, ach n&iacute;orbh bhaill den seacht&oacute; iad. Tugadh bronntanas an spioraid d&oacute;ibh sin chomh maith agus chromadar ar fh &aacute;idhead&oacute;ireacht. Ba mhaith le I&oacute;sua, comharba Mhaois n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;, go gcuirfeadh Maois stop leo. Is r&eacute;amhbhlas de fh&iacute;s &Iacute;osa f&iacute;s n&iacute;os leithne Mhaois, agus de dhoirteadh an spioraid agus na f&aacute;idhead&oacute;ireachta a gealladh don aois nua (I&oacute;&eacute;l 2:28-29; Gn&iacute;omhartha 2:14-21). Roghna&iacute;odh an t&eacute;acs seo as Leabhar na nUimhreacha le dul le Soisc&eacute;al an lae inniu. <\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 18[19]). <em>Cuireann proiceapta an Tiarna &aacute;thas ar mo chro&iacute;.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(S&eacute;amas 5:1-6). <em>T&aacute; bhur gcuid saibhris ag lobhadh.<\/em> Tagann an l&eacute;acht seo d&iacute;reach tar &eacute;is rabhadh agus comhairle a thugann S&eacute;amas ar an gceacht at&aacute; le t&oacute;gaint ag a ghairid is at&aacute; an bheatha dhaonna. N&iacute;l in aon rud ach seal.&rdquo;N&iacute;l a fhios agaibh c&eacute;ard a tharl&oacute;idh am&aacute;rach. C&eacute;ard &eacute; bhur mbeo? N&iacute;l ionaibh ach mar ghal a thaibhs&iacute;onn ar feadh tamaill bhig agus a th&eacute;ann ar ceal ansin&rdquo; (S&eacute;amas 4:13-14). Tugadh rabhadh mar at&aacute; sa sliocht seo ag &Iacute;osa cheana f&eacute;in. &ldquo;N&aacute; cuirig&iacute; st&oacute;r i dtaisce daoibh f&eacute;in ar an talamh mar a mb&iacute;onn an leamhan agus an mheirg &aacute; mhilleadh agus na bithi&uacute;naigh ag briseadh isteach &aacute; ghoid. Cuirig&iacute; st&oacute;r i dtaisce daoibh f&eacute;in ar neamh mar nach mb&iacute;onn leamhan n&aacute; meirg ann chun a mhillte, n&aacute; bithi&uacute;naigh ann chun briseadh isteach &aacute; ghoid&rdquo; (Matha 6:19-20). Agus t&aacute; a ndeireann S&eacute;amas sa l&eacute;acht seo an-ch&oacute;ngarach d&aacute; nd&uacute;irt &Iacute;osa i L&uacute;c&aacute;s (6:20, 24-25): &ldquo;Is m&eacute;aner daoibse at&aacute; bocht, &oacute;ir is libh r&iacute;ocht D&eacute;. &hellip; Is mairg daoibhse at&aacute; saibhir, &oacute;ir t&aacute; bhur s&oacute;l&aacute;s faighte agaibh cheana. <\/span><span style=\"color: black;\">Is mairg daoibhse at&aacute; s&aacute;ch anois, &oacute;ir beidh ocras oraibh&rdquo;. Tugann an l&iacute;omhaint go bhfuil ag na santach&aacute;in ar talamh beatha le compord agus s&oacute;, tugann seo chun cuimhne an parabal faoin fhear saibhir agus Lazarus (L&uacute;c&aacute;s 16:19-25). Tugann c&aacute;ineadh g&eacute;ar lucht na h&eacute;agora sa sliocht seo chun cuimhne briathra roinnt de fh&aacute;ithe an tSeantiomna ar an &aacute;bhar c&eacute;anna (mar shampla Am&oacute;s 8:4-8). An c&aacute;ineadh orthu, n&iacute; g&aacute; gur fianaise sin go raibh a leith&eacute;id de mh&iacute;chleactha ar f&aacute;il taobh istigh de thion&iacute;ol Cr&iacute;osta&iacute; Sh&eacute;amais f&eacute;in. D&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; bheith gur rabhadh at&aacute; i mbriathra Sh&eacute;amais den bhaol at&aacute; ag baint le saibhreas. C&aacute;ineann s&eacute; roinnt cleachtas go sonrach: coinne&aacute;il siar tuarastal oibrithe go fealltach, t&eacute;ama t&aacute;bhachtach sa Seantiomna agus sa Tiomna Nua (feic L&eacute;iv&iacute;tic 19:3; Deotranaim&iacute; 24:14). Nuair a ch&aacute;ineann s&eacute; daoradh agus mar&uacute; an duine neamhurch&oacute;idigh (an uimhir uatha at&aacute; sa t&eacute;acs) b&rsquo;fh&eacute;idir go bhfuil S&iacute;orach (Ecclesiasticus) ina aigne aige (S&iacute;orach 