{"id":347,"date":"2015-10-22T08:12:38","date_gmt":"2015-10-22T08:12:38","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=347"},"modified":"2015-10-22T08:12:38","modified_gmt":"2015-10-22T08:12:38","slug":"25-deireadh-fomhair-2015-b-an-triochadu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=347","title":{"rendered":"25 Deireadh Fomhair 2015 (B) An Tr\u00edochad\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">25 Deireadh Fomhair 2015 (B) An Tr&iacute;ochad&uacute; Domhnach Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><em><span style=\"color: blue;\">Ag f&eacute;achaint romhainn amach le f&iacute;s Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Irimia 31:7-9). <em>Bh&eacute;arfaidh m&eacute; s&oacute;l&aacute;s don dall agus don bhacach agus m&eacute; &aacute; dtreor&uacute; ar ais. <\/em>D&rsquo;fh&oacute;gair an f&aacute;idh Irimia gan sc&aacute;th gan eagla go mbeadh pion&oacute;s dian &oacute; Dhia, treascairt Iar&uacute;sail&eacute;im agus an Teampaill agus d&iacute;birt chun na Baibeal&oacute;ine ar an bpobal, de bhr&iacute; gur thr&eacute;ig siad an Tiarna le adhradh a thabhairt do dh&eacute;ithe pag&aacute;nacha (&iacute;ola). N&iacute;or &eacute;isteadh leis, ach comhl&iacute;onadh a chuid fh&aacute;istin&iacute; go l&eacute;ir. B&aacute;na&iacute;odh stat I&uacute;da. N&iacute;or f&aacute;gadh ach fu&iacute;lleach den Iosrael a bh&iacute; ann tr&aacute;th, anois i ndeora&iacute;ocht sa Bhaibeal&oacute;in. Ach rinne Irimia tairngreachta&iacute; chomh maith go nd&eacute;anfadh Dia a phobal a shl&aacute;n&uacute; tar &eacute;is iad a smacht&uacute;. Mar aon le f&aacute;ithe eile, amhail <\/span>Eizic&eacute;il<span style=\"color: black;\"> agus an Dara &Iacute;se&aacute;ia, d&rsquo;fh&oacute;gair s&eacute; gurb &eacute; an tAoire F&oacute;nta a bh&iacute; ina nDia si&uacute;d a th&oacute;gfadh c&uacute;ram a phobail air f&eacute;in agus a threorodh go ci&uacute;in m&iacute;n thar nais iad go r&eacute; nua ina dtalamh dh&uacute;chais f&eacute;in. Tugtar &ldquo;Leabhar an tS&oacute;l&aacute;is&rdquo; ar chaibidil 30-33 de Leabhar Irimia, ina bhfuil sraith de fh&aacute;istin&iacute; d&aacute; leith&eacute;id, mar aon le gealltanais do Iosrael. I l&eacute;acht an lae inniu dearctar ar Iosrael ina aistear abhaile, n&iacute; i m&oacute;rshi&uacute;l m&iacute;liteach, caithr&eacute;imeach, ach mar fhu&iacute;lleach phobal D&eacute;, sl&aacute;n sabh&aacute;ilte tr&iacute; ch&uacute;ram gr&aacute;mhar D&eacute; &oacute;n d&iacute;thi&uacute; a bh&iacute; i nd&aacute;n d&oacute;ibh. Tiocfaidh siad thar nais ar an mb&oacute;thar &oacute; thuaidh, an ghn&aacute;th-shl&iacute; &oacute;n mBaibeal&oacute;in go dt&iacute; an Phailist&iacute;n. N&iacute; bu&iacute;on laochra at&aacute; ann. Leagtar an bh&eacute;im ar na baill laga ina measc: an dall, an bacach, an bhean thorrach agus an bhean i dtinneas clainne. Bu&iacute;on m&oacute;r iad ag filleadh abhaile, agus an Tiarna ag deimhni&uacute; d&oacute;ibh go mb&eacute;arfaidh s&eacute; s&oacute;l&aacute;s d&oacute;ibh agus &eacute; &aacute; dtreor&uacute; ar ais &ndash; mar an Tr&eacute;ada&iacute; Maith. Is aistear &aacute;thasach seo d&oacute;ibh, mar phobal l&aacute;n de shonas gur ann f&oacute;s d&oacute;ibh agus d&oacute;chas acu don r&eacute; at&aacute; rompu. Cuireann an Salm le Freagra inniu meon an &aacute;thais seo in i&uacute;l go han-mhaith.