{"id":350,"date":"2015-11-02T09:41:48","date_gmt":"2015-11-02T09:41:48","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=350"},"modified":"2015-11-02T09:41:48","modified_gmt":"2015-11-02T09:41:48","slug":"1-samhain-2015-na-naoimh-uile-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=350","title":{"rendered":"1 Samhain 2015 Na Naoimh Uile Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">1 Samhain 2015 Na Naoimh Uile Domhnach Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Apacailipsis 7:2-4, 9-14). <em>Ba sheo an mathshlua m&oacute;r narbh fh&eacute;idir d&rsquo;aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga. <\/em>Baineann Apacailipsis, Taispe&aacute;int, Eoin le foirm, le se&aacute;nra, scr&iacute;bhneoireachta nach bhfuil taith&iacute; againn air ach a bh&iacute; ar eolas go maith ag Gi&uacute;daigh agus ag an luatheaglais Chr&iacute;ostai. Is f&eacute;idir leis an se&aacute;nra seo &uacute;s&aacute;id a bhaint as iomh&aacute;ineachas l&aacute;idir, nach m&oacute;r m&iacute;ni&uacute; a thabhairt air agus &eacute; a chur i leith &aacute;r linne f&eacute;in le go mbeadh ciall aige d&uacute;inn. Sna sleachta roimh l&eacute;acht an lae inniu bh&iacute; Eoin, &uacute;dar an leabhair seo, ag caint ar bhreithi&uacute;nas D&eacute; a bh&iacute; le teacht ar an gcine daonna de bharr a bpeaca&iacute;. T&aacute; lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost le teacht sl&aacute;n as seo. Sa leabhar seo cuirtear aingil i l&aacute;thair mar ghn&iacute;omhair&iacute; do fhearg D&eacute;. I bhf&iacute;s tosaigh cloiseann Eoin guth aingl&iacute; &aacute; r&aacute; go bhfuil seirbh&iacute;sigh D&eacute; le s&eacute;ala a chur ar a gcl&aacute;r &eacute;adain, mar chomhartha a chuirfeadh in i&uacute;l iad agus a dh&eacute;anfadh iad a shabh&aacute;il nuair a thiocfadh an t-aingeal le scrios a dh&eacute;anamh. Sa ch&eacute;ad fh&iacute;s seo cloiseann s&eacute; a n-uimhir si&uacute;d at&aacute; s&eacute;alaithe, c&eacute;ad agus daichead ceathair mile &oacute; threibhanna uile Iosrael, dh&aacute; mh&iacute;le d&eacute;ag as gach treibh. Is d&oacute;cha go seasann seo do na Cr&iacute;ostaithe Gi&uacute;dacha, n&iacute; don phobal uile ach do fhu&iacute;lleach as gach treibh.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tar &eacute;is d&oacute; an uimhir seo a chloisint, t&aacute; f&iacute;s aige de mhathshlua m&oacute;r n&aacute;rbh fh&eacute;idir d&rsquo;aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga, ina seasamh ar neamh os comhair richathaoir D&eacute; agus i l&aacute;thair an Uain, &Iacute;osa a c&eacute;asedh agus a ais&eacute;irigh ar&iacute;s. Cuirtear i l&aacute;thair iad mar dhaoine gan ch&aacute;im, gl&eacute;asta in &eacute;ada&iacute; geala agus craobhacha pailme acu ina l&aacute;mha. Bh&iacute; siad buach, ach n&iacute; le bua m&iacute;leata, ach mar bhu&iacute;on a th&aacute;inig sl&aacute;n &oacute; gh&eacute;arlean&uacute;int. An bua a bh&iacute; acu ba le Dia &eacute; agus leis an Uan, agus f&oacute;gra&iacute;onn siad sin &oacute;s ard. M&oacute;rthimpeall na r&iacute;thchathaoireach ar neamh bh&iacute; aingil. Sa leabhar seo d&eacute;anann Eoin tagairt chomh maith do cheathrar sean&oacute;ir&iacute; fichead ansin, s&oacute;rt comhairle diaga ar neamh. F&oacute;gra&iacute;onn na haingil agus na