{"id":342,"date":"2015-10-02T07:04:38","date_gmt":"2015-10-02T07:04:38","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=342"},"modified":"2015-10-02T07:04:38","modified_gmt":"2015-10-02T07:04:38","slug":"4-deireadh-fomhair-2015-b-an-seachtu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=342","title":{"rendered":"4 Deireadh Fomhair 2015 (B) An Seacht\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">4 Deireadh Fomhair 2015 (B) An Seacht&uacute; Domhnach Fichead Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><em><span style=\"color: blue;\">Teagasc &Iacute;osa, an Sl&aacute;naitheoir caoin, ar an gcolscaradh.<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Genesis 2:18-24). <em>Rinneadh aon fheoil amh&aacute;in d&iacute;obh. <\/em>An<em> <\/em>l&eacute;acht seo as Leabhar Genesis is faoin staid id&eacute;alach a bh&iacute; ann roimh pheaca agus thurnamh an tsinsir, &Aacute;<\/span><span style=\"color: black;\">dhamh agus &Eacute;abha, &eacute;. Beidh cur s&iacute;os ar an bpeaca, an turnamh, an titim, sin sa ch&eacute;ad chaibideal eile den leabhar seo (Genesis caibideal 3). Tr&aacute;chtann an l&eacute;acht seo, agus an cuntas lena mbaineann s&eacute;, ar an gcine daonna mar ba mhaith le Dia &eacute; a bheith. I dt&uacute;s b&aacute;ire chruthaigh Dia an duine (san Eabhrais <em>adam), <\/em>anseo duine fireann, as chr&eacute; (Eabhrais <em>adamah<\/em>) na tal&uacute;n, le meabhr&uacute; c&eacute; chomh leochaileach agus a bh&iacute; an duine agus go raibh <\/span>s&eacute; le<span style=\"color: black;\"> filleadh ar an luaithreach tar &eacute;is bhais d&oacute;. Le airde c&eacute;ime an duine ar na beith&iacute;gh agus na h&eacute;anlaithe a l&eacute;iri&uacute;, iarrann Dia ar an duine ainmneacha a thabhairt orthu si&uacute;d, agus f&oacute;s deir an t&eacute;acs nach bhfuarthas c&eacute;ile c&uacute;nta a dhiongbh&aacute;la don duine (&Aacute;dhamh) in aon cheann d&iacute;obh. T&eacute;ann an t&eacute;acs ar aghaidh lena thaispe&aacute;int gurb &iacute; an ch&eacute;ile c&uacute;nta don duine, don fhear (as Eabhraia <em>&iacute;s)<\/em>, n&aacute; bean (Eabhrais <em>isea<\/em>) a t&oacute;gadh as an bhfear nuair a bh&iacute; s&eacute; sa suan trom a chuir Dia air. Is &iacute; seo buaic an tsleachta seo ar fad &#8212; aontas an fhir agus na mn&aacute; sa ph&oacute;sadh. D&eacute;antar seo soil&eacute;ir i mbriathra deiridh na l&eacute;achta: d&eacute;antar aon fheoil amh&aacute;in d&iacute;obh. Ba &iacute; seo an staid id&eacute;alach roimh an titim. D&rsquo;athraigh c&uacute;rsa&iacute; le peaca an tsinsir. Roghna&iacute;odh an sliocht seo do liot&uacute;irge an lae inniu le dul leis an sliocht &oacute;n soisc&eacute;al, ina thugann &Iacute;osa chun cuimhne an t&eacute;acs seo, le plean tosaigh D&eacute;, mar fhreagra ar cheist a cuireadh air.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: 180px; text-indent: -207.65pt;\"><em><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 127[128]). <em>Go mbeanna&iacute; an Tiarna sinn gach l&aacute; d&aacute;r saol.