{"id":345,"date":"2015-10-14T09:05:34","date_gmt":"2015-10-14T09:05:34","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=345"},"modified":"2015-10-14T09:05:34","modified_gmt":"2015-10-14T09:05:34","slug":"18-deireadh-fomhair-2015-b-an-naou-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=345","title":{"rendered":"18 Deireadh Fomhair 2015 (B) An Nao\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">18 Deireadh Fomhair 2015 (B) An Nao&uacute; Domhnach Fichead Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(&Iacute;se&aacute;ia 53:10-11). <em>M&aacute; thugann s&eacute; a anam in &eacute;iric an pheaca, feicfidh s&eacute; a shliocht, cuirfidh s&eacute; fad lena laethe. <\/em>Mar an sliocht a th&eacute;ann d&iacute;reach roimh an cheann seo sa Leabhar (&Iacute;se&aacute;ia 53:7-8: &ldquo;Amhail uan &aacute; sheoladh chuna choscartha&rdquo;) tugann an l&eacute;acht seo cuireadh d&uacute;inn an cheist a chur faoi mar a chuir an feidhmeannach Aet&oacute;pach cuig an d&eacute;ag&aacute;nach Pilib &eacute; (Gn&iacute;omhartha 8:32-34): &ldquo;C&eacute; d&oacute; a bhfuil an f&aacute;idh ag tagairt? C&eacute; acu d&oacute; f&eacute;in at&aacute; s&eacute; ag tagairt n&oacute; do dhuine &eacute;igin eile?&rdquo; Tr&iacute;d na haoiseanna s&iacute;os, agus an l&aacute; seo f&eacute;in, t&aacute; an cheist ch&eacute;anna &aacute; cur ag scol&aacute;iri an Bh&iacute;obla, agus leanfar air d&aacute; cur. Ar aon chaoi, is &eacute; an duine &iacute; gceist n&aacute; Giolla an Tiarna, a bhfuil cur s&iacute;os ar an m&eacute;id a fhulaing s&eacute; &iacute; mh&iacute;r n&iacute;os luaithe den t&eacute;acs seo. Foirceann ar na ceithre cinn de Amhr&aacute;in Gh&iacute;olla an Tiarna at&aacute; sa mh&iacute;r seo agus labhra&iacute;onn s&eacute; ar chaithr&eacute;im an Ghiolla tr&iacute; uilechumhacht D&eacute;. Rinne an Giolla a bheatha a ofr&aacute;il mar leorghn&iacute;omh. Tr&iacute;na pheannaid&iacute; d&eacute;anfaidh an Ghiolla m&oacute;r&aacute;n a shl&aacute;n&uacute;. Ag breathn&uacute; orthu iontu f&eacute;in amh&aacute;in, gan comhl&iacute;onadh sa Tiomna Nua a chur san &aacute;ireamh, bheadh ceisteanna le freagairt faoi c&eacute;rbh &eacute; an Giolla, agus f&oacute;s fi&uacute; leis a gcomh&iacute;onadh sin san &aacute;ireamh, c&eacute;rbh &eacute; in aigne an fhile agus an fh&aacute;idh a chead chum iad: An &eacute; an Giolla an f&aacute;idh f&eacute;in, duine &eacute;igin eile, n&oacute; pobal &Iacute;osrael a fhulaing agus at&aacute; &iacute;onglanta anois. Mar a mh&iacute;nigh an deag&aacute;nach Pilib don choillte&aacute;n Aet&oacute;pach, is soil&eacute;ir an freagra don chreidmheach. Is &eacute; an Giolla &Iacute;osa Cr&iacute;ost gur tr&iacute;na &iacute;sli&uacute;, a pheannaid&iacute;, a bh&aacute;s agus a ais&eacute;ir&iacute; a rinneadh plean shl&aacute;naithe D&eacute; a chomhl&iacute;onadh, agus tr&iacute;na dh&eacute;antar muintearas idir mh&oacute;ran le Dia. Fuair Cr&iacute;ost bas in &eacute;iric peaca&iacute;, peaca&iacute; ar th&oacute;g s&eacute; ar f&eacute;in.