sean&oacute;ir&iacute; gl&oacute;ir D&eacute; agus an ghabh&aacute;il an bhu&iacute;ochais is dual do Dhia. M&iacute;n&iacute;onn duine de na sean&oacute;ir&iacute; do Eoin c&eacute; hiad si&uacute;d at&aacute; gl&eacute;asta in &eacute;ada&iacute; geala agus an bhr&iacute; at&aacute; ag gabh&aacute;il lena gcuid &eacute;ada&iacute;. Th&aacute;nadar tr&iacute;d an duain&eacute;is mh&oacute;r, an t-anr&oacute; m&oacute;r, agus t&aacute; siad sl&aacute;naithe i bhfuil an Uain; nigh siad agus gheal siad a n-&eacute;id&iacute; ann.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; Eoin ag tabhairt s&oacute;l&aacute;is agus uchtaigh do chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute; a bh&iacute; ag fulaingt g&eacute;arlean&uacute;na n&oacute; i mbaol fulangthe &eacute;igin d&aacute; leith&eacute;id. Is &iacute; a theachtaireacht n&aacute; go mbeidh an bua ag creidmhigh i gCriost. Ba do Chr&iacute;ostaithe a linne f&eacute;in san Eaglais an teachtaireacht sin c&eacute;aduair, ach is f&iacute;or &iacute; do gach aois, agus is fi&uacute; machnamh a dh&eacute;anamh air ar Fh&eacute;ile seo na Naomh Uile nuair a dh&iacute;r&iacute;onn an Eaglais &aacute;r n-aire ar an mathshlua, an bu&iacute;on naomh sin gan &aacute;ireamh as gach cine agus gach r&eacute; agus at&aacute; anois faoi ghl&oacute;ir le Cr&iacute;ost, b&iacute;odh nach raibh de anr&oacute; ag roinnt acu ach sin a leanann as d&iacute;lse do theagasc Chr&iacute;ost agus gur n&iacute;gh siad iad f&eacute;in &oacute;na bpeaca&iacute; tr&iacute; lua&iacute;ochta&iacute; Chr&iacute;ost.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 23[24]). <em>A leith&eacute;id si&uacute;d a bh&iacute;onn ar do th&oacute;ir, a Thiarna. <\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(1 Eoin 3:1-3). <em>Feicfimid Dia mar at&aacute; s&eacute;.<\/em><\/span><em><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">Sa l&eacute;acht seo t&aacute; t&eacute;ama&iacute; at&aacute; ar f&aacute;il go minic sa Ch&eacute;ad Litir seo le Naomh Eoin agus i Soisc&eacute;al Eoin chomh maith. Ceann d&iacute;obh seo n&aacute; &ldquo;an saol&rdquo;, agus is &eacute; is br&iacute; leis an t&eacute;arma seo sa litr&iacute;ocht seo n&aacute; iad sin nach toil leo glacadh le teachtaireacht &Iacute;osa n&oacute; at&aacute; ina naimhde di. An comhluadar Cr&iacute;osta&iacute;, mar a chuireann an litir seo agus an traidisiun lena bhaineann s&eacute; s&iacute;os air, ionann &eacute; agus bu&iacute;on creidmheach at&aacute; daingean agus deimhnithe ina gcreideamh i gCriost, deimhnithe ag an Spiorad Naomh at&aacute; ag lonn&uacute; iontu. D&eacute;anann an teagasc Criosta&iacute; at&aacute; faighte acu agus an deimhneacht l&aacute;idir cinnte iad nach amhlaidh amh&aacute;in go nglaotar clann D&eacute; d&iacute;obh ach gur clann D&eacute; d&aacute;ir&iacute;re iad, creideamh agus deimhneacht nach f&eacute;idir a bheith ag daoine taobh amuigh, p&eacute; acu tugtar &ldquo;an saol&rdquo; n&oacute; ainm ar bith eile orthu. Tugann bronntanas an chreidimh eolas agus aithne ar Dhia d&uacute;inn cheana f&eacute;in sa saol seo. Tr&iacute;d an gcreideamh is f&eacute;idir &Iacute;osa a &ldquo;fheice&aacute;il&rdquo; cheana f&eacute;in mar an Tiarna ais&eacute;irithe, agus Mac D&eacute;. Ach t&aacute; s&uacute;il ar aghaidh cheana