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eabhraigh 2:9-11). <em>Is d&rsquo;aon bhunadh amh&aacute;in an t&eacute; a naomha&iacute;onn agus na daoine a naomha&iacute;tear. <\/em>Leis an sliocht seo tosa&iacute;mid le sraith l&eacute;achta&iacute; as an Litir chuig na hEabhraigh a rachaidh ar aghaidh ar feadh an chuid eile den bhliain liot&uacute;irgeach, go dt&iacute; an 33&uacute; Domhnach Saor den bhliain. Ba &iacute; ba bhunch&uacute;is don scr&iacute;bhinn seo n&aacute; baol sh&eacute;anadh creidimh a bh&iacute; ann i gcomhluadar &eacute;igin luath-Chr&iacute;osta&iacute;, ceann ina raibh baill a iompaigh &oacute;n Ghi&uacute;dachas. De r&eacute;ir dealraimh bh&iacute; niamhracht an l&iacute;ot&uacute;irge Ghi&uacute;daigh ag dul i bhfeidhm go l&aacute;idir ar na baill sin, agus bh&iacute; deacracht acu glacadh leis an dreach neamhshaolta a bh&iacute; ar an gcreideamh Cr&iacute;osta&iacute;. D&eacute;ananan an t-&uacute;dar compar&aacute;id go mion idir deasghn&aacute;tha an liot&uacute;irge Ghi&uacute;daigh agus an tsl&iacute; ina dh&eacute;antar iad a chomhl&iacute;odnadh i gcreideamh Chr&iacute;ost. Ach i dt&uacute;s b&aacute;ire leagann s&eacute; b&eacute;im ar dhiagacht Chr&iacute;ost, is &eacute; sin le r&aacute; ar a ardch&eacute;im. Is &eacute; &Iacute;osa an Mac a cheap an tAthair ina oidhre &eacute; ar an uile n&iacute;. Is &eacute; sc&aacute;il ghl&oacute;ir D&eacute; &eacute; agus cl&oacute; a shubstainte, ag coinne&aacute;il an chruinne ar bun lena bhriathar br&iacute;omhar (Eabhraigh 1:2-3). Toisc gur mar sin at&aacute; Cr&iacute;ost a dTiarna, is f&eacute;idir le creidmhigh muin&iacute;n a bheith acu as. Ach n&iacute; h&eacute; an cruthaitheoir agus sl&aacute;naitheoir cumachtach amh&aacute;in &eacute; Cr&iacute;ost. Iad sin ar d&iacute;r&iacute;odh an litir seo chucu, creidmhigh i gCr&iacute;ost, bh&iacute; cath&uacute; trom curtha curtha orthu ag amhras agus g&eacute;arlean&uacute;int&iacute;. Labhra&iacute;onn l&eacute;acht an lae inniu d&iacute;reach leo si&uacute;d. Is &eacute; Cr&iacute;ost a n-eiseaml&aacute;ir, a dtreora&iacute;, a gceannr&oacute;da&iacute;, chun D&eacute;. Ba &eacute; plean D&eacute; go mbeadh a Mhac f&eacute;in, f&iacute;or-Dhia, trina crutha&iacute;odh an domhan, go mbeadh s&eacute; go hioml&aacute;n daonna agus go moth&oacute;dh s&eacute; na peannaid&iacute; agus na deacrachta&iacute; a fhulaing&iacute;onn daoine daonna, agus go nd&eacute;anfa&iacute; foirfe &eacute; sa chiall seo. T&aacute; Cr&iacute;ost go hioml&aacute;n daonna; eisean an t&eacute; a dh&eacute;anann naofa iad si&uacute;d a chreideann ann. Is de aon bhunadh amh&aacute;in Cr&iacute;ost agus iad si&uacute;d a thugann s&eacute; chun naofachta. B&iacute;odh gur Dia &eacute;, n&iacute; n&aacute;ir leis br&aacute;ithre agus si&uacute;racha a thabhairt orthu.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is iontach an cur i l&aacute;thair &eacute; seo ar dhiagacht agus ar l&aacute;n-daonnacht Chr&iacute;ost. Is foinse agus d&uacute;shraith chreidimh agus mhuin&iacute;ne &eacute; nuair a bh&iacute;onn amhras ann faoi ch&uacute;rsa&iacute; creidimh, i dtr&aacute;th buairimh, peannaidi agus g&eacute;arlean&uacute;na.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 10:2-16). <em>An n&iacute; a cheangail Dia, n&aacute; scaoileadh duine &eacute;.