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 135[126]). <em>Rinne an Tiarna &eacute;achta&iacute; d&uacute;inn: t&aacute;imid go l&uacute;ch&aacute;ireach.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eabhraigh 5:1-6). <em>Is sagart s&iacute;ora&iacute; th&uacute; ar n&oacute;s Melcisedec. <\/em>D&iacute;r&iacute;onn an l&eacute;acht seo &aacute;r n-aird ar an ardsagart Gi&uacute;dach mar idirghu&iacute;theoir ar son daoine daonna, ar glaodh air le tabhartais agus &iacute;obairt&iacute; a ofr&aacute;il in &eacute;iric peaca&iacute;, agus mar thoradh n&aacute;d&uacute;rtha air sin gur ch&oacute;ir go mbeadh ar a chumas trua a ghlacadh do dhaoine at&aacute; aineolach agus ag dul ar f&aacute;n, agus ar pheacaigh toisc gur roghna&iacute;odh as a measc si&uacute;d &eacute; agus de bhr&iacute; go bhfuil s&eacute; f&eacute;in lag. N&iacute;or ch&oacute;ir d&uacute;inn dearmad a dh&eacute;anamh ar an rud at&aacute; in aigne an &uacute;dair anseo, faoi mar at&aacute; i rith na litreach go l&eacute;ir: compar&aacute;id idir an ardsagart Gi&uacute;dach daonna agus an Ardsagart f&iacute;or &Iacute;osa Cr&iacute;ost agus codarsnacht leis. An rud ba ch&oacute;ir don ardsagart Gi&uacute;dach a bheith, is mar sin at&aacute; an f&iacute;or-ardsagart &Iacute;osa, go hioml&aacute;n daonna; mhair s&eacute; agus d&rsquo;fhulaing s&eacute; mar aon duine daonna eile, agus d&aacute; bhr&iacute; sin tuigeann s&eacute; an laige dhaonna go hioml&aacute;n. <\/span><span style=\"color: black;\">D&aacute; bhr&iacute; sin is f&eacute;idir leo si&uacute;d at&aacute; lag agus ina bpeacaigh gabh&aacute;il chuige le muin&iacute;n. T&aacute; b&eacute;im sa l&eacute;acht seo ar &Iacute;osa mar shagart, agus compar&aacute;id d&eacute;anta idir &eacute; agus &Aacute;r&oacute;n, an ch&eacute;ad ardsagart do na Giudaigh. N&iacute; bua daonna an tsagartacht ach bronntanas &oacute; Dhia, ar ch&oacute;ir bheith umhal faoi. Is mar sin a bh&iacute; le h&Aacute;r&oacute;n: ghlaoigh Dia air, agus ba mhar sin a bh&iacute; le h&Iacute;osa f&eacute;in.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 10:46-52). <em>Rab&uacute;n&iacute;, mo radharc a bheith agam! <\/em>Sc&eacute;al simpl&iacute; faoi mh&iacute;or&uacute;ilt &iacute; seo, a ghabhann br&iacute; n&iacute;os ioml&aacute;ine nuair a shu&iacute;otar &iacute; i gcomhth&eacute;acs an phlean at&aacute; i Soisc&eacute;al Mharcais. T&aacute; &Iacute;osa anois tagtha chomh fada le Ireach&oacute;, l&aacute;mh le deireadh thurais a aistir dheiridh go hIar&uacute;sail&eacute;im, agus cuireann an sliocht seo cr&iacute;och le m&iacute;r fhada i Soisc&eacute;al Mharcais faoi dheisceablacht (Marcas 8:31-10:45), agus ag deireadh an tsleachta, faoi mar a bh&iacute; ag a th&uacute;s, t&aacute; leigheas duine dhaill. Deir sc&eacute;al an daill a leigheasadh ag B&eacute;ats&aacute;ide (Marcas 8:22-26) n&aacute;r tugadh a radharc thar nais d&oacute; ach de r&eacute;ir a ch&eacute;ile. <\/span><span style=\"color: black;\">Is s&oacute;rt &ldquo;parabal i ngn&iacute;omh&rdquo; an cuntas, ag l&eacute;iriu an bealach ar aghaidh &oacute; fh&aacute;il thar nais den radharc n&aacute;durtha go f&iacute;s an chreidimh i gCr&iacute;ost agus go deisceablacht. N&iacute; eisp&eacute;ireas Bh&oacute;thar na Damaisce gach bronntanas den chreideamh in &Iacute;osa. Leanann admh&aacute;il chreidimh Pheadair i g<\/span>Caesairia Philib leigheas an daill i <span