f&eacute;in ag creidmhigh ar an l&aacute; sin thar an saol tadhail seo ina fheicfidh siad Dia d&iacute;reach mar at&aacute; s&eacute;. Cuirtear cr&iacute;och leis an leacht ghairid seo le machnamh ar an dt&aacute;tal at&aacute; le baint as an dtuisicint seo ar ard-dh&iacute;nit na gcreidmheach, agus as an d&oacute;chas agus an deimhne at&aacute; acu Dia n&oacute; Cr&iacute;ost a fheice&aacute;il d&iacute;reach mar at&aacute; s&eacute;. Ba choir don d&oacute;chas diaga seo iad a spreagadh iad f&eacute;in a naomh&uacute; le maireacht&aacute;il go naofa gan ch&aacute;im faoi mar at&aacute; Dia agus Cr&iacute;ost naofa.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Matha 5:1-12). <em>B&iacute;odh &aacute;thas oraibh agus gairdeas, mar is m&oacute;r &eacute; bhur dtuarastal ar neamh. <\/em>I Soisc&eacute;al an lae inniu t&aacute; na Bi&aacute;ide againn, agus de bhr&iacute; gur as Gaeilge an t&eacute;acs seo n&iacute; miste c&uacute;pla focal a r&aacute; faoin dt&eacute;arma sin, go nglaotar &ldquo;The Breatitudes&rdquo; orthu as B&eacute;arla. Sa t&eacute;acs Laidine den Soisc&eacute;al tosa&iacute;onn gach ceann acu leis an bhocal <em>Beati<\/em>, &ldquo;Is m&eacute;anar&rdquo;, &ldquo;Is aoibhinn&rdquo;, &ldquo;Is beannaithe&rdquo;. &Oacute; r&eacute; na SeanGhaeilge i leith t&aacute; an focal Laidine <em>beati<\/em> glactha isteach sa Gaeilge mar ainmfhocal Gaeilge, mar <em>biait, <\/em>sa NuaGhaeilge &ldquo;bi&aacute;id&rdquo;, bi&aacute;ide san uimhir iolra, rud a chialla&iacute;onn go raibh an-ghr&aacute; ag &aacute;r muintir do na hOcht mBi&aacute;ide sin, na hOcht mBeannachta&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 68.05pt;\"><span style=\"color: black;\">Is iad na Bi&aacute;ide m&iacute;r thosaigh den tSeanm&oacute;ir ar an Sliabh i Soisc&eacute;al Mhatha, cairt phobal &Iacute;osa don r&eacute; nua agus d&aacute; r&iacute;ocht. Is macalla iad na Bi&aacute;ide ar mhianta Iosrael a l&eacute;ir&iacute;odh tr&iacute;d na haoiseanna faoi theacht chucu an sl&aacute;n&uacute; sin a bh&iacute; geallta d&oacute;ibh. Labhra&iacute;onn na Bi&aacute;ide do ch&eacute;ad lucht lean&uacute;na &Iacute;osa faoin &aacute;thas, l&uacute;ch&aacute;ir agus gairdeas a ghabh le teacht l&aacute; m&oacute;r an tsl&aacute;naithe sin, agus t&aacute; na Bi&aacute;ide ag labhairt tr&iacute;d na haoiseanna ina dhiaidh sin don duine aonair agus do phobal D&eacute; in gcoitinne amhail is go rabhadar d&iacute;rithe go d&iacute;reach orthu. <\/span><span style=\"color: black;\">Is mar sin f&oacute;s inniu iad agus is mar sin a bheidh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 68.05pt;\"><span style=\"color: black;\">Baineann na Bi&aacute;ide feidhm as t&eacute;arma&iacute; &aacute;irithe a bhfuil br&iacute; shaibhir iontu de bhr&iacute; gur baineadh &uacute;s&aacute;id i stair Iosrael ag feitheamh lena gcomhl&iacute;onadh, ach t&eacute;arma&iacute; at&aacute; l&aacute;n de bhr&iacute; agus &eacute;ifeacht go f&oacute;ill. Mar shampla d&uacute;irt an f&aacute;idh agus file in &Iacute;se&aacute;ia 61:1 go ndearna an Tiarna &eacute; a choisreacan, chun dea-sc&eacute;ala a bhreith chuig na dear&oacute;il (as Eabhrais: <em>anawim<\/em>), chun s&oacute;l&aacute;s a thabhairt do lucht an dobr&oacute;in i S&iacute;&oacute;n. D&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute;, agus