<\/em> An c&uacute;lra do l&eacute;acht an lae inniu n&aacute; ceist loiscneach a bh&iacute; ina c&uacute;is easaontais idir na Fairis&iacute;nigh i laethanta &Iacute;osa. Bhain s&eacute; leis an mbun&uacute;s bail&iacute; a bh&iacute; ag fear deal&uacute; lena bhean ch&eacute;ile, agus an m&iacute;ni&uacute; cu&iacute; a bh&iacute; <\/span>le<span style=\"color: black;\"> thabhairt ar Deotarainim&iacute; 24:1 a deir m&aacute; mba rud &eacute; gur ph&oacute;s fear bean agus n&aacute;rbh &aacute;il leis &iacute; agus go bhfuair s&eacute; m&iacute;n&aacute;ire eigin (&ldquo;neamhghlaine &eacute;igin&rdquo;) le cur ina leith gurb fh&eacute;idir leis bille scartha a scr&iacute;obh d&iacute; agus &iacute; a chur chun si&uacute;il &oacute;na theach. Tamall roimh aimsir Chr&iacute;ost, agus le linn a bheatha, bh&iacute; easaontas g&eacute;ar i measc na bhFairis&iacute;neach faoin bhr&iacute; le baint as na briathra &ldquo;n&aacute;ire (&ldquo;neamhghlaine&rdquo;) eigin&rdquo; den t&eacute;acs sin. Mhaigh &uacute;dar&aacute;s amh&aacute;in, Seam&aacute;i, gurbh &eacute; adhaltranas a bh&iacute; i gceist le &ldquo;n&aacute;ire&rdquo; (&ldquo;neamhghlaine&rdquo;) agus gurbh adhaltranas an t-aon bhonn amh&aacute;in do cholscaradh. . Bh&iacute; a mhalairt de thuairim ag &uacute;dar&aacute;s eile, a chuir b&eacute;im ar an focal &ldquo;&eacute;igin&rdquo;, &ldquo;ar bith&rdquo; den t&eacute;acs: &ldquo;n&aacute;ire, nemahghlaine, ar bith&rdquo;, mar shampla, droch-ch&oacute;caireacht, n&oacute; go bhfuair s&eacute; bean n&iacute;os &aacute;ille n&aacute; &iacute;. Promhadh, ag baint trialach as &Iacute;osa, ba ch&uacute;is le ceist na bhFairis&iacute;neach. Ag tabhairt freagra d&oacute;ibh d&eacute;anann &Iacute;osa tagairt do dhl&iacute; Mhaois, don rud a ordaigh Maois, ar an &aacute;bhar, agus nuair a fuair s&eacute; freagra t&eacute;ann &Iacute;osa thar Maois agus Dl&iacute; Mhaois go plean tosaigh D&eacute;, nuair nach raibh aon &aacute;it ann do cholscaradh ar bith dar le h&Iacute;osa. Luann &Iacute;osa t&eacute;acs Genesis a chr&iacute;ochnaionn leis na briathra: &ldquo;agus aon cholainn amh&aacute;in a bheidh sa bheirt acu&rdquo;, agus le treise a chur leis sin cuireann &Iacute;osa an bhreis seo leis: &ldquo;D&aacute; bhr&iacute; sin, an n&iacute; a cheangail Dia, n&aacute; scaoileadh duine &eacute;&rdquo;. Ba &eacute; seo freagra &Iacute;osa do na Fairis&iacute;nigh Ghi&uacute;dacha. D&eacute;anann an t&eacute;acs a lean seo soil&eacute;ir go mbaineann a d&uacute;irt &Iacute;osa lena lucht lean&uacute;na go leir. Nuair a chuireann a dheisceabail ceist air faoin &aacute;bhar, tugann &Iacute;osa freagra a chuireann colscaradh agus athph&oacute;sadh go follasach as an &aacute;ireamh: &ldquo;Duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean (colscaradh) agus a ph&oacute;sann bean eile d&eacute;anann s&eacute; adhaltranas ina coinne&rdquo;. T&eacute;ann t&eacute;acs seo Mharcais ar aghaidh leis an prionsabal c&eacute;anna faoi cholscaradh &oacute; thaobh na mn&aacute; de a lua le sochai phag&aacute;nach na Gr&eacute;ige agus na R&oacute;imhe, &aacute;iteannna ina fh&eacute;adfadh na mn&aacute; t&uacute;s a chur le colscaradh. N&iacute; raibh ceart colscartha ag mn&aacute; Gi&uacute;dacha.