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 32[33]). <em>Tabhair d&uacute;inn do bhuanghr&aacute;, a Thiarna, de r&eacute;ir an d&oacute;chais a chuirimid ionat.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eabhraigh 4:14-16). <em>Druidimis go teann i leith cathaoir an ghr&aacute;sta. <\/em>An comhluadar Cr&iacute;osta&iacute; ar scr&iacute;obhadh an litir seo chuige bh&iacute; s&eacute; d&aacute; ch&eacute;asadh agus faoi chath&uacute; creideamh Chriost a thr&eacute;igean. Mheabhraigh an t-&uacute;dar cheana f&eacute;in d&oacute;ibh an t&aacute;bhacht a bhain le d&iacute;lse do Chr&iacute;ost, ag tabhairt rabhaidh i gcoinne an d&iacute;chreidimh (Eabhraigh 3:7-19). Sa l&eacute;acht seo tugann s&eacute; bun&uacute;s breise i gc&oacute;ir d&iacute;lse do Chr&iacute;ost agus agus do mhuin&iacute;n ann. I liot&uacute;irge na nGi&uacute;dach bh&iacute; an tArdsagart l&aacute;rnach do sheirbh&iacute;s&iacute; L&aacute; Mh&oacute;r an Leorghn&iacute;mh. Do Chr&iacute;ostaithe is &eacute; Cr&iacute;ost an sagart, an tArdsagart, fi&uacute; an tArdsagart M&oacute;r. Rinne Cr&iacute;ost leorghn&iacute;omh in &eacute;iric an pheaca. Ach mar ardsagart n&iacute; pearsa i bhfad i gc&eacute;in &eacute;. Ag a deascabh&aacute;il, a ghl&oacute;iri&uacute;, chuaigh s&eacute;, mar a dh&eacute;arf&aacute;, tr&iacute;d na flaithis, ach le bheith suite ar dheasl&aacute;imh D&eacute; le idirghu&iacute; a dh&eacute;anamh ar son na bpeacach agus iad sin faoi bhr&uacute;. Ar dheasl&aacute;imh D&eacute; d&oacute; bh&iacute; s&eacute; i gc&oacute;na&iacute; ina Mhac D&eacute; ioncollaithe, a rinneadh go hioml&aacute;n daonna, agus a mhair sa saol seo, a bh&iacute; faoi chath&uacute;, agus a fhulaing mar is dual do aon duine daonna. Mar sin, tuigeann s&eacute; go hioml&aacute;n na laig&iacute; daonna. Leanann as sin gur ch&oacute;ir do chreidmhigh ann muin&iacute;n gan teorainn a bheith acu as nuair a bh&iacute;onn siad faoi bhr&uacute; agus faoi chath&uacute; creideamh ann a thr&eacute;igean. Ba ch&oacute;ir d&oacute;ibh druidim go teann i leith chathaoir ghr&aacute;sta Chr&iacute;ost, le cabhair a fh&aacute;il uaidh a chuideoidh leo l&aacute; an gh&aacute;tair.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 10:35-45). <em>Th&aacute;inig Mac an Duine chun a anam a thabhairt mar cheannach ar mh&oacute;r&aacute;n. <\/em>Sa sliocht d&iacute;reach roimh an l&eacute;acht seo thug &Iacute;osa an tr&iacute;&uacute; r&eacute;amhinstint ar a ph&aacute;is, ag cur s&iacute;os inti go mion ar na huir&iacute;slithe, an fhulaingt agus an b&aacute;s a bh&iacute; i nd&aacute;n d&oacute; in Iar&uacute;sail&eacute;im, ach an babhta seo ag lua go raibh s&eacute; chun &eacute;ir&iacute; ar&iacute;s ar an treas l&aacute;. Cuirtear &Iacute;osa i l&aacute;thair ag si&uacute;il chun tosaigh ar an mbu&iacute;on deisceabal. Sa l&eacute;acht