{"id":343,"date":"2015-10-08T07:05:57","date_gmt":"2015-10-08T07:05:57","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=343"},"modified":"2015-10-08T07:05:57","modified_gmt":"2015-10-08T07:05:57","slug":"11-deireadh-fomhair-2015-b-an-tochtu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=343","title":{"rendered":"11 Deireadh F\u00f3mhair 2015 (B) An tOcht\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">11 Deireadh F&oacute;mhair 2015 (B) An tOcht&uacute; Domhnach Fichead Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><em><span style=\"color: blue;\">An p&eacute;arla r&oacute;luachmhar. An tAon Rud Riachtanach.<\/span><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(<\/span>Eagna 7:7-11). <em>Ba neamhn&iacute; liom an saibhreas lena hais. <\/em>Is &eacute; at&aacute; sa l&eacute;acht seo n&aacute; cuid d&aacute; gcuirtear i l&aacute;thair sa leabhar mar urn&aacute;i an R&iacute; Solamh ar son na heagna. Dearcadh ar an R&iacute; Solamh i dtraidissi&uacute;n an Bh&iacute;obla mar an t-eagna&iacute; <em>par excellence<\/em>. Cuirtear i l&aacute;thair sa Bh&iacute;obla &eacute; (1 R&iacute;the 3:7-9; 5:12) ag imp&iacute; ar Dhia cro&iacute; tuisceanach chun an mhaith a aithint &oacute;n olc a thabhairt d&oacute;, le go mbeadh ar a chumas bheith i gceannas ar a phobal, pobal D&eacute;. Scr&iacute;obhadh Leabhar na hEagna na c&eacute;adta bliain tar &eacute;is r&eacute; Sholaimh, ach istigh ann t&aacute; an r&iacute; ag gu&iacute; i gc&oacute;ir eagna le rial&uacute; i gceart. Ach sa leabhar seo is &eacute; an &ldquo;r&iacute;&rdquo; at&aacute; i gceist n&aacute; c&aacute;ch, gach duine, agus is &eacute; t&eacute;ama an t&eacute;acs seo faoin urna&iacute; n&aacute; go bhfuil bronntanas na heagna diaga riachtanach le go maireadh duine beatha a raibh br&iacute; agus aidhm leis. T&aacute; an m&eacute;id seo curtha go deas ag deireadh urna&iacute; &ldquo;Sholaimh&rdquo; (Eagna 9:9-12): &ldquo;T&aacute; an eagna i do chuideachta; is eol di d&rsquo;oibreacha go l&eacute;ir; bh&iacute; s&iacute; i l&aacute;thair nuair a bh&iacute; t&uacute; ag cruth&uacute; na cruinne, tuigeann s&iacute; c&eacute;ard is taitneamhach leat agus c&eacute;ard is ceart de r&eacute;ir d&rsquo;aitheanta. Seol amach as na flaithis naofa &iacute;; cuir chugam &iacute; &oacute; do r&iacute;chathaoir ghl&oacute;rmhar le go mbeidh s&iacute; ag cuidi&uacute; agus ag comhoibri&uacute; liom i dtreo go bhfoghlaimeoinn c&eacute;ard is &aacute;il leat. Mar t&aacute; fios gach feasa aici agu tuigeann s&iacute; an uile n&iacute;. Treoireoidh s&iacute; m&eacute; go stuama i mo ghn&oacute;tha&iacute; uile agus cosn&oacute;idh s&iacute; m&eacute; lena gl&oacute;ir. Ansin beidh mo ghn&iacute;omhartha taitneamhach leat&rdquo;. Sa l&eacute;acht seo cloisimid &ldquo;an R&iacute; Solamh&rdquo;, is &eacute; sin le r&aacute;, c&aacute;ch, gach aoinne, ag cur s&iacute;os ar bhronntanas diaga seo na heagna mar an p&eacute;arla r&oacute;luachmhar ar ch&oacute;ir meas a bheith air thar gach rud eile.<\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 89[90]). <em>Tabhair d&uacute;inn &aacute;r s&aacute;ith de do bhuanghr&aacute; is d&eacute;anfaimid gairdeas.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eabhraigh 4:12-13). <em>Tugann briathar D&eacute; breith ar chlaonta agus ar smaointe an chro&iacute;.