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">T&aacute; teagasc &Iacute;osa faoi cholscaradh go bun&uacute;sach mar an gc&eacute;anna i Soisceil Matha (19:9; 5:32) agus L&uacute;c&aacute;s (16:18), agus at&aacute; s&eacute; i Marcas, ach amh&aacute;in go bhfuil cl&aacute;sal eisceachta ag Matha (&ldquo;ach nach de dheasca striapachais, m&iacute;gheanmna&iacute;ochta, Gr&eacute;igis <em> porneia<\/em>, &eacute;&rdquo;). N&iacute; fios go beacht cad is br&iacute; leis an bhfocal Gr&eacute;igise <em>porneia<\/em> sa chomhth&eacute;acs seo, ach is cuma cad ba bhr&iacute; leis mar n&iacute; bhaineann sin le h&aacute;bhar inniu mar a bhfuil colscaradh le f&aacute;il le comthoili&uacute;. T&aacute; cosc &Iacute;osa ar cholscaradh agus athph&oacute;sadh le feiscint freisin in 1 Corantaigh 7:10-11, ar a mbeidh tagairt ar&iacute;s th&iacute;os anseo.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae. <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Teagasc &Iacute;osa, an Sl&aacute;naitheoir caoin, ar an gcolscaradh.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Maidir le roinnt de r&aacute;itis &Iacute;osa sna Soisc&eacute;il, n&oacute; den teagasc a leagtar ar Chr&iacute;ost, cuireann scol&aacute;ir&iacute; an cheist an &oacute; Chr&iacute;ost f&eacute;in na r&aacute;itis n&oacute; an teagasc sin, n&oacute; &oacute;na lucht lean&uacute;na sa luatheaglais. Ach n&iacute; chuirtear aon cheist d&aacute; leith&eacute;id maidir le teagasc &Iacute;osa faoin gcolscaradh. Rinne an teagasc &aacute;irithe seo an m&eacute;id sin deacrachta don &oacute;geaglais, agus don eaglais n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;, nach d&oacute;cha go gcuirfeadh aoinne ar bheola &Iacute;osa &eacute; mura rud &eacute; go nd&uacute;irt s&eacute; d&aacute;irire &eacute;. Ag scr&iacute;obh chuig na Corantaigh thart an an mbliain 57, tugann an tAspal P&oacute;l fianaise shoil&eacute;ir gur &oacute; Chr&iacute;ost f&eacute;in an teagasc seo. Ag tabhairt freagra do na Corantaigh ar cheisteanna a chuireadar chuige maidir le p&oacute;sadh agus aontumhacht (staonadh &oacute; ph&oacute;sadh), d&eacute;anann s&eacute; idirdheal&uacute; soileir idir a chomhairle f&eacute;in agus teagasc an Tiarna &Iacute;osa: &ldquo;T&aacute; an fol&aacute;ireamh seo le tabhairt agam, &aacute;fach, d&oacute;ibh seo at&aacute; p&oacute;sta, agus n&iacute; uaim f&eacute;in &eacute; ach &oacute;n Tiarna: N&aacute; tr&eacute;igeadh bean a fear c&eacute;ile &ndash; agus m&aacute; thr&eacute;igeann fanadh s&iacute; gan p&oacute;sadh n&oacute; d&eacute;anadh s&iacute; m&oacute;r ar&iacute;s leis &ndash; agus n&aacute; scaoileadh fear a bhean ch&eacute;ile uaidh&rdquo; (1 Corantaigh 7:10-11). Is soil&eacute;ir go raibh eolas ag P&oacute;l ar an &aacute;bhar seo, faoi mar at&aacute; s&eacute; le f&aacute;il sna soisc&eacute;il.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D&rsquo;fh&eacute;adfadh duine go mac&aacute;nta an cheist a chur conas teagasc seo &Iacute;osa faoin chosc ar cholscaradh a r&eacute;iteach leis an gc&aacute;ineadh a dh&eacute;anann s&eacute; ar na Fairsis&iacute;nigh faoi uala&iacute; troma do-iompair a cheangal le buaileadh ar ghuaill&iacute; daoine (Matha 23:4), agus le briathar Chr&iacute;ost f&eacute;in go bhfuil a chuing so-iompair agus a ualach &eacute;adrom, agus cuireadh Chr&iacute;ost do gach aoinne a bhfuil saothar agus