seo tagann na dearth&aacute;ireacha S&eacute;amus agus Eoin, beirt de thri&uacute;r cairde cl&eacute;ibh &Iacute;osa (Peadar an tr&iacute;&uacute; ceann), i l&aacute;thair &Iacute;osa lena n-iarratas a dh&eacute;anamh. (In insint Mhatha is &iacute; a m&aacute;thair a dh&eacute;anann an t-iarratas.) Ba &eacute; a n-iarratas n&aacute; go mbeadh an bheirt acu ina su&iacute; sna postanna ab fhearr, duine ar a dheis agus an duine eile ar a chl&eacute;, &ldquo;ina ghl&oacute;ir&rdquo;, is &eacute; sin le r&aacute;, is d&oacute;ich&iacute;, ina r&iacute;ocht a mheasadar a bh&iacute; le teacht go luath ar talamh. Tugann seo le fios nach raibh aon tuiscint acu ar a raibh le tarl&uacute; go trag&oacute;ideach go luath agus ar labhair &Iacute;osa leo f&uacute;thu, n&aacute; ar r&uacute;ndiamhair shlanaithe D&eacute; i mb&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost. Tugann &Iacute;osa freagra faoin gcupa at&aacute; le h&oacute;l aige agus an baisteadh lena raibh s&eacute; lena bhaisteadh. Caint mheafarach an d&aacute; fhocal. Is d&oacute;cha go dh&eacute;anann an cupa tagairt do ph&aacute;is agus bh&aacute;s. I Geits&eacute;amain&iacute; iarannn &Iacute;osa ar a Athair, d&aacute; mba thoil leis, &ldquo;an cupa seo&rdquo; a th&oacute;gaint uaidh. An baisteadh ina raibh &Iacute;osa lena bhaisteadh is meafar &eacute; de thubaiste threascarach, gur samhail &iacute; uisc&iacute; na d&iacute;leann (Salm 41[42]:1-2; &Iacute;se&aacute;ia 43:2). D&rsquo;fhreagair an bheirt go raibh ar a gcumas an cupa a &oacute;l, agus d&uacute;irt &Iacute;osa leo go nd&eacute;anfadh siad sin. Cuireadh S&eacute;amus chun b&aacute;is go luath (Gn&iacute;omhartha 12:1-2). Mheabhraigh &Iacute;osa d&oacute;ibh n&aacute;rbh faoi f&eacute;in aon on&oacute;racha a bhronnadh. Bhain sin lena Athair. B&rsquo;fhada &oacute;n &ldquo;ghl&oacute;ir&rdquo; agus &oacute;n &ldquo;riocht&rdquo; a bh&iacute; in aigne na beirte agus a th&aacute;inig ar an saol tar &eacute;is bh&aacute;is agus ais&eacute;iri Chr&iacute;ost.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 68.05pt;\"><span style=\"color: black;\">Sa dara m&iacute;r den l&eacute;acht t&aacute; rabhadh faoi bheith ag iarrraidh ard&uacute; c&eacute;ime d&oacute; f&eacute;in i measc na nAspal, n&oacute; ceannair&iacute; na hEaglaise. N&iacute; m&oacute;r &Iacute;osa a bheith acu mar eiseaml&aacute;ir, n&aacute;r th&aacute;inig go mbeif&iacute; ag freastal air ach go nd&eacute;anfadh s&eacute; f&eacute;in freastal, agus &ldquo;a bheatha a thabhairt mar cheannach ar mh&oacute;r&aacute;n&rdquo;. T&aacute; br&iacute; na bhfocal sin cos&uacute;il le beannacht &Iacute;osa ar an gcail&iacute;s ag an Suip&eacute;ar D&eacute;anach ag Marcas: &ldquo;Is &iacute; seo m&rsquo;fhuilse an Tiomna Nua at&aacute; le dortadh ar son a l&aacute;n&rdquo; (&ldquo;ar son m&oacute;r&aacute;in&rdquo;) (Marcas 14:24). N&iacute; m&oacute;r c&uacute;pla focal a r&aacute; maidir leis an bhfocal sin &ldquo;ceannach&rdquo; (ar mh&oacute;r&aacute;n). Taobh thiar de t&aacute; focal Eabhraise ar bhunbhr&iacute; leis &ldquo;fuascailt&rdquo; (le hairgead a dh&iacute;ol), agus br&iacute;onna gaolmhara leis sin. Ach cuirtear i leith Dia &eacute;, ag fuascailt Iosrael &oacute;n &Eacute;igipt &ndash; gan aon airgead n&aacute; rud eile a dh&iacute;ol; agus mar an gc&eacute;anna fuascailt &oacute;n Bhaibeal&oacute;in. N&iacute; ceannach sa ghn&aacute;thchiall at&aacute; i gceist, ach fuascailt. F&aacute;gann aistri&uacute;chain &eacute;ags&uacute;la eile t&eacute;ama an airgid agus eile ann, mar shampla as B&eacute;arla <em>ransom&cedil;<\/em>fuascailt chime le suim airgid n&oacute; le luach chu&iacute;. A<\/span><span style=\"color: black;\">gus sa Ghaeilge, &oacute;n tSeanGhaeilge i leith, agus i roinnt nua-aistriuch&aacute;in, t&aacute; &eacute;iric&rdquo; le fail, le bunbhr&iacute; &ldquo;&iacute;oc c&uacute;itimh&rdquo;, fine&aacute;il&rdquo; agus mar sin de. (Beo f&oacute;s sa sport: &ldquo;cic &eacute;irice&rdquo;!) Thug sin d&uacute;inn na briathra &ldquo;in <\/span>&eacute;iric &aacute;r bpeaca&iacute;&rdquo;. Maidir le na briathra &ldquo;ar son m&oacute;r&aacute;in&rdquo;, n&oacute; &ldquo;a l&aacute;n&rdquo;, n&iacute; hionann sin agus a a r&aacute; go bhfuil toradh bh&aacute;s &Iacute;osa teoranta. T&aacute; an nath, i sl&iacute;, faoi thionchar Amhr&aacute;in Ghiolla D&eacute;, mar shampla &Iacute;se&aacute;ias 53:11-12: &ldquo;Lena phianta d&eacute;anfaidh mo ghiolla f&iacute;r&eacute;in de mh&oacute;r&aacute;n &hellip;bh&iacute; coireanna m&oacute;r&aacute;in ar iompar aige agus &eacute; ag d&eacute;anamh eadr&aacute;n ar son na bpeacach&rdquo;.<\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae. <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">An Eaglais Searbh&oacute;nta<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">D&eacute;antar an Eaglais a ch&aacute;ineadh go minic inniu toisc &iacute; a bheith r&oacute;-fhada i gc&eacute;in &oacute;n eiseaml&aacute;ir a thug &Iacute;osa d&uacute;inn agus at&aacute; curtha in&aacute;r l&aacute;thair ina shoisc&eacute;al ag Marcas &ndash; c&aacute;ineadh a bhfuil bun&uacute;s leis. C&eacute;aduair bh&iacute; briathra &Iacute;osa d&iacute;rithe ar a chuid Aspal, agus rinneadh soil&eacute;ir d&oacute;ibh nach raibh cuspa riarach&aacute;in shoisialta phoibl&iacute; an ama sin oiri&uacute;nach d&oacute;ibh. Rinneadh teagasc &Iacute;osa faoi sheirbh&iacute;s, agus a lucht lean&uacute;na a bheith ina searbh&oacute;nta&iacute; d&aacute; ch&eacute;ile, coitianta, agus t&aacute; s&eacute; l&aacute;rnach, mar shampla, san teagasc a thug P&oacute;l d&aacute; eaglais&iacute; si&uacute;d ina litreacha. L&aacute;rphointe an tSoisc&eacute;il in Aifreann an lae inniu n&aacute; gurb &eacute; Cr&iacute;ost f&eacute;in is eisesaml&aacute;ir d&aacute; lucht lean&uacute;na, agus n&aacute;r ch&oacute;ir do aoinne d&aacute; lucht lean&uacute;na a bheith &aacute; bhr&uacute; f&eacute;in chun tosaigh seachas bheith mar Chr&iacute;ost, ina shearbh&oacute;nta.