34:22): &ldquo;An t&eacute; a bhaineann a shl&iacute; bheatha den chomharsa, mara&iacute;onn s&eacute; &eacute;; an t&eacute; a bhaineann a thuarastal den fhear oibre, doirteann s&eacute; fuil&rdquo;, n&oacute; b&rsquo;fh&eacute;idir gur tagairt at&aacute; ann do sc&eacute;im daoine aindiaga an f&iacute;r&eacute;an lag a chur chun b&aacute;is (feic Eagna 2:12-20), n&oacute; gur tagairt at&aacute; ann do bh&aacute;s Chr&iacute;ost. Ar aon chuma taispe&aacute;nann an t&eacute;acs an bhraistint gh&eacute;ar ar cheartas soisialta a bh&iacute; ag S&eacute;amas, brath ar choir d&oacute; bheith ginte i gc&oacute;na&iacute; ag machnamh ar an d&aacute; aithne m&oacute;ra, gr&aacute; D&eacute; agus gr&aacute; an chomharsa.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 9:38-43, 45, 47-48). <em>An t&eacute; nach bhfuil in&aacute;r n-aghaidh, t&aacute; s&eacute; ar &aacute;r son. M&aacute;s siocair pheaca duit do l&aacute;mh, gearr anuas &iacute;. <\/em>Na m&iacute;reanna &eacute;ags&uacute;la sa l&eacute;acht seo as Soisc&eacute;al Mharcais t&aacute; seans ann go dtugann siad l&eacute;argas d&uacute;inn ar ghluaiseachta&iacute; agus &uacute;dair ch&uacute;raim a bh&iacute; ann taobh istigh den luatheaglais, tion&oacute;l Mharcais go sonrach. Tugadh chun cuimhne briathra, r&aacute;itis Chr&iacute;ost agus eachtra&iacute; faoi, de r&eacute;ir mar ba gh&aacute; leo in &oacute;c&aacute;id&iacute; faoi leith. Tr&aacute;chtann l&eacute;acht an lae inniu ar thr&iacute; n&oacute; cheithre &aacute;bhair &eacute;ags&uacute;la.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Baineann an ch&eacute;ad cheann (le fail i Marcas amh&aacute;in; nil s&eacute; ag Matha n&oacute; L&uacute;c&aacute;s) le eacsaircist&iacute;, duine ag caitheamh deamhan amach, a bh&iacute; ag feidhmi&uacute; in ainm &Iacute;osa, b&iacute;odh n&aacute;rb de bhu&iacute;on &Iacute;osa n&oacute; na nAspal &eacute;. Ba chuid de shaol Gi&uacute;dach in aimsir &Iacute;osa eacsaircisteadh, eacsaircistithe agus d&iacute;birt deamhan. Uair amh&aacute;in nuair a cuireadh i leith &Iacute;osa go raibh s&eacute; ag caitheamh amach deamhan tr&iacute; Bh&eacute;alzab&uacute;l, prionsa na ndeamhan, d&rsquo;fhreagair s&eacute;: &ldquo;C&eacute; tr&iacute;d a chaitheann bhur gclann f&eacute;in amach iad?&rdquo; (Matha 12:27; L&uacute;c&aacute;s 11:19). Bheadh a fhios ag &Iacute;osa go raibh na heacsaircistithe Gi&uacute;dacha ag feidhmi&uacute; in ainm agus i gcumhacht D&eacute; Iosrael, Athair &Iacute;osa f&eacute;in. An t-eacsaircist&iacute; &aacute;irithe seo, bh&iacute; s&eacute; ag feidhmi&uacute; in ainm &Iacute;osa f&eacute;in agus intuigthe as sin ag admh&aacute;il creideamh ann. Taispe&aacute;nann an l&eacute;acht seo c&eacute; chomh hoscailte agus a bh&iacute; &Iacute;osa do chumhacht an Spioraid, n&aacute; raibh teoranta do ghr&uacute;pa amh&aacute;in ar bith. Cuireadh chun eac&uacute;im&eacute;anacais at&aacute; an.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">An ch&eacute;ad r&aacute;iteas eile is sampla &eacute; de luach saothair &oacute; Dhia a bheidh le f&aacute;il ag aoinne a thugann cabhair do mhisin&eacute;iri Cr&iacute;ostaithe.