style=\"color: black;\">B&eacute;ats&aacute;ide. Thar cheann an D&aacute;r&eacute;ag admha&iacute;onn Peadar creideamh i<\/span><em><\/em><span style=\"color: black;\">gCr&iacute;ost, ach n&iacute; thuigeann s&eacute; na h&eacute;ilimh a dh&eacute;anann deisceablacht agus c&aacute;intear ag &Iacute;osa &eacute; d&aacute; bharr sin (Marcas 8:31-9:1). &Oacute; shin ar aghaidh go dt&iacute; an eachtra seo le Bartimaeus bh&iacute; &Iacute;osa ag d&eacute;anamh soil&eacute;ir na h&eacute;ilimh a bhaineann le deisceablacht. Glaonn Bartimaeus ar &Iacute;osa teacht i gcabhair air. Nuair a iarrann &Iacute;osa air cad t&aacute; uaidh, freagra&iacute;onn Bartimaeus: &ldquo;Rab&uacute;n&iacute;, mo radharc a bheith agam!&rdquo;, ar a thugann &Iacute;osa freagra: &ldquo;Imigh leat! Shl&aacute;naigh do chreideamh th&uacute;&rdquo;. Shl&aacute;naigh creideamh Bhartimaeus &eacute;. N&iacute;or rinne &Iacute;osa m&iacute;or&uacute;ilt&iacute; nuair nach raibh creideamh i l&aacute;thair (feic Marcas 6:5-6, &Iacute;osa ag Nazarat). Measann roinnt mhaith scol&aacute;ir&iacute; go bhfuil an leagan focal a bhaineann Marcas &uacute;s&aacute;id as ina a chuntas den mh&iacute;oruilt seo d&uacute;iseathach d&rsquo;aon ghn&oacute;. Is d&oacute;cha go bhfuil againn sa sliocht seo (mar a bh&iacute; de r&eacute;ir dealraimh i leigheas an daill i <\/span><span style=\"color: black;\">B&eacute;ats&aacute;ide) cur i l&aacute;thair na m&iacute;or&uacute;ilte mar &ldquo;parabal i ngn&iacute;omh&rdquo;. Fuair Bartimaeus a radharc fisici&uacute;il thar nais, ach thug seo &eacute; de r&eacute;ir dealraimh do radharc n&iacute;os doimhne den sl&aacute;n&uacute;, agus deir an t&eacute;acs linn gur lean s&eacute; &Iacute;osa sa tsl&iacute;, gur rinneadh deisceabal de is d&oacute;cha.<\/span><em><\/em><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae. <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Ag f&eacute;achaint romhainn amach le f&iacute;s Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Cotha&iacute;onn f&iacute;s phearsanta agus f&iacute;s phobail daoine nuair a bh&iacute;onn siad faoi bhr&uacute; agus tugann treoir d&oacute;ibh agus iad faoi anacair n&oacute; faoi rath. T&aacute; sampla&iacute; maithe de cad is br&iacute; le seo i l&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh &aacute;irithe seo. Pheacaigh pobal D&eacute;, agus &oacute;n dtaobh daonna de is beag an d&oacute;chas a b&iacute; ann go raibh todhcha&iacute; ar bith acu. Nuair a bh&iacute; an peaca &aacute; dh&eacute;anamh acu bh&iacute; guthanna &oacute; na f&aacute;ithe ag tabhairt d&uacute;shl&aacute;in d&oacute;ibh agus &aacute; gc&aacute;ineadh, ag bagairt d&iacute;oltais &oacute; Dhia orthu. Ach nuair a measadh go raibh gach rud caillte bh&iacute; guthanna f&aacute;idhi&uacute;la f&oacute;s ann le misneach a thabhairt d&oacute;ibh. N&iacute; f&iacute;s do laochra an fh&iacute;s Chr&iacute;osta&iacute;. Chonnaic muid mar a bh&iacute; ar na haspail agus lucht lean&uacute;na eile stracadh lena gcreideamh i gCr&iacute;ost agus faoi mar ar t&oacute;gadh iad de r&eacute;ir a cheile chun tuisceana n&iacute;os doimhne den ghairm Chr&iacute;osta&iacute; a bh&iacute; acu.