d&eacute;antar, malairt aistri&uacute;ch&aacute;in a thabhairt ar an bhfocal <em>anawim<\/em> chomh maith: boicht, s&iacute;ud faoi leatrom. I Nasarat d&rsquo;fh&oacute;gair &Iacute;osa go sol&uacute;nta go raibh f&aacute;istine sin &Iacute;se&aacute;ia comhl&iacute;onta ina phearsa f&eacute;in agus an l&aacute; sin f&eacute;in (L&uacute;c&aacute;s 4:16-21). In aigne D&eacute; ba choir f&aacute;ilte a chur roimh chomhl&iacute;onadh na bhf&aacute;istin&iacute; le h&aacute;thas agus l&uacute;ch&aacute;ir. Ba &iacute; sin teachtaireacht na n-aingeal ag breith Chr&iacute;ost (L&uacute;c&aacute;s 2:10-11). Rinne &Iacute;osa f&eacute;in gairdeas sa Spiorad Naomh go raibh r&eacute; an fheithimh thart agus go raibh an comhl&iacute;onadh ann ina phearsa f&eacute;in, agus ghabh s&eacute; bu&iacute;ochas leis an an Athair, Tiarna neimhe agus tal&uacute;n, d&aacute; bharr sin, agus mheabhraigh s&eacute; d&eacute; dheisceabail gurbh aoibhinn d&oacute;ibh gur mar sin a bh&iacute;. Ag iompu chun a dheisceabal, duirt s&eacute; leo ar leithligh: &ldquo;Is m&eacute;anar do na s&uacute;ile a fheiceann na nithe a fheiceann sibhse. &Oacute;ir deirim libh, b&rsquo;&aacute;il le m&oacute;r&aacute;n f&aacute;ithe agus r&iacute;the na nithe a fheicea&aacute;il a fheiceann sibhse agus n&iacute; fhaca siad iad, agus na nithe a chloiste&aacute;il a chloiseann sibhse aus n&iacute;or chuala siad iad&rdquo; (L&uacute;cas 10:21-24; Matha 13:16-17).<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 68.05pt;\"><span style=\"color: black;\">Le filleadh anois ar na Bi&aacute;ide, na hOcht mBeannachta&iacute;: Cabhra&iacute;onn an c&uacute;lra a tugadh thuas linn an teachtaireacht at&aacute; acu a thuiscint n&iacute;os fearr. Deir an ch&eacute;ad cheann gur m&eacute;aner, aoibhinn, d&oacute;ibh si&uacute;d at&aacute; bocht; t&aacute; siad beannaithe. Thug t&eacute;arma &ldquo;bocht&rdquo; chun cuimhne, agus tugann f&oacute;s, an fh&aacute;istine a comhl&iacute;onadh in &Iacute;osa an dea-sc&eacute;al a thabhairt do na boicht, na dear&oacute;il, si&uacute;d faoi leatrom. Lena dheimhni&uacute; nach bochtanas soisialta at&aacute; i gceist cuireann Matha &ldquo;(bocht) i spiorad&rdquo; leis an t&eacute;arma. T&aacute; gaol le Dia, agus a l&aacute;ithreacht i gc&uacute;rsai an tsaoil, leis na boicht i spiorad. T&aacute; siad oscailte do &Iacute;osa, do r&iacute;ocht D&eacute;. Is leo r&iacute;ocht D&eacute; a rabhthas ag feitheamh leis ar feadh na gcianta, ach a bh&iacute; i l&aacute;thair anois in Iosa. T&aacute; an bhr&iacute; shaibhir leis an t&eacute;arma &ldquo;r&iacute;ocht D&eacute;&rdquo; agus a bheidh aige i seanm&oacute;ireacht &Iacute;osa. An dara bi&aacute;id faoin talamh a bheith mar oidhreacht acu si&uacute;d at&aacute; ceansa, is i Soisc&eacute;al Mhatha amh&aacute;in at&aacute; s&eacute;. N&iacute;l s&eacute; sna Bi&aacute;ide ag L&uacute;c&aacute;s. Ionann &eacute; i sl&iacute; agus an ch&eacute;ad cheann &ndash; ceansa\/bocht; r&iacute;ocht D&eacute;\/talamh. Deir &Iacute;osa f&eacute;in go bhfuil s&eacute; ceansa (Matha 11:29) agus uir&iacute;seal &oacute; chro&iacute;. <\/span><span style=\"color: black;\">Mhol an salmaire (Salm 36[37]:8-9) do chreidmheach corraithe cur suas den bhfeirg agus scor den bhfraoch; iad sin a chuireann a nd&oacute;chas