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Ina dhiaidh sin tagann rabhadh l&aacute;idir<\/span> &Iacute;osa do aoinne a thugann &ldquo;scannal&rdquo;, at&aacute; ina cheap tuisle, do &ldquo;dhuine bith de na ruda&iacute; beaga seo a chreideann ionamsa&rdquo;, a chreideann i nDia n&oacute; i gCr&iacute;ost. Sna diosp&oacute;ireachta&iacute; a bh&iacute; ann ar na mallaibh faoi ch&uacute;rsa&iacute; pedafala&iacute;ochta, cionta i gcoinne leann&iacute;, glacadh leis na briathair &ldquo;na ruda&iacute; beaga seo&rdquo; an t&eacute;acs seo a bheith ag tagairt do leana&iacute;. Ach ni raibh aon bhaisteadh leanbh ann in aimsir &Iacute;osa, n&aacute; n&iacute; raibh aon leana&iacute; i measc lucht lean&uacute;na &Iacute;osa. Is iad na &ldquo;ruda&iacute; beaga&rdquo; i gceist anseo n&aacute; baill an tion&oacute;il Chriosta&iacute;, lag sa chreideamh agus i mbaol &eacute; a chailli&uacute;int. Ba ch&uacute;ram m&oacute;r do Ph&oacute;l a leith&eacute;id&iacute;, ar a dtugann s&eacute; &ldquo;baill laga&rdquo;.<\/p>\n<p>T&eacute;ann ch&eacute;ad r&aacute;iteas eile &Iacute;osa ar aghaidh &oacute; a scannal, &oacute;c&aacute;id pheaca, do dhaoine eile, go siocair pheaca, don duine f&eacute;in, agus a riachtana&iacute; is at&aacute; s&eacute; &oacute;c&aacute;id pheaca a sheachaint. T&aacute; na r&aacute;itis mheafaracha sa mh&iacute;r seo dath&uacute;il, agus gan bheith le t&oacute;g&aacute;il de r&eacute;ir bhunbhr&iacute; na bhfocal. Ach is soil&eacute;ir an teachtaireacht l&aacute;ir iontu: &ldquo;&Oacute;ir c&aacute; fhearrde duine go gn&oacute;th&oacute;dh s&eacute; an domhan go l&eacute;ir d&aacute; ligfeadh s&eacute; a anam f&eacute;in a chailli&uacute;int?&rdquo;<\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae. <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Eac&uacute;im&eacute;anachas stuama<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Go minic inniu t&oacute;gtar an ch&eacute;ad mh&iacute;r de shoisc&eacute;al an lae (ar an bhfear ag d&iacute;birt an deamhain) mar chuireadh don eac&uacute;im&eacute;anachas, agus sin le l&aacute;ncheart. <\/span><span style=\"color: black;\">N&iacute;l s&eacute; &eacute;asca a dheimhni&uacute; c&eacute;n toisc bheadh sa luatheaglais, n&oacute; i dtion&oacute;l Criosta&iacute; Mharcais, inar baineadh &uacute;s&aacute;id as an eachtra seo agus r&aacute;iteas seo &Iacute;osa. Ach is do gach aois an teachtaireacht at&aacute; aige. Cruthaitheoir an chine dhaonna ar fad &eacute; Dia. T&aacute; c&uacute;ram an uile dhuine air, b&iacute;odh gur thogh s&eacute; na Gi&uacute;daigh mar a phobal tofa agus an Eaglais n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; le lean&uacute;int le saothar shl&aacute;naithe Chr&iacute;ost. T&aacute; teachtaireacaht shacraiminti&uacute;nil na hEaglaise do domhan uile teoranta tr&iacute; laige a ball, baill mar dhaoine aonair agus le cheile mar phobal D&eacute;. Ach is feidir le Spiorad D&eacute; feidhmi&uacute; taobh amuigh d&iacute;obh sin. Fi&uacute; amh&aacute;in taobh istigh de chomhluadar na gcreidmheach, tr&iacute; gr&uacute;pa&iacute; a bh&iacute; i dt&uacute;s b&aacute;ire ina siosmataigh n&oacute; ina n-eircigh, is f&eacute;idir leis an Spiorad Naomh feidhmi&uacute; go neamhsple&aacute;ch &oacute;n Eaglais Chaitliceach le aontacht chreidimh a athbhun&uacute;. Bh&iacute; amhras ar an Eaglais Chaitliceach ar feadh i bfhad faoin ghluaiseacht eac&uacute;im&eacute;anach, &aacute; mheas gur eascair s&iacute; as, n&oacute; go raibh s&iacute; ag d&iacute;ri&uacute; ar, fhuarch&uacute;iseacht chreidimh, gurbh ionann gach eaglais. Tar &eacute;is fiche bliain n&oacute; mar sin th&aacute;inig s&iacute; le creidi&uacute;int go raibh an Spiorad Naomh ag d&iacute;ri&uacute; na gluaiseachta, agus ghlac s&iacute; p&aacute;irt inti. Lean seo go hoscailteacht i r&eacute;ims&iacute; &eacute;ags&uacute;la, agus in am tr&aacute;th go Dara Comhairle na Vatac&aacute;ine.