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">T&aacute; g&aacute; g&eacute;ar inniu ann go nd&eacute;anfadh creidmhigh i gCr&iacute;ost athnuachan ar an bhf&iacute;s Chr&iacute;osta&iacute; maidir le cad is br&iacute; leis an mbeatha dhaonna anseo agus sa saol eile. Tugann an Tiomna Nua a leith&eacute;id de fh&iacute;s, agus mhair an luatheaglais &iacute;. I gCr&iacute;ost t&aacute; a chreideann ann, agus a bhaineann leis, cruthaithe as an nua (feic 2 Corantaigh 5:17). <\/span><span style=\"color: black;\">&ldquo;F&eacute;ach&rdquo;, a deir Cr&iacute;ost, &ldquo;t&aacute; gach n&iacute; &aacute; dh&eacute;anamh nua agam&rdquo;. An fh&iacute;s Chr&iacute;osta&iacute; at&aacute; le fail sa Seanm&oacute;ir ar an Sliabh, sna Bi&aacute;ide agus sa bheatha Chr&iacute;osta&iacute; f&eacute;in, mh&uacute;nlaigh sin an tsocha&iacute; tr&iacute;d na haoiseanna s&iacute;os. Bh&iacute; tionchar aici ar na heala&iacute;ona, ar an litr&iacute;ocht agus ar mh&oacute;r&aacute;n c&uacute;rsa&iacute; eile den saol.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">T&aacute; l&aacute;rionad ag Cr&iacute;ost san fh&iacute;s Chriosta&iacute;. Is rud &eacute; an fhis seo do gach creidmheach, agus n&iacute; do bhu&iacute;on tofa amh&aacute;in. Is rud beo &iacute;. Glacann s&iacute; a neart &oacute; ghealltanas Chr&iacute;ost bheith in &eacute;ineacht lena eaglais i gc&oacute;na&iacute;, faoi mar a gheall Dia Iosrael d&aacute; phobal f&eacute;in in dtr&aacute;th na hanacra agus na deora&iacute;ochta. Bheith feasach ar pheaca&iacute; a tharla, n&oacute; ar fhaill&iacute;ocha &oacute; thaobh na cl&eacute;ire n&oacute; daoine eile, is f&eacute;idir leis seo baint &oacute;n&aacute;r bfonn aird a thabhairt ar fh&iacute;s sin Chr&iacute;ost ar an mbeatha. Ach n&iacute;or ch&oacute;ir gurbh amhlaidh a bheadh. Is cuid den stair faill&iacute; dhaonna i sl&iacute; amh&aacute;in n&iacute; i sl&iacute; eile. I Soisc&eacute;al Mharcais n&iacute; chuirtear na haspail agus ch&eacute;ad lucht lean&uacute;na Chriost in&aacute;r l&aacute;thair mar eiseaml&aacute;ir&iacute;. A mhalairt ar fad. N&iacute;or thug faill&iacute; phobal D&eacute; roimh an deora&iacute;ocht n&oacute; lena linn ar na f&aacute;ithe gan f&iacute;s ollmh&oacute;r D&eacute; d&aacute; dtocha&iacute; a chur os comhair an phobail sin. Bheadh Dia leo, ina gcuideachta.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">Is f&eacute;idir linn teachtaireacht a fhoghlaim &oacute;n Scriopt&uacute;r gan ligean d&aacute;r bhf&iacute;s Chr&iacute;osta&iacute; dul i l&eacute;ig, n&oacute; gan ligean d&uacute;inn &eacute;ir&iacute; beaguchtach de bharr laig&iacute; n&oacute; peaca&iacute; taobh istigh den eaglais. Rud &eacute; an creideamh a thagann f&aacute;s air, uaireanta &oacute; leath-dhaille, &oacute; chaoiche, go radharc ioml&aacute;n. Gu&iacute;mis go ndtiocfaidh an Eaglais, sinn go l&eacute;ir, thar nais ar an bhfis Chriosta&iacute;, ar thuiscint nios doimhne ar mhisean na hEaglaise Cr&iacute;ost a fhogairt mar sholas chun na naisi&uacute;n, mar sholas an domhain.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>25 Deireadh Fomhair 2015 (B) An Tr&iacute;ochad&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-347","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/347","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=347"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/347\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=347"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=347"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=347"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}