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach le filleadh ar na haspail agus a gcomharba&iacute;, t&aacute; samhail na seirbh&iacute;se l&aacute;rnach do Ph&oacute;l. Ar son an tsoisc&eacute;il, deir s&eacute;, rinneadh seirbh&iacute;seach do ch&aacute;ch de le c&aacute;ch a ghn&oacute;th&uacute; do Chr&iacute;ost. Faoi mar ar mheabhraigh &Iacute;osa d&aacute; chuid aspal: d&aacute; ma mhian le aoinne bheith i dtosach n&iacute;orbh fhol&aacute;ir d&oacute; bheith ina sheirbh&iacute;seach do ch&aacute;ch. N&iacute;or th&oacute;g sin na haspail gan an soisc&eacute;al a fh&oacute;gairt ina ioml&aacute;ine gan sc&aacute;th gan eagla. Mar mhinistri an tsoisc&eacute;il ba ionann iad uile, ar chomhch&eacute;im, leis an misean c&eacute;anna &oacute; Dhia. D&rsquo;fh&eacute;adfadh P&oacute;l &eacute; f&eacute;in a chur i l&aacute;thair mar shearbh&oacute;nta do gach aoinne, ach san am c&eacute;anna ag d&eacute;anamh soil&eacute;ir gur fheidhmigh s&eacute; mar aspal agus gur fh&oacute;gair s&eacute; an soisc&eacute;al leis an mhuin&iacute;n a th&aacute;inig chuige &oacute;n ghairm a bh&iacute; aige mar aspal. D&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; a r&aacute;: &ldquo;N&iacute; mise a deir, ach an Tiarna&rdquo;. Sheachaid s&eacute; f&eacute;in an teagasc a fuair s&eacute; f&eacute;in &oacute;n Tiarna agus &oacute;n luath-thraidisi&uacute;n Cr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ag machnamh ar an mbaint at&aacute; aige sin go l&eacute;ir le teachtaireacht Chr&iacute;ost don l&aacute; at&aacute; inniu ann, is f&eacute;idir linn a r&aacute; go deimhin go mbaineann an teachtaireacht a bheith ina seirbh&iacute;sigh d&aacute; ch&eacute;ile le comharba&iacute; na nAspal agus le Cr&iacute;ostaithe. Nuair a dh&eacute;antar c&aacute;ineadh ar an Eaglais toisc gur imigh s&iacute; ar leataobh &oacute; theachtaireacht an tSoisc&eacute;il, ba ch&oacute;ir gan dearmad a dh&eacute;anamh den dteachtaireacht fh&aacute;idhi&uacute;il at&aacute; ag an Eaglais an soisc&eacute;al a fh&oacute;gairt faoi mar is g&aacute; sin inniu, agus sin ina ioml&aacute;ine gan sc&aacute;th gan eagla. Ag d&eacute;anamh sin di t&aacute; aici mar eiseaml&aacute;ir P&oacute;l naofa, a bh&iacute; gach rud do gach duine, mar shearbh&oacute;nta do Shoisc&eacute;al D&eacute;.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>18 Deireadh Fomhair 2015 (B) An Nao&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-345","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/345","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=345"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/345\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=345"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=345"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=345"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}