san Tiarna (&ldquo;a fhanann leis an Tiarna&rdquo;) geobhaidh siad seilbh ar an talamh. &ldquo;Beidh seilbh na tal&uacute;n ag lucht na ceansachta&rdquo; (Salm 36[37]:11). Do mheon agus aigne Gi&uacute;dach b&rsquo;ionann an &ldquo;talamh&rdquo; agus talamh naofa Iosrael, ach b&rsquo;fh&eacute;idir go mbeadh tagairt aige do &ldquo;Th&iacute;r Tairngire&rdquo; f&oacute;s le teacht, ionann sin agus r&iacute;ocht D&eacute; i gcomhth&eacute;acs an Tiomna Nua.Thabharfadh &ldquo;lucht an dubr&oacute;in&rdquo; chun cuimhne f&aacute;istine an tSeantiomna faoi lucht an dubr&oacute;in i S&iacute;&oacute;n, faoi dubr&oacute;n faoi staid truamh&eacute;alach phobal D&eacute;, agus na f&aacute;istin&iacute; gan comhl&iacute;onadh, ach ar nd&oacute;igh aon dubr&oacute;n sean n&oacute; nua eile chomh maith. An fh&iacute;r&eacute;antacht i gceist maidir le ocras agus tart, n&iacute; f&iacute;r&eacute;antacht chreidimh at&aacute; i gceist ach, is d&oacute;ich&iacute;, tart na c&oacute;ra, agus c&iacute;ocras chun iompair chu&iacute; i ndea-oibreacha. T&eacute;ama l&aacute;rnach i seanm&oacute;ireacht &Iacute;osa n&aacute; go dtaispe&aacute;nfaidh Dia tr&oacute;caire do lucht na tr&oacute;caire. T&aacute; glaine chro&iacute; l&aacute;rnach do theagasc &Iacute;osa. Is &eacute; a thuigtear le cro&iacute; anseo n&aacute; cro&iacute;l&aacute;r an duine, agus fr&eacute;amh gach gn&iacute;mh dhaonna, p&eacute; acu maith n&oacute; olc. Is f&eacute;idir le h&Iacute;osa tagairt a dh&eacute;anamh d&oacute; n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; (Matha 6:22) mar &ldquo;an ts&uacute;il&rdquo;: &ldquo;Is &iacute; an ts&uacute;il lampa an choirp. M&aacute; bh&iacute;onn do sh&uacute;il sl&aacute;n, beidh do chorp ar fad solasmhar&rdquo;. Mura bh&iacute;onn beidh do chorp ar fad sa dorchadas. Ionann glaine chro&iacute; agus deabh&oacute;id inmhe&aacute;nach do Dhia agus don fh&iacute;rinne, mac&aacute;ntacht gan aon chur i gc&eacute;ill. Deirtear f&uacute;thu si&uacute;d go bhfeicfidh siad Dia &ndash; sa saol eile. Sa saol seo n&iacute; f&eacute;idir le haoinne Dia a fheice&aacute;il le s&uacute;ile daonna, ach tr&iacute; chreideamh agus glaine chro&iacute; is f&eacute;idir le creidmhigh Dia a fheice&aacute;il sa domhan agus ina Mhac &Iacute;osa. Leag &Iacute;osa b&eacute;im l&aacute;idir ar shioch&aacute;in a dh&eacute;anamh tr&iacute; maithi&uacute;nas agus athmhuintearas., agus rinne s&eacute; f&eacute;in an ts&iacute;och&aacute;in idir Ghi&uacute;daigh agus Gintlithe. Labhra&iacute;onn an d&aacute; Bhi&aacute;it deiridh ar a bheannaithe is at&aacute; iad si&uacute;d faoi gh&eacute;arlean&uacute;int mar gheall ar an bhf&iacute;r&eacute;antacht, an ceart, agus mar gheall ar &Iacute;osa. N&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sna Soisc&eacute;il d&eacute;anfaidh &Iacute;osa nasc idir an gh&eacute;arlean&uacute;int sa r&eacute; nua sin agus r&eacute; na bhf&aacute;ithe ar rinneadh g&eacute;arlean&uacute;int orthu.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong>B.<\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae. <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Na Be&aacute;it. Beannachta&iacute;. S&iacute;och&aacute;in agus l&uacute;ch&aacute;ir sa chreidi&uacute;int gCr&iacute;ost.