<\/em> Is f&eacute;idir linn tuiscint n&iacute;os ioml&aacute;ine de dhoimhne na l&eacute;achta seo a fh&aacute;il m&aacute; dh&eacute;anaimid &iacute; a l&eacute;amh taobh istigh d&aacute; su&iacute;omh bunaidh sa litir seo chuig na hEabhraigh. Sa mh&iacute;r den litir roimh an l&eacute;acht seo t&aacute; an t-&uacute;dar ag tabhairt rabhaidh faoi easpa creidimh don chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute; lena bhfuil s&eacute; ag scr&iacute;obh. Cuireann s&eacute; s&iacute;os go mion ar stair phobal Iosrael san fh&aacute;sach agus ar theachtaireacht an Bh&iacute;obla n&aacute;r shrois a l&aacute;n den ghl&uacute;in sin an T&iacute;r Tairngire de bharr a n-easpa creidimh. T&aacute; sin curtha i bhfil&iacute;ocht i Salm 95(94):7-11, leis an gcurf&aacute;: &ldquo;&Aacute;, d&aacute; n-&eacute;isteadh sibh lena ghuth inniu: N&aacute; calcaig&iacute; bhur gcro&iacute;&rdquo;. De bharr a n-easpa creidimh, deir an salm nach ndeacha an ghl&uacute;in sin isteach sa T&iacute;r Tairngire, ar a dtugann Dia sa salm &ldquo;mo suaimhneas&rdquo;, &aacute;itreabh mo shuaimhnis. Bh&iacute; guth D&eacute; gn&iacute;omhach tr&iacute;d tr&iacute; stair Iosrael, ag glaoch ar a phobal gan a chro&iacute; a chruachann. M&aacute; calcann siad a gcro&iacute; n&iacute; rachadh siad isteach i suaimhneas D&eacute;, san oidhreacht a bh&iacute; i nd&aacute;n d&oacute;ibh. Deireann &uacute;dar na litreach chuig na hEabhraigh go mbaineann na briathra sin leis an chomhluadar Criosta&iacute; a bhfuil s&eacute; ag scr&iacute;obh chucu chomh maith leis na gl&uacute;ine roimhe sin. Bh&iacute; guth D&eacute; ag labhairt leo, agus le c&aacute;ch, ag tabhairt rabhaidh i gcoinne easpa creidimh. I l&eacute;acht an lae inniu n&iacute; guth D&eacute; a luann an t-&uacute;dar, ach briathar D&eacute; at&aacute; beo&uacute;il br&iacute;omhar. In &Iacute;se&aacute;ia 55:11 deir Dia: &ldquo;Is amhlaidh don bhriathar a th&eacute;ann as mo bh&eacute;al, n&iacute; fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b&rsquo;&aacute;il liom a dh&eacute;anamh agus mo bheart a chur i gcr&iacute;ch&rdquo;. I l&eacute;acht an lae inniu ionann briathar D&eacute; agus Dia f&eacute;in ag labhairt do chonsias an duine aonair, ag glaoch ar fhreagra creidimh. N&iacute;l ar chumas duine ar bith &eacute; f&eacute;in a chur i bhfolach &oacute; Dhia, n&oacute; &oacute;na bhriathar, a ghuth, ag labhairt istigh ann, san &aacute;it is uaign&iacute; i gcro&iacute; an duine aonair.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 10:17-30). <em>D&iacute;ol a bhfuil agat agus lean mise. <\/em>Is m&oacute; aithne ar an l&eacute;acht seo mar an cuntas faoin duine &oacute;g saibhir, b&iacute;odh nach deireann t&eacute;acs an Bh&iacute;obla go raibh s&eacute; &oacute;g. Cuireann s&eacute; forr&aacute;n ar &Iacute;osa mar: &ldquo;A Mh&aacute;istir mhaith&rdquo;. Ba &eacute; freagra &Iacute;osa n&aacute; nach maith aon neach ach Dia amh&aacute;in, b&rsquo;fh&eacute;idir le b&eacute;im a chur i naofacht r&iacute;ocht D&eacute; agus naofacht lean&uacute;int Chr&iacute;ost. Cuireann an fear &oacute;g ceist ar &Iacute;osa faoi cad a bheadh le d&eacute;anamh aige leis an mbeatha sh&iacute;ora&iacute; a fh&aacute;il mar oidhreacht, sin le r&aacute; an bheatha sh&iacute;ora&iacute; le Dia tar &eacute;is bh&aacute;is. T&aacute; s&eacute; intuigthe as freagra &Iacute;osa gurbh &iacute; an tslat tomhais san &aacute;bhar n&aacute; na haitheanta a choime&aacute;d, agus tugann s&eacute; sampla&iacute; as an dara cuid de na Deich nAitheanta, iad sin a bhaineann le caidreamh pearsanta agus soisialta. Nuair a deir an fear go bhfuil siad sin uile coinnithe aige &oacute;na &oacute;ige, dealra&iacute;onn s&eacute; go raibh