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">In aimsir Chr&iacute;ost b&rsquo;ionann <\/span><span style=\"color: black;\">eacsaircisteadh agus caitheamh deamhan amach, ina raibh leigheas titimis de shaghas &eacute;igin i gceist, de r&eacute;ir dealraimh. Na deamhain at&aacute; inniu ag iarraidh cosc a chur le teacht r&iacute;ocht D&eacute; n&iacute; le c&uacute;rsa&iacute; leighis a bhaineann siad, ach le hiarrachta&iacute; an Eaglais, r&iacute;ocht D&eacute; ar talamh, a choime&aacute;d glan amach &oacute; ch&uacute;rsa&iacute; poibl&iacute;, le cult&uacute;r agus modh smaoinimh agus beatha saolta agus <\/span>d&iacute;-eaglais&iacute;och a thabhairt isteach. Iad si&uacute;d at&aacute; i bhf&aacute;bhar a leith&eacute;id labhra&iacute;onn siad go foscailte in &eacute;adan aon iarracht a chuirfeadh ina gcoinne. Inniu n&iacute; do Chaitlicigh amh&aacute;in an l&eacute;argas Cr&iacute;osta&iacute; ar an saol agus an domhan a chosaint ach ag gach aoinne a chreideann i gCriost, Caitliceach n&oacute; neamh-Chaitliceach. Teachtaireacht Chriost d&uacute;inn inniu maidir le neamh-Chaitlicigh san &aacute;bhar seo n&aacute;, gan cur ina gcoinne. &ldquo;An t&eacute; nach bhfuil in&aacute;r n-aghaidh, t&aacute; s&eacute;, n&oacute; si, ar &aacute;r son&rdquo;.<\/p>\n<p>Ag tr&aacute;cht ar an &aacute;bhar seo d&uacute;inn n&iacute; dochar a mheabhr&uacute; an baol at&aacute; ann l&aacute;r-fh&iacute;rinn&iacute; an chreidimh a chur i mbaol tr&iacute; bhr&uacute; i dtreo aontacht sheachtrach, rud a chuir an P&aacute;pa Benedict XVI ar &aacute;r n-airdeal sinn faoi le deireannas agus &eacute; i mbun caidrimh ar an &aacute;bhar le roinnt de Eaglais&iacute; an Reifirm&eacute;isin. Ba ch&oacute;ir<span style=\"font-size: 11pt;\"> do fh&iacute;or-eac&uacute;im&eacute;anachas &eacute;ir&iacute; ag, agus d&iacute;ri&uacute; ar, chreideamh domhain i gCriost. N&iacute; m&oacute;r d&oacute; bheith feasach de go bhf&eacute;adfadh s&eacute; tionchar a bheith aige ar chreidmhigh &aacute;irithe a mheasann go bhfuil baol ann don chreideamh. Iad sin &ldquo;na ruda&iacute; beaga&rdquo; ar a bhfuil tagairt i soisc&eacute;al an lae inniu. Go minic n&iacute; m&oacute;r stuaim a nascadh le eac&uacute;im&eacute;anachas, agus aire a thabhairt do tsl&iacute; ina fh&eacute;adfadh creidmhigh &aacute;irithe brath ar an ghluaiseacht.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">Tugann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu a l&aacute;n &aacute;bhar machnaimh d&uacute;inn, n&iacute; hamh&aacute;in i modh ginear&aacute;lta ach i gc&uacute;ins&iacute; an duine aonair chomh maith. N&iacute; idir eaglais&iacute; agus reiligi&uacute;in eile amh&aacute;in an t-eac&uacute;im&eacute;anachas agus caidrimh idirchreidmheacha sa chiall is leithne de na focail. Ionann creideamh i bplean D&eacute; don aois seo againne agus oscailteacht do r&eacute;imse mh&oacute;r &aacute;bhar. Ionann &eacute; agus dial&oacute;g leis an domhan ina mhairimid ann, gan dearmad a dh&eacute;anamh riamh sa dial&oacute;g seo go l&eacute;ir ar an mbaol at&aacute; ann do chreideamh na &ldquo;ruda&iacute; beaga&rdquo;, agus ar fhol&aacute;ireamh Chr&iacute;ost gan sinn f&eacute;in, &aacute;r n-anamacha, a chailli&uacute;int agus sinn i mbun an eac&uacute;im&eacute;anachais seo.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>27 Me&aacute;n Fomhair 2015 (B) An S&eacute;&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-340","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/340","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=340"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/340\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=340"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=340"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=340"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}