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Machnamh. Na Naoimh uile. N&eacute;al m&oacute;r finn&eacute;ithe.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> B&rsquo;feasach do thraidi&uacute;n na h&Eacute;ireann, agus go deimhin don traidisi&uacute;n Cr&iacute;osta&iacute;, go raibh nasc l&aacute;idir idir na naoimh ar neamh agus na f&iacute;r&eacute;in abhus ar talamh. Labhair &aacute;r sinsir go minic faoi mhuintir neimhe agus tal&uacute;n, mar a raibh coinne eatorthu sa Ch&aacute;isc agus san Aifreann. Cuid den Chr&eacute; is ea comaoin na naomh. Ceili&uacute;rtar f&eacute;ile na Naomh Uile ar 1 Samhain, L&aacute; Samhna i dtraidisi&uacute;n na nGael, ceili&uacute;radh a th&eacute;ann thar nais go aimsir na pag&aacute;ntachta. Ba thr&aacute;th &iacute; ina mheas na beo go bhf&eacute;adfa&iacute; caidreamh a bheith acu leis an saol eile, agus ar bhain lear m&oacute;r piseog leis. Bh&iacute; tuairma&iacute; agus cleachtadh d&aacute; leith&eacute;id san Eoraip, taobh amuigh d&rsquo;Eirinn. Ag tr&aacute;th na f&eacute;ile seo tugann an Eaglais cuireadh d&uacute;inn a mheabhr&uacute; go bhfuil nasc eadrainn at&aacute; beo anseo ar talamh agus iad si&uacute;d at&aacute; imithe uainn, agus sin tr&iacute; chomaoin na naomh. San fh&eacute;ile seo tugaimid on&oacute;ir don mhathshlua d&iacute;-&aacute;irithe creidmheach at&aacute; anois faoi ghl&oacute;ir le Dia, &Iacute;osa, Muire agus na haingil ar neamh, n&iacute; hiad naoimh chan&oacute;naithe amh&aacute;in, ach iad sin go l&eacute;ir a fuair b&aacute;s i ghr&aacute;sta D&eacute;. De bhr&iacute; go ndeireann &aacute;r gcreideamh Cr&iacute;osta&iacute; agus an deabh&oacute;id Chr&iacute;osta&iacute; linn go bhf&eacute;adfaimis gu&iacute; chucu, agus go nd&eacute;anann siad idirghu&iacute; ar &aacute;r son, is f&eacute;idir linn bheith deimhin de go bhfuilid si&uacute;d at&aacute; imithe uainn aontaithe linn agus gur f&eacute;idir linn cabhair a iarraidh orthu.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Agallamh. S&iacute;och&aacute;in agus l&uacute;ch&aacute;ir sa chreidi&uacute;int i gCr&iacute;ost. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">In<\/span> &Eacute;irinn inniu, mar at&aacute; i gcearna&iacute; eile den domhan, t&aacute; le braitsint easpa sh&iacute;och&aacute;in anama agud l&uacute;ch&aacute;ire maidir leis an gcreideamh agus leis an Eaglais. Daoine &eacute;irimi&uacute;la &oacute;n dtaobh amuigh ag tabhairt seo faoi deara in &Eacute;irinn, t&aacute; siad den tuairim nach easpa chreidimh at&aacute; i gceist ach, b&rsquo;fh&eacute;idir l&eacute;iri&uacute; den bhf&eacute;in-saoirse nua at&aacute; faighte acu, saoirse &oacute; thiarnas eaglaise &uacute;dar&aacute;sa&iacute; a chuir iachall orthu glacadh agus smaoineamh mar ba thoil le si&uacute;d ar an iliomad ruda&iacute;, pearsanta agus eile.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D&rsquo;fh&eacute;adfadh an anail&iacute;s sin ar ch&uacute;rsa&iacute; mar at&aacute; agus ar thiarnas na hEaglaise i r&eacute; at&aacute; thart bheith cruinn. M&aacute;s mar sin at&aacute;, n&oacute; a bh&iacute;, an sc&eacute;al n&iacute; m&oacute;r don Eaglais, agus do na creidmhigh taobh istigh di, teacht ar leigheas ar an gc&aacute;s. T&aacute; seans ann go bhfuil s&oacute;l&aacute;s &eacute;igin, agus spreagadh &eacute;igin, le baint as seo, gur fadhb chian