s&eacute; ag feitheamh go n-iarrfa&iacute; rud &eacute;igin breise air. N&iacute; fol&aacute;ir n&aacute; gur bhain freagra &Iacute;osa stad as. Chuir s&eacute; ceist faoi cad a bheadh le d&eacute;anamh aige le go mbeadh an bheatha sh&iacute;ora&iacute; aige. Ba e freagra &Iacute;osa n&aacute; a raibh aige a dhiol, agus &eacute; a thbhairt do na bocht&aacute;in, rud a thabharfadh st&oacute;r d&oacute; ar neamh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 68.05pt;\"><span style=\"color: black;\">T&eacute;ann an t&eacute;acs ar aghaidh leis an teagasc sin a leathn&uacute;. N&iacute; hamh&aacute;in don &oacute;g&aacute;nach sin, ach do gach aoinne a bfuil saibhreas acu t&aacute; s&eacute; deacair dul isteach i r&iacute;ocht D&eacute;, sa bheatha shiora&iacute;. Leagann &Iacute;osa b&eacute;im ar sin leis an urtheilgean iomr&aacute;iteach faoin chamall dul tri chr&oacute; sn&aacute;thaide, is &eacute; sin le r&aacute; dodh&eacute;anta. Ach dodh&eacute;anta do chumas daonna de amh&aacute;in, ach n&iacute;l ag Dia, &oacute;ir t&aacute; an uile n&iacute; sodh&eacute;anta ag Dia.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 68.05pt;\"><span style=\"color: black;\">Cuireann an mh&iacute;r dheiridh s&iacute;os ar an luach saothair at&aacute; i nd&aacute;n d&oacute;ibh sin a thr&eacute;ig gach rud le Cr&iacute;ost a lean&uacute;int, mar a rinne ag na haspail, agus ina sl&iacute;te f&eacute;in na creidmhigh go leir. Beidh luach saothair saibhir acu anseo ar talamh le clann nua, t&iacute;the, dearth&aacute;ireacha, deirfi&uacute;racha, m&aacute;ithreacha, agus clann, leanna&iacute;, agus tailte &#8212; nach bhfuil le t&oacute;gaint de r&eacute;ir na litre, ach sa chiall go mbeidh pobal nua Cr&iacute;osta&iacute; acu, leis an taca a leanann as. Ach n&iacute; bheidh sin acu gan peannaidi, an ghearlean&uacute;int is cuid de lean&uacute;int Chr&iacute;ost. N&iacute;l aon tagairt ann do aithreacha &ndash; bfh&eacute;idir de bhr&iacute; nach bhfuil ag an pobal Cr&iacute;osta&iacute; ach an tAon Athair amh&aacute;in, an tAthair ar neamh. Beidh an fior-luach saothair acu ar neamh, sa saol eile, an bheatha sh&iacute;or&aacute;i, an sprioc sin a ba ch&uacute;is le cheist an fhir shaibhir sin sa ch&eacute;ad &aacute;it.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">An p&eacute;arla r&oacute;luachmhar. An tAon Rud Riachtanach.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&ldquo;&Aacute;, d&aacute; n-&eacute;isteadh sibh lena ghuth inniu: N&aacute; calcaig&iacute; bhur gcro&iacute;&rdquo;. T&aacute; guth D&eacute;, briathar D&eacute;, beo&uacute;il br&iacute;omhar i gc&oacute;na&iacute;. An bhriathar a th&eacute;ann as a bh&eacute;al, n&iacute; fhilleann air gan toradh, gan an rud a b&rsquo;&aacute;il leis a dh&eacute;anamh agus a bheart a chur i gcr&iacute;ch. Mar a d&uacute;irt Dia leis an bhf&aacute;idh Irimia: &ldquo;Nach bhfuil mo briatharsa ar n&oacute;s tine, nach cos&uacute;il &eacute; le hord a bhriseann na carraigeacha ina smidirin&iacute;?