tromualach orthu teacht chuige (Matha 11:28-30). Glaonn an chodarsnacht idir theagasc Chr&iacute;ost ar an cholscaradh agus na poinnti eile sin orainn machnamh a dh&eacute;anamh. N&iacute; thagann teagasc soil&eacute;ir Chr&iacute;ost ar cholscaradh agus athph&oacute;sadh &oacute; fhoirfeachtachas fuar n&oacute; &oacute; aon easpa tuisceana &oacute; thaobh an tSl&aacute;naitheora. Pearsa &Iacute;osa mar is eol d&uacute;inn &oacute; na Soisc&eacute;il &iacute;, ionann &iacute; agus an cur s&iacute;os at&aacute; uirthi i dara l&eacute;acht an lae inniu &oacute;n Litir chuig na hEabhraigh. Ba &iacute; toil an Athar go moth&oacute;dh &Iacute;osa, a Mhac, na peannaid&iacute; agus cr&aacute; cro&iacute; a bheadh le fulaingt ag an gcine daonna, ag gach mac m&aacute;thar agus in&iacute;on athar. Bh&iacute; &Iacute;osa ina chara d&oacute;ibh si&uacute;d a bh&iacute; ar an imeall agus curtha i leataobh. Bh&iacute; trua aige don chine daonna agus don n&aacute;d&uacute;r daonna briste. Ach maraon le seo go l&eacute;ir th&aacute;inig s&eacute; le teachtaireacht &oacute;n Athair an cine daonna a glaoch thar n-ais don staid ina raibh s&eacute; i dtosach, nuair a crutha&iacute;odh &eacute;. N&iacute;or th&oacute;g an laige dhaonna n&aacute; a staid bhriste &oacute; fh&iacute;s D&eacute; don chine daonna. <\/span><span style=\"color: black;\">Ba shamhail an p&oacute;sadh mar ba thoil le Dia &eacute;, agus mar is toil leis f&oacute;s, den staid tosaigh sin. An m&eacute;id a deirtear faoi cholscaradh agus plean tosaigh D&eacute;, is f&iacute;or sin faoi mh&oacute;r&aacute;n de fh&iacute;s agus de l&eacute;argas an Tiomna Nua &ndash; glaoch thar nais don bheatha sin is toil le Dia.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N&iacute; m&oacute;r don Eaglais bheith d&iacute;lis do theachtaireacht Chr&iacute;ost san &aacute;bhar seo, mar a bh&iacute; an tAspal P&oacute;l. San am c&eacute;anna t&aacute; uirthi cine&aacute;ltas &Iacute;osa a thaispe&aacute;int do na daoine iomad&uacute;la at&aacute; gafa le fadhbanna taobh istigh den ph&oacute;sadh, agus &oacute; ph&oacute;sta&iacute; at&aacute; briste, le tuiscint aici do na br&uacute;nna iomad&uacute;la ar an bp&oacute;sadh an l&aacute; at&aacute; inniu ann &ndash; d&iacute;reach mar at&aacute; &aacute; dh&eacute;anamh aici inniu agus &iacute; ag c&iacute;oradh na gceisteanna faoi mhor&aacute;ltacht an teaghlaigh. Is glaoch &eacute; liot&uacute;irge an lae inniu ar lucht lean&uacute;na Chriost a bheith d&iacute;lis don ghairm at&aacute; acu &oacute; Chr&iacute;ost, d&iacute;lis d&aacute; theagasc agus d&aacute; ch&uacute;ram gr&aacute;mhar do na fadhbanna gan teorainn at&aacute; ag cine daonna leochaileach, briste.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>4 Deireadh Fomhair 2015 (B) An Seacht&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-342","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/342","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=342"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/342\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=342"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=342"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=342"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}