aosta at&aacute; i gceist anseo. Bh&iacute; ar an aspal P&oacute;l aghaidh a thabhairt ar staid d&aacute; leith&eacute;id in eaglais Choraint lena linn fein (thart ar an bhliain 57, s&eacute; bhliain tar &eacute;is d&oacute; an eaglais a bhun&uacute; ansin). D&rsquo;&eacute;irigh idir an eaglais sin agus &eacute; f&eacute;in agus i litir d&aacute; chuid chucu (2 Corantaigh 1:24) labhra&iacute;onn s&eacute; mar seo leo: &ldquo;N&iacute; hea go mb&iacute;mid ag d&eacute;anamh m&aacute;istreachta ar bhur gcreideamh; ach ag comhoibri&uacute; libh le h&aacute;thas a bheith oraibh, &oacute; bh&iacute;onn bhur gcreideamh ina sheasamh go daingean&rdquo;. Is mar sin is c&oacute;ir don Eaglais a bheith leis na creidmhigh<em>: <\/em>ag cabhr&uacute; leo &aacute;thas, l&uacute;ch&aacute;ir agus sonas a bheith acu sa chreideamh, seachas bheith ag imirt m&aacute;istreachta. T&aacute; litreacha Ph&oacute;il, mar na Soisc&eacute;il f&eacute;in, lom l&aacute;n d&rsquo;urnaithe do sh&iacute;och&aacute;in agus l&uacute;ch&aacute;ir sa chreidiuint, mar shampla chuig na R&oacute;mh&aacute;naigh (15:13): &ldquo;Go nd&eacute;ana Dia an d&oacute;chais sibh a l&iacute;onadh den &aacute;thas agus den ts&iacute;och&aacute;in uile sa chreideamh ar shli go mbeadh raidhse den d&oacute;chas agaibh tr&iacute; chumhacht an Spioraid Naoimh&rdquo;.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is bronntanais &oacute;n Spiorad Naomh s&iacute;och&aacute;in agus l&uacute;ch&aacute;ir sa chreidi&uacute;int, nach m&oacute;r gu&iacute; le hiad a bheith againn. San anam daonna t&aacute; seilbh orthu nasctha le creideamh in gCr&iacute;ost mar an p&eacute;arla l&oacute;mhar, agus aontacht le Dia abhus agus sa saol eile mar an t-aon rud riachtanach. N&iacute; m&oacute;r don ts&iacute;och&aacute;in agus don l&uacute;ch&aacute;ir seo maireacht&aacute;il taobh le taobh le laig&iacute; agus lochtanna san Eaglais mar institi&uacute;id, agus leis an Eaglais ag f&oacute;gairt teachtaireacht shl&aacute;naithe Chr&iacute;ost i gc&uacute;ins&iacute; nua at&aacute; ag s&iacute;or-athr&uacute;. Is beannachta&iacute; &oacute; Dhia iad na Bi&aacute;ide, at&aacute; nasctha le r&iacute;ocht D&eacute;. Ach n&iacute; chuireann siad fadhbanna n&oacute; fi&uacute; g&eacute;arlean&uacute;int as an &aacute;ireamh. Gu&iacute;mis nach dt&oacute;gadh laig&iacute; n&oacute; lochtanna taobh istigh den Eaglais as don braithstint den fh&iacute;s Chr&iacute;osta&iacute; agus de phearsa Chr&iacute;ost, a thugann leo s&iacute;och&aacute;in agus l&uacute;ch&aacute;ir sa chreideamh, sa chreidi&uacute;int.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>1 Samhain 2015 Na Naoimh Uile Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B.An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-350","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/350","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=350"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/350\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1646,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/350\/revisions\/1646"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=350"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=350"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=350"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}