&rdquo; (Irimia 23:29). Bh&iacute; s&eacute; gn&iacute;omhach trid an stair, agus n&iacute;os g&eacute;ire n&aacute; cla&iacute;omh dh&aacute; bh&eacute;al t&eacute;ann s&eacute; isteach idir anam agus spiorad agus tugann s&eacute; breith ar chlaonta agus ar smaointe an chro&iacute;. Tr&iacute;na bhriathar agus a ghn&iacute;omha&iacute;ocht t&aacute; Dia ag labhairt lena eaglais agus le domhan an lae inniu, ag glaoch orthu gu&iacute; chun D&eacute; an eagna dhiaga sin a rinne &ldquo;Solamh&rdquo; urna&iacute; a sheoladh uaidh amach as na flaithis naofa in dtreo go bhfoghlaimeomis c&eacute;ard is &aacute;il le Dia, le meas a bheith againn ar an aon rud riachtanach, an p&eacute;arla r&oacute;luachmhar, &aacute;r gcreideamh, r&iacute;ocht D&eacute; agus a bhaineann lei. Bh&iacute; guth D&eacute; il&aacute;thair aris ina Mhac &Iacute;osa nuair a mheabhraigh s&eacute; d&uacute;inn cad a bh&iacute; riachtanach leis an mbeatha sh&iacute;ora&iacute; a fh&aacute;il mar oidhreacht, le gabh&aacute;il isteach i r&iacute;ocht na bhflaitheas. T&aacute; br&iacute;onna &eacute;ags&uacute;la ag baint leis an r&aacute;iteas &ldquo;r&iacute;ocht na bhflaitheas&rdquo;, ag braith ar an gcomhth&eacute;acs, an bheatha sh&iacute;ora&iacute; ina measc, agus i mb&eacute;al an fhir &oacute;ig a chuir an cheist ar &Iacute;osa, b&rsquo;ionann an bheath sh&iacute;ora&iacute; agus an saol eile, flaitheas D&eacute;. N&iacute; h&eacute; go bhfuil an Chr&iacute;osta&iacute;ocht neamhshaolta, ag baint leis an saol eile amh&aacute;in. Mar fhreagra faoi conas an bheatha sh&iacute;ora&iacute;, neamh, a ghn&oacute;thu luaigh &Iacute;osa na haitheanta, agus bhain na haitheanta i gceist leis an saol seo, le caidreamh idirphearsanta anseo ar talamh. Ach ba theachtaireacht l&aacute;rnach &Iacute;osa gur bhain an dea-sc&eacute;al leis an mbeatha sh&iacute;ora&iacute;, agus n&iacute; leis an saol anseo ar talamh amh&aacute;in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; guth &Iacute;osa, briathar D&eacute;, ag labhairt linn inniu i sl&iacute; faoi leith. Mairimnis in aois ina bhfuil br&uacute; &iacute; leith d&iacute;-eaglaisithe, gan aon &aacute;it ag creideamh sa saol poibl&iacute;. T&aacute; feachtas l&aacute;idir ann chomh maith i leith aindiachais, i gcoinne creideamh i nDia n&oacute; sa saol eile. T&aacute; baol ann n&aacute; beifear ag &eacute;isteacht le guth D&eacute; ag labhairt, ag glaoch orainn agus ar an saol glacadh le Cr&iacute;ost agus leis an Chr&iacute;osta&iacute;ocht faoi mar at&aacute; siad in aigne D&eacute; &ndash; mar an ph&eacute;arla r&oacute;luachmhar, ag tabhairt chun cuimhne d&uacute;inn an t-aon rud riachtanach, na haitheanta a choime&aacute;d taobh istigh de chomhluadar Criosta&iacute;. T&aacute; f&iacute;s Chr&iacute;osta&iacute; ann agus thug an fh&iacute;s sin daingne, buanseasmhacht agus aidhm sa bheatha tr&iacute;d na haoiseanna. Sin rud at&aacute; de dh&iacute;th go gear &oacute;n aois seo againne agus &oacute;n&aacute;r dt&iacute;r dh&uacute;chais f&eacute;in. Is f&iacute;s &iacute; nach mbaineann leis an aigne agus an cro&iacute; amh&aacute;in. N&iacute; m&oacute;r taca a bheith aici &oacute; chreideamh beo, cothaithe ag na sacraimint&iacute;, le h&Iacute;osa ina l&aacute;r. D&rsquo;athraigh an Chr&iacute;osta&iacute;ocht c&uacute;rsa na staire. D&rsquo;fh&eacute;adfadh s&iacute; d&eacute;anamh amhlaidh ar&iacute;s. Mar a d&uacute;irt &Iacute;osa linn sa Soisc&eacute;al inniu: T&aacute; an uile n&iacute; sodh&eacute;anta ag Dia.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>11 Deireadh F&oacute;mhair 2015 (B) An tOcht&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-343","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/343","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=343"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/343\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=343"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=343"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=343"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}